25 1945


Uimhir 25 de 1945.


AN tACHT OIFIGEACH CÚIRTE, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT OIFIGEACH CÚIRTE, 1926 AGUS 1937. [26ú Iúl, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926) .

Bainistí na Príomh-Oifige do bhaint de Mháistir na hArd-Chúirte.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, bainistí na Príomh-Oifige do bhaint, trí ordú, de Mháistir na hArd-Chúirte.

(2) Ar ordú faoin alt so do theacht i bhfeidhm agus dá éis sin—

(a) beidh an Phríomh-Oifig, d'ainneoin fo-ailt (1) d'alt 4 den Phríomh-Acht, faoi bhainistí pé oifigigh a bheas ag fónamh sa Phríomh-Oifig agus a ainmneoidh an tAire ó am go ham chuige sin tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte,

(b) déanfar gach tagairt faoi leith dá bhfuil i bhfo-alt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht do Mháistir na hArd-Chúirte do léiriú mar thagairt don oifigeach a bheas de thuras na huaire ag bainistí na Príomh-Oifige.

Maoirseacht agus urlámhas ginearálta Oifigí na hArd-Chúirte do bhaint de Mháistir na hArd-Chúirte.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, maoirseacht agus urlámhas ginearálta na coda san de na hoifigí do bunaíodh le Cuid I den Phríomh-Acht atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt do bhaint, trí ordú, de Mháistir na hArd-Chúirte.

(2) Ar ordú faoin alt so do theacht i bhfeidhm agus dá éis sin agus d'ainneoin ailt 5 den Phríomh-Acht, beidh ag pé oifigeach, is príomh-oifigeach a bheas ag gabháil leis an Ard-Chúirt nó oifigeach a bheas ag fónamh sa Phríomh-Oifig a ainmneoidh an tAire ó am go ham chuige sin, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, maoirseacht agus urlámhas ginearálta na coda san de na hoifigí do bunaíodh le Cuid I den Phríomh-Acht atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt, ach i bhfeidhmiú na maoirseachta agus an urlámhais sin beidh sé faoi stiúradh ginearálta an Aire maidir le gach ní a bhainfeas le riarachán ginearálta agus faoi ordacháin Uachtaráin na hArd-Chúirte maidir le gach ní a bhainfeas le seoladh na coda san de ghnó na hArd-Chúirte ar gá de thuras na huaire do réir dlí gur duine nó daoine de Bhreithiúin na Cúirte sin a dhéanfadh í nó gur ina láthair sin a déanfaí í.

Pinsean Máistir na hArd-Chúirte, Máistir Mheasaireachta nó Cláraitheora Chontae.

4. —(1) I gcás—

(a) duine a bheas i seilbh oifige Máistir na hArd-Chúirte, Máistir Mheasaireachta nó Cláraitheora Chontae do scor de bheith i seilbh na hoifige sin (ar shlí seachas trína chur as an oifig sin ag an Rialtas mar gheall ar mhí-iompar nó neamhéifeachtúlacht) tar éis seasca bliain do shlánú dhó nó de dhruim deimhniú dochtúra á dheimhniú go bhfuil sé neamhábalta, de dheascaibh laige aigne nó choirp, ar dhualgais na hoifige sin do chomhlíonadh agus gur dócha gur buan don laige, agus

(b) deich mbliana nó níos mó de sheirbhís leanúnach do bheith tugtha aige i gceann amháin nó níos mó de na hoifigí sin,

beidh sé, faoi réir forál an ailt seo, i dteideal pinsin arb é a bheas ann—

(i) má bhíonn tríocha bliain nó níos mó de sheirbhís den tsórt san tugtha aige, dhá dtrian den luach saothair bliantúil don oifig a scoirfidh sé de bheith ina seilbh, nó

(ii) mura mbeidh tríocha bliain de sheirbhís den tsórt san tugtha aige, an séú cuid den luach saothair bliantúil don oifig a scoirfidh sé de bheith ina seilbh maraon leis an dachadú cuid den luach saothair sin in aghaidh gach bliana iomláine (más ann) de sheirbhís den tsórt san de bhreis ar dheich mbliana.

