An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. Ceanntracha Siltin Laithreacha.)

3 1945

AN tACHT SILTIN AIRTÉIRIGH, 1945

CUID II.

Sceimeanna Siltin.

Scéimeanna siltin d'ullmhú.

4. —(1) Aon uair is dóigh leis na Coimisinéirí é bheith fóirstineach oibreacha siltin airtéirigh do dhéanamh maidir le haon líomatáiste gabhála chun an tuiliú tréimhsiúil ar thailte sa líomatáiste sin do chosc nó do laghdú go substainteach nó chun tailte sa líomatáiste sin d'fheabhsú trína siltean, is dleathach do na Coimisinéirí scéim (dá ngairmtear scéim siltin san Acht so) d'ullmhú chun na hoibreacha san do dhéanamh agus chuige sin pé suirbhéireachta innealtóireachta agus luachála a chífear dóibh is gá nó is fóirstineach do dhéanamh ar an líomatáiste sin.

(2) Gach scéim siltin a ullmhóidh na Coimisinéirí de bhun an ailt seo taspánfaidh, i gcorp na scéime nó trí léarscála, tarraingeoireachta, pleananna, teascáin, agus sceidil iomchuibhe a bheas ag gabháil léi, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na huiscí agus na huisce-chúrsaí a molfar deighleáil leo,

(b) na tailte a silfear nó a feabhsófar ar shlí eile tríd an scéim do chur i ngníomh,

(c) na hoibreacha siltin a molfar a dhéanamh de bhun na scéime,

(d) i gcás na tailte tairbhithe go léir do bheith san aon chontae amháin, luach bliantúil iomlán na dtailte sin (tráth ullmhuithe na scéime) agus an méadú iomlán ar a luach bliantúil is dócha a thiocfas den scéim do chur i bhfeidhm nó, i gcás na tailte tairbhithe do bheith i dhá gcontae nó níos mó, luacha bliantúla iomlána uile agus fá seach (an tráth san) na gcoda de na tailte sin atá suite i ngach contae fá leith acu san agus na méaduithe iomlána uile agus fá seach ar luacha bliantúla na gcoda san fá seach is dócha a thiocfas den scéim do chur i bhfeidhm,

(e) na tailte a molfar iad do thógaint nó cur isteach substainteach do dhéanamh orthu go héigeanta, na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loing seoireachta, agus na cearta eile a molfar iad do thógaint nó do shrianadh nó d'fhoirceannadh nó cur isteach orthu ar shlí eile go héigeanta agus na bóithre agus na droichid (poiblí nó príobháideach) a molfar iad do chlaonadh nó do dhíochur nó cur isteach orthu ar shlí eile,

(f) na daoine is dílseánaigh, únaerí, agus lonnaitheoirí (rátaithe nó eile) toimhdean ar na tailte uile agus fá seach a molfar iad do thógaint nó cur isteach substainteach do dhéanamh orthu go héigeanta agus ar na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile, agus na bóithre agus na droichid phríobháideacha, uile agus fá seach, a molfar iad do thógaint nó do shrianadh nó d'fhoirceannadh nó cur isteach orthu ar shlí eile go héigeanta,

(g) an líomatáiste a molfar é cheapadh ina cheanntar siltin leithleach ar an scéim do bheith curtha i ngníomh.

(3) Is dleathach do na Coimisinéirí agus dá n-oifigigh, dá ngníomhairí, agus dá seirbhísigh dul isteach ar thailte ar bith agus gach ní do dhéanamh ansan a chífear dóibh is gá nó is fóirstineach chun scéim siltin d'ullmhú agus aon tsuirbhéireachta den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt so do dhéanamh maidir leis sin.

(4) Gach luadh nó tagairt atá san Acht so i dtaobh scéime siltin léireofar é mar luadh nó tagairt a fholaíos gach léarscáil, tarraingeoireacht, plean, teascán, agus sceideal a bheas ag gabháil leis an scéim siltin sin.

Cóipeanna de scéimeanna do chur chun comhairlí.

5. —(1) Nuair a bheas scéim siltin ullamh ag na Coimisinéirí déanfaid—

(a) cóip den scéim sin do chur chun comhairle gach contae ina bhfuil an líomatáiste nó aon chuid den líomatáiste a molfar sa scéim sin é cheapadh ina cheanntar siltin leithleach, agus

(b) fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i pé páipéar nó páipéir nuachta a léitear sa líomatáiste sin a mheasfaid is cuibhe á rá go bhfuil an scéim sin ullamh agus ag luadh na dtogh-roinn a mbainfidh an scéim leo nó le páirt díobh agus fós ag luadh na háite nó na n-áiteanna agus na tréimhse, nach giorra ná mí, ina mbeidh cóip den scéim sin ar fáil chun a hiniúchta de bhun an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Gach comhairle chontae chun a gcuirfidh na Coimisinéirí cóip de scéim siltin de bhun an ailt seo—

(a) cuirfid an chóip sin dá taspáint ina bpríomh-oifigí nó in áit chaothúil eile ar feadh na tréimhse a luafar chuige sin sa bhfógra i dtaobh na scéime sin a foillseofar de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus ceadóid an chóip sin d'iniúchadh le linn uaireanna oifige ag éinne adeir leas do bheith aige inti, agus

(b) scrúdóid agus breithneoid an scéim siltin ar cóip di an chóip sin, agus

(c) féadfaid, aon tráth laistigh de thrí mhí tar éis an dáta ar a ndéanfar an fógra i dtaobh na scéime sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, na tuairimí sin uile do chur chun na gCoimisinéirí a mheasfaidh an chomhairle sin is cuibhe i dtaobh na scéime sin.

