An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1945) Ar Aghaidh (CUID II. Sceimeanna Udro-Leictreacha.)

12 1945

AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1945

CUID I.

Reamhraiteach arus Generalta.

Gearr-theideal, comhluadh, agus léiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1945, do ghairm de na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, agus den Acht so le chéile.

(3) Léireofar an tAcht so agus na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, mar éinní amháin.

Mínithe.

2. —San Acht so—

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

ciallaíonn an abairt “oibreacha udro-leictreacha” oibreacha chun leictreachas do ghiniúin le cumhacht udrálach;

tá leis na habairtí “stáisiún giniúna”, “córas tiomarnaíochta” agus “córas iomdhála” na bríonna céanna fá seach do bheirtear do na habairtí “stáisiún giniúna”, “cóir iompair” agus “cóir roinneacháin”, fá seach, le halt 1 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ( Uimh. 27 de 1927 ), chun críocha an Achta san.

Costais.

3. —Na costais fána raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh déanfar (a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais) iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.