|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Coluchtai do Cheadunu a Dheineann Margantaiocht d'fhonn Pagh no Coinniollacha eile Fostaiochta do Cheapadh.) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Earlaisi.) |
ACHT CEÁRD-CHUMANN, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Bunu agus Feidhmeanna Bhinse na gCeard-Chumann. | |
[EN] |
Tosach feidhme Coda III. |
18. —Tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh ar an dáta san, nach luaithe ná sé mhí tar éis an dáta ar a dtiocfaidh alt 6 den Acht so i ngníomh, a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú. |
[EN] |
Míniú chun crícheanna Coda III. |
19. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “ceárdchumann” ceárd-chuman is sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta ar n-a dheonadh fé Chuid II den Acht so. |
[EN] |
Binse na gCeárd-Chumann do bhunú. |
20. —Féadfaidh an tAire binse do bhunú, ar a dtabharfar Binse na gCeárd-Chumann (dá ngairmtear an Binse sa Chuid seo den Acht so) agus a bheidh có-dhéanta de chathaoirleach agus ceathrar gnáth-bhall, chun na bhfeidhmeanna ceaptar dó leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh. |
[EN] |
Cathaoirleach an Bhinse. |
21. —(1) Isé bheidh ina chathaoirleach ar an mBinse ná abhcóide bhíonn ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige no atúrnae bhíonn ag cleachtadh a ghairme agus an seasamh céanna san aige no duine go dtaithighe ar oibriú ceárd-chumann no ar shocrú diospóidí céirde, agus déanfaidh an tAire é cheapadh le haghaidh na tréimhse sin, nach sia ná cúig bliana, is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Cathaoirleach an Bhinse do chur as oifig aon uair agus féadfaidh an cathaoirleach féin eirghe as a oifig aon uair. | |
[EN] | (3) Íocfar le cathaoirleach an Bhinse pé táillí no luach saothair eile chinnfidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (4) Má bhíonn cathaoirleach an Bhinse, ar aon chúis, neamhinniúil go sealadach ar shuidheanna an Bhinse do fhreastal, féadfaidh an tAire duine eile, gusna eáilíochta luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, do cheapadh chun gníomhú go sealadach mar chathaoirleach ar an mBinse faid a mhairfidh an neamhinniúlacht san. | |
[EN] |
Painéil de dhaoine is incheaptha ina ngnáth-bhaill den Bhinse. |
22. —(1) Coimeádfaidh an tAire dhá phainéal de dhaoine is incheaptha ina ngnáth-bhaill den Bhinse, eadhon, painéal (dá ngairmtear painéal na máistrí sa Chuid seo den Acht so) de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag ceárd-chumainn mháistrí agus ag cóluchtaí is dóich leis an Aire do bheith ionaduitheach do sna ceárd-chumainn sin no don tionnscal, agus painéal eile (dá ngairmtear painéal na bhfear oibre sa Chuid seo den Acht so) de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag ceárd-chumainn fear oibre agus ag cóluchtaí is dóich leis an Aire do bheith ionaduitheach do sna ceárd-chumainn sin. |
[EN] | (2) Beidh de cheart ag gach cólucht fé leith a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so duine amháin d'ainmniú chun painéal na máistrí no chun painéal na bhfear oibre (fé mar is oiriúnach). | |
[EN] |
Gnáth-bhaill an Bhinse do cheapadh. |
23. —(1) Ceapfar beirt de ghnáth-bhaill an Bhinse o phainéal na máistrí agus an bheirt eile o phainéal na bhfear oibre. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire gach gnáth-bhall den Bhinse do cheapadh le haghaidh na tréimhse sin, nach sia ná cúig bliana, is dóich leis is ceart. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire aon ghnáth-bhall den Bhinse do chur as oifig aon uair agus féadfaidh aon ghnáth-bhall den Bhinse eirghe as oifig aon uair. | |
