An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Bunu agus Feidhmeanna Bhinse na gCeard-Chumann.)

22 1941

ACHT CEÁRD-CHUMANN, 1941

CUID II.

Coluchtai do Cheadunu a Dheineann Margantaiocht d'fhonn Pagh no Coinniollacha eile Fostaiochta do Cheapadh.

Mínithe chun crícheanna Coda II.

5. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “ceadúnas margántaíochta” ceadúnas ar n-a thabhairt amach ag an Aire fén gCuid seo den Acht so á údarú dá shealbhóir margántaíocht do dhéanamh chun págh no coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh.

(2) Sa Chuid seo den Acht so agus sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, cialluíonn an focal “baill”, i gcás cólucht ná fuil cláruithe fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, baill den chólucht san a chomhnuíonn sa Stát.

Srian le margántaíocht do dhéanamh chun págh, etc., do cheapadh.

6. —(1) Ní dleathach d'aon chólucht daoine, nach cólucht eiscithe, margántaíocht do dhéanamh chun págh no coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh maran sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta an cólucht san.

(2) Má dheineann aon chólucht daoine gníomh ar bith contrárdha don alt so beidh gach duine fé leith de bhaill choiste bhainistighe no údaráis stiúrtha eile an chóluchta san, agus de sna hoifigigh sin den chólucht san a thoileoidh chun an ghnímh sin no a urasóidh é, ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus ina theannta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “cólucht eiscithe” aon chólucht aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) cólucht a dheineann margántaíocht chun págh no coinníollacha eile fostaíochta a fhostaithe féin (agus iad san amháin) do cheapadh,

(b) cólucht a bheidh cláruithe fén gcéad fho-alt eile den alt so,

(c) comhlachas fuirinne Stát-sheirbhíse bheidh admhuithe ag an Aire Airgeadais,

(d) có-eagras oidí bheidh admhuithe ag an Aire Oideachais,

(e) an Bord Páigh Thalmhaíochta,

(f) bord céirde bheidh bunuithe fé sna Trade Board Acts, 1909 and 1918, agus

(g) bord a mbeidh ordú fé fho-alt (6) den alt so i bhfeidhm ina thaobh de thurus na huaire.

(4) Coimeádfaidh an tAire clár chun crícheanna an ailt seo agus cuirfidh ann ainm aon chóluchta—

(a) a iarrfaidh ar an Aire é chlárú ann, agus

(b) a chuirfidh táille phúint isteach i dteannta a iarratais, agus

(c) a chuirfidh ina luighe ar an Aire—

(i) gurb é atá ann ná daoine bhíonn ar fos de ghnáth i gcineál áirithe oibre agus gur ag an aon fhostóir amháin a bhíd ar fostú de ghnáth, agus

(ii) go ndeineann sé margántaíocht leis an bhfostóir sin amháin chun págh no coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh.

(5) Déanfar na táillí uile fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bhailiú agus do thógaint sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais, agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin, agus ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táille den tsórt san.

(6) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le hordú, ná bainfidh an t-alt so le haon chólucht áirithe daoine.

(7) Féadfaidh an tAire, le hordú (a thiocfaidh i ngníomh lá áirithe nach luaithe ná mí tar éis a dhéanta), aon ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do cheiliúradh.

(8) Ní thiocfaidh d'éinní atá san alt so é bheith nea-dhleathach d'aon duine no dream daoine eadarghabháil do dhéanamh i ndiospóid chéirde no na páirtithe i ndiospóid chéirde do thabhairt le chéile d'fhonn réiteach cáirdiúil do dhéanamh.

(9) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh ar an dáta san, nach luaithe ná sé mhí tar éis dáta an Achta so do rith, a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

Srian le ceadúnas margántaíochta do dheonadh agus do shealbhú.

7. —(1) Ní deonfar ceadúnas margántaíochta do chólucht daoine ná ní shealbhóidh cólucht daoine ceadúnas margántaíochta maran cólucht é (dá ngairmtear ceárd-chumann údaruithe san Acht so) a bheidh do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(a) é bheith cláruithe fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, no, maran cláruithe amhlaidh dó, é bheith ina cheárd-chumann fé dhlí tíre eile agus urlámhas ceanncheathrún aige sa tír sin, agus

(b) an tsuim oiriúnach do bheith lóisteálta aige agus, fé réir forálacha an Achta so, í bheith á coimeád ar lóisteáil aige san Ard-Chúirt.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an tsuim oiriúnach” an tsuim is oiriúnach do líon ball an chóluchta iomchuibhe do réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

An Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'atharú.

