13 1944


Uimhir 13 de 1944.


ACHT NA nÚDARÁS ÁITIÚIL (SCOLÁIREACHTA OIDEACHAIS), 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BARDAIS CHONTAE-BHUIRGÍ AGUS COMHAIRLÍ CONTAETHE DO DHEONADH SCOLÁIREACHT AGUS ÍOCAÍOCHT EILE DÁ SAMHAIL DO DHAOINE ÓGA D'FHONN CABHRÚ LEO CHUN FREASTAL NO LEANÚINT DE FHREASTAL AR SCOILEANNA ADMHUITHE AGUS DO DHLEATHÚ CAITEACHAIS FÉNA nDEACHAIDH BARDAIS AGUS COMHAIRLÍ DEN tSÓRT SAN FÉ SCÉIMEANNA ÁIRITHE DO RINNEADH ROIMH DHÁTA AN ACHTA SO DO RITH CHUN SCOLÁIREACHTA AGUS ÍOCAÍOCHTA DEN tSÓRT SAN DO DHEONADH. [26adh Abrán, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Oideachais;

cialluíonn an focal “scoláireacht” suim airgid no sreath de shuimeanna airgid (pé aca scoláireacht, duaisdeontas, bursaireacht no eile gairmtear de) arna bhronnadh ar dhuine d'fhonn cabhrú leis chun freastal, no leanúint de fhreastal, ar scoil admhuithe;

cialluíonn an abairt “scoláireacht leanúnach” scoláireacht arb é tá inti ná sreath d'íocaíochta bliantúla (is iníoctha in aon tsuim amháin no i dhá dtráthchuid no níos mó) i gcaitheamh tréimhse áirithe;

cialluíonn an abairt “scoil admhuithe” aon cheann díobh so leanas a bheidh admhuithe de thuras na huaire ag an Aire chun crícheanna an Achta so go generálta no maidir le haon scéim áirithe no cineál áirithe scéimeanna fén Acht so no le haon scoláireacht áirithe no cineál áirithe scoláireacht fé aon scéim den tsórt san, sé sin le rá:—

(a) scoil no coláiste do bheireann meán-oideachas, oideachas leanúna no ceárd-oideachas, no

(b) scoil, coláiste, no foras eile do bheireann teagasc no tréineáil i dtalmhaíocht, i bhforaoiseacht, i múinteoireacht, no in abhar eile gairme beatha, no

(c) cúrsa no cúrsaí áirithe in aon scoil no coláiste den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo no in aon scoil, coláiste, no foras eile den tsórt a luaidhtear sa mhír sin (b) roimhe seo.

Comhacht do bhárdais chontaebhuirge agus do chomhairlí contae chun scéimeanna d'ullmhú.

2. —(1) Féadfaidh bárdas contae-bhuirge no comhairle chontae, aon uair a mheasfaid is ceart, scéim, chun scoláireachtaí do chur ar fáil do réir an Achta so, d'ullmhú agus do chur fé bhráid an Aire.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt so, féadfaidh an tAire le hordú dáta do shonnrú ina dháta dheireannach ar a bhféadfaidh bárdas contae-bhuirge no comhairle chontae scéim i dtaobh bliana airgeadais áitiúla áirithe do chur féna bhráid fén alt so, agus air sin ní dleathach don bhárdas no don chomhairle sin an scéim sin do chur féna bhráid tar éis an dáta san.

(3) Déanfaidh an tAire, maidir le gach scéim a cuirfear féna bhráid fén alt so, pé ceann de na nithe seo leanas a mheasfaidh is ceart, sé sin le rá:—

(a) an scéim sin do cheadú, no

(b) an scéim sin do mhodhnú no d'athrú i pé slí mheasfaidh is ceart agus an scéim sin arna modhnú no arna hathrú amhlaidh do cheadú, no

(c) diúltú don scéim sin do cheadú.

(4) Nuair a dhéanfaidh an tAire scéim a bheidh ullmhuithe fén alt so do cheadú (i dteannta no in éamais modhnuithe no athruithe), féadfaidh an bárdas no an chomhairle d'ullmhuigh an scéim, má mheasaid san do bheith ceart, a chinneadh an scéim mar bheidh ceaduithe amhlaidh do chur i ngníomh.

(5) I gcás bárdas contae-bhuirge no comhairle chontae dá chinneadh scéim fén alt so do chur i ngníomh, cuirfidh an bárdas no an chomhairle sin an scéim sin i ngníomh dá réir sin, agus chuige sin foillseoid an scéim sin i pé slí a mheasfaid is fearr chun forálacha na scéime do chur ar úidh na ndaoine a mbeidh beartuithe an scéim do dhul i dtairbhe dhóibh.

