An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Sceimeanna Udro-Leictreacha.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cuiteamh.)

12 1945

AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1945

CUID III.

Iascaigh do Thogaint agus do Bhainisti.

Iascaigh agus cearta iascaireachta do thógaint.

15. —Aon uair a déanfar iarratas go cuibhe chun an Bhuird ag lorg cúitimh de bhíthin an Bord do dhéanamh foirceannta, srianta nó cur isteach eile (buan nó sealadach) fán Acht so ar iascach nó ar cheart iascaireachta nó ag lorg cúitimh i ndíobháil d'iascach agus a chinnfeas an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, go mb'oiriúnú, ar chúiseanna eacnamaíochta nó eile, an t-iascach nó an ceart iascaireachta lena mbainfidh an t-iarratas san do thógaint, tógfaidh an Bord trí chomhaontú nó, cheal comhaontuithe, go héigeanta an t-iascach nó an ceart iascaireachta san agus pé talamh, ceada slí, agus cearta eile is dóigh leis an mBord do bheith ag gabháil leis an iascach nó an ceart iascaireachta san nó do bheith riachtanach chun a úsáite.

An Bord do chaomhaint, do bhainistí, etc., iascach.

16. —(1) Aon uair a thógfas an Bord iascach nó ceart iascaireachta fán gCuid seo den Acht so nó rinneadar, roimh dháta an Achta so do rith, iascach nó ceart iascaireachta do thógaint fá Acht Taisc-Iomar na Life, 1936 (Uimh. 54 de 1936) , féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, an t-iascach nó an ceart iascaireachta san do chaomhaint agus chuige sin is dleathach don Bhord an t-iascach nó an ceart iascaireachta san do bhainistí agus do stiúradh agus gach ní agus eadar-bheart do dhéanamh agus gach feidhm do chomhlíonadh is gá nó is ceart chun an chaomhaint, an bhainistí, agus an stiúradh san do dhéanamh nó bhainfeas nó gheobhas leis an gcéanna.

(2) Gan dochar do gheneráltacht na gcumhacht do bheirtear don Bhord leis an bhfó-alt san roimhe seo den alt seo, beidh ag an mBord agus beidh infheidhmithe acu, chun iascach nó ceart iascaireachta do chaomhaint, do bhainistí, agus do stiúradh de bhun an fhó-ailt sin, na cumhachta so leanas, sé sin le rá:—

(a) na cumhachta céanna i dtaobh talamh agus cearta ar thalamh nó ar uisce nó maidir leo do thógaint, na cumhachta céanna chun cur isteach ar thalamh agus ar chearta ar thalamh nó ar uisce nó maidir leo, agus na cumhachta céanna i dtaobh bóithre, slite, agus droichid phríobháideacha, agus i dtaobh uisce-bhealaí agus uisce-chúrsaí saordha do bheirtear dóibh le Cuid II den Acht so chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh, agus

(b) na cumhachta céanna chun dúnadh, claonadh, díochur, báthadh, nó cur isteach eile do dhéanamh ar bhóithre nó droichid phoiblí do bheirtear dóibh le Cuid II den Acht so chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh ach san fá réir na bhforál atá san Acht so i dtaobh dúnadh, claonadh, díochur, báthadh, nó cur isteach eile do dhéanamh ag an mBord ar bhóithre agus droichid phoiblí, agus

(c) cumhacht, le toiliú an Aire, chun iomlán an iascaigh nó an chirt iascaireachta san nó aon chuid den chéanna do leithliú trí léas nó do ligean trí cheadúnas chun pé daoine, ar feadh pé tréimhse, ar pé cíos, agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh an Bord, le toiliú an Aire, do bheith ceart.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 17 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 ( Uimh. 4 de 1935 ), maidir le hairgead a gheobhaidh nó chaithfidh an Bord i bhfeidhmiú a gcumhacht fán alt so fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le hairgead a gheobhaidh nó chaithfidh an Bord i gcomhlíonadh na ndualgas a luaitear san alt san 17.

Usáid ioncaim an Bhuird as iascaigh.

17. —(1) An t-ioncam a gheobhaidh an Bord as na dualgais do chomhlíonadh a cuirtear ar an mBord leis an Acht so maidir le hiascaigh agus cearta iascaireachta thógfaidh an Bord fán gCuid seo den Acht so nó fá Acht Taisc-Iomar na Life, 1936 (Uimh. 54 de 1936) , déanfar, tar éis na costais uile do ghlanadh fána raghaidh an Bord ag comhlíonadh na ndualgas san agus is inmhuirir le ceart ar ioncam, é d'úsáid chun na gcríoch so leanas san ord so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun an t-ús go léir d'íoc is iníoctha sa bhliain reatha leis an Aire Airgeadais nó bheas dlite dhó in aghaidh aon bhliana roimhe sin ar réamhíocanna arna ndéanamh fán Acht so ag an Aire sin leis an mBord i leith na hiascaigh agus na cearta iascaireachta san do thógaint;

