14 1946


Uimhir 14 de 1958.


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA (LEASÚ), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ MÉID IOMLÁN NA SUIMEANNA A FÉADFAR A RÉAMHÍOC LE BORD CUARTAÍOCHTA NA hÉIREANN FAOI ALT 16 DEN ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 , AGUS CHUIGE SIN DO LEASÚ FO-AILT (1) DEN ALT SIN. [12ú Meitheamh, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1939.

1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) .

Fo-alt (1) d'alt 16 d'Acht 1939 a leasú.

2. —Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1939 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna a theastós ón mBord ó am go ham ach nach mó san iomlán ná milliún dhá chéad agus caoga míle punt a réamhíoc leis an mBord as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.”.

Gearr-theideal agus comhluadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta (Leasú), 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1946, a ghairm d'Acht 1939 agus den Acht seo le chéile.