[EN] | (4) Íocfar le gach gnáth-bhall den Bhinse pé táillí no luach saothair eile chinnfidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (5) Má bhíonn aon ghnáth-bhall den Bhinse ar chúis ar bith neamh-inniúil go sealadach ar shuidheanna an Bhinse do fhreastal, féadfaidh an tAire duine eile ón bpainéal céanna o n-ar ceapadh an ball san do cheapadh chun gníomhú go sealadach ina bhall den Bhinse faid a mhairfidh an neamh-inniúlacht san. | |
[EN] |
Có-dhéanamh an Bhinse le linn suidheanna. |
24. —(1) Suidhfidh triúr ball den Bhinse ag gach suidhe den Bhinse agus isiad triúr ball iad san ná— |
[EN] | (a) más ceárd-chumann máistrí do rinne an t-iarratas iomchuibhe chun an Bhinse—an cathaoirleach agus na baill a bheidh ceaptha o phainéal na máistrí, agus | |
[EN] | (b) más ceárd-chumann fear oibre do rinne an t-iarratas san— an cathaoirleach agus na baill a bheidh ceaptha o phainéal na bhfear oibre. | |
[EN] | (2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, más dóich leis an Aire leas do bheith ag aon ghnáth-bhall den Bhinse go díreach in aon cheann de sna ceárd-chumainn agá mbeidh baint le hiarratas chun an Bhinse, ní shuidhfidh an ball san ag an suidhe den Bhinse agá n-éistfear an t-iarratas san agus suidhfidh duine eile, a cheapfaidh an tAire ón bpainéal céanna o n-ar ceapadh an ball san, ag an suidhe sin in ionad an bhaill sin. | |
[EN] | (3) Ag gach suidhe den Bhinse féadfaidh an Binse gníomhú tré mhóráireamh ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so. | |
[EN] |
Feidhmeanna an Bhinse maidir le ceárd-chumainn mháistrí. |
25. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, má dheineann ceárdchumann, adeir furmhór na máistrí d'aon aicme áirithe do bheith có-eagruithe aige chun margántaíocht do dhéanamh d'fhonn págh agus coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh, a iarraidh ar an mBinse a chinneadh gur ag an gceárd-chumann san amháin a bheidh sé de cheart máistrí den aicme sin do chó-eagrú amhlaidh, ansan, tar éis don Bhinse an t-iarratas sin d'éisteacht agus cúrsaí uile an cháis do bhreithniú, déanfaidh, fé mar is dóich leis is ceart ar mhaithe leis an bpuiblíocht,— |
[EN] | (a) a chinneadh amhlaidh, no | |
[EN] | (b) diúltú do chinneadh amhlaidh, no | |
[EN] | (c) a chinneadh gur ag dhá cheárd-chumann áirithe no níos mó, agus aca san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí den aicme sin do chó-eagrú. | |
[EN] | (2) Ní chinnfidh an Binse fén alt so gur ag ceárd-chumann a bheidh cláruithe fé dhlí tíre eile agus a mbeidh a urlámhas ceanncheathrún sa tír sin no ag dhá cheárd-chumann no níos mó den tsórt san, agus aige-sean no aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí d'aon aicme áirithe do chó-eagrú. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh iarratas á bhreithniú fén alt so, éistfidh an Binse gach duine ar mian leis go n-éistfí é agus a bhfeicfear leas do bheith aige san iarratas san, agus glacfaidh aon fhianaise thairgfidh an duine sin. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an ailt seo féadfar máistrí d'aicmiú do réir aicme le n-a mbainid, do réir líomatáiste ina ndeinid trádáil, no do réir aicme den tsórt san agus líomatáiste den tsórt san, agus léireofar an focal “aicme” san alt so dá réir sin. | |
[EN] |
Feidhmeanna an Bhinse maidir le ceárd-chumainn fear oibre. |
26. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, má dheineann ceárdchumann, adeir furmhór na bhfear oibre d'aon aicme áirithe do bheith có-eagruithe aige chun margántaíocht do dhéanamh d'fhonn págh agus coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh, a iarraidh ar an mBinse a chinneadh gur ag an gceárd-chumnn san amháin a bheidh sé de cheart fir oibre den aicme sin do chó-eagrú amhlaidh, ansan, tar éis don Bhinse an t-iarratas san d'éisteacht agus cúrsaí uile an cháis do bhreithniú, déanfaidh, fé mar is dóich leis is ceart ar mhaithe leis an bpuiblíocht,— |
[EN] | (a) a chinneadh amhlaidh, no | |
[EN] | (b) diúltú do chinneadh amhlaidh, no | |
