28 1941


Uimhir 28 de 1941.


ACHT TOGHACHÁIN, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN A THOIRMEASC AR DHAOINE NA BEIDH BLIAIN AGUS FICHE SLÁN ACA VÓTÁIL I dTOGHACHÁIN DO CHOMHALTAÍ DE DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE LEANAS AS AN TOIRMEASC SAN NO GHABHAS LEIS. [16adh Mí na Nodlag, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Toirmeasc ar mhion-aoisigh do thabhairt vóta.

1. —Ní bheidh duine ar bith ná beidh bliain agus fiche slán aige i dteideal vóta do thabhairt i dtoghachán (pé aca toghachán generálta no toghachán corr é) do chomhaltaí no do chomhalta de Dháil Éireann.

Alt 29 den Acht Timpeal Toghacháin, 1923. do leasú.

2. —Deintear leis seo alt 29 den Acht Timpeal Toghacháin, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh ceann cóimhrimh no a ionadaidhe, agus déanfaidh má hiarrtar air é thar ceann iarrthóra ar bith, an cheist seo leanas (léi féin no maraon le ceann amháin no gach ceann den dá cheist a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 29) do chur chun aon vótálaidhe le linn dó a vóta do thairgsint, ach ní dá éis sin, sé sin le rá:—

“An bhfuil bliain agus fiche slán agat?”;

(b) má dheineann duine chun a gcuirfear an cheist a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo den alt so freagra diúltach do thabhairt ar an gceist sin ní leigfear dó vóta do thabhairt;

(c) deintear leis seo na focail “agus go bhfuil bliain agus fiche slán agam” do chur i ndeireadh na móide no an dearbhuithe atá leagtha amach i bhfo-alt (2) den alt san 29 agus beid ina gcuid den chéanna;

(d) léireofar fo-alt (3) den alt san 29 agus beidh éifeacht aige fé réir forálacha an ailt seo;

(e) beidh ar na cúiseanna atá curtha síos i bhfo-alt (4) den alt san 29 an chúis go bhfeictear don cheann chóimhrimh no dá ionadaidhe, ar é do chur na ceiste a luaidhtear i mír (a) den alt so chun duine a bheidh ag tairgsint a vóta, gan bliain agus fiche do bheith slán ag an duine sin.

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo alt 25 den Parliamentary Elections (Ireland) Act, 1823.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Toghacháin, 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghacháin, 1923 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna Toghacháin, 1923 go 1936, agus den Acht so le chéile.