15 1944


Uimhir 15 de 1944.


AN tACHT IASACHT TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1944.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AILT 8 DEN ACHT IASACHT TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1939. [10ú Iúl, 1944.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Ias acht Trádála (Urraíocht), 1939 (Uimh. 5 de 1939) .

Alt 8 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Beidh éifeacht ag an bPríomh-Acht fé is dá gcuirtí an t-alt so leanas in ionad ailt 8:—

“8.—(1) Ní deonfar ná ní hurrófar iasacht fén Acht so tar éis deich mbliana do bheith caite ó dháta an Achta so do rith.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fógra dfhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá ná breithneoidh, tar éis dáta (is luaithe ná deich mbliana tar éis dáta an Achta so do rith) a luafar sa bhfógra san, aon iarratas chun iasacht d'urrú nó do dheonadh fén Acht so.

(3) Nuair a bheidh fógra foillsithe ag an Aire fén bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ní bhreithneoidh an tAire aon iarratas a déanfar tar éis an dáta bheidh luaite sa bhfógra san chun iasacht d'urrú nó do dheonadh fén Acht so.”

Gearr-theideal agus lua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Iasacht Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchta Iasacht Trádála (Urraíocht), 1939 agus 1944, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.