(3) Is feadhma forcoimeáta an dualgas a cuirtear ar chomhairle chontae le mír (b) d'fho-alt (2) den alt so agus an chumhacht do bheirtear do chomhairle chontae le mír (c) den fho-alt san (2).

Fógraí do dhílseánaigh, lonnaitheoirí, etc., toimhdean.

6. —(1) Le linn dóibh cóip de scéim siltin do chur chun comhairlí contaethe de bhun an ailt deiridh sin roimhe seo, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, déanfaidh na Coimisinéirí—

(a) fógra do sheirbheáil, ar gach duine a bheas ainmnithe sa scéim siltin sin mar dhílseánach nó únaer nó lonnaitheoir (rátaithe nó eile) toimhdean ar aon talamh a molfar é thógaint nó cur isteach substainteach do dhéanamh air go héigeanta nó ar aon éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta nó ceart eile nó ar aon bhóthar nó droichead príobháideach a molfar é do thógaint nó do shrianadh nó d'fhoirceannadh nó cur isteach air ar shlí eile go héigeanta, á rá go bhfuiltear tar éis an scéim sin d'ullmhú, á luadh cad é an áit nó cad iad na háiteanna agus cad é an tréimhse ina mbeidh cóip den scéim sin ar fáil chun a hiniúchta de bhun an Achta so agus á chur in iúl dó go moltar sa scéim sin talamh nó ceart nó maoin eile éigin a dtoimhtear é bheith ina únaer nó ina lonnaitheoir air do thógaint nó cur isteach air go héigeanta (agus tuairisceofar go hiomlán sa bhfógra an talamh nó an ceart nó an mhaoin sin agus an cur isteach (más ann) a moltar a dhéanamh), agus

(b) fógra do sheirbheáil, ar gach duine arb é an t-údarás áitiúil é (nach comhairle chun ar cuireadh cóip den scéim sin de bhun an ailt deiridh sin roimhe seo) ar a mbeidh cúram cothabhála aon bhóthair nó droichid phoiblí a molfar sa scéim sin é do chlaonadh nó do dhíochur nó cur isteach air ar shlí eile, á chur in iúl don údarás áitiúil sin an scéim sin do bheith ullamh agus ag tabhairt eolais ar an gclaonadh nó an díochur nó an cur isteach a moltar sa scéim sin a dhéanamh ar an mbóthar nó an droichead san.

(2) Gach fógra a seirbheálfar ar aon duine de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so beidh ann ráiteas á chur in iúl don duine sin go bhféadfaidh, laistigh de mhí tar éis an fógra san do sheirbheáil air, na tuairimí uile (más ann) a mheasfaidh is ceart do chur chun na gCoimisinéirí maidir leis an tógaint, an srianadh, an foirceannadh, nó an cur isteach nó leis an gclaonadh, an díochur, nó an cur isteach (pé acu é) a luafar sa bhfógra san.

(3) Gach duine ar a seirbheálfar fógra de bhun an ailt seo, féadfaidh, aon tráth laistigh de mhí tar éis an fógra san do sheirbheáil air, na tuairimí uile (más ann) a mheasfaidh is ceart do chur chun na gCoimisinéirí maidir leis an tógaint, an srianadh, an foirceannadh, nó an cur isteach nó leis an gclaonadh, an díochur, nó an cur isteach (pé acu é) a luafar sa bhfógra san.

(4) Aon fhógra is gá do réir an ailt seo do sheirbheáil ar dhuine ar bith, féadfar é sheirbheáil leis an bpost agus, mura fios cad é seoladh an duine sin, féadfar an litir ina mbeidh an fógra san do dhíriú chuige ag na tailte, nó ag suíomh an chirt nó na maoine, lena mbainfidh an fógra.

An tAire do dhaingniú scéime siltin.

7. —(1) Ar bheith caite do na tréimshí go léir a ceaptar leis na forála san roimhe seo den Acht so chun comhairlí contaethe do chur tuairimí chun na gCoimisinéirí maidir le scéim siltin agus chun daoine a mbeifear tar éis fógra do sheirbheáil orthu de bhun an ailt deiridh sin roimhe seo do chur tuairimí chun na gCoimisinéirí, déanfaidh na Coimisinéirí na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) breithneoid gach tuairim den tsórt san do cuireadh chucu laistigh den tréimhse is iomchuibhe chuige, agus

(b) tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, leis an Aire Talmhaíochta, leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí agus le pé Aire Stáit eile (más ann) a mheasfaid is ceart, déanfaid pé athruithe, más ann, a mheasfaid is ceart sa scéim siltin (pé acu trí bhreisiú, fágaint ar lár, nó athleagan é), agus

(c) déanfaid an scéim siltin arna hathrú amhlaidh (má hathraítear) do chur fá bhráid an Aire.

(2) Nuair a cuirfear scéim siltin fá bhráid an Aire de bhun an ailt seo, déanfaidh an tAire pé ní de na nithe seo leanas a chífear dó is ceart, sé sin le rá, deanfaidh ordú ag daingniú na scéime sin, nó diúltóidh don scéim sin do dhaingniú, nó cuirfidh an scéim sin thar n-ais chun na gCoimisinéirí chun í d'athbhreithniú ó thaobh pointí a sonnrófar agus í d'athchur fá bhráid an Aire ina dhiaidh sin fán alt so.