(6) I gcás an tAire do dhiúltú do scéim a cuirfear féna bhráid fén alt so do cheadú, ní choscfaidh san an bárdas no an chomhairle chéanna ar scéim eile den tsórt san d'ullmhú agus do chur féna bhráid fén alt so.

(7) Is feidhmeanna forcoimeádta i gcás bárdais chontae-bhuirge agus i gcás comhairle chontae scéim d'ullmhú agus do chur fé bhráid an Aire fé fho-alt (1) den alt so agus cinneadh do dhéanamh fé fho-alt (4) den alt so.

Scéimeanna lo leasú.

3. —(1) Aon uair a chinnfidh bárdas contae-bhuirge no comhairle chontae scéim a bheidh ceaduithe ag an Aire fén Acht so do chur i ngníomh, is dleathach don bhárdas no don chomhairle sin, roimh thosnú no tar éis tosnú ar an scéim sin do chur i ngníomh, aon fhoráil den scéim sin d'athrú (trí chur léi no fágaint ar lár no eile) fé réir na srianta so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar aon athrú den tsórt san gan ceadú roimhré ón Aire, agus

(b) ní déanfar an scéim sin d'athrú i slí go mbeidh sí contrárdha d'fhorálacha an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha (más ann) a mheasfaidh is ceart do chur ag gabháil le ceadú uaidh fén alt so maidir le scéim d'athrú, agus má chuireann sé aon choinníoll den tsórt san ag gabháil leis an gceadú san amhlaidh, déanfaidh an bárdas no an chomhairle chuirfidh an scéim sin i ngníomh an coinníoll san do chomhalladh agus do chólíonadh.

Lánas scéimeanna.

4. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach scéim a cuirfear fé bhráid an Aire agus a cheadóidh an tAire fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) déanfar socrú sa scéim chun an bárdas no an chomhairle d'ullmhuigh an scéim do bhronnadh scoláireacht d'fhonn cabhrú leis na daoine gheobhaidh iad chun freastal no leanúint de fhreastal ar scoil admhuithe;

(b) ní bronnfar na scoláireachta ach ar dhaoine a mbeidh a dtuistí no a gcaomhnóirí ina gcomhnaí bona fide, ar an dáta luadhfar chuige sin sa scéim, i líomatáiste feidhmiúcháin an bhárdais no an comhairle sin;

(c) d'fhonn ná beadh scoláireachta le fáil ach ag daoine bheidh ina ngá, ordófar sa scéim, i leith tuistí no caomhnóirí na ndaoine ar a bhféadfar scoláireachta do bhronnadh, teoranta uasta maidir le pé nithe (agus ortha san, nuair meastar é bheith cuibhe, ioncum no luacháil tighe no feirme no áite eile comhnuithe no an t-ioncum san agus an luacháil sin le chéile) is oiriúnach chun na críche sin, agus féadfar forálacha éagsúla den tsórt san d'ordú i leith scoláireacht éagsúla;

(d) chun na críche luaidhtear sa mhír sin roimhe seo den alt so, féadfar socrú do dhéanamh sa scéim, nuair a bheidh na teoranta uasta á n-ordú fén mír sin i leith scoláireachta, chun an scoláireacht san do bhronnadh go laghdú ar a méid i gcás sárú is mó ná méid áirithe do dhéanamh ar na teoranta san;

(e) cuirfidh an scéim ar forcoimeád don bhárdas no don chomhairle sin comhacht chun scoláireacht no cuid de scoláireacht do bhronnadh i gcúinsí speisialta, le ceadú ón Aire, ar dhuine ná beidh do réir na bhforálacha bheidh orduithe fé mhír (c) den alt so i leith na scoláireachta san;

(f) ní bronnfar aon scoláireacht ar éinne ná beidh laistigh de na teoranta aoise bheidh orduithe ag an Aire agus a bhainfidh leis an scoláireacht san;

(g) ní bronnfar na scoláireachta ach ar dhaoine a n-eireoidh leo sna tástála scrúduithe a bheidh orduithe ag an Aire ina leith agus (fé réir pé forálacha (más ann) a bheidh sa scéim) bronnfar iad imeasc na ndaoine sin do réir an uird fhiúntais a thaisbeánfaidh na freagraí sna tástála scrúduithe sin;

(h) féadfar a fhoráil leis an scéim, maidir le scoláireacht ar bith fúithi, go ndéanfar, in ionad an scoláireacht san d'íoc le tuiste no caomhnóir an duine ar a mbronnfar í, í úsáid (ar fad no i bpáirt) ag an mbárdas no ag an gcomhairle sin chun no mar chabhair chun íoctha táillí agus costas pearsanta an duine sin i scoil admhuithe no íoctha na dtáillí sin amháin no na gcostas pearsanta san amháin;

