An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Achuingeacha Reifrinn.)

8 1942

ACHT AN REIFRINN, 1942

CUID II.

An Votaiocht i Reifreann.

An lá vótaíochta i reifreann bunreachta.

8. —(1) Aon uair a bheidh bille ina mbeidh togra chun an bunreacht do leasú rithte no is tuigthe bille den tsórt san do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais is dleathach go gceapfadh an tAire le hordú an lá (dá ngairmtear an lá vótaíochta freisin san Acht so) a déanfar an vótaíocht sa reifreann i dtaobh an togra san.

(2) Ní cead an lá vótaíochta ceapfar le hordú a dhéanfaidh an tAire fén alt so do bheith níos túisce na tríocha lá ná níos déanaighe ná nócha lá tar éis dáta an orduithe sin.

(3) Gach ordú déanfaidh an tAire fén alt so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta.

Comhacht chun an t-aon lá vótaíochta amháin do cheapadh le haghaidh olltoghcháin agus reifrinn bhunreachta.

9. —(1) Aon uair a bheidh bille ina mbeidh togra chun an bunreacht do leasú rithte no is tuigthe bille den tsórt san do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais agus a scuirfear Dáil Éireann sara mbeidh an t-ordú ag ceapadh an lae vótaíochta sa reifreann i dtaobh an togra san déanta ag an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, (d'ainneoin éinní atá san alt deiridh sin roimhe seo) an lá vótaíochta san olltoghchán a thárlóidh de dhruim Dáil Éireann do scur amhlaidh do cheapadh lena ordú fén alt san chun bheith ina lá vótaíochta sa reifreann san.

(2) Aon uair a bheidh bille ina mbeidh togra chun an bunreacht do leasú rithte no is tuigthe bille den tsórt san do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais agus a scuirfear Dáil Éireann tar éis don Aire a ordú (dá ngairmtear an t-ordú bunaidh sa bhfo-alt so) do dhéanamh fén alt deiridh sin roimhe seo maidir leis an reifreann i dtaobh an togra san agus roimh an lá vótaíochta bheidh ceaptha leis an ordú san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-ordú bunaidh do leasú le hordú tríd an lá is lá vótaíochta san olltoghchán a thárlóidh de dhruim Dáil Éireann do scur amhlaidh do chur in ionad an lae bheidh ainmnithe san ordú bunaidh mar lá vótaíochta sa reifreann san.

An lá vótaíochta i ngnáthreifreann.

10. —(1) Aon uair—

(a) a chuirfidh an tUachtarán in úil don Taoiseach do réir Airteagail 27 den Bhunreacht gurb é a bhreith go bhfuil i mbille lena mbaineann an tAirteagal san togra ina bhfuil an oiread sin tábhacht náisiúnta gur cóir breith an phobail d'fháil air, agus

(b) a chinnfidh an Riaghaltas go dtógfar reifreann chun breith an phobail d'fháil ar an togra san,

déanfaidh an tAire, fé cheann seachtaine tar éis an Riaghaltas dá chinneadh amhlaidh, an lá (dá ngairmtear an lá vótaíochta freisin san Acht so) a déanfar an vótaíocht sa reifreann san do cheapadh le hordú.

(2) Ní cead an lá vótaíochta ceapfar le hordú a dhéanfaidh an tAire fén alt so do bheith níos túisce ná tríocha lá ná níos déanaighe ná nócha lá tar éis dáta an orduithe sin.

(3) Aon uair a chinnfidh an Riagnaltas go dtógfar gnáthreifreann, cuirfidh an Riaghaltas fé ndeár fógra i dtaobh iad dá chinneadh amhlaidh d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus air sin beidh an foillsiú san ina fhianaise dho-chlaoite ar an gcinneadh sin.

(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta.

Modh déanta na vótaíochta i reifreann.

11. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an vótaíocht do dhéanamh i reifreann, sé sin le rá:—

(a) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh an vótaíocht ann ach aon lá amháin agus is ar an lá céanna a bheidh sí ann ar fuaid an Stáit agus isé lá é sin ná an lá ceapfar le hordú ón Aire fén Acht so chun bheith ina lá vótaíochta sa reifreann san;

(b) tosnóidh an vótaíocht ar a naoi a chlog ar maidin agus coimeádfar ar siúl í go dtí a naoi a chlog istoíche agus ní níos sia ná san;

(c) chun an vótaíocht do dhéanamh tuigfear na dáilcheanntair chéanna do bheith déanta den Stát a bheidh déanta dhe de thurus na huaire chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha agus déanfar an vótaíocht ar leithligh i ngach dáilcheanntar fé leith aca san;

(d) isé an té bheadh ina cheann chóimhrimh i dtoghchán Dála in aon dáilcheanntar aca san a bheidh ina cheann chóimhrimh (dá ngairmtear an ceann cóimhrimh áitiúil san Acht so) sa dáilcheanntar san chun críche na vótaíochta agus, más clárathóir contae an duine sin, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 40 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 );

(e) déanfaidh gach vótálaidhe sa vótaíocht a vóta do chaitheamh sa dáilcheanntar ina mbeadh i dteideal vótáil in olltoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann;

(f) tuigfear, chun críche na vótaíochta, na ceanntair chéanna vótaíochta do bheith déanta de gach dáilcheanntar fé leith aca san a bheidh déanta dhe de thurus na huaire chun críche toghcháin Dála, agus na háiteanna bheidh ceaptha de thurus na huaire ina n-áiteanna vótaíochta i ngach ceanntar vótaíochta fé leith aca san chun críche toghcháin Dála isiad a bheidh ina n-áiteanna vótaíochta chun an vótaíocht do dhéanamh;

(g) beidh de dhualgas ar gach ceann cóimhrimh áitiúil déanamh na vótaíochta ina dháilcheanntar do stiúradh do réir an Achta so agus, chuige sin, pé stáisiúin vótaíochta, boscaí ballóide, páipéirí ballóide, ionstruimí stampála, cóipeanna den rolla de thoghthóirí, agus nithe eile do chur ar fáil agus pé oifigigh do cheapadh agus d'íoc agus pé gníomhartha agus nithe eile do dhéanamh is gá chun an vótaíocht do dhéanamh go héifeachtúil ina dháilcheanntar do réir an Achta so;

(h) cólíonfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil, maidir le déanamh na vótaíochta ina dháilcheanntar, forálacha an Achta so agus na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus na horduithe dhéanfaidh agus na treoracha do bhéarfaidh an tAire fén Acht so.