8. —(1) I gcás—

(a) an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , do bheith i bhfeidhm, agus

(b) an tAire do bheith deimhnitheach, i dtaobh aon cheárdchumainn áirithe bheidh cláruithe fén sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, go mbeadh sé ró-dhian, mar gheall ar choinníollacha nea-ghnáthacha is ionchurtha i leith an chogaidh ina bhfuil Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann páirteach anois, dá gcuirtí d'fhiachaibh ar an gceárd-chumann san an éarlais iomlán a luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil san Ard-Chúirt,

féadfaidh an tAire a dhearbhú, le hordú, gur tuigthe, maidir leis an gceárd-chumann san, gach suim airgid a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith laigheaduithe an méid sin, nach mó na cúig seachtód per cent, is dóich leis an Aire is ceart.

(2) Aon ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so beidh éifeacht aige do réir a théarmaí ar feadh na tréimhse luadhfar ann chuige sin, ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san tar éis dhá mhí dhéag do bheith caithte tar éis an Achta Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , do scur de bheith i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis fógra sé mhí do thabhairt don cheárd-chumann iomchuibhe, aon ordú do cheiliúradh do rinne sé roimhe sin fé fho-alt (1) den alt so.

Ceadúnas margántaíochta d'iarraidh.

9. —(1) Féadfaidh ceárd-chumann údaruithe ar bith ceadúnas margántaíochta d'iarraidh ar an Aire.

(2) Is sa bhfuirm orduithe déanfar gach iarratas ar cheadúnas mhargántaíochta agus beidh na mion-innste orduithe ann agus beidh na scríbhinní orduithe agus táille phúint ag gabháil leis.

(3) Déanfar na táillí uile fén alt so do bhailiú agus do thógaint sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais agus iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táille fén alt so.

Ceadúnas margántaíochta do dheonadh.

10. —Má hiarrtar ceadúnas margántaíochta go cuibhe agus go gcuirfear ina luighe ar an Aire gur ceárd-chumann údaruithe an t-iarratasóir deonfaidh an tAire an ceadúnas san.

Srian le feidhm achtachán áirithe.

11. —(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 2, 3 agus 4 den Trades Disputes Act, 1906, ach amháin maidir le ceárd-chumainn údaruithe is sealbhóirí ceadúnas margántaíochta de thurus na huaire agus le baill agus oifigigh cheárd-chumann den tsórt san, agus leo san amháin.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá céanna thiocfaidh alt 6 den Acht so i ngníomh.

Na hoblagáidí bheidh ar shealbhóir cheadúnais mhargántaíochta más ceárdchumann cláruithe é.

12. —(1) Pé uair agus faid is sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta aon cheárd-chumann údaruithe áirithe bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh ina rialacha ag an gceárd-chumann san forálacha ag luadh na gcoinníollacha bhainfidh le daoine do dhul isteach mar bhaill sa cheárd-chumann san agus do scur de bheith ina mbaill de,

(b) coimeádfaidh an ceárd-chumann san ina oifig clár dá bhaill (ar a n-áirmhítear eis-bhaill seachas iad súd a bheidh tar éis bháis agus iad súd a bheidh scurtha de bheith ina mbaill le breis is cúig bliana no o am éigin roimh dheonadh an cheadúnais mhargántaíochta san) agus beidh sa chlár san, maidir le gach ball,—

(i) a ainm agus a sheoladh,

(ii) dáta tosnuithe a bhallraíochta,

(iii) má bhíonn scurtha aige de bheith ina bhall, dáta an scuir agus cé aca eirghe as, cur ar fionnraighe, ionnarbadh, no ní eile ba chúis leis, agus

(iv) más tré chur-ar-fionnraighe no tré ionnarbadh bheidh scurtha aige de bheith ina bhall, dáta an orduithe d'orduigh, agus tagairt don riail no don fhoráil eile d'údaruigh, an cur-ar-fionnraighe no an t-ionnarbadh san,

(c) déanfaidh an ceárd-chumann san, do réir rialachán ordóidh an tAire, an clár san de bhaill do choimeád ar oscailt ina oifig chun a iniúchta ag aon duine iomchuibhe íocfaidh an táille chinnfidh an ceárd-chumann san agus nach mó ná cúig scillinge in aghaidh gach lae (no cuid de lá) a leanfaidh an t-iniúchadh san,

(d) is tuigthe chun crícheanna an Achta so duine scuirfidh, ar aon tslí seachas tré n-a bhás, de bheith ina bhall den cheárd-chumann san do leanúint ina bhall de go ceann mí tar éis an scuir sin.

