An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Udarais Chuain.) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Achtachain a ndeantar forail le halt 190 den acht seo maidir le hiad do scor d'eifeacht a bheith acu.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

AN DARA SCEIDEAL.

Criocha chun a bhFeadfaidh Udaras Cuain Fo-Dhlithe a Dheanamh i leith a gCuain.

Alt 60.

Cuid I.

Ginearálta.

1. Chun úsáid an chuain nó aon duganna, duganna grábhála nó céibheanna laistigh de theoranta an chuain a rialáil.

2. Chun feidhmiú cumhacht an mháistir chuain a rialáil.

3. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh árthaí a ligean isteach i dteoranta an chuain nó i gcomharsanacht na dteorann sin agus i dtaobh iad a aistriú as sin, agus i gcóir dea-ordúlachta agus dea-rialtóireachta árthaí faid a bheid laistigh de theoranta an chuain.

4. Chun loingsiú agus díloingsiú, lódáil, stórasú, stuáil, lóisteáil agus aistriú earraí laistigh de theoranta an chuain a rialáil.

5. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh na n-uaireanna a mbeidh geataí aon duganna nó céibheanna laistigh de theoranta an chuain nó na bealaí isteach chucu nó amach astu ar oscailt.

6. Chun dualgais agus iompar gach duine (lena n-áirítear seirbhísigh an údaráis chuain, ach gan áireamh a dhéanamh ar chomhaltaí den Gharda Síochána ná ar oifigigh d'aon Aire Stáit a bheas ag gníomhú i bhfeidhmiú a ndualgais) a bheas ar fostú laistigh de theoranta an chuain a rialáil.

7. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh úsáid tinte agus soilse laistigh de theoranta an chuain agus in aon árthaí a bheas laistigh de na teoranta sin agus chun cosc a chur le damáistiú nó díobháladh árthach nó d'earraí a bheas laistigh de theoranta an chuain nó in aon áitreabh de chuid an údaráis chuain.

8. Chun úsáid crann tógála, droichead meáchain, meáchan agus tomhas de chuid an údaráis chuain a rialáil.

9. Chun cosc a chur le bacainní d'aon tsórt nó le cur isteach ar thrácht laistigh de theoranta an chuain nó ar aon mhaoin de chuid an údaráis chuain.

Cuid II.

Loingseoireacht.

10. Chun a fhoráil go ndéanfaidh an máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain an t-árthach a rialáil do réir ordachán an mháistir chuain.

11. Chun a fhoráil go dtabharfaidh an máistir ar árthach, roimh an árthach a dhul isteach in aon duganna nó duganna grábhála nó roimh í do dhruidim le haon chéibheanna laistigh de theoranta an chuain go ndéanfar an t-árthach a dhíchóimeáil mar ordós an máistir cuain.

12. Chun a cheangal ar árthaí a bheas ag teacht isteach i dteoranta an chuain nó ag dul amach astu cloí leis an taobh is ceart agus is gnáthach d'aon chuisle intseolta.

13. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh ráta luais árthaí laistigh de theoranta an chuain nó laistigh d'aon chuid shonraithe de na teoranta sin nó in aon tosca speisialta, chun a cheangal ar árthaí a n-innill a stop nó a mhoilliú i dtrátha nó áiteanna sonraithe agus chun rialáil a dhéanamh i dtaobh paisnéirí a thógaint ar bord, a chalú nó a ligean amach.

14. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh árthaí a thuáil laistigh de theoranta an chuain, i dtaobh méid agus uimhir na n-árthaí a bheas le tuáil san aon-scuaine ag bád tarraingthe amháin nó níos mó, i dtaobh an luais ar a ngluaisfidh na báid tarraingthe (pé acu a bheid ag tuáil nó ná beid), i dtaobh an oird agus na slí ina ndéanfar an tuáil agus i dtaobh dualgas agus iompair na ndaoine a bheas ar fostú sna báid tarraingthe nó orthu.