(2) I gcás duine a bheas ag fáil pinsin faoin alt so do bheith ar fostú i bpost a n-íoctar an luach saothair a ghabhas leis as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, ansan

(a) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh aon tréimhse a mbeidh a luach saothair ar a feadh as an bpost san comhionann leis an luach saothair nó níos mó ná an luach saothair ar dá réir a háiríodh an pinsean, agus

(b) ní hiníoctha, in aghaidh aon tréimhse ar lú a luach saothair ar a feadh as an bpost san ná an luach saothair ar dá réir do háiríodh an pinsean, ach an chuid den phinsean a dhéanfas, i dteannta a luach saothair as an bpost san, suim is comh-mhéid leis an luach saothair ar dá réir a háiríodh an pinsean.

(3) An chuid de phinsean faoin alt so a ríomhfar ar an méid sin de luach saothair an oifigigh a bheas i gceist is bónas do réir figiúir costais bheatha, athróidh sí fé is dá mbí an chuid í, den phinsean a deontar faoi na hAchta Aoisliúntais a bhíos i bhfeidhm de thuras na huaire do stát-sheirbhíseach, a ríomhtar ar an méid sin de luach saothair an stát-sheirbhísigh sin is bónas do réir figiúir costais bheatha.

(4) Déanfar tagairt san alt so do sheirbhís dhuine ar bith do léiriú mar thagairt do sheirbhís do thug an duine sin agus a bhfuair sé luach saothair aisti, gan aon tréimhse d'áireamh do chaith sé as láthair de dheascaibh breoiteachta agus a bhfuair sé luach saothair ina haghaidh ar ráta arna chinneadh do réir an ráta dob iomchuibhe dá mbeadh sé ar pinsean.

(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais pinsin faoin alt so do dheonadh.

(6) Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 3 agus fo-alt (5) d'alt 35 den Phríomh-Acht.

Foráil speisialta maidir le duine a bheas, ar dháta an Achta so do rith, i seilbh oifige Máistir na hArd-Chúirte, Máistir Mheasaireachta nó Cláraitheora Chontae.

5. —(1) D'ainneoin téarmaí ailt 4 den Acht so, ní bheidh feidhm ag an alt san maidir le duine a bheas, ar dháta an Achta so do rith, i seilbh oifige Máistir na hArd-Chúirte, Máistir Mheasaireachta nó Cláraitheora Chontae mura roghnóidh ná go dtí go roghnóidh sé faoin alt so glacadh le forála an ailt sin 4.

(2) Duine a bheas, ar dháta an Achta so do rith, i seilbh oifige Máistir na hArd-Chúirte, Máistir Mheasaireachta nó Cláraitheora Chontae féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn arna chur chun an Aire tráth ar bith sara scoirfidh sé de bheith i seilbh na hoifige sin, a roghnú glacadh le forála ailt 4 den Acht so.

(3) Má roghnaíonn duine faoin alt so glacadh le forála ailt 4 den Acht so agus, díreach roimh é dá roghnú san, go raibh ceart aige chun cúitimh, is ceart do ghabh le hoifig do díochuireadh le halt 63 den Phríomh-Acht—

(a) is tuigthe é do ligean an chirt sin uaidh tríd an roghnú san do dhéanamh, agus

(b) ní bheidh feidhm ag míreanna (c) agus (f) d'fho-alt (5) d'alt 63 den Phríomh-Acht maidir leis.

(4) Nuair a bheas alt 4 den Acht so á thonasc in aon tslí maidir le duine a bheas, ar dháta an Achta so do rith, i seilbh oifige Máistir na hArd-Chúirte nó Cláraitheora Chontae, beidh aon, tseirbhís a thug an duine sin uaidh in oifig do ghabh le haon chúirt, ar dháta an Phríomh-Achta do rith ináirithe fé is dá mba sheirbhís í in oifig Mháistir na hArd-Chúirte nó Chláraitheora Chontae (pé acu is iomchuibhe).

(5) I gcás duine a bheas, ar dháta an Achta so do rith, i seilbh oifige Cláraitheora Chontae do scor de bheith i seilbh na hoifige sin agus gan é dá roghnú faoin alt so glacadh le forála ailt 4 den Acht so, beidh aon tseirbhís do thug an duine sin in oifig do díochuireadh le halt 63 den Phríomh-Acht ináirithe mar sheirbhís in oifig Chláraitheora Chontae nuair a bheas fo-alt (5) d'alt 35 den Phríomh-Acht á thonasc maidir leis.

Oifigeach Promháide nó Scrúdóir do cheapadh.