(b) chun pé suimeanna, a mheasfaidh an Bord, le haontú an Aire, is ceart do chur i leataoibh i gcóir cúl-chiste, leathnuithe, agus críocha eile dá samhail a bhainfeas le comhlíonadh na ndualgas san;

(c) chun an t-airgead go léir d'íoc is iníoctha sa bhliain reatha leis an Aire Airgeadais nó bheas dlite dhó in aghaidh aon bhliana roimhe sin ar cuntas aisíoctha na réamhíocanna san;

(d) chun leithreasú do dhéanamh chun aon chríche eile mheasfaidh an Bord is ceart.

Cúiteamh d'fhostaithe áirithe iascaigh agus do dhaoine eile.

18. —(1) Gach duine chuirfeas ina luighe ar an mBord nó ar an eadránaí—

(a) go raibh sé ag gabháil de thrádáil nó ar shlí eile ar brabús d'iascaireacht in uiscí aon abhann nó go raibh sé ar fostú ar luach saothair ag duine ar bith chun na hiascaireachta san nó go raibh sé ag gabháil d'iascaireacht amhlaidh agus ar fostú amhlaidh, agus

(b) gur bhain cailliúint bhrabúis nó cailliúint tuillimh dó de dhroim an Bord do dhéanamh aon chur-isteach fán Acht so ar uiscí na habhann san nó ar aon iascach inti nó ar aon cheart iascaireachta uirthi,

beidh teideal aige (fá réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so) chun an Bord d'íoc cúitimh leis sa chailliúint sin bhrabúis nó tuillimh nó bhrabúis agus tuillimh, do réir mar bheas, do bhain dó.

(2) Is mar leanas a háireofar an cúiteamh is iníoctha le haon duine fán alt so, sé sin le rá, in aghaidh gach lán-tsaosúir oscailte iascaireachta a raibh an duine sin ar a fheadh ag gabháil d'iascaireacht nó ar fostú nó ag gabháil d'iascaireacht agus ar fostú mar a luaitear sa bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, gheobhaidh an duine sin suim is ionann agus ceithre oiread an mheán-tuillimh nó na meán-pháighe nó an mheán-tuillimh agus na meán-pháighe do gheibheadh an duine sin sa tseachtain as bheith ag gabháil d'iascaireacht nó bheith ar fostú amhlaidh ar feadh an lán-tsaosúir oscailte iascaireachta díreach sara ndearna an Bord an cur isteach a luaitear sa bhfó-alt san, ach san fá réir na teorann ná beidh an cúiteamh san níos mó in aon chás ná dhá oiread chaogad an mheán-tuillimh nó na meán-pháighe nó an mheán-tuillimh agus na meán-pháighe sin sa tseachtain, pé acu é.

(3) Ní bheidh duine i dteideal cúitimh ar bith fán alt so má cuirtear ina luighe ar an eadránaí go mbeidh an duine sin, toisc an Bord dá gheallúint an duine sin do choimeád ar fostú nó ar aon chúis eile, gan aon chailliúint ná laghdú tuillimh nó fostaíochta do bhaint dó de dhroim an churtha isteach ag an mBord.

(4) Déanfar an ceart chun cúitimh agus méid an chúitimh (más ann) fán alt so do chinneadh fá réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, fé is dá mba é bheadh sa chúiteamh san an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

Comhaltaí ex-officio de bhuird choimeádaithe do cheapadh.

19. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, arna leasú le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), maidir le haon iascach a thógfaidh an Bord fán gCuid seo den Acht so, agus in ionad an ailt sin 6 arna leasú amhlaidh achtaítear leis seo—

(a) má bhíonn agus faid a bheas an Bord ina únaer, ina léasaí, nó ina shealbhaire ar aon iascach den tsórt san do bhí, an 1ú lá d'Eanar, 1931, ina iascach ar leithligh nó ina iascach aon-chirt do réir bhrí an ailt sin 6, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas, sé sin le rá, más rud é, ar an dáta ar a ngearrfaidh an bord coimeádaithe don cheanntar iascaigh ina mbeidh an t-iascach san an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt luacháil an iascaigh sin fá na hAchta Luachála, beidh an Bord i dteideal duine amháin d'ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex-officio, maidir leis an iascach san, de bhord choimeádaithe an cheanntair ina mbeidh an t-iascach san, agus

(b) má bhíonn agus faid a bheas an Bord ina únaer, ina léasaí, nó ina shealbhaire ar dhá iascach nó níos mó den tsórt san sa cheanntar iascaigh céanna a raibh gach ceann fá leith dhíobh, an 1ú lá d'Eanar, 1931, ina iascach ar leithligh nó ina iascach aonchirt do réir bhrí an ailt sin 6, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá, más rud é, ar an dáta ar a ngearrfaidh an bord coimeádaithe don cheanntar iascaigh sin an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt san iomlán luachála na n-iascach san fá na hAchta Luachála, beidh an Bord i dteideal duine amháin d'ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta isacaigh eile ina chomhalta ex-officio, maidir leis na hiascaigh sin, de bhord choimeádaithe an cheanntair ina mbeidh na hiascaigh sin.

