Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

11 1946


Uimhir 11 de 1946.


AN tACHT D'FHORCHUR DIÚITÉTHE (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1946.

(An tiontó oifigiúil.)


ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DIÚITÉTHE A GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 [5ú Meitheamh, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tOrdú a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo an tOrdú a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus a rinneadh faoin Acht chun Diúitéthe a Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis an Ordú a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach iad chun go mb'fhusaide tagairt don Ordú sin agus é a aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní dá bhfuil sa chéad cholún sin nó sa tríú colún sin difir do léiriú an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin ná ní theorannóidh ná ní rialóidh oibriú an chéanna.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Diúitéthe (Ordú a Dhaingniú), 1946 , a ghairm den Acht seo.