6. —(1) Is mar leanas a déanfar duine do cheapadh faoin bPríomh-Acht chun bheith ina Oifigeach Promháide nó ina Scrúdóir:—

(a) féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, duine do cheapadh a bheas, tráth an cheaptha, ar fostú in oifig do bunaíodh faoi Chuid I den Phríomh-Acht agus—

(i) a bheas ina abhcóide nó ina atúrnae, nó

(ii) a bhí, ar feadh iomlán an dá bhlian déag díreach roimh é cheapadh, ar fostú in oifig nó in oifigí do bunaíodh faoi Chuid I den Phríomh-Acht,

(b) más deimhin leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, ná fuil duine ar bith de na daoine atá cáilithe chun a gceaptha faoi mhír (a) den fho-alt so oiriúnach chun a cheaptha, féadfaidh sé—

(i) duine do cheapadh a bheas, tráth an cheaptha, ina abhcóide a mbeidh seasamh sé mblian ar a laghad aige agus a bheas ag cleachtadh a ghairme an uair sin nó a bhí á cleachtadh roimhe sin ar feadh sé mblian ar a laghad, nó

(ii) duine do cheapadh a bheas, tráth an cheaptha, ina atúrnae a mbeidh seasamh sé mblian ar a laghad aige agus a bheas ag cleachtadh a ghairme an uair sin nó a bhí á cleachtadh roimhe sin ar feadh sé mblian ar a laghad.

(2) Nuair a beifear á chinneadh chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) den alt so cad é an tréimhse a thug duine ag cleachtadh mar abhcóide nó atúrnae áireofar mar thréimhse chleachta den tsórt san aon tréimhse a raibh sé ag fónamh ar a feadh i bpost sa Stát-Sheirbhís ar sonnraíodh (le reacht nó eile) gur cháilíocht riachtanach dó cleachtadh roimh ré mar abhcóide nó atúrnae.

(3) Athghairmtear leis seo ailt 23 agus 24 den Phríomh-Acht.

An líon Scrúdóirí a bheas ag gabháil leis an Ard-Chúirt.

7. —(1) Más rud é, aon uair le linn gan ach Scrúdóir amháin do bheith ag gabháil leis an Ard-Chúirt de bhun an Phríomh-Achta, gur dóigh leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, é bheith fóirsteanach ar mhaithe leis an bpoiblíocht beirt Scrúdóir do bheith ag gabháil leis an Ard-Chúirt amhlaidh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a fhoráil, le hordú, go mbeidh beirt Scrúdóir ag gabháil leis an Ard-Chúirt mura n-ordaítear nó go dtí go n-ordófar a mhalairt faoin alt so.

(2) Aon uair agus faid a bheas ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt so i bhfeidhm, beidh beirt Scrúdóir ag gabháil leis an Ard-Chúirt.

(3) Más rud é, aon uair le linn beirt Scrúdóir do bheith ag gabháil leis an Ard-Chúirt de bhuaidh orduithe faoi fho-alt (1) den alt so, go dtiocfaidh oifig dhuine de na Scrúdóirí sin chun bheith folamh agus gur dóigh leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte nach gá a thuilleadh beirt Scrúdóir den tsórt san, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an t-ordú san do chúlghairm trí ordú.

(4) Aon uair a cúlghairmfear ordú faoi fho-alt (1) den alt so, déanfar an líon Scrúdóirí a bheas ag gabháil leis an Ard-Chúirt do laghdú go dtí aon Scrúdóir amháin, ach beidh san gan dochar d'ordú nua do dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt so má tharlann, aon uair ina dhiaidh sin, go measfaidh an tAire é bheith fóirstineach ar mhaithe leis an bpoiblíocht san do dhéanamh.

(5) Aon uair agus faid a bheas beirt Scrúdóir ag gabháil leis an Ard-Chúirt de bhuaidh orduithe faoin alt so, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

(a) beidh dhá Oifig Scrúdóra ann, a mbeidh ceann acu faoi bhainistí dhuine de na Scrúdóirí agus an ceann eile acu faoi bhainistí an duine eile de na Scrúdóirí;

(b) faoi réir míre (a) den fho-alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 13 agus 26 den Phríomh-Acht maidir le gach oifig faoi leith den dá Oifig Scrúdóra;

(c) beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 14 agus 28 den Phríomh-Acht agus ag alt 6 den Acht so maidir le gach duine faoi leith de na Scrúdóirí;

(d) beidh gach duine faoi leith de na Scrúdóirí ina phríomhoifigeach do réir bhrí Coda I den Phríomh-Acht.

