An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1942) Ar Aghaidh (CUID II. Udarais Chlarathachta agus a nOifigigh.)

26 1942

ACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1942

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Teidil, 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, do ghairm den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus den Acht so le chéile.

Mínithe agus léiriú.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlighidh agus Cirt.

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht so do léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá gceaptar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san, beidh leis, san Acht so, an bhrí ceaptar dó amhlaidh.

Gearr-theideal an Phríomh-Achta.

3. —Féadfar an Registration of Title Act, 1891, do ghairm den Phríomh-Acht, sé sin le rá, den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, in ionad an teidil sin.

Teideal Choiste na-Rialacha d'athrú.

4. —Bhéarfar Coiste na Rialacha um Chlárú Teidil ar an gcoiste do bunuíodh le halt 73 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , in ionad an teidil a ceaptar dó leis an alt san.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Costais.

6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais féna raghfar chun an tAcht so do riaradh.