[EN] | (c) a chinneadh gur ag dhá cheárd-chumann áirithe no níos mó, agus aca san amháin, a bheidh sé de cheart fir oibre den aicme sin do chó-eagrú. | |
[EN] | (2) Ní chinnfidh an Binse fén alt so gur ag ceárd-chumann a bheidh cláruithe fé dhlí tíre eile agus a mbeidh a urlámhas ceanncheathrún sa tír sin no ag dhá cheárd-chumann no níos mó den tsórt san, agus aige-sean no aca-san amháin, a bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú. | |
[EN] | (3) Sara gcinnidh an Binse fén alt so gur ag ceárd-chumann áirithe agus aige-sean amháin a bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, féadfaidh an Binse a cheangal ar an gceárd-chumann san a chruthú don Bhinse ná raghaidh an cinneadh sin chun dochair d'aon chirt no teidil chun sochar a bheidh de thurus na huaire ag aon fhir oibre den tsórt san mar bhaill de cheárd-chumann. | |
[EN] | (4) Sara gcinnidh an Binse fén alt so gur ag ceárd-chumann áirithe no ag ceárd-chumainn áirithe, agus aige-sean no aca-san amháin, a bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, féadfaidh an Binse, más dóich leis gur ceart é, a cheangal ar an gceárd-chumann no ar na ceárd-chumainn sin a chruthú don Bhinse go soláthróidh an ceárd-chumann no na ceárdchumainn sin fostaíocht oiriúnach no cúiteamh réasúnta le haghaidh aon oifigeach de cheárd-chumann a chaillfidh a bhfostaíocht de dheascaibh an chinnte sin. | |
[EN] | (5) Nuair a bheidh iarratas á bhreithniú fén alt so, éistfidh an Binse gach duine ar mian leis go n-éistfí é agus a bhfeicfear leas do bheith aige san iarratas san, agus glacfaidh aon fhianaise thairgfidh an duine sin. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfaidh aon chomhlachas fuirinne stát-sheirbhíse aon iarratas chun an Bhinse fén alt so. | |
[EN] | (7) Chun crícheanna an ailt seo féadfar fir oibre d'aicmiú do réir aicme le n-a mbainid, do réir líomatáiste ina n-oibríd, no do réir aicme den tsórt san agus líomatáiste den tsórt san, agus léireofar an focal “aicme” san alt so dá réir sin. | |
[EN] |
Ballóidí. |
27. —(1) Sara ndeinidh cinneadh fén alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an Binse, d'fhonn teacht ar an tuairim, i dtaobh an chinnte sin, a bheidh ag na fir oibre le n-a mbainfidh an cinneadh sin dar leis an mBinse, socrú do dhéanamh chun pé ballóid no ballóidí is dóich leis an mBinse is ceart do chur ar siúl imeasc na bhfear oibre sin no aon aicme no aicmí de sna fir oibre sin. |
[EN] | (2) Más ballóid imeasc ball de cheárd-chumann áirithe ballóid fén alt so, féadfaidh an Binse a cheangal ar an gceárd-chumann san an bhallóid sin do dhéanamh do réir ordachán an Bhinse agus toradh na ballóide sin do thuairisciú don Bhinse. | |
[EN] | (3) Má fhágann aon cheárd-chumann aon cheanglas ón mBinse fén alt so gan cólíonadh beidh an ceárd-chumann san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air. | |
[EN] |
Srian le hiarratais chun an Bhinse. |
28. —(1) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag dhá cheárd-chumann no níos mó, agus aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní dhéanfaidh aon cheann no cinn de sna ceárd-chumainn sin iarratas chun an Bhinse ina dhiaidh sin maidir le máistrí no fir oibre den aicme sin go ceann cúig mblian ar a laighead tar éis dáta an chinnte sin. |
[EN] | (2) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag ceárd-chumann áirithe no ag dhá cheárd-chumann áirithe no níos mó, agus aigesean no aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní dhéanfaidh aon cheárdchumann eile iarratas chun an Bhinse ina dhiaidh sin maidir le máistrí no fir oibre den aicme sin go ceann cúig mblian ar a laighead tar éis dáta an chinnte sin no, i gcás an cinneadh sin do cheiliúradh i rith na gcúig mblian san, go dtí tar éis an cheiliúrtha san. | |
[EN] |
Fógra á iarraidh go n-athscrúdófaí cinneadh ón mBinse |
