4 1942


Uimhir 4 de 1942.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A DÓ CEATHRACHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A TRÍ CEATHRACHAD.

[30adh Márta, 1942.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

£1,551,938 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milleon Cúig Chéad agus Aon Mhíle Caogad Naoi gCéad agus Ocht bPúint Tríochad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a dó ceathrachad.

£13,445,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1943.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Trí Mhilleon Déag Ceithre Chéad agus Cúig Mhíle Ceathrachad Punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a trí ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £14,996,938 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná Ceithre Mhilleon Déag Naoi gCéad agus Sé Mhíle Nóchad Naoi gCéad agus Ocht bPúint Tríochad d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach agus iad fén ráta úis sin, agus fós fé réir na gcoinníollacha san i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostas fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar tré urrúis ar n-a dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1942 , do ghairm den Acht so.