Costais na gceann cóimhrimh áitiúla.

12. —(1) Beidh gach duine is ceann cóimhrimh áitiúil maidir le déanamh na vótaíochta i reifreann i dteideal a chuid éilithe réasúnach, ach ní bheid san níos mó ná na suimeanna bheidh luaidhte sa scála d'éilithe maximum a hullmhófar fén alt so, alos seirbhísí agus costaisí de na saghsanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa scála san, a dhéanfaidh no féna raghaidh le ceart chun no i dtaobh an vótaíocht san do dhéanamh.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais suim na n-éilithe luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so a bheidh á éileamh ag ceann cóimhrimh áitiúil d'íoc as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, ar fháil chuntais dó bheidh le cur féna bhráid ag an gceann cóimhrimh sin do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire sin fén alt so, ach sara n-íocaidh éilithe aon chinn chóimhrimh áitiúil áirithe féadfaidh an tAire sin, más oiriúnach leis é, a iarraidh ar bhreitheamh den Chúirt Chuarda go ndlighinse i ndáilcheanntar an chinn chóimhrimh sin go measfaí an cuntas san agus leis sin cuirfidh an breitheamh san fé ndeár go ndéanfaidh an clárathóir contae an cuntas san do mheas agus an tsuim is iníoctha fé do chinneadh.

(3) Arna iarraidh sin air do cheann chóimhrimh áitiúil féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, réimh-íoc do dhéanamh leis an gceann cóimhrimh sin, ar pé téarmaí is dóich leis an Aire sin is ceart, ar cuntas na n-éilithe is iníoctha fén alt so leis an gceann cóimhrimh sin.

(4) Má orduíonn an breitheamh amhlaidh ar iarratas cinn chóimhrimh áitiúil beidh ina chuid den mheas, a déanfar fén alt so ar chuntas an chinn chóimhrimh sin, meas agus cinneadh méide aon éilimh a dhéanfaidh éinne i gcoinnibh an chinn chóimhrimh sin alos éinní a mbeidh éileamh ina thaobh sa chuntas san.

(5) Déanfaidh an tAire Airgeadais scála d'éilithe maximum d'ordú chun crícheanna an ailt seo agus féadfaidh an scála san d'athscrúdú fé mar agus nuair is oiriúnach leis é agus féadfaidh fós rialacháin do dhéanamh i dtaobh an ama agus na slí agus na fuirme ina dtabharfaidh cinn chóimhrimh áitiúla cuntais dó chun go n-íocfaí na héilithe sin.

Srian maidir le daoine bheidh i dteideal vótáil sa vótaíocht.

13. —(1) Ní bheidh éinne i dteideal vótáil in aon dáilcheanntar sa vótaíocht i reifreann mara mbeidh sé cláruithe ina thoghthóir Dála sa rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire don dáilcheanntar san.

(2) Ní bheidh éinne ná beidh bliain is fiche slán aige i dteideal vótáil sa vótaíocht i reifreann.

(3) Ní bheidh éinne i dteideal vótáil níos mó ná uair amháin (pé aca san aon dáilcheanntar amháin é no i ndáilcheanntair éagsúla) sa vótaíocht i reifreann ach, fé réir na teorann san, beidh gach duine bheidh cláruithe ina thoghthóir Dála, sa rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire d'aon dáilcheanntar áirithe, i dteideal (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) páipéar ballóide d'éileamh agus d'fháil agus vótáil sa dáilcheanntar san sa vótaíocht san.

(4) Einne a mbeidh toirmeasctha air le dlí de thurus na huaire vótáil i dtoghchán Dála ní bheidh sé i dteideal páipéar ballóide d'fháil ná vótáil sa vótaíocht i reifreann, agus gach éinne vótálfaidh in aon vótaíocht den tsórt san agus an toirmeasc san air dlighfear na pionóis sin do chur air a dlighfí a chur air dá vótáladh sé i dtoghchán Dála.

Na páipéirí ballóide.

14. —(1) Is le ballóid do bhéarfar na vótaí sa vótaíocht i reifreann agus isé bheidh i mballóid gach vótálaidhe ná páipéar (dá ngairmtear páipéar ballóide san Acht so).

(2) Beidh ar gach páipéar ballóide uimhir a bheidh clóbhuailte ar a chúl agus beidh có-dhuille, agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar a haghaidh, ceangailte dhe agus beidh sé infhillte.

(3) Le linn a thabhartha amach marcálfar gach páipéar ballóide ar a dhá thaobh le marc oifigiúil a stampálfar air no a pollfar tríd.

(4) Beidh ceann cóimhrimh an reifrinn freagarthach i leorchaindíocht de pháipéirí ballóide do chlóbhualadh agus d'fháil agus beidh de dhualgas air an uímhir sin de pháipéirí ballóide a theastóidh o gach ceann cóimhrimh áitiúil fé leith do réir réasúin do thabhairt don cheann chóimhrimh áitiúil sin.

