|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Reamhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Ceantair Ospideil Mheabhair-Ghalar agus Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.) |
AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. An Cigire Ospideal Meabhair-Ghalar agus Cigiri Cunta Ospideal Meabhair-Ghalar. | |
[EN] |
An Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar. |
12. —(1) Beidh cigire foras meabhair-ghalar ann chun críocha an Achta so agus bhéarfar mar ainm ar an gcigire sin agus gairmtear de san Acht so an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire ó am go ham dochtúir leighis cláraithe a cheapadh chun bheith ina Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar. | |
[EN] | (3) I gcás duine ar bith a bheith, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, i seilbh oifige cigire gealt faoin dlí a bhí i bhfeidhm an uair sin, is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh ag an Aire díreach i dtosach feidhme na Coda so den Acht so chun bheith ina Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire duine ar bith dá chigirí leighis a cheapadh chun gníomhú mar ionadaí don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ar feadh aon tréimhse áirithe nó chun aon chríche áirithe agus, ar feadh na tréimhse sin nó chun na críche sin (do réir mar bheas), is tuigthe an duine a bheas ceaptha amhlaidh a bheith ina Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus léireofar dá réir sin gach tagairt atá san Acht so don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar. | |
[EN] |
Cigire Cúnta óspidéal meabhairghalar. |
13. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé dochtúirí leighis cláraithe agus pé méid díobh a mheasfaidh is ceart a cheapadh ó am go ham chun bheith ina gcigirí cúnta foras meabhair-ghalar chun críocha an Achta so (dá ngairmtear san Acht so cigirí cúnta óspidéal meabhair-ghalar). |
[EN] | (2) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gníomhú trí aon chigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar, agus dá réir sin beidh ag cigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar na cumhachta uile a bheirtear de thuras na huaire le dlí don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus déanfar, mura léir a mhalairt d'intinn bheith ann, aon tagairt in aon achtachán (agus an tAcht so d'áireamh) don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt d'aon chigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar. |