Oibreacha siltin láithreacha do chur isteach le scéim siltin.

8. —(1) Féadfaidh scéim siltin socrú do dhéanamh chun iomlán aon oibreacha siltin láithreacha nó cuid shonnraithe dhíobh do chur isteach leis na hoibreacha a molfar leis an scéim sin a dhéanamh agus féadfaidh socrú do dhéanamh chun an céanna do chur isteach amhlaidh maille leis na hoibreacha láithreacha san d'athdéanamh nó do dheisiú nó dá éagmais sin.

(2) I gcás scéim siltin arna daingniú ag an Aire do dhéanamh socruithe chun iomlán aon oibreacha siltin láithreacha nó cuid shonnraithe dhíobh do chur isteach leis na hoibreacha a molfar leis an scéim sin a dhéanamh, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) a luaithe a raghaidh na Coimisinéirí isteach ar na hoibreacha siltin láithreacha san chun an scéim siltin sin do chur i ngníomh, déanfaidh na Coimisinéirí ordú á dhearbhú cad é an dáta ar a ndeachadar isteach amhlaidh den chéad uair ar na hoibreacha siltin láithreacha san agus air sin tiocfaidh an t-ordú san chun bheith, agus beidh, ina fhianaise dho-chlaoite chun gach críoch i dtaobh an dáta ar a ndeachaidh na Coimisinéirí isteach amhlaidh den chéad uair ar na hoibreacha siltin láithreacha san;

(b) amhail ar an dáta agus ón dáta ar a raghaidh na Coimisinéirí isteach den chéad uair ar na hoibreacha siltin láithreacha san chun an scéim siltin sin do chur i ngníomh, scoirfidh an ceanntar siltin ina mbeidh na hoibreacha siltin láithreacha san de bheith ann;

(c) ní oibreoidh éinní atá san alt so chun comhairle chontae do shaoradh ó fhreagarthacht (más ann) maidir le haon íocaíochta do dhéanamh leis na Coimisinéirí chun aisíoctha aon réamhíoca a bheas déanta fá aon Acht ag na Coimisinéirí i leith na n-oibreacha siltin láithreacha san.

Scéim siltin do chur i ngníomh.

9. —Nuair a bheas ordú déanta ag an Aire ag daingniú scéime siltin, cromfaidh na Coimisinéirí ar an scéim do chur i ngníomh agus chuige sin oibreoidh an t-ordú san chun cumhacht do thabhairt do na Coimisinéirí—

(a) chun na hoibreacha siltin a sonnrófar sa scéim do dhéanamh agus do chríochnú fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe, agus claonta do gheobhfar a bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre, agus

(b) chun dul isteach ar aon talamh agus gach gníomh agus ní do dhéanamh ann is gá chun nó i dtaobh na hoibreacha siltin sin do dhéanamh nó do chríochnú fá réir na mbreisithe, na neamhdhéanta, na n-athruithe, agus na gclaonta adúradh, agus

(c) chun na tailte, na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile, uile agus fá seach, do thógaint go héigeanta a molfar sa scéim iad do thógaint amhlaidh, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, dul isteach ar aon tailte acu san nó aon chuid de na héasaidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile sin d'fheidhmiú sara ndéantar na tailte, na héasáidí, na hiascaigh, nó na cearta sin do leithliú nó a bpraghas do chinneadh, agus

(d) chun cur isteach go substainteach ar aon talamh a molfar sa scéim cur isteach air amhlaidh agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, dul isteach ar an talamh san agus cur isteach air amhlaidh sara gcinntear aon chúiteamh ina thaobh, agus

(e) chun srianadh, foirceannadh, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar aon éasáidí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoireachta, nó cearta eile a molfar sa scéim iad do shrianadh nó d'fhoirceannadh nó cur isteach orthu go héigeanta, agus claonadh, díochur, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar aon bhóithre nó droichid a molfar sa scéim iad do chlaonadh nó do dhíochur nó cur isteach orthu, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, éinní de na nithe adúradh do dhéanamh sara gcinntear aon chúiteamh ina thaobh, agus

(f) chun éinní nó gach ní de na nithe seo leanas do dhéanamh d'fhonn an scéim do chur i ngníomh go cuibhe, sé sin le rá:—

(i) na scratha agus an t-abhar eile go léir do bhaint d'aon talamh áirithe is gá do bhaint de chuige sin,

(ii) an tochlas nó an t-abhar eile go léir a thiocfas den scéim do chur i ngníomh amhlaidh do shuíomh ar aon talamh áirithe,

(iii) an tochlas, an gairbhéal, na clocha, na carraigreacha, nó an t-abhar eile go léir nó aon chuid den chéanna a haistreofar le linn an scéim do chur i ngníomh amhlaidh d'úsáid chuige sin, agus

(g) chun gach gníomh agus ní eile do dhéanamh is dóigh leis na Coimisinéirí do bheith riachtanach nó ceart chun nó i dtaobh an scéim do chur i ngníomh go cuibhe agus ná déantar aon tsocrú fá leith ina dtaobh leis an Acht so.

Iascaigh do chaomhaint.

10. —(1) Nuair a bheas oibreacha siltin á ndéanamh ag na Coimisinéirí do bhun scéime siltin, ní bheidh d'oblagáid orthu déanamh do réir na nAcht Iascaigh, 1842 go 1944.

