An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945) Ar Aghaidh (CUID II. An Cigire Ospideal Meabhair-Ghalar agus Cigiri Cunta Ospideal Meabhair-Ghalar.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID I

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , a ghairm den Acht so.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá nó laethanta a ceapfar chuige sin le hordú nó le hordaithe ón Aire, go generálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta difriúla a cheapadh amhlaidh i gcóir críocha difriúla agus forála difriúla den Acht so.

Mínithe.

3. —San Acht so—

andúileach.

ciallaíonn an focal “andúileach” duine atá—

(a) toisc é bheith andúilithe i ndruganna nó i ndeocha meisciúla, dainséarach dó féin nó do dhaoine eile nó neamhinniúil ar é féin nó a chúrsaí d'ionnramháil nó ar é féin d'iompar go cuibhe-nósach, nó

(b) toisc é bheith andúilithe i ndruganna, i ndeocha meisciúla nó i saobh-bhearta, i mbaol mór aimhriar meabhrach dá ghabháil;

an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe.

ciallaíonn an abairt “an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe”—

(a) nuair a húsáitear í maidir le duine a cuirfear amach ar iostas faoin Acht so—an t-oifigeach cúnaimh don cheantar oifigigh chúnaimh a gcuirfear an duine amach ar iostas ann, agus

(b) nuair a húsáitear í maidir le duine ar bith eile—an t-oifigeach cúnaimh don cheantar oifigigh chúnaimh ina mbeidh gnáth-chomhnaí ar an duine;

foras ceadaithe.

ciallaíonn an abairt “foras ceadaithe” foras nó áitreabh arna cheadú le hordú ón Aire faoi alt 158 den Acht so;

oifigeach cúnaimh.

ciallaíonn an abairt “oifigeach cúnaimh” oifigeach ar fostú ag údarás cúnaimh phoiblí chun cúnamh teaghlaigh a riaradh faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ;

ceantar oifigigh chúnaimh.

ciallaíonn an abairt “ceantar oifigigh chúnaimh” an ceantar ar laistigh de a bhíos dualgais oifigigh chúnaimh le comhlíonadh;

cigire cúnta óspidéal meabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “cigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar” cigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar arna cheapadh faoi alt 13 den Acht so;

foras údaraithe.

ciallaíonn an abairt “foras údaraithe” foras arna údarú le hAcht speisialta nó le hachtachán speisialta eile (lena n-áirítear cairt) chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú, do chothabháil, agus do chóireáil ann, seachas Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma;

dochtúir oifigiúil údaraithe.

tá leis an abairt “dochtúir oifigiúil údaraithe” an bhrí a bheirtear di le halt 5 den Acht so;

fo-óspidéal meabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “fo-óspidéal meabhair-ghalar” óspidéal meabhair-ghalar arna chur ar fáil faoi alt 22 den Acht so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar;

othar ionmhuirir.

ciallaíonn an abairt “othar ionmhuirir” othar atá ag fáil cúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar agus atá (i dteannta na ndaoine, más ann, a dhlíos é do chothabháil) neamhacmhainneach ar chostas iomlán an chúnaimh sin a sholáthar;

ordú glactha othair ionmhuirir.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha othair ionmhuirir” ordú glactha othair ionmhuirir faoi Chaibidil I de Chuid XIV den Acht so;

óspidéal meabhairghalar ceantair.

ciallaíonn an abairt “óspidéal meabhair-ghalar ceantair” óspidéal meabhair-ghalar arna chur ar fáil faoi alt 21 den Acht so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar;

Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma.

ciallaíonn an abairt “Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma” an phríomh-ghealtlann choiriúil a bunaíodh de bhun an Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845;

an Cigire Ospidéal Meabhair Ghalar.

ciallaíonn an abairt “an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar” go príomha an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a ceapfar faoi alt 12 den Acht so, ach folaíonn an abairt sin freisin ionadaí don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a ceapfar faoin alt san 12 agus cigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar;

comhúdarás.

ciallaíonn an focal “comhúdarás” údarás arna bhunú le hordú faoi alt 98 den Acht so;

comhbhord.

ciallaíonn an focal “comhbhord” bord arna gceapadh i gcomhar de bhun ailt 15 den Acht so;

údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil”—

(a) údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), nó

(b) fo-choiste arna gceapadh ag coiste pinsean áitiúil faoi alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908, nó

(c) coiste gairm-oideachais, nó

(d) coiste talmhaíochta;

cúnamh óspidéil mheabhairghalar.

folaíonn an abairt “cúnamh óspidéil mheabhair-ghalar”, nuair a húsáitear í maidir le duine,—

(a) aon chóireáil, cothabháil, comhairle, nó seirbhís a bhéarfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar don duine sin nó a chuirfid ar fáil dó, agus

