5 1945


Uimhir 5 de 1945.


AN tACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS LEASACHÁN, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR AN ACHTA SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS LEASACHÁN, 1942 , I mBAINT LEIS AN TRÉIMHSE DAR TOSACH AN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1944, AGUS DAR CRÍOCH AN 31ú LÁ D'IÚL, 1947, AGUS DO THABHAIRT BHAILÍOCHTA D'ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNEADH, DO CHEADUITHE ÁIRITHE DO TUGADH, AGUS DO NITHE ÁIRITHE DO RINNEADH ROIMH DHÁTA AN ACHTA SO DO RITH. [13ú Márta, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so, ciallaionn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1942 (Uimh. 11 de 1942) .

An Príomh-Acht do chur i mbaint leis an tréimhse dar tosach an lú Lúnasa, 1944, agus dar críoch an 31ú Iúl, 1947.

2. —Bainfidh an Príomh-Acht leis an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Lúnasa, 1944, agus dar críoch an 31ú lá d'Iúl, 1947, fé mar do bhain sé leis an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Lúnasa, 1941, agus dar críoch an 31ú lá d'Iúl, 1942, agus léireofar an abairt “an tréimhse lena mbaineann an tAcht so” agus beidh éifeacht aici dá réir sin ar fuaid an Phríomh-Achta.

Bailíocht do thabhairt d'orduithe áirithe.

3. —Gach ordú do rinne, gach ceadú do thug, agus gach ní do rinne an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí roimh dháta an Achta so do rith maidir le soláthar agus díol earraí fán bPríomh-Acht, arna chur i mbaint tríd an Acht so, ag comhairlí contaethe nó maidir le déanamh agus oibriú scéimeanna a húdaraítear leis an bPríomh-Acht, arna chur i mbaint tríd an Acht so, ag comhairlí contaethe chun na comhairlí sin do thabhairt ráthaíochtaí, beid agus is tuigthe go rabhdar riamh dlíthiúil agus bailí chun gach críche.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1945 , do ghairm den Acht so.