Fuirm pháipéirí ballóide.

15. —(1) Is sa bhfuirm is iomchuibhe de na fuirmeacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so bheidh gach páipéar ballóide i reifreann.

(2) Má bhíonn an t-aon lá amháin ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó, ansan (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad fho-alt eile den alt so) ní tabharfar amach páipéirí ballóide ar leithligh le haghaidh na reifreann san ach, ina ionad san, beidh gach páipéar ballóide sna reifrinn sin leagtha amach i slí a chuirfidh ar chumas an vótálaidhe vóta ar leithligh do chaitheamh air alos gach reifrinn fé leith aca san.

(3) Má bhíonn an t-aon lá amháin ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó agus gur dóich leis an Aire nach féidir no nach oiriúnach, ar chúis ar bith, déanamh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir leis na reifrinn sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire a ordú go dtabharfar páipéirí ballóide ar leithligh amach le haghaidh ceann amháin no níos mó no le haghaidh gach ceann de na reifrinn sin;

(b) i gcás an tAire do thabhairt orduithe den tsaghas a húdaruítear leis an mír sin roimhe seo den fho-alt so, déanfar, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, páipéirí ballóide ar leithligh do thabhairt amach do réir an orduithe sin;

(c) i gcás an tAire do thabhairt orduithe den tsaghas san adubhradh agus gan an t-ordú san do bhaint leis na reifrinn sin uile, ansan, mara mbeidh ach ceann amháin de na reifrinn sin gan an t-ordú san do bhaint leis, bhéarfar páipéirí ballóide ar leithligh amach le haghaidh an ceann san de na reifrinn sin, agus, má bhíonn dhá cheann no níos mó de na reifrinn sin gan an t-ordú san do bhaint leo, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo maidir leis an dá cheann san no níos mó de na reifrinn sin.

(4) Beidh i ngach páipéar ballóide alos aon reifrinn amháin ráiteas ina luadhfar an togra is abhar don reifreann san, agus beidh i ngach páipéar ballóide alos dhá reifreann no níos mó arb é an t-aon lá amháin is lá vótaíochta dhóibh ráiteas ina luadhfar, maidir le gach reifreann fé leith aca san, an togra is abhar don reifreann san.

(5) Déanfar i reifreann bunreachta an togra is abhar dó do luadh sa pháipéar bhallóide sna téarmaí céanna, chó fada agus is féidir é, ina mbeidh an togra san luaidhte sa bhille ina mbeidh an togra san agus a bheidh rithte no is tuigthe do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais.

(6) Déanfar i ngnáth-reifreann an togra is abhar dó do luadh sa pháipéar bhallóide sna téarmaí céanna, chó fada agus is féidir é, ina mbeidh an togra san luaidhte sa scríbhinn fé láimh agus séala an Uachtaráin a bheidh curtha aige sin go dtí an Taoiseach

Modh marcála vóta ar pháipéar bhallóide.

16. —(1) Déanfaidh gach vótálaidhe sa vótaíocht i reifreann a vóta do chaitheamh tréna pháipéar ballóide do mharcáil do réir na dtreoracha i dtaobh marcála a bheidh clóbhuailte ar an bpáipéar ballóide.

(2) Aon pháipéar ballóide—

(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no

(b) ná beidh vóta ar bith curtha air in aon chor, no

(c) ná beidh an vóta curtha air i slí a thaisbeánfaidh go n-aontuíonn no ná haontuíonn an vótálaidhe leis an togra is abhar don reifreann san, no

(d) ar a mbeidh vótaí tugtha i bhfábhar agus i gcoinnibh an togra san, no

(e) ar a mbeidh éinní trénar féidir an vótálaidhe d'aithint (ach amháin an uimhir is gá do réir dlí do bheith clóbhuailte ar chúl an pháipéir bhallóide) scríobhtha no marcálta,

beidh sé nea-mbailidhe agus ní cóimhreofar é.

(3) I gcás gan páipéar ballóide do bheith nea-mbailidhe fé aon cheann no cinn d'fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, ní bheidh an páipéar ballóide sin nea-mbailidhe de thoisc amháin gan é bheith do réir na dtreoracha i dtaobh marcála bheidh clóbhuailte air, agus go sonnrach ní bheidh sé nea-mbailidhe toisc gan an marc “x” d'úsáid chun an páipéar san do mharcáil, má bhíonn an páipéar san marcálta i slí a thaisbéanfaidh go réasúnta cinnte cadé toil an vótálaidhe.

(4) I gcás páipéar ballóide do bhaint le dhá reifreann no níos mó agus vóta do bheith curtha air i gceart maidir le ceann amháin no níos mó de na reifrinn sin ach ní maidir leo uile, beidh an páipéar ballóide sin, maran nea-mbailidhe dhó dá éamuis sin, bailidhe chun crícheanna an reifrinn no na reifreann a mbeidh vóta curtha i gceart air ina leith agus nea-mbailidhe agus neamhionchóimhrithe chun crícheanna an reifrinn no na reifreann ná beidh vóta curtha i gceart air, no a mbeidh sé curtha go mícheart air, ina leith.

Gníomhairí pearsanála.

17. —(1) Féadfaidh comhalta ar bith de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann duine (dá ngairmtear gníomhaire pearsanála san Acht so) do cheapadh chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta áirithe i reifreann chun cabhruithe chun daoine do bhrath a bheidh ag déanamh cionta na pearsanála no ag tabhairt fé n-a dhéanamh.