29. —Aon cheárd-chumann ar a ngoillfidh cinneadh ón mBinse féadfaidh, fé cheann mí tar éis dáta an chinnte sin, fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire á rá go dteastuíonn ón gceárdchumann san go n-athscrúdófaí an cinneadh sin, ach ní dhéanfaidh tabhairt an fhógra san deifir d'oibriú an chinnte sin. |
[EN] |
Bord Athchomhairc do bhunú. |
30. —(1) Pé uair a gheobhaidh an tAire fógra fén alt deiridh sin roimhe seo maidir le haon chinneadh ón mBinse, bunóidh an tAire Bord (dá ngairmtear Bord Athchomhairc sa Chuid seo den Acht so) chun an chinnte sin d'athscrúdú agus cuirfidh an cinneadh sin fé bhráid an Bhuird sin chun é d'athscrúdú. |
[EN] | (2) Isiad a bheidh ar gach Bord Athchomhairc ná— | |
[EN] | (a) cathaoirleach is Breitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda ar n-a ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte, agus | |
[EN] | (b) dhá ghnáth-bhall ar n-a n-ainmniú ag an Aire— | |
[EN] | (i) i gcás an cinneadh iomchuibhe do bhaint le ceárd-chumann máistrí no ceárd-chumainn mháistrí, o phainéal na máistrí, agus | |
[EN] | (ii) i gcás é bhaint le ceárd-chumann fear oibre no ceárd-chumainn fear oibre, o phainéal na bhfear oibre. | |
[EN] | (3) Duine a hainmneofar fé mhír (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so— | |
[EN] | (a) ní bheidh sé ina dhuine ba bhall den Bhinse nuair a rinneadh an cinneadh a bheidh le hathscrúdú, agus | |
[EN] | (b) beidh sé ina dhuine gan leas aige go díreach, dar leis an Aire, in aon cheann de sna ceárd-chumainn le n-a mbainfidh an cinneadh sin. | |
[EN] | (4) Íocfar le gach gnáth-bhall de Bhord Athchomhairc pé táillí no luach saothair eile chinnfidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Feidhmeanna Bhuird Athchomhairc. |
31. —I gcás cinneadh ón mBinse do chur fé bhráid Buird Athchomhairc chun é d'athscrúdú, éistfidh an Bord Athchomhairc gach duine ar mian leis go n-éistfí é agus a bhfeicfear leas do bheith aige sa chinneadh sin agus glacfaidh aon fhianaise thairgfidh an duine sin, agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) má bhíonn an Bord Athchomhairc ar aon intinn, tar éis cúrsaí uile an cháis do bhreithniú,— | |
[EN] | (i) ná téigheann an cinneadh sin chun leasa don phuiblíocht, no | |
[EN] | (ii) más le ceárd-chumann no ceárd-chumainn fear oibre bhaineann an cinneadh sin, ná dearna an Binse leor-chosnamh, le linn an cinneadh sin do dhéanamh, ar na cirt agus na teidil chun sochar atá ag aon fhir oibre a dtéigheann an cinneadh sin chun dochair dóibh no ar staid oifigeach ceárdchumann a dtéigheann an cinneadh sin chun dochair dóibh, no | |
[EN] | (iii) ná dearna an Binse an cinneadh sin i bhfuirm sáthach cruinn, | |
[EN] | déanfaidh an Bord, ar fhorais a luadhfaidh, an cinneadh sin do chur thar n-ais chun an Bhinse chun é d'athbhreithniú, | |
[EN] | (b) in aon chás eile diúltóidh an Bord Athchomhairc do bhaint leis an gcinneadh sin. | |
[EN] |
Feidhmeanna an Bhinse i gcás cinneadh do chur thar n-ais chúcha. |
32. —(1) I gcás cinneadh do chur thar n-ais chun an Bhinse fén alt deiridh sin roimhe seo chun é d'athbhreithniú, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) má bhíonn an Binse ar aon intinn nach gá aon atharú do dhéanamh ar an gcinneadh sin, diúltóidh an Binse do bhaint leis an gcinneadh sin, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, ceiliúrfaidh cathaoirleach an Bhinse an cinneadh sin gan aon chinneadh nua do dhéanamh no déanfaidh cinneadh nua ina mbeidh tuairimí an Bhúird Athchomhaire (pé taobh aca san is oiriúnach ag féachaint do thuairimí an Bhuird Athchomhairc). | |
[EN] | (2) Má dheineann an cathaoirleach cinneadh fé mhír (b) den fho-alt san roimhe seo, is tuigthe gur cinneadh ón mBinse an cinneadh sin agus ní bheidh aon dul thairis ná ní féadfar é d'athscrúdú. | |
[EN] |
Cinneadh ón mBinse do cheiliúradh. |