15. Chun árthaí a bheas laistigh d'aon chuid de theoranta an chuain a chur ar longbheart agus a aistriú agus chun rialáil a dhéanamh i dtaobh iompair agus giúlain bádóirí, last-oibrithe, hablaerí, giúrnálaithe, stíbheadóirí agus daoine eile a bhíos ar fostú sa chuan nó ag taithí an chuain, pé acu i bhfostaíocht an údaráis chuain dóibh nó nach ea.

16. Chun na trátha agus na coinníollacha a shonrú ina bhféadfar árthaí a imchasadh nó a chasadh laistigh de theoranta an chuain agus chun árthaí eile a chosc ó cheangal a scaoileadh nó ó ghabháil suas nó síos aon chuisle intseolta nó áit eile laistigh de theoranta an chuain le linn aon árthach a bheith ag imchasadh nó ag casadh.

17. Chun a cheangal ar árthaí a dtarlóidh dóibh talamh a ghlacadh i gcuisle intseolta laistigh de theoranta an chuain gach forchúram réasúnach a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm trí fhear faire a shuíomh, brait a úsáid agus eile chun sástachta an mháistir chuain nó do réir mar bheas sonraithe.

18. Chun a cheangal ar an máistir ar árthach a bheas ag caitheamh ancaire laistigh de theoranta an chuain a chur faoi ndear go ndéanfar láithreach baoi a cheangal den ancaire sa tslí go bhfeicfear go soiléir cár caitheadh an t-ancaire.

Cuid III.

Cuan, etc., a Rialú.

19. Chun bacainní nó constaicí i nduganna, céibheanna, oibreacha agus ródbhealaí nó orthu sin laistigh de theoranta an chuain a chosc agus a aistriú.

20. Chun gluaiseacht daoine, trácht fheithiclí agus ainmhithe fan aon chéibheanna nó duganna laistigh de theoranta an chuain a rialáil.

21. Chun a cheangal ar an máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain a árthach a fheisteadh, a dhífheisteadh, a shuíomh nó a aistriú do réir ordachán an mháistir chuain, nó mura mbíonn aon duine ar bord an árthaigh leis na hordacháin sin a chomhlíonadh, chun a údarú don mháistir cuain a chur faoi ndear go ndéanfar an t-árthach a fheisteadh, a dhífheisteadh, a shuíomh nó a aistriú mar is oiriúnach leis.

22. Chun a fhoráil ná luífidh árthach ná ná feistfear í sa bhealach isteach chun an chuain nó chun aon duga nó duga grábhála laistigh de theoranta an chuain, ach amháin le cead ón máistir cuain.

23. Chun a fhoráil go mbeidh téada tuála agus ceangail fonascúla i bhfastó ar na doilfíní, na bíomaí cuain, na baoithe nó na cuaillí feistiúcháin, nuair eileos an máistir cuain sin.

24. Chun a cheangal go mbeidh ar árthaí a bheas ag lódáil nó ag dílódail lasta pé stangarta, plainceanna, lámhrálacha agus fearais eile is dóigh leis an máistir cuain is gá.

25. Chun a fhoráil go ndéanfaidh an máistir ar árthach a bheas ag teacht isteach laistigh de theoranta an chuain chun last a dhílódáil a chur faoi ndear go ndíolódálfar an t-árthach a luaithe is caothúil tar éis teacht isteach amhlaidh agus go ndéanfaidh sé, tar éis na dílódála, an t-árthach a aistriú go dtí pé cuid eile den chuan a ordós an máistir cuain.

26. Chun a cheangal ar an máistir ar árthach a bheas laistigh de theoranta an chuain, ar an máistir cuain dá iarraidh sin, aon earraí a righneodh seachadadh nó lódáil an lasta a bhaint de leibhinn an árthaigh.

