An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Bord Stiurthoiri an Bhainc.) Ar Aghaidh (CUID V. Earlaisi o Bhancaeri.)

22 1942

ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942

CUID IV.

Notai Bainc Codhluite do Dhiobhadh.

Mínithe maidir leis an gCuid seo den Acht so.

34. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “leathbhliain” tréimhse de shé mhí dar críoch an 31adh lá de Mhárta no an 30adh lá de Mheán Fhómhair, agus cialluíonn an abairt “Banc Cópháirteach” ceann de na hocht mbainc a hainmnítear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ní bhaineann le haon Bhanc eile.

(2) Na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht so do nótaí bainc códhlúite amuich le Banc Cópháirteach léireofar iad mar thagairtí thagrann do na nótaí bainc códhlúite uile, agus fholuíonn na nótaí bainc códhlúite uile, bheidh, an tráth lena mbaineann an tagairt sin, eisithe ag an gCoimisiún no ag an mBanc don Bhanc Chópháirteach san agus ná beidh glactha ag an gCoimisiún ná ag an mBanc chun iad do tharraing siar.

Teora leis an méid i nótaí bainc códhlúite bheidh amuich.

35. —(1) An méid maximum i nótaí bainc códhlúite is cead do bheith amuich le haon Bhanc Cópháirteach áirithe luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so—

(a) aon lá i rith na tréimhse dar tosach an lá tar éis dáta an Achta so do rith agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1944, ní ragha sé thar an méid a luaidhtear sa tríú colún den Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc Chópháirtigh sin sa dara colún den Sceideal san;

(b) aon lá i rith na tréimhse de thrí bliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1947, ní ragha sé thar an méid a luaidhtear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc Chópháirtigh sin sa dara colún den Sceideal san;

(c) aon lá i rith na tréimhse de thrí bliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1950, ní ragha sé thar an méid a luaidhtear sa chúigiú colún den Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc Chópháirtigh sin sa dara colún den Sceideal san;

(d) aon lá i rith na tréimhse de thrí bliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953, ní ragha sé thar an méid a luaidhtear sa séú colún den Tríú Sceideal san os coinne ainm an Bhainc Chópháirtigh sin sa dara colún den Sceideal san.

(2) Déanfaidh an Coimisiún roimh an lá ceaptha, agus déanfaidh an Banc an lá ceaptha agus dá éis sin, pé nithe, le srianadh eisiúna no eile, is oiriúnach leis chun a áirithiú nach mó an méid i nótaí bainc códhlúite bheidh amuich le Banc Cópháirteach aon lá i rith tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so ná an méid maximum a luaidhtear sa bhfo-alt san maidir leis an mBanc Cópháirteach san don tréimhse sin.

(3) Ní eiseoidh an Banc aon nótaí bainc códhlúite d'aon Bhanc Cópháirteach tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953.

(4) Ní dleathach d'aon Bhanc Cópháirteach aon nótaí bainc códhlúite arb é an banc freagarthach é ina dtaobh d'íoc amach tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953, agus, má dhéanann aon Bhanc Cópháirteach aon nóta bainc códhlúite d'íoc amach contrárdha don fho-alt so, dlighfidh an Banc Cópháirteach san suim is có-ionann leis an deichiú cuid de mhéid an nóta san d'íoc leis an mBanc.

(5) Scuirfidh fo-alt (3) d'alt 58 den Acht Airgid Reatha d'éifeacht do bheith aige amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1954, agus ón lá san amach, agus gach rialachán a bheidh déanta agus gach ordachán a bheidh tugtha fén bhfo-alt san agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá san scuirfid mar an gcéanna d'éifeacht do bheith aca.

(6) Ní eiseoidh an Coimisiún ná an Banc aon nótaí bainc códhlúite do bhanc ar bith nach ceann de na hocht mbainc a hainmnítear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(7) Aon uair a thiocfaidh aon chónascadh, eadarscaradh, aistriú, no athrú eile imeasc ná n-ocht mbanc a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, is dleathach don Bhord, le toiliú an Aire, pé coigeartú (más ann) is dóich leis an mBord is gá no is inmhianta de bhíthin an chónasctha, an eadarscartha, an aistrithe, no an athruithe eile sin do dhéanamh ar gach méid no aon mhéid no méideanna dá luaidhtear sa tríú, sa cheathrú, sa chúigiú agus sa séú colún fé seach den Tríú Sceideal san.

Toc alos nótaí bainc códhlúite bheidh amuich tar éis a n-eisiúint do stad.

36. —(1) Íocfaidh gach Banc Cópháirteach leis an mBanc, tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1953, agus roimh an 1adh lá d'Eanar, 1957, suim is có-ionann leis an méid (más ann) i nótaí bainc códhlúite a bheidh amuich leis an mBanc Cópháirteach san ar dháta an íoca san.

(2) Gach suim íocfaidh Banc Cópháirteach leis an mBanc do réir fo-ailt (1) den alt so cuirfidh an Banc i gcreidiúint do chúl-chiste an airgid reatha é.