(2) Féadfaidh comhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann gníomhairí pearsanála do cheapadh fén alt so, maidir le reifreann ar bith, don oiread stáisiún vótaíochta agus is oiriúnach leis, ach ní cheapfaidh aon chomhalta áirithe de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann níos mó ná aon ghníomhaire pearsanála amháin d'aon stáisiún vótaíochta áirithe.

(3) Comhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann a cheapfaidh gníomhaire pearsanála fén alt so do stáisiún vótaíochta bhéarfaidh i scríbhinn don cheann chóimhrimh áitiúil sa dáilcheanntar ina mbeidh an stáisiún vótaíochta san, ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laghad roimh thosach na vótaíochta, ainm an ghníomhaire phearsanála san agus fós ainm no tuairisc an stáisiúin vótaíochta dá mbeidh sé ceaptha.

(4) Gach gníomhaire pearsanála ceapfar go cuibhe fén alt so agus a dtabharfar fógra go cuibhe do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so i dtaobh a cheaptha, beidh sé i dteideal bheith sa stáisiún vótaíochta dá gceapfar é faid a bheidh an vótaíocht ar siúl agus ar feadh leath-uair a' chluig roimhe sin agus go ceann leath-uair a' chluig ina dhiaidh sin.

(5) Faid a bheidh an vótaíocht ar siúl ní dhéanfaidh aon ghníomhaire pearsanála an stáisiún vótaíochta dá mbeidh sé ceaptha d'fhágaint gan cead d'fháil ar dtúis ón oifigeach ceannais ná gan gach rolla, leabhar, agus scríbhinn ina mbeidh aon nóta, scríbhneoireacht, no marc déanta aige le linn na vótaíochta d'fhágaint ag an oifigeach ceannais faid a bheidh sé as láthair.

(6) Aon ghníomhaire pearsanála fhágfaidh stáisiún vótaíochta contrárdha don alt so ní leigfear dó filleadh chun an stáisiúin vótaíochta san go dtí go mbeidh deireadh leis an vótaíocht agus fós beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí.

(7) I gcás an lá vótaíochta i reifreann bunreachta do bheith ina lá vótaíochta in olltoghchán freisin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh na comhachta do bheirtear leis na forálacha san roimhe seo den alt so do chomhalta de Dháil Éireann infheidhmithe ag duine ar bith a bhí ina chomhalta de Dáil Éireann díreach roimh an scur ba shiocair leis an olltoghchán san, agus

(b) gach duine ceapfar fé alt 22 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 ( Uimh. 38 de 1923 ), chun bheith ina ghníomhaire phearsanála chun crícheanna an olltoghcháin sin i stáisiún vótaíochta i ndáilcheanntar ina dtógfar vótaíocht san olltoghchán san is tuigthe é cheapadh fén alt so chun bheith ina ghníomhaire phearsanála sa stáisiún vótaíochta san chun crícheanna an reifrinn sin, agus bainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so leis dá réir sin.

Oifigigh cheannais do cheapadh.

18. —(1) Ceapfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil i reifreann, alos gach stáisiúin vótaíochta fé leith ina dháilcheanntar duine ceart oiriúnach chun bheith ina oifigeach cheannais sa stáisiún vótaíochta san.

(2) Gach oifigeach ceannais a ceapfar fén alt so beidh aige ina stáisiún vótaíochta gach comhacht agus dualgas a bronntar no a forchuirtear leis an Acht so ar oifigeach cheannais.

Ordúlacht do choimeád i stáisúin vótaíochta.

19. —Má thárlann, ag an vótaíocht i reifreann, go mbeidh éinne mí-iompartha i stáisiún vótaíochta no gan géilleadh d'orduithe dleathacha an oifigigh cheannais, ansan, le hordú ón oifigeach ceannais, féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána no éinne go n-údarás aige chuige sin i scríbhinn ón oifigeach ceannais é chur amach as an stáisiún vótaíochta san láithreach, agus an duine cuirfear amach amhlaidh ní leigfear dó dul isteach arís sa stáisiún vótaíochta san le linn na vótaíochta ach amháin le cead an oifigigh cheannais.

Post-vótálaithe.

20. —(1) Gach duine a mbeidh a ainm ar an liost de phostvótálaithe do dháilcheanntar le linn vótaíochta i reifreann, beidh sé i dteideal vótáil sa dáilcheanntar san sa vótaíocht sa reifreann san tréna pháipéar ballóide de chur leis an bpost go dtí an ceann cóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar san agus ní bheidh sé i dteideal vótáil sa reifreann san ar aon tslí eile.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an orduithe ón Aire ag ceapadh an lae vótaíochta i reifreann, cuirfidh gach ceann cóimhrimh áitiúil páipéar ballóide agus dearbhú céannachta sa bhfuirm orduithe chun gach duine bheidh ar an liost de phostvótálaithe dá dháilcheanntar.

(3) Má déantar páipéar ballóide cuirfear chun duine ar bith fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur thar n-ais go dtí an ceann cóimhrimh áitiúil agus é marcálta go cuibhe ag an duine sin maraon leis an dearbhú céannachta agus é sighnithe agus dílse-dheimhnithe go cuibhe, agus go bhfuighidh an ceann cóimhrimh sin é roimh chríochnú na vótaíochta, deighleálfaidh an ceann cóimhrimh sin leis an bpáipéar ballóide sin agus cóimhreoidh é fé is dá mba pháipéar ballóide é cuirfí sa bhosca bhallóide ar an ngnáth-shlí.

(4) Ag cur amach agus ag fáil páipéirí ballóide post-vótálaithe dhó agus ag deighleáil leo fairis sin coimeádfaidh agus cólíonfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil an dlí (sa mhéid ná beidh buiniscionn leis an Acht so) a bheidh ag déanamh rialála de thurus na huaire ar pháipéirí ballóide post-vótálaithe i dtoghchán Dála do chur amach agus d'fháil agus ar dheighleáil leo fairis sin.