(2) Má dheineann aon cheárd-chumann údaruithe le n-a mbainfidh an t-alt so aon cheanglas den alt so d'fhágaint gan cólíonadh, beidh an ceárd-chumann san agus gach duine de sna hoifigigh sin de do thoiligh leis an nea-chólíonadh san no d'urasuigh é ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ar an gceárdchumann san agus ar gach duine fé leith dhíobh san adubhradh agus fairis sin, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

(3) Féadfaidh duine ar bith údarás i scríbhinn d'iarraidh ar an Aire chun aon chlár de bhaill cheárd-chumainn a bheidh á choimeád fén alt so d'iniúchadh agus, más deimhin leis an Aire leas bona fide do bheith ag an iarratasóir sa chlár san d'iniúchadh, bhéarfaidh amach don iarratasóir údarás den tsórt san adubhradh le haghaidh na tréimhse is dóich leis an Aire is ceart.

(4) San alt so—

cialluíonn an focal “oifig”, maidir le ceárd-chumann, an oifig is oifig chláruithe de thurus na huaire don cheárd-chumann san chun crícheanna na nAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935,

cialluíonn an abairt “duine iomchuibhe” maidir le clár de bhaill cheárd-chumainn—

(a) duine ar bith go leas aige i gcistí an cheárd-chumainn sin, no

(b) oifigeach ar bith don Aire go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun an clár san d'iniúchadh, no

(c) ar feadh na tréimhse a dtabharfar amach údarás le n-a haghaidh fé fho-alt (3) den alt so maidir leis an gclár san, an duine luadhfar san údarás san.

Na hoblagáidí bheidh ar shealbhóir cheadúnais mhargántaíochta maran ceárdchumann cláruithe é.

13. —(1) Pé uair agus faid is sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta aon cheárd-chumann údaruithe áirithe ná beidh cláruithe fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh ina rialacha no ina bhunreacht ag an gceárdchumann san forálacha ag luadh na gcoinníollacha bhainfidh le daoine chomhnuíonn sa Stát do dhul isteach mar bhaill sa cheárd-chumann san agus do scur de bheith ina mbaill de,

(b) beidh ag an gceárd-chumann san, agus cothabhálfaid, oifig sa Stát chun crícheanna an Achta so agus bhéarfaid fógra i scríbhinn don Aire i dtaobh suidheamh agus gach atharú ar shuidheamh na hoifige sin,

(c) coimeádfaidh an ceárd-chumann san san oifig sin clár dá bhaill (ar a n-áirmhítear eis-bhaill seachas iad súd a bheidh tar éis bháis agus iad súd a bheidh scurtha de bheith ina mbaill le breis is cúig bliana no o am éigin roimh dheonadh an cheadúnais mhargántaíochta san) agus beidh sa chlár san, maidir le gach ball den tsórt san—

(i) a ainm agus a sheoladh,

(ii) dáta tosnuithe a bhallraíochta,

(iii) má bhíonn scurtha aige de bheith ina bhall, dáta an scuir agus cé aca eirghe as, cur ar fionnraighe, ionnarbadh, no ní eile ba chúis leis, agus

(iv) más tré chur-ar-fionnraighe no tré ionnarbadh bheidh scurtha aige de bheith ina bhall, dáta an orduithe d'orduigh, agus tagairt don riail no don fhoráil eile d'údaruigh, an cur-ar-fionnraighe no an t-ionnarbadh san,

(d) déanfaidh an ceárd-chumann san, do réir rialachán ordóidh an tAire, an clár san de bhaill do choimeád ar oscailt san oifig sin chun a iniúchta ag aon duine iomchuibhe íocfaidh an táille chinnfidh an ceárd-chumann san agus nach mó ná cúig scillinge in aghaidh gach lae (no cuid de lá) a leanfaidh an t-iniúchadh san,

(e) bhéarfaidh an ceárd-chumann san don Aire o am go ham fé mar is gá fógra i scríbhinn i dtaobh ainm duine, a chomhnuíonn de ghnáth sa Stát, is dóich leo is oiriúnach chun scríbhinní bheidh le seirbheáil ar an gceárd-chumann san do ghlacadh thar a cheann agus féadfar scríbhinn ar bith (chun crícheanna an Achta so no chun aon chrícheanna eile) do sheirbheáil ar an gceárd-chumann san tré n-a cur i gclúdach a bheidh dírithe chun an duine sin san oifig sin agus tríd an gclúdach san do sheachadadh ag an oifig sin no tré n-a chur chúichi tríd an bpost cláruithe agus air sin is tuigthe chun gach críche an scríbhinn sin do bheith seirbheálta sa cheart ar an gceárd-chumann san,