(b) aon íocaíocht a dhéanfaidh údarás óspidéil mheabhairghalar leis an duine sin nó ina leith;

údarás óspidéil mheabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “údarás óspidéil mheabhair-ghalar” údarás riaracháin áitiúil faoi alt 15 den Acht so do cheantar óspidéil mheabhair-ghalar;

ceantar óspidéil mheabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “ceantar óspidéil mheabhair-ghalar” ceantar a sonnraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so, mar atá sé sonnraithe amhlaidh nó mar a bheas sé athraithe de thuras na huaire le hordú faoin Acht so;

foras meabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “foras meabhair-ghalar” óspidéal meabhairghalar ceantair nó foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, foras príobháideach, foras déirciúil príobháideach, foras údaraithe, nó foras ceadaithe

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí;

feighilteoir.

tá leis an bhfocal “feighilteoir” an bhrí a bheirtear dó le halt 4 den Acht so;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht so;

foras déirciúil príobháideach.

ciallaíonn an abairt “foras déirciúil príobháideach” foras chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú is foras a bheas á chothabháil i bpáirt nó go hiomlán trí shíntiúis toildheonacha agus ná beidh á choimeád le haghaidh brabúis ag aon phearsa phríobháideach, agus nach—

(a) óspidéal meabhair-ghalar ceantair ná foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ná

(b) foras údaraithe;

foras príobháideach.

ciallaíonn an abairt “foras príobháideach” foras nó áitreabh ina mbeidh aireachasú le haghaidh brabúis á dhéanamh ar aon duine mí-mheabhrach amháin nó níos mó, agus nach—

(a) óspidéal meabhair-ghalar ceantair ná foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar,

(b) foras déirciúil príobháideach, ná

(c) foras údaraithe;

othar príobháideach.

ciallaíonn an abairt “othar príobháideach” othar nach othar ionmhuirir;

ordú glactha othair phríobháidigh.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha othair phríobháidigh” ordú glactha othair phríobháidigh faoi Chaibidil II de Chuid XIV den Acht so;

údarás cúnaimh phoiblí.

ciallaíonn an abairt “údarás cúnaimh phoiblí” údarás cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ;

ceantar cúnaimh phoiblí.

ciallaíonn an abairt “ceantar cúnaimh phoiblí” ceantar cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ;

ordú glactha.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha” ordú glactha othair ionmhuirir, ordú glactha othair phríobháidigh, ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh, nó ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh;

moladh glactha.

ciallaíonn an abairt “moladh glactha” moladh glactha faoi Chaibidil I de Chuid XIV den Acht so;

gaol.

ciallaíonn an focal “gaol”—

(a) dír-shinsear, nó

(b) dír-shliochtach, nó

(c) dír-shliochtach sinsir nach sia siar ná sin-sean-athair nó sin-sean-mháthair;

príomhdhochtúir comhnaitheach.

ciallaíonn an abairt “príomh-dhochtúir comhnaitheach” príomhdhochtúir oifigiúil faoi alt 94 den Acht so d'óspidéal meabhairghalar ceantair;

othar sealadach.

ciallaíonn an abairt “othar sealadach” othar—

(a)  (i) ar a bhfuil easláine mheabhrach, agus

(ii) a meastar nach gá dhó, chun a théarnaithe, ach sé mhí ar a mhéid faoi chóireáil oiriúnach, agus

(iii) atá neamhoiriúnach, de dheascaibh staid a mheabhrach, le haghaidh cóireála mar othar thoildheonach, nó

(b)  (i) is andúileach, agus

(ii) a meastar gur gá dhó, chun a théarnaithe, sé mhí ar a laghad faoi chóireáil réamhchoscach leigheasach;

ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh” ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh faoi Chaibidil III de Chuid XIV den Acht so;

ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh” ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh faoi Chaibidil III de Chuid XIV den Acht so;

coiste fiosraith fo-óspidéil mheabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar” coiste arna gceapadh faoi alt 97 den Acht so chun fo-óspidéal meabhair-ghalar d'fhiosrú;

coiste fiosraithe óspidéil mheabhairghalar cheantair.

ciallaíonn an abairt “coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair” coiste arna gceapadh faoi alt 96 den Acht so chun óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus na forais agus an chóiríocht eile bheas á gcothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'fhiosrú;

othar toildheonach.

ciallaíonn an abairt “othar toildheonach” duine a dhéanfas, ag gníomhú uaidh féin nó, más duine faoi bhun sé bliana déag d'aois é, trína thuismitheoir nó a chaomhnóir, cóireáil le haghaidh easláine meabhrach nó easláine dá samhail d'iarraidh go toildheonach dó féin.

Feighilteoir.

