An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Cumhachta agus Dualgais an Mháistir Chuain ar Chuan.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Forála i gcóir Sábháltachta Cuain agus na nArthach ann.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

Caibidil III.

Forála Maidir le hEarraí agus Doiciméidí Teidil d'Earraí.

Suirbhéireacht agus scrúdú ar earraí roimh iad a dhíloingsiú.

76. —(1) Féadfaidh údarás cuain, ar iarratas (fara íocaíocht ar pé táille is cuí leis an údarás cuain) ón máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta cuain an údaráis chuain agus a bheas ar tí earraí a chalú, nó ar iarratas (fara íocaíocht mar adúradh) ó únaer nó consíní na n-earraí sin, duine a cheapadh chun suirbhéireacht agus scrúdú a dhéanamh ar na hearraí sin roimh iad a dhíloingsiú, chun a fhiosrú cad faoi ndear aon damáiste d'éirí do na hearraí sin roimh iad a dhíloingsiú, agus chun tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don údarás cuain ar an suirbhéireacht, an scrúdú agus an fiosrú sin.

(2) Beidh únaer agus consíní earraí a mbeidh tuarascáil ina leith tugtha don údarás cuain faoin alt seo agus máistir an árthaigh a bheas i gceist i dteideal cóip den tuarascáil a fháil ar sin a iarraidh ar an údarás cuain.

Suirbhéireacht agus scrúdú ar earraí a bheas calaithe.

77. —Féadfaidh duine a bheas ceaptha chuige sin ag an údarás cuain do chuan suirbhéireacht agus scrúdú a dhéanamh ar earraí a bheas calaithe laistigh de theoranta an chuain agus fiosróidh an duine sin fáth agus méid aon damáiste d'éirigh, má d'éirigh, do na hearraí sin de dheascaibh damáiste farraige, stóráil neamhcheart nó eile agus bhéarfaidh tuarascáil i scríbhinn don údarás cuain ar an suirbhéireacht, an scrúdú agus an fiosrú sin.

Lódáil agus dílódáil a mhaoirsiú.

78. —(1) Nuair a bheas earraí á lódáil isteach in árthach a bheas laistigh de theoranta cuain nó á ndílódáil aisti, déanfaidh máistir an árthaigh, nó oifigeach éigin ón árthach a bheas ceaptha chuige sin ag máistir an árthaigh, maoirsiú ar an lódáil nó an dílódáil.

(2) Má déantar, maidir le hárthach, diúltú nó faillí i bhfo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, beidh máistir an árthaigh ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Srian le hearraí a chalú agus a loingsiú.

79. —(1) Ní dleathach do dhuine earraí d'aon tsaghas a chalú ná a loingsiú ag áit ar bith laistigh de theoranta cuain mura mbeidh an áit sin ceaptha ag údarás cuain an chuain mar áit chaluithe nó loingsithe (do réir mar bheas) do na hearraí sin, agus mura céibh dlíthiúil arna cheadú ag an Aire Airgeadais é, nó caladh tualaing arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim nó muran áit é a mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis cead speisialta a thabhairt chun na hearraí sin a chalú nó a loingsiú (do réir mar bheas) ann.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Rochtain chun carraí.

80. —Bhéarfaidh údarás cuain do dhaoine a mbeidh teideal acu chun earraí, nó urlámhas ar earraí, a bheas taiscithe in aon cheann nó ar aon cheann de na háitribh, na stórais, na céibheanna nó na háiteanna eile a bheas faoi urlámhas an údaráis chuain, rochtain do réir réasúin chun na n-earraí sin.

Deimhnithe taisce agus barántais i leith earraí a sheachadadh.

81. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le húdarás cuain d'eisiúint agus do sheachadadh deimhnithe taisce agus barántais i leith earraí a sheachadadh, is é sin le rá:

(a) féadfaidh an t-údarás cuain ó am go ham, ar iarratas ó dhuine a bheas ag stórasú nó ag taisce aon earraí in aon stóras nó ar aon áitreabh nó in aon áitreabh le húdarás cuain a bheas curtha in áirithe go speisialta chuige sin nó ó dhuine a mbeidh teideal aige chun aon earraí a stórasaíodh nó a taisceadh amhlaidh, deimhniú i bhfoirm arna ceadú ag an údarás cuain i leith na n-earraí a stórasaíodh nó a taisceadh amhlaidh, nó barántas i bhfoirm arna ceadú ag an údarás cuain i leith seachadadh na n-earraí a stórasaíodh nó a taisceadh amhlaidh, nó i leith aon choda díobh a sonrófar faoi seach sa bharántas, a eisiúint agus a sheachadadh don duine sin;