Cláraitheoirí na hArd-Chúirte do bheith ina bpríomhoifigigh.

8. —(1) Na hoifigigh a bheas ainmnithe de thuras na huaire faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht chun bheith ina gcláraitheoirí don Ard-Chúirt beid ina bpríomh-oifigigh do réir bhrí Coda I den Phríomh-Acht.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, leanfar de Chláraitheoirí don Ard-Chúirt d'ainmniú faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht.

Oifigeach cúirte do chomhlíonadh dualgas oifige eile.

9. —(1) Má tharlann, ar dháta an Achta so do rith, folúntas do bheith in oifig a bheas ag gabháil le haon chúirt nó, tar éis dáta an Achta so do rith, folúntas do theacht in oifig a bheas ag gabháil le haon chúirt nó sealbhóir oifige a bheas ag gabháil le haon chúirt do bheith as láthair nó faoi mhí-chumas, féadfaidh an tAire, faoi réir fo-ailt (2) den alt so, a cheangal ar aon oifigeach a bheas ag gabháil leis an gcúirt sin nó le haon chúirt eile agus a údarú dhó dualgais na hoifige sin do chomhlíonadh (i dteannta a dhualgas féin) ar feadh tréimhse sonnraithe nó go dtí go n-ordaí an tAire a mhalairt.

(2) An chumhacht do bheirtear don Aire le fo-alt (1) den alt so ní déanfar, i gcás an t-oifigeach a gceanglófar air dualgais oifige eile do chomhlíonadh do bheith ag gabháil leis an gCúirt Uachtarach, í d'fheidhmiú ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an bPríomh-Bhreitheamh agus ní déanfar, i gcás an t-oifigeach san do bheith ag gabháil leis an Ard-Chúirt, í d'fheidhmiú ach amháin tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte.

(3) Aon uair a ceanglófar ar oifigeach faoin alt so dualgais oifige eile do chomhlíonadh, beidh aige, faid a fhanfas an ceanglas i bhfeidhm, cumhachta uile sealbhóra na hoifige sin chomh hiomlán agus dá gceaptaí chun na hoifige sin é.

(4) Más rud é, roimh dháta an Achta so do rith, go ndearna oifigeach a bhí ag gabháil le cúirt dualgais oifige eile (pé acu leis an gcúirt chéanna nó le cúirt eile do bhí an oifig sin ag gabháil) do chomhlíonadh le hordachán ón Aire i dteannta a dhualgas féin, is tuigthe, faid a bhí sé ag comhlíonadh na ndualgas san amhlaidh, go raibh aige cumhachta uile sealbhóra na hoifige sin chomh hiomlán agus dá gceaptaí chun na hoifige sin é agus ní hinchonspóide, ná ní tuigthe gurbh inchonspóide riamh, ar an bhforas nár ceapadh chun na hoifige sin é, éinní do rinne sé i bhfeidhmiú na ndualgas san.

(5) Más rud é, ar dháta an Achta so do rith, go mbeidh oifigeach a bheas ag gabháil le cúirt ag comhlíonadh, le hordachán ón Aire, dualgas oifige eile (pé acu leis an gcúirt chéanna nó le cúirt eile a bheas an oifig sin ag gabháil) i dteannta a dhualgas féin, is tuigthe, amhail ó dháta an Achta so do rith, gur ceangladh air agus gur húdaraíodh dó faoin alt so na dualgais sin do chomhlíonadh agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir leis dá réir sin.

Cláraitheoirí Contae do shannadh d'oifigí cúirte cuarda.

10. —(1) Gach Cláraitheoir Contae a bheas arna cheapadh (pé acu roimh an Acht so do rith nó dá éis é) faoin bPríomh-Acht sannfar é do pé oifig cúirte cuarda a ordóidh an Rialtas ó am go ham.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 36 den Phríomh-Acht.

(3) Gach sannadh faoi fho-alt (1) d'alt 36 den Phríomh-Acht a bheas i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith, leanfaidh i bhfeidhm tar éis an Achta so do rith agus is tuigthe gur sannadh faoin alt so é.

