Ar Aghaidh (SCEIDEAL.—Cuid I.)

25 1942


Uimhir 25 de 1942.


ACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN EUG, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN BUANÚ AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN EUG. [9adh Mí na Nodlag, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Na hAchtanna sa Sceideal do choimeád beo.

1. —(1) Na hAchtanna luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, coimeádtar beo iad, sa mhéid adeirtear sa tríú colún den Sceideal san, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1943, agus raghaid in eug ansan mara gcoimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe leasuíonn na hachtacháin, no dhéanann deifir do na hachtacháin, a coimeádtar beo leis an alt so, coimeádtar beo ar an gcuma gcéanna iad, sa mhéid gur diombuan a ré, pé aca luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so iad no ná luaidhtear.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Eug, 1942 , do ghairm den Acht so.