(b) ní tabharfar aon bharántas seachadaidh den tsórt sin mura rud é go n-íocfar nó go bhfuasclófar gach lian agus éileamh i leith fartha agus gach lian agus éileamh eile a bhí dlite ar na hearraí sin le linn iad a bheith ar bord aon árthaigh, agus roimh iad a stórasú nó a thaisceadh amhlaidh, agus a mbeidh fógra i scríbhinn ina dtaobh faighte ag an údarás cuain, agus fós na rátaí, na muirir agus na costais uile a bheas iníoctha leis an údarás cuain i leith na n-earraí a stórasú agus a thaisceadh, nó i leith seirbhísí a rinne an t-údarás cuain maidir leo;

(c) beidh gach barántas seachadaidh den tsórt sin inaistrithe trí fhormhuiniú, agus bhéarfaidh sé teideal chun na n-earraí a bheas sonraithe ann don duine a bheas ainmnithe ann nó don fhormhuiní deiridh ar an gcéanna a bheas ainmnithe sa bhformhuiniú, agus is tuigthe chun gach críche gur leis sin na hearraí a bheas sonraithe amhlaidh.

(2) Ní dhéanfaidh eisiúint bharántais faoin alt seo i leith seachadadh earraí dochar ná difir d'aon chearta i leith na n-earraí a bheas ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le haon dleacht custam nó máil a mhuirearú.

Fógra chun earraí a choinneáil chun faradh a íoc.

82. —Aon fhógra chun earraí a calófar laistigh de theoranta cuain a choinneáil chun faradh a íoc, ní foláir é a bheith i scríbhinn agus é a thabhairt d'údarás cuain an chuain sar a n-eiseoid aon bharántas i leith seachadadh na n-earraí.

Údarás cuain do dhéanamh iontrála custam i gcásanna áirithe.

83. —(1) Féadfaidh údarás cuain iontráil chustam a dhéanamh chun last nó cuid de last a stórasú ná beifear tar éis iontráil ina leith a sheachadadh faoi na hAchta Custam laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad a chloig (gan Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh) tar éis an lae ar gá an last nó an chuid de last a thuairisciú faoi na hAchta seo.

(2) Ní dhéanfaidh údarás cuain, faoin alt seo, iontráil chustam chun last nó cuid de last a stórasú mura rud é—

(a) go mbeidh an last nó an chuid de last iniontrálta do réir dlí chun a stórasuithe, agus

(b) go dtabharfadh faillí i ndéanamh na hiontrála sin bac ar ghluaiseacht an ghnótha ag cuan an údaráis chuain.

(3) Ní dlífear aon last nó cuid de last a bheas iontrálta ag údarás cuain faoin alt seo a ghabháil de dheascaibh aon neamhchruinnis san iontráil sin mura rud é gur dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur d'aonghnó nó trí mhainneachtain inmhilleáin a ráinig an neamhchruinneas sin inti.

(4) An costas a bhainfeas le iontráil lasta nó coda de last a dhéanamh faoin alt seo ag údarás cuain, íocfaidh an duine a bheas de thuras na huaire i bhfeighil an lasta nó na coda de last leis an údarás cuain é agus, mura n-íoctar an costas sin, beidh sé inaisghabhála amhail is dá mba i leith rátaí earraí arna muirearú faoin Acht seo ar an last nó an chuid de last a bhí sé dlite.

Bailíocht doiciméidí áirithe.

84. —Gach barántas, deimhniú seachadaidh, deimhniú aistrithe nó doiciméid eile a bhainfeas le hearraí faoi urlámhas údaráis chuain, is tuigthe go dtí go gcruthaítear a mhalairt, má bhíonn sé sínithe ag duine a airbheartós a bheith ina oifigeach cuí-údaraithe don údarás cuain é, a bheith bailí i ngach slí agus ina cheangal ar na daoine lena mbainfidh.

Eilimh i leith earraí a ceadófar a fhágaint ar chéibheanna nó áiteanna eile.

85. —(1) Féadfaidh údarás cuain éilimh i leith earraí, is earraí a cheadóid a fhágaint ar aon chéibh nó áit eile laistigh de theoranta a gcuain tar éis an t-am a bheith caite a bheas sonraithe i bhfo-dhlithe an údaráis chuain, a mhuirearú ar únaer na n-earraí do réir pé scála éilithe a shocróid ó am go ham le toiliú an Aire.

(2) I gcás údarás cuain a bheith, díreach roimh an Acht seo a rith, ag muirearú éileamh a hudaraíodh le dlí i leith earraí a cheadaídís a fhágaint ar aon chéibh nó áit eile laistigh de theoranta a gcuain tar éis an t-am a bheith caite a bhí sonraithe i bhfo-dhlithe an údaráis chuain, is tuigthe, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, na héilithe sin a bheith arna socrú go cuí faoin bhfo-alt sin.