(i) ordófar leis an scéim méideanna na scoláireacht uile agus fé seach dá ndéanfar socrú leis an scéim agus uimhir no méideanna iomlána na scoláireacht san, na coinníollacha bheidh le cólíonadh chun na scoláireachta uile agus fé seach d'fháil agus, i gcás scoláireacht leanúnach, méideanna agus trátha íoctha na suimeanna uile agus fé seach a bheidh sa scoláireacht agus na coinníollacha bheidh le cólíonadh chun gach suim díobh san d'fháil;

(j) féadfaidh pé forálacha eile is gá no is oiriúnach (ach gan iad a bheith ar nea-réir leis an Acht so) do bheith sa scéim maidir leis na scoláireachta dá ndéanfar socrú léi.

Scrúduithe, tástála agus teoranta aoise do scoláireachta.

5. —(1) Ordóidh an tAire, go generálta no maidir le haon scéim áirithe no aon chineál áirithe scéimeanna fén Acht so,—

(a) na tástála scrúduithe nach foláir go n-eireodh le hiarrthóirí ar scoláireachta fén Acht so ionta, agus

(b) teoranta aoise, sé sin le rá, aois uasta no aois íosta no aois uasta agus aois íosta, na ndaoine ar ar féidir scoláireachta fén Acht so do bhronnadh.

(2) Féadfaidh an tAire, maidir le haon tástáil scrúduithe ordóidh sé fén alt so, abhair na tástála san d'ordú maraon leis an am agus leis an áit a mbeidh an tástáil ar siúl agus na daoine chuirfidh ar siúl í, agus an céadchodán de na marcanna sa tástáil sin is gá chun cáiliú le haghaidh scoláireachta.

(3) Féadfar tástála scrúduithe éagsúla (ar a n-áirmhítear céadchodáin cháilitheacha éagsúla de mharcanna) agus teoranta aoise éagsúla d'ordú fén alt so i leith scoláireacht éagsúla, pé aca san aon scéim amháin no i scéimeanna éagsúla dhóibh.

Ceadú ón Aire chun scoláireacht do dheonadh.

6. —Ní dhéanfaidh bárdas contae-bhuirge ná comhairle chontae ar bith—

(a) scoláireacht fén Acht so do dheonadh do dhuine ar bith gan ceadú roimhré ón Aire, ná

(b) aon íocaíocht do dhéanamh i rith bliana ar bith (seachas an chéad bhliain) ar scór scoláireachta leanúnaighe fén Acht so mara mbeidh ceaduithe ag an Aire roimhré íocaíochta do dhéanamh i rith na bliana san ar scór na scoláireachta leanúnaighe sin.

Costais bárdas agus comhairlí.

7. —(1) Na costais uile féna raghaidh comhairle chontae fén Acht so (ar a n-áirmhítear na costais a bhainfidh le scéim fén Acht so do chur i ngníomh) is amhlaidh a cruinneofar iad tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae ar fad.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta i gcás bárdais chontae-bhuirge agus i gcás comhairle chontae an méid iomlán do chinneadh a bheidh le caitheamh in aon bhliain airgeadais áitiúil áirithe ar íoc scoláireacht fé scéimeanna fén Acht so.

Dleathacht do thabhairt do chaiteachas fé scéimeanna áirithe rinneadh roimhe seo.

8. —An t-airgead uile arna chruinniú no arna chaitheamh (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) ag bárdas contaebhuirge no ag comhairle chontae tar éis dáta an Achta um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ), d'athghairm, ag feidhmiú scéime arna ceadú ag an Aire fé alt 17 den Acht san no ag feidhmiú scéime do cheaduigh an tAire tar éis dáta an Achta san d'athghairm agus roimh dháta an Achta so do rith agus ba scéim dhleathach fén alt san 17 dá mba ná déanfaí an tAcht san d'athghairm, is tuigthe é do chruinniú agus do chaitheamh amhlaidh go dleathach.

Aighnis do chinneadh.

9. —Cinnfidh an tAire gach ceist no aighneas a eireoidh maidir le brí no léiriú scéime fén Acht so agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

Costais an Aire.

10. —Costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cosaint do chomhachta fén Irish Universities Act, 1908.

11. —Na comhachta do bheirtear do bhárdais chontae-bhuirgí agus do chomhairlí contaethe leis an Acht so is comhachta iad i dteannta, agus ní comhachta iad in ionad, na gcomhacht a dílsítear sna bárdais agus sna comhairlí sin de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 10 den Irish Universities Act, 1908, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'fhorálacha an fho-ailt sin.

Gearr-theideal.

12. —Féadfar Acht na nUdarás Áitiúil (Scoláireachta Oideachais), 1944 , do ghairm den Acht so.