Ceisteanna agus mionna ag an vótaíocht i reifreann.

21. —(1) Ní cuirfear aon cheist ná ní déanfar aon fhiafraighe ná ní ceadófar aon agóid le linn na vótaíochta i reifreann maidir le ceart duine ar bith chun vótála, ná ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon oifigeach ceannais ag an vótaíocht san aon agóid i gcoinnibh cirt duine ar bith chun vótála ach féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má héilítear san air ag gníomhaire pearsanála, déanfaidh na ceisteanna so leanas, no aon cheann no aon dá cheann aca, do chur chun duine ar bith le linn dó páipéar ballóide d'iarraidh, ach ní dá éis sin, eadhon:—

(i) An, éinne amháin tusa agus an duine a bhfuil an ainm A B air sa rolla de thoghthóirí atá i bhfeidhm

anois do dháilcheanntar ......................................

..........................................................................

(ii) Ar vótálais cheana sa reifreann so?

(iii) An bhfuil bliain agus fiche slán agat?

Agus mara bhfreagruítear pé ceist no ceisteanna aca san a cuirfear chun an duine sin, an chéad agus an tríú ceann aca le freagra aontach agus an dara ceann aca le freagra séantach, ní vótálfaidh an duine sin.

(2) Féadfaidh oifigeach ceannais ag an vótaíocht i reifreann agus, má héilítear san air ag gníomhaire pearsanála, déanfaidh, le linn duine ar bith d'iarraidh páipéir bhallóide ach ní dá éis sin, an duine sin do chur fé mhionn no (i gcás éinne chuirfidh i gcoinnibh mionn do thabhairt toisc gan aon chreideamh do bheith aige no toisc é bheith i gcoinnibh a chreidimh mionn do thabhairt) fé dhearbhú sa bhfuirm seo leanas:—

“Bheirim-se Dia na nUile-chomhacht (no Deinim-se, A B, a dheimhniú agus a dhearbhú go solamanta, go macánta, agus go fírinneach, do réir mar a bheidh) gurb éinne amháin mise agus an duine a bhfuil an ainm A B air ar an rolla de thoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheanntar

................................................, agus nár vótálas cheana

sa reifreann so agus go bhfuil bliain agus fiche slán agam.”

(3) Ach amháin mar a luaidhtear san alt so, ní bheidh sé dleathach ag an vótaíocht i reifreann a éileamh ar dhuine ar bith aon mhionn ná dearbhú do thabhairt i dtaobh a chirt chun vótála ná i dtaobh éinní eile in aon chor.

(4) Ní bheidh sé dleathach diúltadh d'aon vóta tairgfear i reifreann ag éinne a mbeidh a ainm luaidhte mar thoghthóir Dála ar an rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ach amháin de dhruim an t-oifigeach ceannais dá mheas, ar é do chur na gceisteanna réamhráite no aon cheiste no aon dá cheist aca, nach é an duine bheidh ag éileamh amhlaidh vótáil an duine a mbeidh a ainm ar an rolla san réamhráite no gur vótáil an duine sin cheana sa reifreann san, no gan bliain agus fiche do bheith slán ag an duine sin, no de dhruim an duine sin do dhiúltadh do na ceisteanna san, no d'aon cheann no d'aon dá cheann aca, do fhreagairt, no don mhionn san do thabhairt no don dearbhú san do dhéanamh.

(5) I gcás an t-aon lá amháin do bheith ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) sna ceisteanna agus sa mhionn a húdaruítear leis an alt so cuirfear na focail “in aon cheann de na reifrinn seo” in ionad na bhfocal “sa reifreann so”;

(b) is tuigthe duine iarrfaidh páipéar ballóide do thairgsint a vóta sna reifrinn sin uile;

(c) fé réir forálacha an Achta so i dtaobh vótálaidhe a mhilleann a pháipéar ballóide de neamh-aire, ní bheidh vótálaidhe gheobhaidh páipéar ballóide i dteideal páipéar ballóide eile d'fháil ar an scór nár thug sé vóta sa pháipéar bhallóide sin i dtaobh na reifreann san uile.

Sárú seicréideachta.

22. —(1) Déanfaidh gach oifigeach, cléireach agus duine dá mbeidh ar fostú no i láthair i stáisiún vótaíochta ag an vótaíocht i reifreann rún do choimeád, agus cabhrú chun rún do choimeád, ar an vótáil sa stáisiún san agus ní thabharfaidh, roimh chríochnú na vótaíochta, aon eolas do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin a bheidh údaruithe le dlí, i dtaobh ainme aon vótálaidhe, ná i dtaobh uimhreach aon vótálaidhe ar an rolla de thoghthóirí, do rinne no ná dearna páipéar ballóide d'iarraidh no vótáil sa stáisiún san, ná i dtaobh an mhairc oifigiúil, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná duine den tsórt san, ná duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar vótálaidhe le linn é bheith ag marcáil a vóta, ná iarracht do thabhairt in aon tslí eile ar eolas d'fháil sa stáisiún vótaíochta i dtaobh an chuma ina bhfuil aon vótálaidhe sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála ná ní thabharfaidh do dhuine ar bith aon uair aon eolas do gheobhar i stáisiún vótaíochta i dtaobh an chuma ina bhfuil aon vótálaidhe sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála, ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide tugadh d'aon vótálaidhe sa stáisiún san.