33. —(1) Má deintear cinneadh fén gCuid seo den Acht so maidir le máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe agus, díreach roimh an gcinneadh sin do dhéanamh, go mbeidh cinneadh i bhfeidhm do rinneadh roimhe sin fén gCuid seo den Acht so maidir le máistrí no fir oibre den aicme sin, oibreoidh an chéad chinneadh sin chun an cinneadh sin do rinneadh roimhe do cheiliúradh. |
[EN] | (2) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag aon cheárdchumann amháin áirithe bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú agus go gceiliúrfar ina dhiaidh sin an ceadúnas margántaíochta do deonadh don cheárd-chumann san fé Chuid II den Acht so, oibreoidh an ceiliúradh san chun an cinneadh sin do cheiliúradh freisin. | |
[EN] | (3) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag dhá cheárdchumann no níos mó, agus aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú agus go gceiliúrfar ina dhiaidh sin an dá cheadúnas mhargántaíochta no na ceadúnais mhargántaíochta uile do deonadh do sna ceárdchumainn sin fé Chuid II den Acht so, oibreoidh an dara ceann no an ceann is déanaighe de sna ceiliúrtha san chun an cinneadh sin do cheiliúradh freisin. | |
[EN] | (4) Pé uair a ceiliúrfar ceadúnas margántaíochta le n-a mbaineann fo-alt (2) no fo-alt (3) den alt so, déanfaidh an tAire pé ní is leor dar leis, tré fhógraí d'fhoillsiú sa phreas phuiblí no ar shlí eile, chun a chur in úil do dhaoine ar deallrathach an ceiliúradh san do dhéanamh deifre dhóibh go bhfuil an ceadúnas margántaíochta san ceiliúrtha. | |
[EN] |
A dtiocfaidh do chinneadh ón mBinse. |
34. —(1) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag aon cheárd-chumann amháin áirithe bheidh sé de cheart máistrí d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní ghlacfaidh aon cheárd-chumann eile ina dhiaidh sin, faid a bheidh an cinneadh sin gan ceiliúradh, le haon mháistir den aicme sin mar bhall nua. |
[EN] | (2) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag dhá cheárdchumann no níos mó, agus aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní ghlacfaidh aon cheárd-chumann eile ina dhiaidh sin, faid a bheidh an cinneadh sin gan ceiliúradh, le haon mháistir den aicme sin mar bhall nua. | |
[EN] | (3) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag aon cheárdchumann amháin áirithe bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní ghlacfaidh aon cheárd-chumann eile ina dhiaidh sin, faid a bheidh an cinneadh sin gan ceiliúradh, le haon fhear oibre den aicme sin mar bhall nua. | |
[EN] | (4) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag dhá cheárdchumann no níos mó, agus aca san amháin, a bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní ghlacfaidh aon cheárd-chumann eile ina dhiaidh sin, faid a bheidh an cinneadh sin gan ceiliúradh, le haon fhear oibre den aicme sin mar bhall nua. | |
[EN] | (5) D'ainneoin éinní atá san alt so— | |
[EN] | (a) ní shroichfidh aon chinneadh fén gCuid seo den Acht so chun aon chomhlachais fhuirinne stát-sheirbhíse ná ní bheidh feidhm aige maidir leis, ná | |
[EN] | (b) ní oibreoidh sé chun a chosc ar aon chó-eagras oidí bheidh admhuithe ag an Aire Oideachais glacadh le múinteoir ar bith mar bhall nua den chó-eagras san, ná | |
[EN] | (c) ní oibreoidh sé chun a chosc ar aon cheárd-chumann ná deineann margántaíocht chun págh no coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh glacadh le duine ar bith mar bhall nua. | |
[EN] | (6) Má thárlann, maidir le haon cheárd-chumann, go sárófar aon fho-alt den alt so, beidh gach duine fé leith de sna baill agus de sna hoifigigh sin den cheárd-chumann san do thoiligh leis an sárú san no d'urasuigh é agus fós, i gcás ceárd-chumainn ar n-a chlárú fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, an ceárd-chumann féin ciontach, gach taobh aca, i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air. | |