(2) D'ainneoin an tsaortha do bheirtear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, déanfaidh na Coimisinéirí, nuair a bheas oibreacha siltin á ndéanamh acu de bhun scéime siltin, pé forchúram do ghlacadh agus pé socruithe do cheapadh a mheasfaidh an tAire Talmhaíochta is leor chun iascaigh do chaomhaint agus do sheachaint ar dhíobháil le linn nó de dhruim na hoibreacha siltin sin do dhéanamh, ach déanfaidh an tAire sin deimhin de ná bainfidh dochar substainteach do na hoibreacha siltin sin ná ná cuirfear bac substainteach lena ndéanamh de dhruim an forchúram san do ghlacadh agus na socruithe sin do cheapadh.

Dualgais na gCoimisinéirí maidir le bóithre agus droichid phoiblí.

11. —(1) I gcás socrú do bheith i scéim siltin chun claonadh, díochur, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar bhóthar nó droichead poiblí, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) más gá, chun an scéim do chur i ngníomh, an bóthar nó an droichead san do dhúnadh i gcoinne tráchta, ansan, do réir mar a mheasfaid is ceart, déanfaidh na Coimisinéirí agus (faid a bheas an bóthar nó an droichead san dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta) cothabhálfaid bóthar nó droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta d'iompar a bhíos ar an mbóthar nó ar an droichead san de ghnáth, nó d'eile, sonnróid, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, cúrsa eile chun a úsáite faid a bheas an bóthar nó an droichead san dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta;

(b) déanfaidh na Coimisinéirí, roimh an scéim do bheith lánchurtha i ngníomh, pé ní de na nithe seo leanas a mheasfaid is ceart, sé sin le rá:—

(i) déanfaid an bóthar nó an droichead san d'athchóiriú, nó

(ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid buan-bhóthar nó buan-droichead nua is leor chun an cothrom céanna tráchta (maidir le méid agus saghas) d'iompar d'fhéad an sean-bhóthar nó an sean-droichead san d'iompar agus gan é mórán níos neamhchaothúla maidir le fána agus cuar ná an sean-bhóthar nó an sean-droichead san, nó

(iii) le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsú (trína athdhéanamh, a neartú, a leathnú, nó eile) i slí gur leor é chun an trácht is dócha a bheas air d'iompar agus ná beidh sé mórán níos neamhchaothúla ná an seanbhóthar nó an sean-droichead san;

(c) má dhéanann na Coimisinéirí buan-bhóthar nó buandroichead nua nó má fheabhsaíd bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí a thugann an bóthar nó an droichead san do phoiblíocht aon chontae nó bhailecheanntair ná mar do thug an sean-bhóthar nó an seandroichead, pé acu trí shlí chumarsáide níos fearr do thabhairt dóibh nó trí éinní eile é, deimhneoidh na Coimisinéirí costas an bhóthair nó an droichid nua san nó an fheabhsuithe sin (pé acu é) agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí cad é an chuid den chostas san is dóigh leis ba chóir do réir réasúin do bheith ina muirear ar chomhairle na contae nó an bhailecheanntair sin, agus air sin déanfaidh an chomhairle sin suim is ionann agus an chuid a bheas deimhnithe amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de na costais a bhainfeas le cothabháil bóithre contae nó baile (pé acu é) ag an gcomhairle sin agus íocfaidh an chomhairle sin leis na Coimisinéirí í;

(d) má éiríonn aon amhras, diospóid, nó ceist i dtaobh cé acu chomhlíon nó nár chomhlíon na Coimisinéirí na forála iomchuibhe den alt so maidir le haon bhóthar nó droichead sealadach do dhéanamh nó do chothabháil nó le bóthar nó droichead láithreach d'athchóiriú nó le bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsú (pé acu é) de bhun an ailt seo nó i dtaobh cé acu thugann nó ná tugann buan-bhóthar nó buandroichead nua do rinne na Coimisinéirí nó bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsaigh na Coimisinéirí (pé acu é) do phoiblíocht aon chontae nó bhailecheanntair buntáistí is mó de chuid mhaith ná mar do thug an sean-bhóthar nó an sean-droichead, is é an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí a thabharfas breith ar an amhras, ar an diospóid, nó ar an gceist sin agus beidh a bhreith sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí comhaontú leis an údarás áitiúil iomchuibhe chun an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh éinní a ceangaltar ar na Coimisinéirí nó a húdaraítear dóibh leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so a dhéanamh, agus féadfaid freisin comhaontú chun airgead d'íoc leis an údarás áitiúil sin chun nó mar chabhair chun íoctha costais dhéanta an ní sin ag an údarás áitiúil sin.

(3) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun aon dualgas nó freagarthacht do chur ar na Coimisinéirí maidir le cothabháil aon bhuan-bhóthair nó buan-droichid nua a bheas déanta acu de bhun an ailt seo nó aon bhóthair nó droichid a bheas athchóirithe nó feabhsaithe acu amhlaidh.

Scéimeanna siltin do leasú.

