|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. For-Chain Bhreise.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Diuitethe Bais.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Custuim agus Mal. | |
[EN] |
Na rátaí diúité ar thobac d'atharú. |
12. —(1) An diúité custum ar thobac a forchuirter le halt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), déanfar, maidir le tobac a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 (Uimh. 33 de 1939) . |
[EN] | (2) An diúité máil ar thobac a forchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), déanfar, amhail ar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, agus dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2). 1939 ( Uimh. 33 de 1939 ). | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (5) den alt san 19 den Acht Airgid, 1934 , maidir le tobac is ionchurtha fén diúité máil a forchuirtear le fo-ailt (1) den alt san do réir ráta luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus chun críche na feidhme sin déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (3) go (5) den alt san 19 do Chuid I den tSéú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 , adubhradh, do léiriú, agus beidh éifeacht aca, mar thagairtí do Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so. | |
[EN] |
Na rátaí diúité ar íle híodrocarbóin d'atharú. |
13. —(1) An diúité custum a forchuirtear le halt 21 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), déanfar, maidir le híle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir scilling agus trí pingne an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ). |
[EN] | (2) An locáiste is ionlomhálta fé fho-alt (2) den alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin ar a mbeidh an locáiste sin ionlomhálta agus a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, é do lomháil do réir scilling agus trí pingne an galún in ionad an ráta is ionlomhálta anois de bhuadh fo-ailt (2) den alt san 11 den Acht Airgeadais, 1939 . | |
[EN] | (3) An diúité máil a forchuirtear leis an alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin agus a cuirfear amach an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin ar an dáta san no dá éis chun críche ar bith seachas chun íle híodrocarbóin do dhéanamh no do tháirgeadh, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir scilling agus pingin an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuadh fo-ailt (3) den alt san 11 den Acht Airgeadais, 1939 . | |
[EN] | (4) An locáiste is ionlomhálta fé fho-alt (4) den alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodracarbóin ar a mbeidh an locáiste sin ionlomhálta agus ar ar híocadh an diúité máil a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do réir scilling agus pingin an galún, é do lomháil do réir scilling agus pingin an galún in ionad an ráta is ionlomhálta anois de bhuadh fo-ailt (4) den alt san 11 den Acht Airgeadais, 1939 . | |
[EN] |
Na rátaí diúité ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil d'atharú. |
14. —(1) An diúité custum a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 ( Uimh. 43 de 1931 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir scilling agus trí pingne an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ). |
[EN] | (2) An diúité máil a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin agus a cuirfear amach an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin ar an dáta san no dá éis chun críche ar bith seachas chun íle híodrocarbóin mhinearáil do dhéanamh no do tháirgeadh, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir scilling agus pingin an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ). | |
[EN] |
Na rátaí diúité ar lasáin d'atharú. |
15. —(1) In ionad an diúité chustum atá i bhfeidhm anois alos lasán éileofar, gearrfar, agus íocfar ar na lasáin uile a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, diúité custum do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so. |
[EN] | (2) In ionad an diúité mháil atá i bhfeidhm anois alos lasán éileofar, gearrfar, agus íocfar, amhail ar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, agus dá éis sin, ar na lasáin uile ar n-a ndéanamh sa Stát, diúité máil do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so. | |
[EN] |
Tarraingirí áirithe do shaoradh o dhiúité ghluaisteáin. |
16. —Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), ná an diúité gluaisteáin a forchuirtear le halt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon mhótar-tharraingire (do réir bhrí an ailt sin 12) a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, nó dá éis sin, agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus déanta chun é úsáid chun crícheanna talmhaíochta, ná ar aon earra a hiomportálfar amhlaidh agus is dóich leis na Coimisinéirí sin do bheith ina compáirt no ina gabhálas de mhótar-tharraingire (do réir bhrí an ailt sin 12) a bheidh ceaptha agus déanta mar adubhradh. |
[EN] |
Tarraingirí áirithe do shaoradh o dhiúité cháirr ghaile. |
17. —Ní déanfar an diúité cáirr ghaile forchuirtear le halt 13 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon tarraingire gaile (do réir bhrí an ailt sin 13) a hiomportálfar an 8adh lá de Bhealtaine, 1941, no dá éis sin, agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus déanta chun crícheanna talmhaíochta, ná ar aon earra a hiomportálfar amhlaidh agus is dóich leis na Coimisinéirí sin do bheith ina compáirt no ina gabhálas de tharraingire ghaile (do réir bhrí an ailt sin 13) a bheidh ceaptha agus déanta mar adubhradh. |
[EN] |
An ráta diúité ar gheallta do mhéadú. |
18. —Déanfar (fé réir forálacha agus gan dochar d'fhorálacha ailt 20 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) ) an diúité ar gheallta forchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar gheallta déanfar an 1adh lá d'Iúl, 1941, no dá éis sin, do réir seacht go leith per cent. de mhéid an ghill in ionad an cúig per cent. a luaidhtear san alt san 24. |
[EN] |
Saoirse o dhiúité mháil ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil. |