(2) Má bhíonn an Bord i dteideal, fán bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, dhá chomhalta ex-officio nó níos mó de bhord choimeádaithe d'ainmniú, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an Bord i dteideal pé méid comhaltaí ex-officio (pé acu comhalta amháin nó níos mó ná san é) den bhord choimeádaithe sin d'ainmniú a mheasfas an Bord is ceart, ach gan é bheith níos mó ná an méid iomlán comhaltaí den tsórt san a bheas an Bord i dteideal d'ainmniú fán bhfó-alt san;

(b) gach comhalta ex-officio den bhord choimeádaithe sin ainmneoidh an Bord amhlaidh, ainmneofar é chun aon iascach nó grúpa iascach sonnraithe amháin nó níos mó d'ionadú a mbeidh an Bord i dteideal, fán bhfó-alt san, comhaltaí ex-officio den bhord choimeádaithe sin d'ainmniú ina leith, ach san i slí go ndéanfaidh na comhaltaí ex-officio sin a hainmneofar amhlaidh na hiascaigh nó na grúpaí iascach uile a mbeidh an Bord i dteideal mar adúradh comhaltaí ex-officio den bhord choimeádaithe sin d'ainmniú ina leith d'ionadú eatorthu;

(c) gach comhalta ex-officio den bhord choimeádaithe sin ainmneoidh an Bord amhlaidh, beidh aige agus beidh infheidhmithe aige ag cruinnithe den bhord choimeádaithe sin uimhir de vótanna is ionann agus an uimhir (pé acu ceann amháin nó níos mó é) d'iascaigh nó de ghrúpaí iascach a mbeidh sé ainmnithe fán mír dheiridh sin roimhe seo den fhó-alt so chun iad d'ionadú.

(3) Duine a hainmneofar fán alt so chun bheith ina chomhalta ex-officio de bhord choimeádaithe, beidh aige agus beidh infheidhmithe aige mar chomhalta den tsórt san, fá réir an fhó-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar dó, na cearta agus na príbhléidí uile do bheirtear le halt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, do dhuine is comhalta ex-officio de bhord choimeádaithe fán alt san.

Cumhachta oifigeach agus seirbhíseach áirithe don Bhord.

20. —Gach oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bheas údaraithe i scríbhinn ag an Aire Talmhaíochta chun na cumhachta do bheirtear le halt 24 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), d'fheidhmiú, beidh aige agus beidh infheidhmithe aige gach cumhacht nó aon chumhacht dá dtugtar leis an alt san 24 d'oifigeach nó seirbhíseach do bhord choimeádaithe bheas údaraithe i scríbhinn ag an mbord san chun na cumhachta do bheirtear leis an alt san d'fheidhmiú agus chuige sin léireofar an t-alt san 24 agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh oifigigh agus seirbhísigh don Bhord a bheas údaraithe mar adúradh luaite go follas ann.

Saor-bhearnaí i gcoraí do dhúnadh.

21. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta tráth ar bith le hordú, má mheasann sé gur ceart é, a údarú don Bhord, chun eolas staidrimh d'fháil agus chun taighdeadh eolaíochta do dhéanamh nó chun ceachtar críoch acu san, an tsaor-bhearna, in aon chora shonnraithe is leis an mBord in aon abhainn ina mbeidh iascach nó ceart iascaireachta tógtha ag an mBord fán gCuid seo den Acht so, do dhúnadh pé trátha agus ar feadh pé tréimhsí agus fá réir pé coinníollacha agus i pé slí shonnróidh sé san ordú san.

(2) Aon uair a dhéanfas an tAire Talmhaíochta, le hordú fán alt so, a údarú don Bhord an tsaor-bhearna i gcora do dhúnadh beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) d'ainneoin éinní atá sna hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, is dleathach don Bhord an tsaor-bhearna san do dhúnadh fá réim agus do réir an orduithe sin;

(b) ní bheidh feidhm ag alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, maidir le haon chosc a chuirfidh an Bord sa tsaor-bhearna san fá réim agus do réir an orduithe sin.

Saosúir choiscthe sheachtainiúla d'athrú.

