Ar Aghaidh (SCEIDEAL.—Cuid I.)

26 1941


Uimhir 26 de 1941.


ACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN EUG, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN BUANÚ AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN EUG. [2adh Mí na Nodlag, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchtanna sa Sceideal do choimeád beo.

1. —(1) Na hAchtanna luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, coimeádtar beo iad, sa mhéid adeirtear sa tríú colún den Sceideal san, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodalg, 1942, agus raghaid in eug ansan mara gcoimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe leasuíonn na hachtacháin, no dheineann deifir do sna hachtacháin, a coimeádtar beo leis an alt so, coimeádtar beo ar an gcuma gcéanna iad, sa mhéid gur diombuan a ré, pé aca luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so iad no ná luaidhtear.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Eug, 1941 , do ghairm den Acht so.