(2) Gach oifigeach, cléireach agus duine dá mbeidh ar fostú no i láthair le linn do cheann chóimhrimh áitiúil i reifreann na boscaí ballóide d'oscailt no na vótaí do chóimhreamh, coimeádfaidh rún agus cabhróidh chun rún do choimeád ar an vótáil, agus ní dhéanfaidh iarracht le linn na hoscailte ná an chóimhrimh sin ar an uimhir a bheidh ar chúl aon pháipéir bhallóide d'fháil amach, ná ar aon eolas do gheobhaidh le linn na hoscailte ná an chóimhrimh sin, i dtaobh an chuma inar tugadh aon vóta ar aon pháipéar bhallóide áirithe, do thabhairt uaidh.

(3) Gach oifigeach, cléireach agus duine a mbeidh baint aige le páipéirí ballóide do chur amach chun post-vótálaithe no le páipéirí ballóide d'fháil o phost-vótálaithe i reifreann no bheidh i láthair lena linn sin, coimeádfaidh rún agus cabhróidh chun rún do choimeád ar an vótáil a dhéanfaidh na vótálaithe sin agus ní thabhairfaidh, roimh chríochnú na vótaíochta, aon eolas do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin a bheidh údaruithe le dlí, i dtaobh ainme aon phost-vótálaidhe ná i dtaobh uimhreach aon phost-vótálaidhe ar an rolla de thoghthóirí chun ar cuireadh no o n-a bhfuarthas aon pháipéar ballóide, ná i dtaobh an mhairc oifigiúil, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná duine den tsórt san, ná duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon phost-vótálaidhe i reifreann d'fháil no do mharcáil no d'ath-chasadh a pháipéir bhallóide, ná iarracht do thabhairt ar eolas d'fháil i dtaobh an chuma inar vótáil aon vótálaidhe den tsórt san ná ní thabharfaidh do dhuine ar bith aon uair aon eolas do gheobhfaidh, maidir le páipéirí ballóide do chur amach chun post-vótálaithe i reifreann no d'fháil uatha, i dtaobh an chuma inar vótáil aon vótálaidhe den tsórt san, ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon vótálaidhe den tsórt san.

(4) Ní dhéanfaidh duine ar bith go díreach ná go nea-dhíreach aon vótálaidhe do thabhairt chun a pháipéar ballóide do thaisbeáint, tar éis a mharcála dhó, i dtreo go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile an chuma inar mharcáil an vótálaidhe sin a vóta.

(5) Gach duine dhéanfaidh éinní, tré ghníomh no tré fhaillí. contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

Imeachta i gcás círéibe le linn na vótaíochta.

23. —(1) Má déantar agus aon uair a déanfar, i reifreann, an vótaíocht in aon áit vótaíochta do chosc ar fad no do bhac, no cur isteach uirthi, le círéib no le fóirneart oscailte, no daoine do chosc le círéib no le fóirneart oscailte ar dhul go háit vótaíochta, déanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil sa dáilcheanntar ina mbeidh an áit vótaíochta san an vótaíocht san áit vótaíochta san do chur ar athló go dtí an chéad lá eile nach Domhnach, Aoine Chéasta, Lá Nodlag, ná lá saoire bainc agus, más gá é, cuirfidh an vótaíocht san ar athló arís go dtí go mbeidh deireadh leis an gcíréib no leis an bhfóirneart oscailte sin.

(2) Aon uair a cuirfear an vótaíocht in áit no in áiteanna vótaíochta i ndáilcheanntar i reifreann ar athló fén alt so ní dhéanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil sa dáilcheanntar san aon bhosca ballóide dar húsáideadh in aon áit vótaíochta sa dáilcheanntar san d'oscailt go dtí go mbeidh an vótaíocht i ngach áit den tsórt san críochnuithe.

Boscaí ballóide no páipéirí ballóide do dhíthiú, etc.

24. —Más rud é, le linn na vótaíochta i reifreann, go dtógfar aon bhoscaí ballóide no páipéirí ballóide as coimeád an chinn chóimrimh áitiúil no oifigigh cheannais no go mbainfear leo go mí-chóir in aon tslí no go ndítheofar iad de thionóisc no d'aon ghnó no (i gcás páipéirí ballóide) go stracfar no go n-agha-loitfear iad go mailíseach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an vótaíocht i ngach áit vótaíochta inar húsáideadh aon bhosca ballóide no páipéar ballóide aca san beidh sí gan. bhrí;

(b) déanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar inar húsáideadh na boscaí ballóide no na páipéirí ballóide sin a chur in úil láithreach don Aire an vótaíocht san do dhul gan bhrí amhlaidh;

(c) ar fháil an eolais dó déanfaidh an tAire láithreach gach ní agus bhéarfaidh gach ordú a mheasfaidh is ceart chun vótaíocht nua do dhéanamh i ngach áit vótaíochta den tsórt san;

(d) déanfar vótaíocht nua i ngach áit vótaíochta den tsórt san do réir na n-orduithe bhéarfaidh an tAire uaidh;

(e) bainfidh an tAcht so leis an vótaíocht nua san fé mar a bhaineann leis an mbun-vótaíocht.

Scoileanna agus foirgintí eile d'úsáid.

25. —(1) Chun an vótaíocht do dhéanamh i reifreann, féadfaidh ceann cóimhrimh áitiúil aon tseomra i scoil do gheibheann deontas as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, agus aon tseomra a mbíonn costas a chothabhála iníoctha as aon ráta áitiúil, d'úsáid gan íoc as agus, mara mbeidh aon tseomra den tsórt san ar fáil, féadfaidh foirgint no seomra do thógaint ar cíos.

(2) Aon uair úsáidfidh ceann cóimhrimh áitiúil seomra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so gan íoc as, féadfaidh aon chostais d'íoc féna raghaidh an duine, a mbeidh an seomra san ar a urláimh, de dhruim é d'úsáid amhlaidh agus íocfaidh as aon damáiste déanfar don tseomra san agus é á úsáid amhlaidh.