12. —Aon uair a tharlós, le linn scéim siltin do chur i ngníomh, gur gá, dar leis na Coimisinéirí, aon tailte ná beidh luaite chuige sin sa scéim siltin do thógaint go héigeanta nó cur isteach orthu go substainteach nó aon éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile ná beidh luaite amhlaidh do thógaint, do shrianadh, d'fhoirceannadh, nó cur isteach air ar shlí eile go héigeanta nó aon bhóthar nó droichead (poiblí nó príobháideach) ná beidh luaite amhlaidh do chlaonadh, do dhíochur, nó cur isteach air ar shlí eile, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) is dleathach do na Coimisinéirí, le ceadú an Aire, an scéim siltin sin do leasú go sealadach i slí go bhfolóidh sí an tógaint, an srianadh, an foirceannadh, an claonadh, an díochur, nó an cur isteach éigeanta do gheobhfar amhlaidh do bheith riachtanach;

(b) na forála den Acht so a bhaineas le cóipeanna de scéim siltin do chur chun comhairlí contaethe, le fógraí do sheirbheáil ar dhílseánaigh, únaerí, agus sealbhairí toimhdean agus ar údaráis áitiúla, le cumhacht do thabhairt do na comhairlí, na dílseánaigh, na húnaerí, na sealbhairí, agus na húdaráis áitiúla san chun tuairimí do chur chun na gCoimisinéirí, agus le ceangal do chur ar na Coimisinéirí na tuairimí sin do bhreithniú, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir le gach leasú sealadach den tsórt san ar an scéim siltin sin fé mar bhí feidhm acu maidir leis an scéim féin, fá réir an mhodhnuithe gur lá is fiche i ngach cás an t-am ar laistigh de a féadfar tuairimí do chur chun na gCoimisinéirí;

(c) breithneoidh na Coimisinéirí gach tuairim den tsórt san a cuirfear chucu laistigh den tréimhse is iomchuibhe chuige agus déanfaid, ar na tréimhsí uile sin do bheith caite, an leasú san do dhaingniú (fé mar mheasfaid is ceart) gan athrú nó go pé athruithe a mheasfaid is ceart;

(d) nuair a bheas an leasú san daingnithe amhlaidh, beidh éifeacht ag an scéim siltin sin, agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aici, i dteannta agus fá réir an leasuithe sin, agus, dá réir sin, na tagairtí atá san Acht so do scéim siltin déanfar, maidir leis an scéim siltin sin, iad do léiriú agus beidh éifeacht acu (aon áit a gceadaíonn an comhthéacs é) mar thagairtí don scéim siltin sin arna leasú amhlaidh;

(e) faid a bheas aon leasú den tsórt san ina leasú sealadach is dleathach do na Coimisinéirí déanamh dá réir fé is dá mbeadh sé daingnithe, ach beidh ar na Coimisinéirí pé athshuíomh nó athchóiriú (más ann) do dhéanamh nó pé cúiteamh (más ann) d'íoc a bheas ceart agus cothrom de dhruim an leasú san do dhaingniú go n-athruithe;

(f) gach diospóid a eireos i dtaobh aon athshuíomh, athchóiriú, nó cúiteamh den tsórt san do bheith riachtanach nó i dtaobh cineál, méid, nó suim an chéanna déanfaidh eadránaí ainmneoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin í chinneadh agus beidh a chinneadh san ina chinneadh deiridh gan aon dul thairis.

Deimhniú lándéantachta nó páirtdéantachta.

13. —(1) Nuair is deimhin leis an Aire, ar scéala d'fháil ó na Coimisinéirí, cuid de na hoibreacha siltin a bheas sonnraithe i scéim siltin do bheith críochnaithe do réir na scéime sin (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe, agus claonta do fuarthas bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre) agus an chuid sin de na hoibreacha siltin sin do bheith ináirithe go caothúil mar obair leithleach chun críocha an mhéide den Acht so a bhaineas le nithe a leanas as scéim siltin do chríochnú, bhéarfaidh an tAire, fá féir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so, go n-eiseofar deimhniú (dá ngairmtear deimhniú páirt-déantachta san Acht so) arna shéalú lena shéala oifigiúil á dheimhniú go bhfuil an chuid sin de na hoibreacha siltin sin críochnaithe mar adúradh.

(2) Nuair is deimhin leis an Aire, ar scéala d'fháil ó na Coimisinéirí, iomlán na n-oibreacha siltin a bheas sonnraithe i scéim siltin do bheith críochnaithe do réir na scéime sin (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe agus claonta do fuarthas bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre), bhéarfaidh an tAire, fá réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so, go n-eiseofar deimhniú (dá ngairmtear deimhniú lán-déantachta san Acht so) arna shéalú lena shéala oifigiúil á dheimhniú go bhfuil iomlán na n-oibreacha siltin sin críochnaithe mar adúradh.

(3) San Acht so folaíonn an abairt “deimhniú déantachta” deimhniú lán-déantachta agus deimhniú páirt-déantachta.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le deimhniú déantachta d'eisiúin fán alt so, sé sin le rá:—

(a) bhéarfaidh an tAire go bhfoillseofar san Iris Oifigiúil agus i pé páipéar nó páipéir nuachta a léitear sa líomatáiste lena mbainfidh an scéim siltin agus a mheasfaidh an tAire is ceart fógra á rá go bhfuil beartaithe ag an Aire an deimhniú san d'eisiúin agus go bhféadfaidh duine ar bith, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agóid do chur chun an Aire i gcoinne an deimhniú san d'eisiúin;

(b) le linn dó an fógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, cuirfidh an tAire cóip den fhógra san chun comhairle gach contae fá leith ina mbeidh an líomatáiste nó cuid den líomatáiste lena mbainfidh an scéim sin;

(c) féadfaidh comhairle chontae chun a gcuirfear cóip den fhógra san amhlaidh nó duine ar bith eile, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agóid i scríbhinn do chur chun an Aire á rá go bhfuil an chomhairle nó an duine sin ag cur i gcoinne an deimhniú san d'eisiúin agus ag luadh foras na hagóide sin;

(d) breithneoidh an tAire gach agóid (más ann) a cuirfear chuige fán mír dheiridh sin roimhe seo den alt so agus déanfaidh pé ní a mheasfaidh is ceart ina thaobh;

(e) ní heiseofar an deimhniú san go ceann dhá mhí ar a laghad tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

(5) Is feidhm fhorcoimeáta an chumhacht do bheirtear do chomhairle chontae le mír (c) d'fho-alt (4) den alt so.