(4) Gach tagairt dá bhfuil sa Phríomh-Acht nó in aon achtachán eile do shannadh faoi fho-alt (1) d'alt 36 den Phríomh-Acht is tuigthe gur tagairt í do shannadh arna dhéanamh nó is tuigthe bheith arna dhéanamh faoin alt so.

Socrú maidir le gnó a bheas ar feitheamh ar chumhacht faoi fho-alt (3) d'alt 47 den Phríomh-Acht d'fheidhmiú.

11. —(1) Aon uair a fheidhmeos an tAire cumhacht do bheirtear dó le fo-alt (3) d'alt 47 den Phríomh-Acht, féadfaidh sé socrú do dhéanamh chun a áirithiú go gcoimeádfar ar siúl agus go gcríochnófar aon ghnó sa Chúirt Dúiche is gnó do bunaíodh roimh an dáta ar a dtiocfaidh feidhmiú na cumhachta san i ngníomh agus ná beidh críochnaithe roimh an dáta san.

(2) Chun críocha an ailt seo, is tuigthe gnó sa Chúirt Dúiche do bheith arna bhunú an lá a déantar an ghairm chúirte, an barántas, an próiseas, nó an scríbhinn tionnscnaimh eile maidir leis do thabhairt amach.

Oifig shirriaim.

12. —(1) Aon uair is dóigh leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú, maidir le haon chontae nó contae-bhuirg ina mbeidh fo-shirriam ar dháta an Achta so do rith, go mbeidh, ar oifig an fo-shirriaim do theacht chun bheith folamh, fo-alt (3) d'alt 54 den Phríomh-Acht gan feidhm ná éifeacht maidir leis an gcontae nó an chontae-bhuirg sin i dtaobh ní ar bith nó i dtaobh cumhacht, dualgas, údarás, ceart, agus oblagáid sonnraithe de chuid an fhoshirriaim (fé mar luafar san ordú).

(2) Aon uair is dóigh leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais maidir le haon chontae nó contae-bhuirg ina mbeidh cumhachta, dualgais, údaráis, cearta, agus oblagáidí an fho-shirriaim arna n-aistriú, roimh an Acht so do rith nó dá éis, chun an chláraitheora chontae de bhuaidh fo-ailt (2) nó fo-ailt (3) d'alt 54 den Phríomh-Acht, a dhearbhú (fé mar luafar san ordú san) go scoirfidh gach ceann, nó cinn shonnraithe áirithe, de na cumhachta, na dualgais, na húdaráis, na cearta, agus na hoblagáidí sin de bheith forchurtha ar an gcláraitheoir contae sin nó dílsithe ann.

(3) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir leis an gcontae nó an chontae-bhuirg a mbeifear tar éis ordú faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt so do dhéanamh maidir léi:—

(a) is dleathach don Rialtas, fé mar is gá agus aon uair is gá é, duine do cheapadh chun bheith ina shirriam don chontae nó don chontae-bhuirg;

(b) na cumhachta, na dualgais, na húdaráis, na cearta, agus na hoblagáidí de chuid an fho-shirriaim ná tiocfaidh chun bheith nó a scoirfeas de bheith, de bhuaidh an orduithe, forchurtha ar an gcláraitheoir contae nó dílsithe ann tiocfaid chun bheith agus beid ina gcumhachta, ina ndualgais, ina n-údaráis, ina gcearta, agus ina n-oblagáidí (do réir mar bheas) de chuid an tsirriaim;

(c) aon uair is dóigh leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, pé cumhachta, dualgais, údaráis, cearta, nó oblagáidí, breise nó eile, is dóigh leis is ceart d'aistriú ón gcláraitheoir contae chun an tsirriaim;

(d) ar fholúntas do theacht sa tsirriamacht, féadfaidh an tAire, más dóigh leis san do bheith ceart, an t-ordú faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt so do chúlghairm trí ordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais;

(e) i gcás an tAire do dhéanamh orduithe faoi mhír (d) den fho-alt so tiocfaidh cumhachta, dualgais, údaráis, cearta, agus oblagáidí uile an tsirriaim chun bheith agus beid, go n-éifeacht ó dháta an fholúntais do theacht sa tsirriamacht, ina gcumhachta, ina ndualgais, ina n-údaráis, ina gcearta, agus ina n-oblagáidí (do réir mar bheas) de chuid an chláraitheora chontae;

