|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Talamh do Thogaint.) |
AN tACHT EITINNE (SANATORIA DO BHUNÚ), 1945
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Sanatoria do Bhunu. | |
[EN] |
Dearbhú go bhfúiltear ar intinn sanatorium do chur ar bun. |
4. —(1) Más dóigh leis an Aire gur gá sanatorium nua d'áitreafóirí aon líomatáiste áirithe, féadfaidh sé a dhearbhú le hordú go bhfuil ar intinn aige an sanatorium san do chur ar bun, agus air sin féadfaidh sé an sanatorium san do chur ar bun sa líomatáiste sin nó in aice leis. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fán alt so tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1948. | |
[EN] |
Iocaíochta ó Bhord Iontaobhais na nOspidéal. |
5. —Féadfaidh an tAire ordachán do thabhairt do Bhord Iontaobhais na nOspidéal íocaíochta do dhéanamh as Ciste Iontaobhais na nOspidéal chun íoctha an chostais a bhainfeas le sanatorium do bhunú fán Acht so agus déanfaidh Bord Iontaobhais na nOspidéal do réir an ordacháin sin. |
[EN] |
Sanatorium d'aistriú chun údaráis chontae nó chun údarás contae. |
6. —(1) Nuair is dóigh leis an Aire bunú sanatorium fán Acht so do bheith críochnaithe, déanfaidh an tAire a eastát nó a leas sa talamh ar a mbeidh an sanatorium curtha ar bun agus gléasra an sanatorium d'aistriú— |
[EN] | (a) i gcás gan ach aon údarás contae amháin do bheith ann don líomatáiste ar dá áitreafóirí a bheas an sanatorium curtha ar bun, chun an údaráis sin, nó | |
[EN] | (b) i gcás dhá údarás chontae nó níos mó do bheith ann don líomatáiste sin, chun údaráis amháin acu san nó chun cuid acu nó chucu go léir le chéile (fé mar a mheasfas an tAire is oiriúnach). | |
[EN] | (2) Ar thalamh ar a mbeidh sanatorium curtha ar bun d'aistriú fán alt so agus dá éis, beidh feidhm agus éifeacht ag na Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, fé is dá mba ospidéal do cuireadh ar fáil fá na hAchta san ag an údarás contae nó na húdaráis chontae chun ar haistríodh an talamh san amhlaidh an sanatorium. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) talamh do bheith tógtha go héigeanta ag an Aire fá Chuid III den Acht so, agus | |
[EN] | (b) díreach roimh an talamh do thógaint, eastát nó leas sa talamh do bheith ag údarás contae, nó ag dhá údarás chontae nó níos mó le chéile, agus | |
[EN] | (c) an talamh d'aistriú fán alt so ar shlí ná faghaidh an t-údarás contae sin nó aon cheann nó cinn de na húdaráis chontae sin eastát sa talamh, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar aon údarás contae a gheobhaidh eastát sa talamh de bhuaidh an aistrithe pé suim nó suimeanna is réasúnach leis an Aire d'íoc leis an údarás contae nó na húdaráis chontae (fé mar bheas) ná faghaidh eastát sa talamh mar adúradh. | |
[EN] | (4) I gcás ina gceanglófar fá fhó-alt (3) den alt so go n-íocfadh údarás contae suim le húdarás contae eile, féadfaidh an t-údarás deiridh sin an tsuim do bhaint den údarás sin a céadluaitear mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Údarás contae do dhéanamh íocaíochta leis an Aire chun a haisíoctha le Bord Iontaobhais na nOspidéal. |
7. —(1) Má dhéanann an tAire, trí aistriú fá alt 6 den Acht so, a eastát nó a leas sa talamh ar a mbeidh sanatorium curtha ar bun d'aistriú chun aon údarás chontae amháin, féadfaidh sé, le hordú, a cheangal ar an údarás contae pé cuid (nach mó ná trian) is réasúnach leis an Aire d'aon tsuim d'íoc Bord Iontaobhais na nOspidéal de bhun ordacháin fá alt 5 den Acht so i dtaobh, an sanatorium d'íoc leis chun a haisíoctha le Bord Iontaobhais na nOspidéal i gcóir Ciste Iontaobhais na nOspidéal. |
[EN] | (2) Má dhéanann an tAire, trí aistriú fá alt 6 den Acht so, a eastát nó a leas sa talamh ar a mbeidh sanatorium curtha ar bun d'aistriú chun dhá údarás chontae nó níos mó, féadfaidh sé, le hordú, a cheangal ar na húdaráis chontae pé cuid (nach mó ná trian) is réasúnach leis an Aire d'aon tsuim d'íoc Bord Iontaobhais na nOspidéal de bhun ordacháin fá alt 5 den Acht so i dtaobh an sanatorium d'íoc leis i gcionúireachta sonnraithe chun a haisíoctha le Bord Iontaobhais na nOspidéal i gcóir Ciste Iontaobhais na nOspidéal. | |
[EN] | (3) Má ceangaltar ar údarás contae fán alt so suim d'íoc leis an Aire, féadfaidh an tAire an tsuim do bhaint den údarás san mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (4) Suim a gheobhaidh an tAire de dhruim ceanglais fán alt so, aisíocfaidh sé í le Bord Iontaobhais na nOspidéal i gcóir Ciste Iontaobhais na nOspidéal. |