(f) bhéarfaidh an ceárd-chumann san fógra i scríbhinn don Aire i dtaobh gach atharú aca so leanas fé cheann lá is fiche ar a dhéanaighe tar éis a dhéanta, sé sin le rá:—

(i) gach atharú ar a rialacha no ar a bhunreacht,

(ii) gach atharú ar a choiste bainistighe no ar a údarás urlámhais eile,

(iii) gach atharú ar a iontaobhaithe, agus

(iv) gach atharú rúnaidhe no príomh-oifigigh eile, agus

(g) is tuigthe chun crícheanna an Achta so duine scuirfidh, ar aon tslí seachas tré n-a bhás, de bheith ina bhall den cheárd-chumann san do leanúint de bheith ina bhall de go ceann mí tar éis an scuir sin.

(2) Má thárlann, maidir le haon cheárd-chumann údaruithe le n-a mbainfidh an talt so, go bhfágfar aon cheanglas den alt so gan cólíonadh, beidh gach duine de sna baill agus de sna hoifigigh sin de do thoiligh leis an nea-chólíonadh san no d'urasuigh é ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ar gach duine fé leith aca agus fairis sin, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) Féadfaidh duine ar bith údarás i scríbhinn d'iarraidh ar an Aire chun aon chlár de bhaill cheárd-chumainn a bheidh á choimeád fén alt so d'iniúchadh agus. más deimhin leis an Aire leas bona fide do bheith ag an iarratasóir sa chlár san d'iniúchadh, bhéarfaidh amach don iarratasóir údarás den tsórt san adubhradh le haghaidh na tréimhse is dóich leis an Aire is ceart.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “duine iomchuibhe” maidir le clár de bhaill cheárd-chumainn—

(a) duine ar bith go leas aige i gcistí an cheárd-chumainn sin, no

(b) oifigeach ar bith don Aire go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun an clár san d'iniúchadh, no

(c) ar feadh na tréimhse a dtabharfar amach údarás le n-a haghaidh fé fho-alt (3) den alt so maidir leis an gclár san, an duine luadhfar san údarás san.

Forálacha generálta i dtaobh éarlaisí fén gCuid seo den Acht so.

14. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh éarlaisí lóisteálfar san Ard-Chúirt de bhun na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) lóisteálfar gach éarlais den tsórt san le príbhité Chuntasóir na gCuirteanna Breithiúnais agus, ar bheith lósteálta dhi, beidh sí fé urláimh na hArd-Chúirte;

(b) in ionad í lóisteáil in airgead amháin féadfar aon éarlais den tsórt san do lóisteáil i bpáirt no go hiomlán tré urrúis de lóisteáil a bheidh údaruithe le Rialacha Cúirte i dtaobh airgead fé urláimh na hArd-Chúirte do shuncáil;

(c) más in airgead i bpáirt no go hiomlán a lóisteálfar aon éarlais den tsórt san, déanfar, ar n-a iarraidh sin don lóisteálaidhe, an t-airgead san do shuncáil sna hurrúis sin ar n-a n-údarú mar adubhradh a luadhfaidh an lóisteálaidhe;

(d) íocfar leis an lóisteálaidhe an t-ioncum a thiocfaidh as na hurrúis ina mbeidh an éarlais sin suncálta de thurus na huaire;

(e) déanfar, ar iarratas agus ar chostas an lóisteálaidhe, gach ceann no aon cheann no cinn de sna hurrúis sin do mhalairtiú ar urrúis ar bith eile bheidh údaruithe mar adubhradh agus a luadhfaidh an lóisteálaidhe;

(f) féadfaidh an lóisteálaidhe a iarraidh aon uair go dtabharfaí thar n-ais dó, i bpáirt no go hiomlán, an éarlais sin no a mbeidh gan íoc amach di de bhun orduithe ón Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so;

(g) i gcás iarratas den tsórt san do dhéanamh go cuibhe, déanfar an éarlais no a mbeidh gan íoc amach di mar adubhradh do thabhairt thar n-ais, i bpáirt no go hiomlán, do réir an iarratais sin ar bheith caithte, no chó luath is bheidh caothúil tar éis bheith caithte, do thrí mhí o dháta déanta an iarratais sin agus, díreach tar éis an chéanna do thabhairt thar n-ais, cuirfear in úil don Aire é;

(h) beidh na nithe seo leanas fé rialú Rialacha Cúirte agus ní gá ordú ón Ard-Chúirt i dtaobh aon ní no nithe aca, sé sin le rá, ioncum d'íoc as na húrrúis ina mbeidh an éarlais suncálta, na hurrúis sin do mhalairtiú, agus an éarlais do thabhairt thar n-ais.