[EN] |
E d'oblagáid ar cheárd-chumann duine do ghlacadh mar bhall. |
35. —(1) Má thárlann— |
[EN] | (a) go gcinnfear fén gCuid seo den Acht so gur ag aon cheárdchumann amháin áirithe bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, agus | |
[EN] | (b) le linn an cinneadh sin do bheith gan ceiliúradh, go ndéanfaidh duine adeir gur máistir no fear oibre den aicme sin é a iarraidh go cuibhe go nglacfaí é ina bhall den cheárd-chumann san agus a gheallúint go gcólíonfaidh a chuid rialacha, | |
[EN] | déanfaidh an ceárd-chumann san— | |
[EN] | (i) más deimhin leis gur neamh-inmhianuithe an duine sin do ghlacadh ina bhall den cheárd-chumann san toisc a dhroch-charachtair no toisc é ionnarbadh roimhe sin as an gceárd-chumann san mar gheall ar mhór-shárú no síor-shárú ar a chuid rialacha, diúltú, le hordú (dá ngairmtear ordú diúltuithe san alt so), do ghlacadh leis an duine sin mar bhall, no | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, glacadh leis an duine sin mar bhall. | |
[EN] | (2) Luadhfar i ngach ordú diúltuithe cad is forais dó. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an duine le n-a mbainfidh ordú diúltuithe athchomharc do dhéanamh chun Breithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina mbeidh gnáth-chomhnaidhe ar an duine sin á iarraidh go gcuirfí an t-ordú diúltuithe sin ar nea-mbrí agus féadfaidh an Breitheamh san an t-ordú diúltuithe sin do chur ar nea-mbrí no diúltú d'é chur ar nea-mbrí, fé mar a mheasfaidh is ceart. | |
[EN] | (4) Nuair a beifear á iarraidh ar an gCúirt Dúithche ordú diúltuithe do chur ar nea-mbrí ní tabharfar in aghaidh an iarratais sin aon fhoras seachas foras a bheidh luaidhte san ordú san. | |
[EN] | (5) Má cuirtear ordú diúltuithe ar nea-mbrí fén alt so, déanfaidh an ceárd-chumann a bheidh i gceist an duine le n-ar bhain an t-ordú diúltuithe sin do ghlacadh ina bhall. | |
[EN] | (6) Má thárlann do cheárd-chumann— | |
[EN] | (a) i gcás le n-a mbainfidh fo-alt (1) den alt so, ná déanfaidh ordú diúltuithe agus ná glacfaidh leis an neach iarrtha ballraíochta bheidh i gceist mar bhall, no | |
[EN] | (b) nuair a bheidh ceangailte air de bhuadh fo-ailt (5) den alt so glacadh le haon duine áirithe mar bhall, ná déanfaidh amhlaidh, | |
[EN] | beidh gach duine fé leith de sna baill agus de sna hoifigigh den cheárd-chumann san do thoiligh leis an bhfaillighe sin no d'urasuigh í agus, i gcás ceárd-chumainn ar n-a chlárú fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, an ceárd-chumann féin, ciontach, gach taobh aca, i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air. | |
[EN] |
Rialacháin le haghaidh imeachtaí i láthair an Bhinse agus Bord Athchomhairc. |
36. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) tráthanna agus áiteanna suidheanna an Bhinse agus Bord Athchomhairc; | |
[EN] | (b) na daoine dá dtabharfar agus na tráthanna agus an tslí ina dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Bhinse agus Bord Athchomhairc; | |
[EN] | (c) an phuiblíocht do leigint isteach chun suidheanna an Bhinse agus Bord Athchomhairc no do dhúnadh amach uatha; | |
[EN] | (d) na nithe eile sin, maidir le cleachtadh agus nós imeachta an Bhinse agus Bord Athchomhairc, is dóich leis an Aire is gá no is oiriúnach chun gnó an Bhinse agus Bord Athchomhairc do sheoladh sa cheart; | |
[EN] | (e) na táillí is iníoctha fé alt 38 den Acht so. | |
[EN] | (2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san. | |
[EN] |
Fínnithe do theacht i láthair, etc. |