(3) Má dhéanann ceann cóimhrimh áitiúil seomra i bhfoirgint neashealbhuithe d'úsáid no do thógaint ar cíos fén alt so ní thiocfaidh de sin go ndlighfidh éinne é do rátú ná aon ráta d'íoc alos na foirginte sin.

(4) Duine bheidh i bhfeighil scoile bheidh buailte no in aice le heaglais no le coinbhint no le haon bhunachán eile creidimh no ina cuid d'aon cheann aca, féadfaidh, fé cheann ceithre huaire fichead a' chluig tar éis fógra d'fháil ón gceann cóimhrimh áitiúil á rá go bhfuil sé ar intinn an scoil sin no aon chuid di d'úsáid fén alt so, agóid a dhéanamh i gcoinnibh na húsáide sin tré ráiteas i scríbhinn ar an agóid sin do chur chun an chinn chóimhrimh sin, agus, air sin, ní dleathach don cheann chóimhrimh sin an scoil sin ná aon chuid di d'úsáid amhlaidh mara dtugaidh ná go dtí go dtabharfaidh an tAire breith in aghaidh na hagóide sin ar iarratas an chinn chóimhrimh sin.

Boscaí ballóide, etc., rialtais áitiúil d'úsáid.

26. —I gcás iomlán aon togh-líomatáiste rialtais áitiúil no aon chuid de do bheith in aon dáilcheanntar áirithe féadfar aon bhoscaí ballóide, aon fheistisí do stáisiúin vótaíochta agus aon eadranna, bheidh curtha ar fáil do thoghcháin rialtais áitiúil sa togh-líomatáiste sin, d'úsáid le haghaidh na vótaíochta i reifreann sa dáilcheanntar san, agus beidh de dhualgas ar an gceann cóimhrimh áitiúil in aon vótaíocht den tsórt san sa dáilcheanntar san na boscaí ballóide, na feistisí agus na headranna réamhráite d'úsáid sa mhéid gur féidir é, agus féachfaidh an chúirt d'fhorálacha an ailt seo le linn a chuntaisí do mheas, agus íocfar mar chuid de chostais an chinn chóimhrimh áitiúil sin aon damáiste seachas caitheamh réasúnta a déanfar d'aon bhoscaí ballóide, feistisí agus eadranna den tsórt san leis an úsáid sin in aon vótaíocht den tsórt san.

Toirmeasc ar vóta do nochtadh.

27. —Ní déanfar in aon imeacht dlí a cheangal ar éinne do vótáil i reifreann a rá conus do vótáil sé sa reifreann san.

Forálacha speisialta i gcás olltoghchán agus reifreann bunreachta do chomóradh ar an aon lá vótaíochta amháin.

28. —Aon uair a bheidh an lá vótaíochta i reifreann bunreachta ina lá vótaíochta in olltoghchán freisin beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas (d'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá san Acht so) i ngach dáilcheanntar ina dtógfar vótaíocht san olltoghchán san, sé sin le rá:—

(a) is san am chéanna, sna háiteanna céanna sa tslí chéanna agus ag na daoine céanna tógfar an votaíocht san reifreann san agus san olltoghchán san;

(b) úsáidfear an marc oifigiúil céanna i gcóir na bpáipéirí ballóide sa reifreann san a húsáidfear i gcóir na bpáipéirí ballóide san olltoghchán san;

(c) ní bheidh na páipéirí ballóide san olltoghchán san ar aon-dath leis na páipéirí ballóide sa reifreann san, agus chuige sin is tuigthe gur dath an bán;

(d) sínfear an páipéar ballóide i gcóir an reifrinn sin chun gach vótálaidhe no, i gcás vótálaithe ar liost na bpostvótálaithe, cuirfear chun gach vótálaidhe é an tráth céanna a déanfar an páipéar ballóide i gcóir an olltoghcháin sin do shíneadh no do chur chuige;

(e) féadfaidh an ceann cóimhrimh, más ceart san dar leis, boscaí ballóide ar leithligh do sholáthar le haghaidh na bpáipéirí ballóide i gcóir an reifrinn sin agus le haghaidh na bpáipéirí ballóide i gcóir an olltoghcháin sin;

(f) má déantar boscaí ballóide ar leithligh den tsórt san do sholáthar amhlaidh, ní bheidh páipéar ballóide i gcóir an reifrinn sin nea-mbailidhe de thoisc amháin é chur isteach i mbosca ballóide do soláthruíodh le haghaidh páipéirí ballóide i gcóir an olltoghcháin sin, agus ní bheidh páipéar ballóide i gcóir an olltoghcháin sin neambailidhe de thoisc amháin é chur isteach i mbosca ballóide do soláthruíodh le haghaidh páipéirí ballóide i gcóir an reifrinn sin;

(g) mara ndéantar boscaí ballóide ar leithligh den tsórt san do sholáthar amhlaidh, cuirfear na páipéirí ballóide i gcóir an reifrinn sin agus na páipéirí ballóide i gcóir an olltoghcháin sin isteach sna boscaí ballóide céanna.

Feidhm an Achta chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 .

29. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na páirteanna so leanas den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) , maidir le gach reifreann, sé sin le rá:—

(a) Cuid I, ach amháin alt 7;

(b) i gCuid II, ailt 9, 10, 13 agus 15;

(c) i gCuid III, ailt 25 agus 26;

(d) i gCuid VIII, ailt 44, 45, 46, 49, 52, 53 agus 56.

