30 1945


Uimhir 30 de 1945.


AN tACHT ÚDARÁS ÁITIÚLA (BRONNTAIS DO GHLACADH), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA BRONNTAIS MHAOINE LE hAGHAIDH FEABHSUITHE CATHARTHA DO GHLACADH, DO SHEALBHÚ AGUS DO RIARADH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [4ú Lúnasa, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

feabhsú cathartha.

folaíonn an abairt “feabhsú cathartha” éinní a rachas chun soighnis líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúil a bheas i gceist d'fheabhsú nó a rachas ar aon tslí eile chun leasa áitreabhóirí nó aon aicme d'áitreabhóirí an líomatáiste fheidhmiúcháin sin;

scéim feabhsuithe chathartha.

ciallaíonn an abairt “scéim feabhsuithe chathartha” scéim faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Acht so;

údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon chomhlucht is—

(a) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(b) comhairle chontae nó bhaile-cheanntair, nó

(c) coimisinéirí baile, nó

(d) coiste gairm-oideachais, nó

(e) coiste talmhaíochta;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí;

feidhm fhorcoimeáta.

ciallaíonn an abairt “feidhm fhorcoimeáta”—

(a) i gcás bardais chontae-bhuirge, feidhm fhorcoimeáta chun críocha na n-achtachán a bhaineas le bainistí na contaebhuirge sin,

(b) i gcás aon údaráis áitiúil eile, feidhm fhorcoimeáta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942;

ciste feabhsuithe chathartha toildheonach.

ciallaíonn an abairt “ciste feabhsuithe chathartha toildheonach” ciste arna bhunú faoi scéim feabhsuithe chathartha.

Scéim feabhsuithe chathartha.

2. —(1) Feadfaidh údarás áitiúil, ó am go ham, scéimeanna do ghabháil chucu chun bronntais mhaoine réalta nó pearsanta le haghaidh feabhsuithe cathartha do ghlacadh, do shealbhú agus do riaradh agus féadfaidh aon scéim den tsórt san bheith ina scéim le haghaidh feabhsuithe cathartha go ginearálta, le haghaidh cineál nó cineálacha áirithe feabhsuithe cathartha nó le haghaidh aon fheabhsuithe chathartha áirithe amháin.

(2) Déanfar go sonnruch, i scéim feabhsuithe chathartha, socrú—

(a) i dtaobh ciste ar leithligh do bhunú faoi urlámhas an údaráis áitiúil a ghabhfas an scéim chucu agus i dtaobh aon airgead a bhéarfar chun críocha na scéime agus aon ioncam ó mhaoin seachas airgead a bhéarfar amhlaidh d'íoc isteach sa chiste sin,

(b) i dtaobh airgead a bheas sa chiste sin agus ná beidh riachtanas lena chaitheamh de thuras na huaire do shuncáil,

(c) i dtaobh airgead a bheas sa chiste sin do chaitheamh agus i dtaobh an nós imeachta agus na srianta (más ann) maidir le híocaíochta do dhéanamh as an gciste sin.

(3) Féadfaidh an t-údarás áitiúil a ghabhfaidh scéim feabhsuithe chathartha chucu an scéim d'athrú má dhéanann an Ard-Chúirt, de dhruim iarratais ina mbeidh an tAire ainmnithe mar fhreagraí, an t-athrú do cheadú.

(4) Chun críocha na n-achtachán a bhaineas le hiniúchadh cuntas údarás áitiúla beidh cuntais chiste feabhsuithe chathartha thoildheonaigh ina gcuid de chuntais an údaráis áitiúil a ghabh an scéim chucu.

(5) Is feidhm fhorcoimeáta gabháil scéime feabhsuithe chathartha chucu ag údarás áitiúil.

Bronntas maoine le haghaidh scéime feabhsuithe chathartha do ghlacadh.

3. —Má tairgtear bronntas maoine réalta nó pearsanta le haghaidh aon fheabhsuithe chathartha d'údarás áitiúil féadfaid—

(a) i gcás scéim feabhsuithe chathartha do bheith gafa chucu acu agus an bronntas do thairgsint dóibh chun críocha na scéime, an bronntas do ghlacadh, do shealbhú agus do riaradh do réir na scéime,

(b) in aon chás eile, faoi réir iad do ghabháil scéime feabhsuithe chathartha chucu a mbeidh glacadh, sealbhú agus riaradh an bhronntais mar chuspóir ar fad nó i bpáirt aici, an bronntas do ghlacadh, do shealbhú agus do riaradh do réir na scéime,

agus i gceachtar cás féadfaid gach ní do dhéanamh a ghabhfas leis an nglacadh, an sealbhú agus an riaradh san nó a leanfas as.

Fógra i dtaobh scéime feabhsuithe chathartha d'fhoillsiú.

4. —(1) Má ghabhann údarás áitiúil scéim feabhsuithe chathartha chucu, déanfaid, a luaithe is féidir tar éis í do ghabháil chucu agus uair amháin ar a laghad sa bhliain uaidh sin amach, fógra d'fhoillsiú i dtrí nuachtáin (ar nuachtán laethúil ceann amháin ar a laghad díobh) a léitear ina líomatáiste feidhmiúcháin á rá go bhfuil an scéim ann agus go bhféadfaidh duine ar bith síntiúis do thabhairt don chiste feabhsuithe chathartha thoildheonach atá bunaithe fúithi.

(2) Na costais faoina raghfar faoin alt so maidir le scéim feabhsuithe chathartha, déanfar—

(a) más coiste gairm-oideachas nó coiste talmhaíochta a rachas fúthu, iad d'íoc as an gciste feabhsuithe chathartha toildheonach a bheas bunaithe faoin scéim,

(b) más aon údarás áitiúil eile a rachas fúthu, iad d'íoc—

(i) as an gciste feabhsuithe chathartha toildheonach san, nó

(ii)  (I) i gcás bardais chontae-bhuirge nó buirge Dhún Laoghaire, as an gciste bardasach,

(II) i gcás comhairle contae, tríd an ráta dealúis mar mhuirear ar cheanntar sláinte contae na contae sin,

(III) i gcás bardais bhuirge (nach contae-bhuirg ná buirg Dhún Laoghaire), tríd an ráta buirge,

(IV) gcás comhairle baile-cheanntair nó coimisinéirí baile, tríd an ráta baile.

Bailechoimisinéirí do chorprú chun críocha an Achta so.

5. —Chun bronntais mhaoine réalta nó pearsanta le haghaidh feabhsuithe cathartha do ghlacadh, do shealbhú agus do riaradh agus chun an dlí do shaothrú acu nó orthu ina dtaobh san, beidh coimisinéirí baile (mura comhlucht corpraithe iad cheana) ina gcomhlucht corpraithe go síor-chomharbas, agus beidh ionstraim ar bith a bhainfeas le maoin den tsórt san comhlánaithe go cuibhe ag na Coimisinéirí sin má comhlánaítear í sa tslí a foráltar le halt 59 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le leithlithe ag coimisinéirí nach comhlucht corpraithe.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar an tAcht Údarás Áitiúla (Bronntais do Ghlacadh) 1945, do ghairm den Acht so.