(6) Beidh deimhniú páirt-déantachta ina fhianaise dho-chlaoite go ndearnadh an chuid a sonnrófar sa deimhniú san de na hoibreacha siltin a bheas sonnraithe sa scéim siltin lena mbainfidh an deimhniú san do chríochnú do réir na scéime sin.

(7) Beidh deimhniú lán-déantachta ina fhianaise dho-chlaoite go ndearnadh iomlán na n-oibreacha siltin a bheas sonnraithe sa scéim siltin lena mbainfidh an deimhniú san do chríochnú do réir na scéime sin.

(8) I gcás deimhniú páirt-déantachta nó dhá dheimhniú nó níos mó den tsórt san do bheith eisithe maidir le haon oibreacha siltin, ansan, folóidh an deimhniú lán-déantachta i dtaobh na n-oibreacha siltin sin na coda de na hoibreacha siltin sin lenar bhain an deimhniú nó na deimhnithe páirt-déantachta san agus beidh feidhm aige maidir leo, agus air sin scoirfidh an deimhniú nó na deimhnithe páirt-déantachta san d'éifeacht do bheith acu.

Tailte, cearta, etc., do thógaint agus cúiteamh ina leith.

14. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an orduithe ón Aire ag daingniú scéime siltin, cromfaidh na Coimisinéirí ar na tailte, na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile uile agus fá seach do thógaint a molfar sa scéim siltin sin iad do thógaint go héigeanta, ach ní bheidh d'oblagáid ar na Coimisinéirí aon talamh, éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile do thógaint go héigeanta a molfar sa scéim siltin sin é thógaint amhlaidh agus a bhfeicfear do na Coimisinéirí ina thaobh, i gcúrsa an scéim siltin sin do chur i ngníomh, nach gá an talamh, an éasáid, an t-iascach, an ceart uisce, an ceart loingseoireachta, nó an ceart eile sin do thógaint chun an scéim sin do chur i ngníomh.

(2) An cúiteamh a bheas le n-íoc ag na Coimisinéirí as tailte, éasáidí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoireachta, agus cearta eile a tógfar go héigeanta de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so leis na daoine uile agus fá seach a mbeidh teideal acu chucu nó eastáit nó leasa acu iontu nó a mbeidh teideal acu chun na dtailte nó eastáit nó leasa acu sna tailte a mbeidh na cearta a bheas le tógaint amhlaidh infheidhmithe orthu nó ina dtaobh, déanfar, cheal comhaontuithe, é chinneadh fá réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, i dteannta agus fá réir an mhodhnuithe gurb é eadránaí a dhéanfas an eadráin fán Acht san ná pé duine ainmneoidh an Coiste Réitigh chuige sin as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin.

(3) Ní bheidh d'oblagáid ar na Coimisinéirí aon chur isteach do dhéanamh ar aon talamh, éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta nó ceart eile ná ar aon bhóthar nó droichead a molfar i scéim siltin cur isteach air go héigeanta agus a bhfeicfear do na Coimisinéirí ina thaobh, i gcúrsa an scéim siltin sin do chur i ngníomh, nach gá an cur isteach san chun an scéim sin do chur i ngníomh.

(4) An méid cúitimh is iníoctha le duine ar bith mar gheall ar chur isteach substainteach do dhéanamh go héigeanta ar aon talamh nó srianadh, foirceannadh, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh go héigeanta ar aon éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile nó claonadh, díochur, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar aon bhóthar nó droichead príobháideach fá réim nó de bhun scéime siltin, déanfar, cheal comhaontuithe, é chinneadh fá réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, fé is dá mba é a bheadh sa chúiteamh san ná an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta, ach san i dteannta agus fá réir an mhodhnuithe gurb é eadránaí a dhéanfas an eadráin fán Acht san ná pé duine ainmneoidh an Coiste Réitigh chuige sin as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses (Consolidation) Act, 1845, maidir leis an gcúiteamh is iníoctha ag na Coimisinéirí fán alt so, agus chun críocha na feidhme sin is tuigthe gurb iad na Coimisinéirí tionnscnóirí na scéime.

(6) Ní luighfidh aon aicsean dlí ná cothromais i gcoinne an Aire ná na gCoimisinéirí ná i gcoinne aon oifigigh, gníomhaire, ná seirbhísigh don Aire nó do na Coimisinéirí i dtaobh aon ghnímh, ní, ná ruda a mbeidh cúiteamh iníoctha ina thaobh de bhuaidh an ailt seo nó de bhuaidh ceachtar den dá alt díreach ina dhiaidh seo.

Cúiteamh as cur isteach áirithe ar thalamh.