(f) i gcás aon chumhacht, dualgas, údarás, ceart nó oblagáid, faoi aon achtachán, de chuid an chláraitheora chontae nó an fho-shirriaim (do réir mar bheas) do bheith de thuras na huaire forchurtha ar an sirriam de bhuaidh an ailt seo, déanfar gach tagairt san achtachán san don chláraitheoir chontae nó don fho-shirriam (do réir mar bheas) do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don tsirriam;

(g) i gcás dualgas gníomhuithe mar cheann coimhrimh don chontae nó don chontae-bhuirg do bheith de thurus na huaire forchurtha de bhuaidh an ailt seo ar an sirriam agus folúntas do theacht sa tsirriamacht nó an sirriam do bheith as láthair nó faoi mhí-chumas, féadfaidh an tAire Rialtas Áitiúil agus Sláinte Poiblí, más dóigh leis san do bheith ceart, duine do cheapadh chun dualgais chinn choimhrimh don chontae nó don chontae-bhuirg do chomhlíonadh le linn an fholúntais, na neamhláithreachta nó an mhí-chumais sin.

(4) I gcás ordú do dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt so maidir le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath sar a scoirfidh an duine a bheas i seilbh oifige ar dháta an Achta so do rith mar fho-shirriam do chontae Bhaile Atha Cliath de bheith i seilbh na hoifige sin, ní dhéanfaidh déanamh an orduithe difir d'oibriú fo-ailt (3) d'alt 23 den Acht Rialtais Áitiúil, 1930 (Uimh. 27 de 1930) , ach, nuair a bheas míreanna (a) agus (b) den fho-alt san á dtonasc ar an duine sin do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, cuirfear an focal “sirriam” in ionad an fhocail “fo-shirriam” i ngach mír faoi leith.

(5) Ní ceapfar duine ar bith faoin alt so chun oifige sirriaim mura rud é—

(a) gur abhcóide é do chleacht a ghairm ar feadh cúig mblian ar a laghad, nó

(b) gur atúrnae é do chleacht a ghairm ar feadh cúig mblian ar a laghad, nó

(c) gur ghníomhaigh sé ar feadh cúig mblian ar a laghad mar chléireach bainistí nó mar phríomh-chúntóir d'fhoshirriam nó do shirriam.

(6) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le hoifig shirriaim:—

(a) is oifig neamh-inphinsin oifig shirriam agus sealbhófar í faid is toil agus is áil leis an Rialtas;

(b) is seachtó blian an aois chun scor de bheith i seilbh oifige sirriaim;

(c) gach duine a ceapfar chun oifige sirriaim bhéarfaidh urrús ar pé méid agus i pé slí a ordóidh an tAire (go ginearálta nó in aon chás áirithe) go gcomhlíonfaidh a dhualgais go cuibhe;

(d) déanfaidh gach sirriam pé tuairisceáin bhliantúla nó tuairisceáin eile agus pé cuntais ordóidh an tAire ó am go ham, go ginearálta nó in aon chás áirithe, do thabhairt don Aire;

(e) aon oifigeach don Aire a bheas údaraithe chuige sin ag an Aire beidh sé i dteideal dul isteach gach tráth réasúnach in oifigí aon tsirriaim agus air sin na hoifigí sin d'iniúchadh, an obair a déantar iontu d'fhiosrú, cuntais an tsirriaim do scrúdú, agus aon eolas d'fháil ón tsirriam a theastós uaidh maidir leis na hoifigí, an obair, nó na cuntais sin;

(f) féadfar an t-aon duine amháin do cheapadh ina shirriam do chontae-bhuirg agus contae nó contaethe comhtheoranta nó do dhá cheann nó níos mó de chontaethe comhtheoranta;

(g) fá réir na bhforál san roimhe seo den alt so, is mar chinnfeas an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, a bheas coinníollacha fostaíochta gach sirriaim.

Alt 45 den Debtors (Ireland) Act, 1840, d'athghairm.

13. —(1) Athghairmtear leis seo alt 45 den Debtors (Ireland) Act, 1840.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1946.

Gearr-theideal, comhluadh agus léiriú.

14. —(1) Féadfar an tAcht Oifigeach Cúirte, 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1945, do ghairm de na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 agus 1937, agus den Acht so le chéile.

(3) Léireofar na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 agus 1937, agus an tAcht so le chéile mar aon Acht amháin.