27. Chun a shonrú conas a déanfar earraí a shuíomh ar aon chéibheanna nó duganna laistigh de theoranta an chuain.

28. Chun an t-am a shonrú a bhféadfar earraí a fhágaint ar a fheadh ar aon chéibheanna nó áiteanna eile laistigh de theoranta an chuain agus chun socrú a dhéanamh i dtaobh earraí a aistriú nó a dhiúscairt ná beidh aistrithe as sin tar éis an t-am sin a bheith caite.

29. Chun toirmeasc a chur le hearraí a shuíomh ar aon chéibheanna nó duganna laistigh de theoranta an chuain i slí go gcuirfidís isteach ar árthaí a fheisteadh nó a chur ar longbheart nó go mba bhac ar thrácht iad.

30. Chun cosc a chur (ach amháin le cead an údaráis chuain) le haon earraí a chur ar taispeáint nó a shuíomh le haghaidh a ndíolta in aon talamh nó áitreabh nó ar aon talamh nó áitreabh leis an údarás cuain seachas earraí is féidir a dhíol nó a chur ar taispeáint le haghaidh a ndíolta faoi fhorála na nAcht Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, nó le hordú ó na Coimisineirí Ioncaim, agus seachas earraí meatacha a díolfar laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad tar éis a gcaluithe.

31. Chun cosc a chur le gearradh, briseadh agus díthiú neamhúdaraithe a dhéanamh ar chóracha feistiúcháin nó ceangail árthaí laistigh de theoranta an chuain.

32. Chun cosc a chur le luasc-dhroichid, geataí duga, bualchomhlaí nó clúsanna laistigh de theoranta an chuain a oscailt nó a dhúnadh gan údarás.

33. Chun toirmeasc a chur le haon bhád a dhéanamh nó a dheisiú laistigh de theoranta an chuain, gan toiliú an mháistir chuain a fháil roimh ré.

34. Chun toirmeasc a chur le haon chuid de mhaoin an údaráis chuain a dhamáistiú go toiliúil agus chun costas slánuithe aon damáiste a déanfar don mhaoin sin a aisghabháil ó dhuine ar bith a dhéanfas an damáiste sin.

35. Chun baint neamchuí le haon tsásra nó trealamh a bheas curtha ar fáil ag an údarás cuain a thoirmeasc.

36. Chun a fhoráil go bhféadfaidh an máistir cuain cráitis a aistriú as teoranta an chuain agus go bhféadfaidh freisin daoine díomhaoine nó mírialta a chur amach as sin.

37. Chun coinníollacha (nach laghdú ach méadú ar fhorála aon achtacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le pléascáin) a shonrú faoina ndéanfar pléascáin a thabhairt, a loingsiú, a láimhseáil, a thaisceadh, a choimeád nó a iompar laistigh de theoranta an chuain.

38. Chun coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar aon íleacha éadtroma udrocarbóin mianrúla do réir bhrí an Achta Airgeadais (Diúitéithe Custam) (Uimh. 4), 1931 ( Uimh. 43 de 1931 ), a thabhairt, a loingsiú, a láimhseáil, a thaisceadh, a choimeád nó a iompar laistigh de theoranta an chuain.

39. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh úsáid trambhealaí agus taobhlach agus oibreacha a bhaineas leo sin laistigh de theoranta an chuain agus chun cosc a chur le bacainniú nó cur-isteach a dhéanamh ar an trácht nó an ghluaiseacht ar na trambhealaí sin nó le díobháladh an chéanna.

40. Chun rialáil a dhéanamh i dtaobh balastú árthaí laistigh de theoranta an chuain agus i dtaobh an oird agus na slí ina soláthrófar balasta do na hárthaí sin agus i dtaobh balasta a dhíluchtú, a aistriú agus a dhiúscairt.

41. Chun cosc a chur le tobac nó aon lus nó substaint ar bith a chaitheamh, a lasadh nó a dhó in aon árthach nó ar aon árthach laistigh de theoranta an chuain nó in aon áit shonraithe laistigh de na teoranta sin.