(3) Nuair íocfaidh Banc Cópháirteach leis an mBanc do réir fo-ailt (1) den alt so an tsuim is gá don Bhanc Chópháirteach san do réir an fho-ailt sin d'íoc amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an mBanc Cópháirteach san, sé sin le rá:—

(a) ní dhlighfidh an Banc Cópháirteach san feasta íoc do dhéanamh i méid aon nóta bhainc chódhlúite bheidh amuich leis an mBanc Cópháirteach san ar dháta an íoca san ná aon íocaíocht d'íoc ar nótaí bainc códhlúite in aghaidh aon tréimhse i ndiaidh dáta déanta an íoca san leis an mBanc;

(b) bhéarfaidh an Banc suas don Bhanc Chópháirteach san na hurrúis uile bheidh, ar dháta déanta an íoca san leis an mBanc, ar seilbh ag an mBanc ón mBanc Cópháirteach san alos nótaí bainc códhlúite;

(c) na nótaí bainc códhlúite uile bheidh amuich leis an mBanc Cópháirteach san ar an dáta san, beid iníoctha ag an mBanc arna dtíolacadh ina phríomh-oifig i mBaile Atha Cliath agus is as cúl-chiste an airgid reatha a bheid iníoctha amhlaidh.

Na Bainc Chópháirteacha do dhéanamh íocaíocht ar nótaí bainc códhlúite.

37. —(1) Íocfaidh gach Banc Cópháirteach leis an gCoimisiún no leis an mBanc (mar is gá sa chás), in aghaidh gach leath-bhliana chríochnóidh tar éis dáta an Achta so do rith, na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) in aghaidh na leath-bhliana (más ann) a mbeidh cuid di roimh dháta agus ar dháta an Achta so do rith agus cuid di i ndiaidh an dáta san no a thosnóidh ar an dáta san—

(i) i leith na coda den leath-bhliain sin dar críoch dáta an Achta so do rith no arb í an dáta san í, suim a háirmheofar do réir fo-ailt (1) (lasmuich de mhír (e) dhe) d'alt 65 den Acht Airgid Reatha, agus

(ii) i leith na coda den leath-bhliain sin a thiocfaidh tar éis dáta an Achta so do rith, suim a háirmheofar do réir pé ráta, nach mó ná dó go leith fén gcéad sa bhliain, a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham ar an méid i nótaí bainc códhlúite bheidh amuich (suas go dtí an méid maximum a húdaruítear leis an Acht so do bheith amuich amhlaidh) o lá go lá leis an mBanc Cópháirteach san i rith na coda san den leath-bhliain sin;

(b) in aghaidh gach leath-bhliana thosnóidh tar éis dáta an Achta so do rith, suim a háirmheofar do réir pé ráta, nach mó ná dó go leith fén gcéad sa bhliain, a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham ar an méid i nótaí bainc códhlúite bheidh amuich (suas go dtí an méid maximum a húdaruítear leis an Acht so do bheith amuich amhlaidh) o lá go lá leis an mBanc Cópháirteach san i rith na leath-bhliana san;

(c) in aghaidh gach leath-bhliana chríochnóidh tar éis dáta an Achta so do rith, suim a háirmheofar do réir pé ráta, nach mó ná trí fén gcéad sa bhliain, a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham ar an méid (más ann) i nótaí bainc códhlúite a bheidh amuich tar éis an dáta san o lá go lá leis an mBanc Cópháirteach san i rith na leath-bhliana san de bhreis ar an méid a húdaruítear leis an Acht so do bheith amuich amhlaidh;

(d) in aghaidh gach leath-bhliana chríochnóidh tar éis dáta an Achta so do rith, pé cion de na costais féna raghaidh an Coimisiún no an Banc i rith na leath-bhliana san chun nótaí bainc códhlúite do chur ar fáil a hordófar le rialacháin a bheidh déanta ag an gCoimisiún no ag an mBanc agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) I gceann gach leath-bhliana déanfar amach ag an gCoimisiún no ag an mBanc (mar is gá sa chás), maidir le gach Banc Cópháirteach, méid na n-íocaíocht ar nótaí bainc códhlúite is iníoctha fén alt so ag an mBanc san in aghaidh na leath-bhliana san agus cuirfidh go dtí gach Banc Cópháirteach deimhniú ina luadhfar an méid sin a bheidh déanta amach amhlaidh maidir leis agus conus do rinneadh suas an méid sin, agus íocfaidh gach Banc Cópháirteach leis an gCoimisiún no leis an mBanc (mar is gá sa chás), fé cheann ceithre lá déag tar éis aon deimhniú den tsórt san d'fháil, an méid adéarfar sa deimhniú san do bheith iníoctha aige.

(3) Beidh gach suim is iníoctha ag Banc Cópháirteach leis an gCoimisiún fén alt so ionbhainte ag an gCoimisiún no ag an mBanc (fé mar a bheidh) den Bhanc Chópháirteach san mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla, agus má bhíonn aon tsuim den tsórt san gan íoc ag Banc Cópháirteach fé cheann na haimsire luaidhtear san alt so chun a híoctha beidh san ina fhoras ar a bhféadfar an Banc san do scur o bheith ina Bhanc Chópháirteach.