(2) Chun críche na feidhme bheidh ag na páirteanna san den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) , maidir le reifreann de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so—

(a) léireofar an focal “toghchán” agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina n-úsáidtear é gan choinníoll sna páirteanna san den Acht san, mar fhocal fholuíonn reifreann;

(b) léireofar an abairt “Dáil-toghchán” agus an abairt “Dáil-toghchán no Seanad-toghchán” agus beidh éifeacht aca i ngach áit ina bhfuilid fé seach sna páirteanna san den Acht san mar abairtí fholuíonn reifreann;

(c) ní tabharfar áird ar aon tagairt atá sna páirteanna san den Acht san d'iarrthóirí;

(d) ní tabharfar áird ar na focail “éinne áirithe do thogha chun fónamh san Oireachtas, no chun” i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht san, ná ar na focail “togha éinne áirithe chun fónamh san Oireachtas do chur in áirithe no” i bhfo-alt (3) den alt san;

(e) cuirfear i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Acht san an cheist “Ar vótálais cheana sa reifreann so?” in ionad na ceiste luaidhtear sa bhfo-alt san;

(f) déanfar an abairt “gníomhaire pearsanála” do léiriú, in ailt 25 agus 26 den Acht san, mar abairt a chialluíonn gníomhaire pearsanála arna cheapadh fén Acht so;

(g) léireofar an abairt “ceann cóimhrimh” agus beidh éifeacht aici in alt 46 den Acht san mar abairt fholuíonn ceann cóimhrimh an reifrinn agus ceann cóimhrimh áitiúil;

(h) déanfar na focail “imeachta ar siúl i láthair cúirte toghcháin” do léiriú, in alt 52 den Acht san, mar fhocail a chialluíonn triail achuinge reifrinn i láthair na hArd-Chúirte, agus léireofar na focail “tuairisc na cúirte sin” mar fhocail a chialluíonn ordú deiridh na hArd-Chúirte ar an triail sin.

(3) Beidh i ngach liost de chleachtanna cuirpthe agus neadhleathacha a hullmhófar de bhun ailt 43 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) , ainm agus tuairisc gach duine bheidh ciontuithe ag cúirt ar bith i gcleacht cuirpthe no nea-dhleathach do réir bhrí an Achta san i reifreann.

An deimhniú reifrinn sealadach.

30. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta i reifreann in aon dáilcheanntar áirithe, déanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar san, do réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, na vótaí bheidh tugtha ina dháilcheanntar do chóimhreamh agus toradh an chóimhrimh sin do thuairisciú do cheann chóimhrimh an reifrinn.

(2) Nuair a bheidh an tuairisc faighte ag ceann cóimhrimh an reifrinn o gach ceann cóimhrimh áitiúil ar thoradh chóimhreamh na vótaí bheidh tugtha ina dháilcheanntar ag an vótaíocht i reifreann, déanfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn deimhniú (dá ngairmtear an deimhniú reifrinn sealadach san Acht so), ina luadhfar sonnraí na vótaíochta sa reifreann san agus toradh an chéanna, d'ullmhú agus do shighniú agus d'fhoillsiú do réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Aon uair a chuirfidh Máistir na hArd-Chúirte in úil i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn maidir le deimhniú reifrinn sealadach ná dearnadh aon achuinge reifrinn i dtaobh an deimhnithe sin do thíolacadh laistigh den am a ceaptar leis an Acht so no go bhfuil gach achuinge reifrinn do tíolacadh i dtaobh an reifrinn sin tagtha chun bheith gan bhrí gan éifeacht, tiocfaidh an deimhniú reifrinn sealadach san (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) chun bheith agus beidh ina dheimhniú dheiridh agus ní bheidh sé ionchonspóidthe in aon chúirt agus beidh ina fhianaise dho-chlaoite ar an vótáil sa reifreann lena mbainfidh an deimhniú san agus ar thoradh an reifrinn sin.

Oifigigh do phionósú bheidh ciontach i mór-fhaillí.

31. —Aon cheann cóimhrimh áitiúil, oifigeach ceannais, cléireach no duine eile ar a mbeidh dualgais maidir le seoladh reifrinn in aon dáilcheanntar agus a dhéanfaidh aon mhí-ghníomhas toiliúil no mór-fhaillitheach no aon ghníomh no maineachtain mhórfhaillitheach contrárdha don Acht so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

An tAire do thabhairt treoracha amach.

32. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair a mheasfaidh gur ceart san a dhéanamh, pé treoracha, i dtaobh stiúradh na vótaíochta (le na n-áirmhítear na boscaí ballóide d'oscailt agus na vótaí do chóimhreamh) i reifreann, do thabhairt amach do na cinn chóimhrimh áitiúla uile no d'éinne aca, is riachtanach no oiriúnach, dar leis, chun a áirithiú go raghaidh an reifreann san ar aghaidh go héascaidh agus go héifeachtúil agus chun a áirithiú gur aon nós imeachta amháin a bhainfidh leis sna dáilcheanntair uile.

(2) Beidh de dhualgas ar gach ceann cóimhrimh áitiúil gach treoir do bhéarfaidh an tAire dhó fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do choimeád agus do chólíonadh.

(3) Má thárlann aon deacracht do bhaint le reifreann do thógaint féadfaidh an tAire, le hordú, socrú do dhéanamh i dtaobh éinní, no aon rud do dhéanamh, ná beidh buiniscionn leis an Acht so, is dóich leis is gá chun an reifreann san do thógaint sa cheart.

(4) Ní ceanglófar ar aon cheann cóimhrimh áitiúil ná ní húdarófar dó, le treoir do bhéarfaidh an tAire dhó fén alt so ná le hordú dhéanfaidh fé, éinní do dhéanamh (tré ghníomh no tré fhaillí) a bheidh contrárdha don Acht so no do sháródh, go díreach no go nea-dhíreach, seicréideacht na ballóide.