22. —Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, athrú do dhéanamh, fé mar is dóigh leis is ceart, ar an saosúr coiscthe seachtainiúil a ceaptar le halt 20 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, maidir le haon abhainn a mbeidh an Bord tar éis iascach nó ceart iascaireachta do thógaint inti fán gCuid seo den Acht so, ach ní dhéanfaidh an tAire sin le haon ordú den tsórt san aon tsaosúr coiscthe seachtainiúil den tsórt san d'fhaidiú go dtí níos mó ná dhá uair sheachtód a chloig ná aon tsaosúr coiscthe seachtainiúil den tsórt san do ghiorrú go dtí níos lú ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig.

Srian leis an uimhir de cheadúnais iascaireachta áirithe.

23. —(1) Aon uair a thógfas an Bord iascach nó ceart iascaireachta fán gCuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire Talmhaíochta le hordú, má mheasann sé gur ceart é, na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a ordú cad é an méid uasta ceadúnas iascaireachta le sruth-líonta in uiscí taoide (do réir bhrí na nAcht Iascaigh, 1842 go 1944) na habhann ina mbeidh an t-iascach nó an ceart iascaireachta san a féadfar a thabhairt amach in aon bhliain ina dtosnóidh an saosúr oscailte don iascaireacht san tar éis dáta an orduithe sin;

(b) a ordú cad é an méid uasta ceadúnas iascaireachta le líonta tarrainge nó le saighne sna huiscí taoide sin a féadfar a thabhairt amach in aon bhliain ina dtosnóidh an saosúr oscailte don iascaireacht san tar éis dáta an orduithe sin;

(c) rialacháin do dhéanamh maidir le ceadúnais den tsórt a luaitear i gceachtar de na míreanna san roimhe seo den fhó-alt so do thabhairt amach d'fhonn ceart tosaíochta d'áirithiú do dhaoine ag á raibh ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarrainge nó saighne den tsórt san (pé acu é) an bhliain roimh dháta an orduithe sin chun ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarrainge nó saighne den tsórt san (pé acu é) do cheannach roimh thosach aon tsaosúir oscailte iascaireachta fá na ceadúnais sin a mbeidh an méid ceadúnas den tsórt san ina aghaidh teoranta leis an ordú san.

(2) Aon uair a dhéanfas an tAire Talmhaíochta ordú fán alt so á ordú cad é an méid uasta ceadúnas d'aon tsórt áirithe a féadfar a thabhairt amach maidir le huiscí taoide aon abhann áirithe in aon tsaosúr oscailte áirithe, ní mó an méid ceadúnas den tsórt san do bhéarfar amach maidir leis na huiscí taoide sin in aon tsaosúr oscailte den tsórt san ná an méid uasta a hordófar amhlaidh.

(3) Ní léireofar éinní dá bhfuil san alt so mar ní dhéanann difir in aon tslí do chumhachta an Aire Thalmhaíochta chun orduithe nó fó-dhlithe do dhéanamh fá na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944.

(4) Má ciontaítear duine i gcionta fá na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, nó fán Acht so, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas d'fháil fán alt so.

An Bord do dhéanamh coraí iascaireachta.

24. —(1) Aon uair a dhéanfas an Bord gach iascach (más ann) agus gach ceart iascaireachta (más ann) in abhainn do thógaint fán gCuid seo den Acht so féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Thalmhaíochta agus d'ainneoin éinní atá sna hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, cora iascaireachta do dhéanamh san abhainn sin chun críocha gach ceann nó aon cheann de na hiascaigh (más ann) agus de na cearta iascaireachta (más ann) a tógfar amhlaidh agus féadfaid an chora iascaireachta déanfar amhlaidh do chothabháil as san amach.

(2) Aon uair a thógfas an Bord cora iascaireachta fá réim agus de bhuaidh an Achta so féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Thalmhaíochta agus d'ainneoin éinní atá sna hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, ceachtar ní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) an chora iascaireachta san do chothabháil agus, chun críocha na cothabhála san, an chora iascaireachta san d'athdhéanamh nó do dheisiú, nó

(b) cora iascaireachta nua do dhéanamh ar láithreán na corann iascaireachta san nó ar láithreán eile in ionad na corann iascaireachta tógfar amhlaidh agus an chora iascaireachta nua san do chothabháil as san amach.

Toirmeasc ar sciob-líonta.

25. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, más oiriúnach leis é ar an mBord dá iarraidh sin, toirmeasc do chur, le hordú, ar cheadúnais do thabhairt amach fá na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, chun iascaireachta le sciob-líon in uiscí taoide (do réir bhrí na nAcht san) aon abhann a mbeidh an Bord tar éis iascach nó ceart iascaireachta do thógaint inti fán gCuid seo den Acht so.

(2) Aon uair a bheas ordú déanta ag an Aire Talmhaíochta fán bhfó-alt san roimhe seo den alt so ní déanfar aon cheadúnas do thabhairt amach fá na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, contrártha don ordú san.