Ar Aghaidh (Sceideal (A). DEONTAISI.)

20 1942


Uimhir 20 de 1942.


ACHT LEITHREASA, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A hAON CEATHRACHAD AGUS NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A TRÍ CEATHRACHAD AGUS CHUN NA SUIMEANNA DEONADH LEIS AN ACHT PRÍMH-CHISTE, 1942 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SO DO LEITHREASÚ CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍCHEANNA IS CEART. [29adh Iúl, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontaisi as an bPrimh-Chiste.

£10 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir na bliana 1940-41.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim deich bpunt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcoir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a haon ceathrachad.

£25,691,220 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir na bliana 1942-43.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim chúig mhilleon fichead, sé chéad agus aon mhíle nóchad, dhá chéad agus fiche punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a trí ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar£25,691,230 do thógaint ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná cúig mhilleon fichead, sé chéad agus aon mhíle nóchad, dhá chéad agus tríocha punt do thógaint ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do réimhíoc leis an Aire Airgeadais, agus chun an céanna do thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach agus iad fén ráta úis sin, agus fós fé réir na gcoinníollacha san i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostas fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar tré urrúis ar n-a dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Prímh-Chiste ar fáil.

Deontaisi do Leithreasu.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £40,688,168 do leithreasú.

4. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun slánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim cheathracha milleon, sé chead agus ocht mile ochtód céad agus ocht bpunt seascad, déantar iad do leithreasú agus is tuigthe iad do bheith leithreasuithe, amhail o dháta na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) do rith, chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, is tuigthe gur cuid den Acht so iad díreach fé is dá mbeidís i gcorp an Achta so.

(2) I dteanta na suimeanna deontar as an bPrímh-Chiste, agus dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-íomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon, céad agus dhá mhíle ochtód, naoi gcéad agus ocht bpunt déag, dhá scilling déag agus ocht bpingne do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do na deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1942 , do ghairm den Acht so.

An Achmaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dtagartar san Acht so.