37. —(1) Chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Bhinse no de Bhord Athchomhairc daoine do chur fé mhionn) no ar shlí eile agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt ar áird beidh ag an mBinse agus ag Bord Athchomhairc na comhachta, na cirt, agus na príbhléidí sin uile atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh di maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh Chathaoirleach an Bhinse no Buird Athchomhairc ar aon-dul agus ar aon-éifeacht le próiseas fuirmiúil ar n-a thabhairt amach ag an Ard-Chúirt chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair no a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt ar áird, fé mar a bheidh. |
[EN] | (2) Má thárlann do dhuine ar bith— | |
[EN] | (a) ar a ghairm go cuibhe mar fhínné os cóir an Bhinse no Buird Athchomhairc, go bhfailleoidh teacht i láthair, no | |
[EN] | (b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, go ndiúltúidh do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Binse no Bord Athchomhairc go dlíthiúil air a thabhairt, no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a urláimh do thabhairt ar áird a cheanglóidh an Binse no Bord Athchomhairc go dlíthiúil air a thabhairt ar áird, no d'aon cheist áirithe do fhreagairt a cheanglóidh an Binse no Bord Athchomhairc go dlíthiúil air a fhreagairt, no | |
[EN] | (c) go ndéanfaidh éinní do bheadh, dá mba Chúirt Bhreithiúnais go gcomhacht chun duine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh cúirte an Binse no Bord Athchomhairc, ina dhísbeagadh ar an gCúirt sin, | |
[EN] | féadfaidh an Binse no an Bord Athchomhairc sin cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú do dhéanamh a mheasfaidh is ceart, an duine sin do phionósú, no slí do ghlacadh chun é phionósú, fé is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh na Cúirte sin. | |
[EN] | (3) Beidh teideal ag fínné bheidh i láthair an Bhinse no Buird Athchomhairc chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é. | |
[EN] |
Táillí. |
38. —(1) I gcás ceard-chumann do dhéanamh iarratais chun an Bhinse fén gCuid seo den Acht so, ní breithneofar an t-iarratas san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an ceárd-chumann san an táille orduithe d'íoc leis an mBinse. |
[EN] | (2) I gcás ceárd-chumann do thabhairt fógra don Aire á iarraidh go ndéanfaí cinneadh fén gCuid seo den Acht so d'athscrúdú, ní glacfar leis an bhfógra san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an ceárd-chumann san an táille orduithe d'íoc leis an Aire. | |
[EN] | (3) Déanfar na táillí uile fén alt so do bhailiú agus do thógaint sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais agus iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táille fén alt so. | |
[EN] |
Costais. |
39. —(1) Is mar is rogha leis an mBinse bheidh na costais, maidir le suidheanna den Bhinse, a bheidh ar na páirtithe bheidh i láthair ag na suidheanna san agus féadfaidh an Binse a ordú cé dhó agus cé uaidh agus cadé an tslí a n-íocfar na costais sin no aon chuid díobh. |
[EN] | (2) Is mar is rogha le Bord Athchomhairc a bheidh na costais, maidir le suidheanna den Bhord san, a bheidh ar na páirtithe bheidh i láthair ag na suidheanna san agus féadfaidh an Bord san a ordú cé dhó agus cé uaidh agus cadé an tslí a n-íocfar na costais sin no aon chuid díobh. | |
[EN] | (3) Má mholann an Binse no Bord Athchomhairc aon chostais fén alt so, féadfaidh an Binse no an Bord Athchomhairc sin féin (pé aca é) méid na gcostas do mheas no a ordú conus a measfar iad. | |
[EN] | (4) Féadfar costais a molfar fén alt so do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla mara n-íoctar iad. | |
[EN] |
Fuireann an Bhins |
40. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na hoifigigh agus na seirbhísigh sin do cheapadh don Bhinse agus do Bhuird Athchomhairc is dóich leis is gá chun cabhrú leis an mBinse agus le Buird Athchomhairc chun a bhfeidhmeanna do chólíonadh. |
[EN] | (2) Beidh oifigigh agus seirbhísigh an Bhinse agus Bord Athchomhairc i seilbh oifige ar na téarmaí sin, agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir an ráta san agus sa tslí sin, a cheadóidh an tAire Airgeadais. |