15. —(1) Duine ar bith a fhuilingeos aon chaillteanas nó damáiste mar gheall ar aon chur isteach (seachas tógaint nó cur isteach éigeanta fán Acht so) ag na Coimisinéirí le linn aon oibreacha siltin do dhéanamh fán Acht so ar aon talamh a bheas ar únaeracht nó ar lonnaíocht aige nó ar aon éasáid, iascach, ceart uisce, ceart loingseoireachta, nó ceart eile is leis, beidh sé, fá réir forál an Achta so, i dteideal na Coimisinéirí d'íoc cúitimh leis i leith an chaillteanais nó an damáiste sin.

(2) Gach éileamh ar chúiteamh fán alt so—

(a) cuirfear é i scríbhinn chun na gCoimisinéirí laistigh de bhliain tar éis an dáta ar a dtosnófar ar an gcur isteach lena mbainfidh an t-éileamh, agus

(b) déanfar, cheal comhaontuithe, é d'éisteacht agus do chinneadh ag eadránaí ainmneoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin, agus beidh a bhreith sin maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le méid an chúitimh sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

Cúiteamh i ndíobháil do chanála, iascaigh, etc.

16. —(1) Duine ar bith a fhuilingeos, tar éis deimhniú déantachta d'eisiúin, aon chaillteanas nó damáiste de dheascaibh díobhála (seachas tógaint, srianadh, foirceannadh, nó cur isteach éigeanta fán Acht so) d'aon chanáil nó uisce-bhealach intseolta eile nó d'aon cheart uisce-chumhachta nó ceart uisce eile nó d'aon iascach nó ceart iascaigh, beidh sé, fá réir forál an Achta so, i dteideal na Coimisinéirí d'íoc cúitimh leis sa díobháil sin i gcás, agus amháin i gcás, an díobháil sin do theacht trí oibriú ginearálta na n-oibreacha siltin lena mbainfidh an deimhniú déantachta san nó trí na hoibreacha san d'oibriú ar aon mhodh nó cúrsa áirithe.

(2) Gach éileamh ar chúiteamh fán alt so, cuirfear é i scríbhinn chun na gCoimisinéirí agus i gcás díobhála d'iascach nó do cheart iascaigh, laistigh de dheich mbliana nó, in aon chás eile, laistigh de thrí bliana tar éis dáta deimhnithe dhéantachta na n-oibreacha siltin as a n-éireoidh an t-éileamh.

(3) Gach éileamh a déanfar go cuibhe ar chúiteamh fán alt so, déanfar, cheal comhaontuithe, é d'éisteacht agus do chinneadh ag eadránaí ainmneoidh an Coiste Réitigh as an bPainéal d'Eadránaithe Siltin, agus beidh a bhreith sin maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le méid an chúitimh sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

Rudaí ar a dtabharfar áird le linn cúiteamh do mheisiúnú.

17. —Nuair a bheas cúiteamh á mheisiúnú ag an eadránaí de bhun aon ailt de na trí hailt deiridh sin roimhe seo, bhéarfaidh sé áird i ngach cás ar aon tairbhe d'aon mhaoin (pé acu is í an mhaoin í ar ina leith a bheas an cúiteamh san á éileamh nó nach ea) leis an duine a bheas ag éileamh an chúitimh sin a thiocfas, nó a mbeidh coinne do réir réasúin lena teacht, den scéim siltin do chur i ngníomh ar ina taobh a bheas an cúiteamh á éileamh, agus déanfaidh an t-eadránaí go sonnruch—

(a) áird do thabhairt, i gcás éilimh i leith canála nó uiscebhealaigh intseolta eile, ar aon bhuan-tairbhe d'intseoltacht an uisce-bhealaigh sin a thiocfas, nó a mbeidh coinne do réir réasúin lena teacht, den scéim siltin sin do chur i ngníomh, agus

(b) áird do thabhairt, i gcás éilimh i leith cearta uisce, ar aon uisce-shólathar ionaid a chuirfidh na Coimisinéirí ar fáil, agus

(c) áird do thabhairt, i gcás éilimh mar gheall ar chur isteach ar uisce nó ar uisce-chúrsa a sholáthraíos cumhacht do mhuileann nó do ghnóthas eile tionnscail, ar a mhéid do rinneadh an chumhacht a soláthraítear amhlaidh d'úsáid chun críche tionnscail sna deich mbliana díreach roimh an dáta ar ar dhaingnigh an tAire an scéim siltin sin, agus áird do thabhairt freisin ar aon fhoinse eile chumhachta a chuirfidh na Coimisinéirí ar fáil.

Luacháil tailte tairbhithe do leasú.

18. —(1) Is dleathach do na Coimisinéirí, ag an am agus sna tosca a luaitear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, leasú do dhéanamh i pé slí a mheasfaid is ceart ar an ráiteas i scéim siltin maidir le luach bliantúil iomlán, nó leis an méadú iomlán ar luach bhliantúil, na dtailte tairbhithe nó na coda de na tailte tairbhithe (pé acu é) a bheas suite i gcontae áirithe.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí leasú fán bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do dhéanamh—

(a) i gcás an leasú do dhéanamh de dhruim agóide ó chomhairle na contae ina mbeidh na tailte lena mbainfidh an scéal i gcoinne deimhniú déantachta d'eisiúin—le linn nó díreach tar éis an deimhniú san d'eisiúin, no

(b) i gcás an leasú do dhéanamh de dhruim iarratais chuige sin ó chomhairle na contae ina mbeidh na tailte—aon tráth tar éis an t-iarratas san do dhéanamh, nó

(c) i gcás na Coimisinéirí do dhéanamh an leasuithe uathu féin ar aon chúis is leor leo féin—aon tráth a chífear do na Coimisinéirí do bheith oiriúnach.