Earlais d'atharú de dhruim uimhir bhall d'atharú.

15. —(1) Gach lá cinn trí mblian tar éis ceárd-chumann údaruithe do lóisteáil éarlaise fén gCuid seo den Acht so no fé cheann mí tar éis gach lae den tsórt san, cuirfidh an ceárdchumann san chun an Aire ráiteas ar uimhir a bhall mar a bheidh san an lá cinn sin agus, más gá an éarlais sin do mhéadú no do laigheadú aon mhéid áirithe chun í dhéanamh có-ionann leis an suim oiriúnach, déanfaidh an ceárd-chumann san, lá nach déanaighe ná ceithre mhí tar éis an lae chinn sin, an éarlais sin do mhéadú an méid sin no a iarraidh go dtabharfaí an méid sin thar n-ais dó as an éarlais sin (do réir mar is gá sa chás).

(2) Má thárlann, maidir le haon cheárd-chumann dar gá ráiteas do chur isteach fén alt so, ná cuirfear ráiteas isteach no go gcuirfear isteach ráiteas ina mbeidh bréag thoiliúil, beidh gach duine de sna baill agus de sna hoifigigh sin den cheárd-chumann san do thoiligh le gan ráiteas do chur isteach no leis an ráiteas bréagach do chur isteach no d'urasuigh an céanna agus, i gcás ceárd-chumainn ar n-a chlárú fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, an ceárd-chumann féin, ciontach, gach taobh aca, i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(3) Ní dhéanfaidh ceárd-chumann, ach amháin de bhun an ailt seo, méid éarlaise bheidh á cothabhál fén gCuid seo den Acht so d'atharú mar gheall ar atharú ar uimhir a bhall.

(4) San alt so, nuair a húsáidtear an abairt “an tsuim oiriúnach” maidir le ceárd-chumann údaruithe chuireann ráiteas ar uimhir a bhall chun an Aire, cialluíonn sí an tsuim is oiriúnach don uimhir sin de bhaill do réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

Fiacha breithiúnais d'íoc as éarlaisí.

16. —(1) Pé uair a bheárfaidh Cúirt ordú no aithne no breithiúnas chun ceárd-chumann, is sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta, d'íoc airgid le haon duine, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin ar shlí achmair don duine sin, a ordú an t-airgead san (i dteannta no d'éamais costaisí an iarratais sin) d'íoc leis an duine sin as an éarlais a bheidh á cothabháil ag an gceárdchumann san fén gCuid seo den Acht so.

(2) Pé uair a déanfar, de bhun orduithe dhéanfaidh an Ard-Chúirt fén alt so, aon airgead d'íoc as éarlais a bheidh á cothabháil fén gCuid seo den Acht so, deánfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais amach láithreach cad is luach don iarmhéid a bheidh fanta den éarlais sin (ag áireamh urrús do réir a margadh-luacha reatha) agus, más lugha an t-iarmhéid sin ná lán-mhéid ceart na héarlaise sin, bhéarfaidh don cheárd-chumann a bheidh i gceist fógra i scríbhinn i dtaobh an easnaimh sin agus i dtaobh a mhéide.

(3) Más rud é, nuair a bhéarfar fógra i dtaobh easnaimh ar éarlais de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, go ndéanfaidh an ceárd-chumann a bheidh i gceist suim is có-ionann le méid an easnaimh a luadhfar sa bhfógra san do lóisteáil san Ard-Chúirt trí mhí ar a dhéanaighe tar éis an fhógra san d'fháil dó, déanfar an tsuim a lóisteálfar amhlaidh do chur leis an éarlais sin agus d'áireamh mar chuid di agus is tuigthe an ceárdchumann san do chothabháil na héarlaise sin ina lán-mhéid cheart.

Ceadúnas margántaíochta do cheiliúradh.

17. —Féadfaidh an tAire aon cheadúnas margántaíochta do cheiliúradh le hordú más deimhin leis a shealbhóir do bheith scurtha de bheith ina cheárd-chumann údaruithe.