22 1945


Uimhir 22 de 1945.


ACHT LEABHARLANN OSTAÍ AN RÍ, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ NA gCRÍOCH CHUN AR FÉIDIR AN CÚITEAMH BLIANTÚIL IS INÍOCTHA AS AN bPRÍOMH-CHISTE LE LEABHARLANN OSTAÍ AN RÍ D'ÚSÁID, AGUS CHUIGE SIN DO DHÉANAMH ATHACHTUITHE GO MODHNUITHE AR AN DLÍ REACHTÚIL ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR MAIDIR LEIS AN gCÚITEAMH SAN. [11ú Iúl, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An dlí reachtúil atá ann faoi láthair maidir leis an gcúiteamh bliantúil de £433 6s. 8d. is iníoctha le Leabharlann Ostaí an Rí d'ath-achtú go modhnuithe.

1. —(1) San alt so—

ciallaíonn an abairt “an Leabharlann” Leabharlann Ostaí an Rí, Baile Atha Cliath;

ciallaíonn an abairt “an cúiteamh bliantúil a híoctar faoi láthair” an cúiteamh bliantúil de cheithre céad agus trí puint tríochad, sé scillinge agus ocht bpingne is iníoctha, de bhuaidh oibriú ailt 34 den Copyright Act, 1911, agus fo-ailt (1) d'alt 174 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ( Uimh. 16 de 1927 ), le chéile, as an bPríomh-Chiste leis an Leabharlainn, mar chúiteamh i gcailliúint an chirt chun cóipeanna de leabhair d'fháil in aisce.

(2) Chun go bhféadfar cuid den chúiteamh bliantúil a híoctar faoi láthair a chaitheamh ar leabhair a cheangal, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) ag leanúint den chúiteamh bliantúil a híoctar faoi láthair íocfar, faoi réir míre (b) den fho-alt so, sa bhliain airgeadais a thosnaigh an lú lá d'Aibreán, 1945, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, le Binseoirí Chomhlucht Onórach Ostaí an Rí, Baile Atha Cliath, suim cheithre céad agus trí puint tríochad, sé scillinge agus ocht bpingne;

(b) ní bheidh an tsuim sin iníoctha in aon bhliain airgeadais mura deimhin leis an Aire Airgeadais go ndearnadh nó go ndéanfar an cúiteamh in aghaidh na bliana airgeadais roimhe sin a chaitheamh ar leabhair a cheannach chun úsáide na Leabharlainne agus chun a slánchoimeád inti nó go ndearnadh nó go ndéanfar é chaitheamh ar leabhair a cheannach chuige sin agus chomh fada ar a mhéid le leath na suime, ar leabhair atá ar slán-choimeád sa Leabharlainn d'athcheangal nó ar leabhair nó sreath-choda d'imleabhair (is leabhair nó sreath-choda d'imleabhair a foillsíodh gan cheangal) atá ar slán-choimeád nó le bheith ar slán-choimeád sa Leabharlainn a cheangal;

(c) beidh muirear agus íoc na suime bliantúla san ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis;

(d) scoirfidh fo-alt (1) d'alt 174 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ( Uimh. 16 de 1927 ), sa mhéid go mbuanaíonn sé an ceart a bhí ag an Leabharlainn agus a buanaíodh le halt 34 den Copyright Act, 1911, chun an cúiteamh bliantúil a híoctar faoi láthair d'íoc léi, d'fheidhm do bheith aige maidir leis an mbliain airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1945, agus aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar Acht Leabharlann Ostaí an Rí, 1945 , do ghairm den Acht so.