4. —San Acht so, ciallaíonn an focal “feighilteoir”—

(a) maidir le hóspidéal meabhair-ghalar ceantair—príomhdhochtúir comhnaitheach an óspidéil,

(b) maidir le haon fhoras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar—dochtúir oifigiúil an fhorais,

(c) maidir le foras príobháideach chun níos mó ná aon othar amháin a ghlacadh, foras déirciúil príobháideach, foras údaraithe, nó foras ceadaithe (nach óspidéal meabhairghalar ceantair ná foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar)—an duine a bheas de thuras na huaire ag bainistí an fhorais,

(d) maidir le foras príobháideach chun aon othar amháin a ghlacadh—an duine ar a mbeidh cúram an othair de thuras na huaire.

An dochtúir oifigiúil údaraithe.

5. —(1) San Acht so, ciallaíonn an abairt “an dochtúir oifigiúil údaraithe”, nuair a húsáitear í maidir le duine lena mbaineann iarratas faoin Acht so,—

(a) i gcás gnáth-chomhnaí do bheith ar an duine i gceantar íclainne ná fuil ach dochtúir oifigiúil amháin ann dó—

(i) mura bhfuil an dochtúir oifigiúil sin dícháilithe i leith an duine—an dochtúir oifigiúil sin, nó

(ii) má tá an dochtúir oifigiúil sin dícháilithe i leith an duine—an dochtúir oifigiúil ceantair íclainne is comhgaraí atá ar fáil díobh san ná fuil dícháilithe i leith an duine,

(b) i gcás gnáth-chomhnaí do bheith ar an duine i gceantar íclainne a bhfuil níos mó ná aon dochtúir oifigiúil amháin ann dó—

(i) an dochtúir oifigiúil is comhgaraí atá ar fáil díobh san ná fuil dícháilithe i leith an duine, nó

(ii) mura bhfuil éinne de na dochtúirí oifigiúla san ar fáil nó má táid go léir dícháilithe i leith an duine nó má tá cuid acu gan bheith ar fáil agus go bhfuil an chuid eile acu dícháilithe i leith an duine—an dochtúir oifigiúil ceantair íclainne is comhgaraí atá ar fáil díobh san ná fuil dícháilithe i leith an duine.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt so, beidh dochtúir oifigiúil do cheantar íoclainne dícháilithe i leith duine—

(a) má bhíonn leas ag an dochtúir sin sna híocaíochta (más ann) a bheas le déanamh as ucht an duine sin d'aireachasú, nó

(b) más é fear céile nó bean chéile, athair, leas-athair nó athair céile, máthair, leas-mhathair nó máthair chéile, mac, leas-mhac nó cliamhain, iníon, leas-iníon nó bainchliamhain, deartháir, leas-deartháir nó deartháir cliamhnachta, deirfiúr, leas-deirfiúr, nó deirfiúr chliamhnachta, nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine sin an dochtúir sin.

Ait ghnáthchomhnaithe dhuine gan comhnaí seasta.

6. —Chun críocha an Achta so, is tuigthe duine gan comhnaí seasta a bheith ina ghnáth-chomhnaí san áit ina mbeidh sé de thuras na huaire.

Iarratasóir ordaithe ghlactha i gcás othair phríobháidigh.

7. —San Acht so, déanfar tagairt ar bith d'iarratasóir ordaithe ghlactha do léiriú, i gcás othair phríobháidigh a ndéanfar íocaíochta ina leith, mar thagairt don duine a rinne an íocaíocht dheiridh i leith an othair.

Rialacháin.

8. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht so mar ní nó rud atá ordaithe nó le hordú nó mar ní nó rud is abhar do rialacháin, ach ní déanfar, gan ceadú an Aire Airgeadais, aon rialachán den tsórt san a mbeidh foráil ann i dtaobh íocaíochta a bheas le déanamh leis an Aire nó ag an Aire.

Airgead is iníoctha leis an Aire a bhailiú agus a chur de láimh.

9. —(1) An t-airgead uile is iníoctha faoin Acht so leis an Aire, baileofar agus glacfar é i pé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é do réir ordachán an Aire sin.

(2) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon airgead is iníoctha faoin Acht so leis an Aire.

Costais an Aire.

10. —Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht so a riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Athghairm.

11. —(1) Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so a mhéid a sonnraítear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) Beidh an athghairm a déantar leis an alt so ar an Asylum Officers Superannuation Act, 1909, faoi réir na dteorann so leanas:—

(a) leanfaidh an tAcht san d'éifeacht a bheith aige a mhéid is gá chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) agus míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 64 den Acht so;

(b) ní dhéanfaidh an athghairm difir d'íoc aon aoisliúntais a bheas arna dheonadh roimh an athghairm a theacht i ngníomh.