(3) Aon uair a leasós na Coimisinéirí fán alt so an ráiteas i scéim siltin maidir le luach bliantúil iomlán tailte nó leis an méadú iomlán ar luach bliantúil tailte, cuirfidh na Coimisinéirí in iúl i scríbhinn do chomhairle na contae ina mbeidh na tailte sin an leasú san do bheith déanta.

(4) Beidh aon oifigeach, gníomhaire nó seirbhíseach do na Coimisinéirí i dteideal dul isteach, agus pé cúntóirí a mheasfaidh is gá ina theannta, ar aon talamh gach tráth réasúnach agus na nithe sin uile do dhéanamh ann a mheasfaidh is gá chun pé luacháil do dhéanamh ar an talamh san a mheasfaidh na Coimisinéirí do bheith riachtanach chun breithniú agus (más oiriúnach leo é) leasú fán alt so do dhéanamh ar ráiteas maidir le luach bliantúil iomlán nó leis an méadú iomlán ar luach bliantúil.

An Moladh.

19. —(1) Ar dheimhniú déantachta do bheith eisithe agus ar fhorála (a mhéid a bhainfid leis an gcás) na n-alt san roimhe seo do bheith comhlíonta, déanfaidh na Coimisinéirí Moladh agus luafaid ann na nithe agus na rudaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an deimhniú lán-déantachta nó páirt-déantachta (pé acu é) do bheith eisithe agus dáta a eisiúna;

(b) i dtéarmaí ginearálta, na hoibreacha siltin adeirtear sa deimhniú déantachta do bheith críochnaithe;

(c) na tailte do sileadh nó do feabhsaíodh ar shlí eile trí na hoibreacha siltin sin do dhéanamh agus an chontae nó na contaethe ina bhfuil na tailte sin agus, más i dhá gcontae nó níos mó do na tailte sin, an chuid de na tailte sin atá i ngach contae fá leith acu san;

(d) i gcás na tailte tairbhithe go léir do bheith san aon chontae amháin, luach bliantúil iomlán (tráth ullmhuithe na scéime siltin iomchuibhe) na dtailte sin agus an méadú iomlán ar a luach bliantúil de dhruim na hoibreacha siltin sin do dhéanamh nó, i gcás na tailte tairbhithe do bheith i dhá gcontae nó níos mó, luacha bliantúla iomlána (an tráth san) na gcoda fá seach de na tailte sin atá i ngach contae fá leith dhíobh san agus na méaduithe iomlána uile agus fá seach ar luacha bliantúla na gcoda san fá seach de dhruim na hoibreacha siltin sin do dhéanamh;

(e) an líomatáiste a ceaptar leis an Moladh ina cheanntar siltin leithleach;

(f) pé nithe eile a mheasfaidh na Coimisinéirí is ceart a luadh sa Mholadh.

(2) Cuirfidh na Coimisinéirí fá ndear cóip dhílis do dhéanamh de gach Moladh a déanfar fán alt so agus cuirfid fá ndear deimhniú d'fhormhuiniú uirthi á dheimhniú gur cóip dhílis an chóip sin, agus déanfaid ansan an Moladh d'inrollú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.

(3) Coinneoidh na Coimisinéirí an chóip de Mholadh a déanfar agus a deimhneofar de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Cuirfidh na Coimisinéirí cóip de gach Moladh a déanfar fán alt so go dtí comhairle gach contae ina mbeidh an líomatáiste nó aon chuid den líomatáiste a ceapfar leis an Moladh ina cheanntar siltin leithleach.

(5) Gabhfaidh moladh a déanfar fán alt so de dhruim deimhniú lán-déantachta d'eisiúin réim agus ionad gach Molta (más ann) a bheas déanta roimhe sin fán alt so de dhruim deimhniú páirtdéantachta d'eisiúin maidir le hoibreacha siltin a háireofar sa deimhniú lán-déantachta san.

(6) Fá réir forál an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh gach Moladh a déanfar fán alt so, ar é d'inrollú go cuibhe de bhun an ailt seo, ina mholadh do-chlaoite agus ina cheangal ar gach páirtí, agus beidh cóip de arna heisiúin agus arna deimhniú ag Máistir na hArd-Chúirte ina fianaise dho-chlaoite go ndearnadh an Moladh san go cuibhe agus fós ina fianaise dho-chlaoite ar lánas an Mholta san.

Tailte, etc., barrachais do chur de láimh.

20. —(1) A luaithe is caothúil tar éis deimhniú déantachta d'eisiúin fiosróidh agus cinnfidh na Coimisinéirí, maidir le tailte, éasáidí, iascaigh, cearta uisce, cearta loingseoreachta agus cearta eile a bheas tógtha acu fán Acht so chun críocha na scéime siltin iomchuibhe, an bhfuil aon chuid díobh san agus, má tá, cad é an chuid é, neamhriachtanach agus neamhghátarach chun na hoibreacha siltin lena mbainfidh an deimhniú san d'oibriú agus do chothabháil mar is ceart.

(2) Na tailte, na héasáidí, na hiascaigh, na cearta uisce, na cearta loingseoireachta, agus na cearta eile go léir (más ann) a chinnfidh na Coimisinéirí de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do bheith neamhriachtanach agus neamhghátarach mar a luaitear sa bhfo-alt san, déanfaidh na Coimisinéirí iad do dhíol nó do chur de láimh ar chuma eile chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordóidh an tAire.