(4) Deimhniú fé shéala an Choimisiúin no an Bhainc, á rá cadé an méid is iníoctha ar aon ócáid áirithe ag Banc Cópháirteach leis an gCoimisiún no leis an mBanc fén alt so agus go bhfuil an méid sin no cuid áirithe dhe dlighte agus gan íoc, beidh sé, in aon imeachta bhunóidh an Coimisiún no an Banc chun an méid sin do bhaint amach, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe déarfar amhlaidh sa deimhniú san.

Diúité stampa alos nótaí bainc códhlúite.

38. —Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 49 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), arna leasú le halt 15 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), maidir leis an leath-bhliain (más ann) a mbeidh cuid di roimh dháta agus ar dháta an Achta so do rith agus cuid di i ndiaidh an dáta san no a thosnóidh ar an dáta san fé is dá mba leath-bhliain an chuid den leath-bhliain sin dar críoch an dáta san no arb í an dáta san í, agus an t-alt san 49 arna leasú amhlaidh beidh sé, de bhun a athghairmthe leis an Acht so, gan feidhm ná éifeacht aige maidir leis an gcuid den leath-bhliain sin a thiocfaidh i ndiaidh an dáta san.

Nótaí seanbhanc eisiúna.

39. —(1) I gcás gach Bainc Chópháirtigh ba bhanc eisiúna le linn an Achta Airgid Reatha do rith, is tuigthe chun crícheanna na Coda so den Acht so gan an méid, den chion de nótaí luaidhtear i bhfo-alt (4) d'alt 60 den Acht so, a bheidh de thurus na huaire gan fuascailt de bhun an ailt sin do bheith, maidir le haon lá tar éis dáta an Achta so do rith, ina nótaí bainc códhlúite amuich leis an mBanc Cópháirteach san.

(2) Amhail ar an lá tar éis dáta an Achta so do rith agus as san amach, isé is ráta ceart fén gcéad sa bhliain chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 66 den Acht Airgid Reatha ná pé ráta, nach mó ná dó go leith fén gcéad sa bhliain, a cheapfaidh an tAire o am go ham.

Comhacht do bhainc eisiúna chun nótaí áirithe do dhíscríobhadh.

40. —(1) Más gá, chun na híocaíochta d'áireamh a bheidh le déanamh fé alt 66 den Acht Airgid Reatha ag Banc Cópháirteach ba bhanc eisiúna ar dháta an Achta san do rith, féachaint don mhéid iomlán, arna dhéanamh amach ag an gCoimisiún, do bhí amuich i nótaí leis an mBanc Cópháirteach san (agus nótaí i dtileanna no i mboghtaí an Bhainc Chópháirtigh sin d'áireamh) díreach roimh an lá ceaptha luaidhtear in alt 60 den Acht Airgid Reatha, féadfaidh an Banc Cópháirteach san, chun na críche sin agus le ceadú an Aire, dí-scríobhadh do dhéanamh o am go ham, as an méid iomlán san arna dhéanamh amach amhlaidh, ar mhéid nach mó ná méid an oiread, de na nótaí sin leis an mBanc Cópháirteach san a bheidh amuich fós tráth an dí-scríobhtha san, a mheasfaidh an Banc Cópháirteach san nach dócha a tíolacfar choíche don Bhanc Chópháirteach san chun a n-íoctha.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha a mheasfaidh is ceart, ag féachaint do chúrsaí an cháis, do chur ag gabháil le haon cheadú bhéarfaidh chun dí-scríobhadh do dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus féadfaidh go sonnrach a cheangal ar an mBanc Cópháirteach a dhéanfaidh an dí-scríobhadh sin cion áirithe den mhéid a dí-scríobhfar amhlaidh d'íoc leis an mBanc chun a churtha le cúl-chiste an airgid reatha ach san fé réir na teorann ná raghaidh méid an cheana áirithe sin thar méid an cheana do bhain le Saorstát Éireann arna shocrú ag an gCoimisiún fé fho-alt (4) d'alt 60 den Acht Airgid Reatha maidir leis na nótaí sin leis an mBanc Cópháirteach san do bhí amuich díreach roimh an lá ceaptha luaidhtear sa bhfo-alt san.

(3) Gach dí-scríobhadh dhéanfaidh Banc Cópháirteach fén alt so beidh éifeacht aige amhail ar an dáta agus ón dáta ar a gceadóidh an tAire é.

(4) Aon uair a bheidh méid dí-scríobhtha ag Banc Cópháirteach fén alt so, féachfar go cuibhe don dí-scríobhadh sin le linn bheith ag áireamh méid aon íocaíochta fé alt 66 den Acht Airgid Reatha, arna leasú leis an Acht so, is iníoctha ag an mBanc Cópháirteach san in aghaidh tréimhse bheidh i bpáirt no go hiomlán i ndiaidh an dáta gur amhail air agus uaidh a bheidh éifeacht ag an díscríobhadh sin.

(5) Ní oibreoidh aon dí-scríobhadh, dhéanfaidh Banc Cópháirteach fén alt so, chun an Banc Cópháirteach san do shaoradh óna bheith air aon chuid áirithe dá nótaí d'íoc.