19. —(1) Ní déanfar an diúité máil a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh nach íle de shaghas petroil í ná nach meascán í de phetrol agus earra no earraí eile agus go bhfuil beartuithe í d'úsáid in innill dóghacháin inmheánaigh in ionad petroil. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus dá éis sin. | |
[EN] |
Alt 21 den Acht Airgid, 1936 , do leasú. |
20. —Chun crícheanna ailt 21 den Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , is tuigthe gur aer-sheirbhís tharmatlantach aer-sheirbhís idir aerphort sa Stát agus aerphort sa Spáinn no sa Phortuingéil no ar roinn na hAifrice, agus gurbh eadh riamh. |
[EN] |
Diúité máil ar fheithiclí inneallghluaiste d'aisíoc i gcásanna áirithe. |
21. —(1) San alt so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe; | |
[EN] | cialluíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas ar n-a thógaint amach, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, fé alt 13 den Finance Act, 1920, alos feithicle inneall-ghluaiste; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “tréimhse shrianta” aon tréimhse dar tosach dáta tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, (pé aca roimh an Acht so do rith don tréimhse sin ar fad no go leathrannach roimhe sin agus go leathrannach dá éis no ar fad dá éis) agus gur dóich leis an Aire srian do bheith le n-a linn le húsáid feithiclí inneall-ghluaiste toisc ganntanas generálta petroil. | |
[EN] | (2) I gcás an tréimhse gur tógadh no go dtógfar ceadúnas amach ina cóir do bheith có-ionann le tréimhse shrianta no i gcás iomlán tréimhse srianta no páirt de thréimhse shrianta do bheith inti, féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san agus fé réir na gcoinníoll san (más aon cheann é) is dóich leis is ceart d'fhorchur, an diúité do híocadh ar an gceadúnas san no cuid de d'aisíoc le toiliú an Aire Airgeadais (ar n-a thabhairt go generálta no i dtaobh aon cháis áirithe). | |
[EN] | (3) Gach aisíoc do rinne an tAire, roimh an Acht so do rith, sa diúité, no i gcuid den diúité, do híocadh ar cheadúnas do tógadh amach i gcóir tréimhse ná raibh caithte ní ba luaithe ná an 24adh lá de Mhárta, 1941, is tuigthe gur aisíoc cóir é agus gurbh eadh riamh. | |
[EN] | (4) Má bheirtear suas ceadúnas ar bith i gcólíonadh coinníll nach foláir a chólíonadh chun aisíoc d'fháil fén alt so, scuirfidh an ceadúnas san d'éifeacht do bheith aige ar a thabhairt suas amhlaidh. | |
[EN] | (5) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm faid a leanfaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , i bhfeidhm agus raghaidh in éag ansan. | |
[EN] |
Faoiseamh o dhiúité mháil alos leantóra tarraingtear le feithicil inneallghluaiste más móin na hearraí a hiompruítear. |
22. —I gcás— |
[EN] | (a) feithicil inneall-ghluaiste do bheith ina feithicil ar a bhfuil diúité máil iníoctha fé alt 13 den Finance Act, 1920, do réir ráta luaidhtear i mír 5 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , agus | |
[EN] | (b) an fheithicil sin d'úsáid chun leantóir do tharraing, agus | |
[EN] | (c) le linn a húsáidthe amhlaidh, gan a bheith sna hearraí iompruíonn an fheithicil agus an leantóir sin ach móin, | |
[EN] | ní héileofar ná ní gearrfar ar an bhfeithicil sin, alos a húsáidthe chun an leantóra san do tharraing, an diúité breise, a luaidhtear sa mhír sin 5, alos feithicle a húsáidtear chun leantóir do tharraing. | |
[EN] | (2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm faid a leanfaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , i bhfeidhm agus raghaidh in éag ansan. | |
[EN] |
Faoiseamh o dhiúité mháil alos leantóra tarraingtear le feithicil inneallghluaiste mara n-úsáidtear an leantóir ach chun ionadáin petroil no fearas déanta ionadáin phetroil d'iompar. |
23. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) feithicil inneall-ghluaiste, ar n-a ceapadh chun petrol d'úsáid mar thein-abhar, do bheith ina feithicil ar a bhfuil diúité máil iníoctha fé alt 13 den Finance Act, 1920, do réir ráta luaidhtear i mír 5 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , agus | |
[EN] | (b) an fheithicil sin d'úsáid chun leantóir do tharraing, agus | |
[EN] | (c) le linn a tharraingthe amhlaidh, gan an leantóir sin do bheith á úsáid ach chun ionadán petroil no fearas déanta ionadáin phetroil d'iompar chun na feithicle sin do ghluaiseacht, | |
[EN] | ní héileofar ná ní gearrfar ar an bhfeithicil sin, alos a húsáidthe chun an leantóra san do tharraing, an diúité breise, a luaidhtear sa mhír sin 5, alos feithicle a húsáidtear chun leantóir do tharraing. | |
[EN] | (2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm faid a leanfaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , i bhfeidhm agus raghaidh in éag ansan. | |
[EN] |
Faoiseamh o dhiúité mháil ar fheithicilcheaintíní inneallghluaiste. |
24. —Ní déanfar an diúité máil is inéilithe fé alt 13 den Finance Act, 1920, ar n-a leasú le halt 20 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon fheithicil inneallghluaiste is gluais-cheaintín— |
[EN] | (a) faid a bheidh an t-alt so i bhfeidhm, agus | |
[EN] | (b) faid ná beidh an ceaintín sin á sheoladh chun brabús d'fháil d'aon duine agá mbeidh baint le n-a oibriú, agus | |
[EN] | (c) faid ná beidh an ceaintín sin á oibriú ach chun bia agus riachtanais eile d'iompar, d'ullmhú, agus do sholáthar le haghaidh no chun daoine nach féidir no gur deacair dóibh bia agus riachtanais den tsórt san d'fháil toisc cúrsaí is ionchurtha i leith an chogaidh ina bhfuil Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann páirteach anois. | |
[EN] | (2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm faid a leanfaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , i bhfeidhm agus raghaidh in éag ansan. | |
[EN] |
Táillí ar cheadúnaisí pumpa phetroil d'aisíoc i gcásanna áirithe. |
25. —(1) San alt so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an dáta deiridh” an dáta ar a scuirfidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , de bheith i bhfeidhm, | |
[EN] | tá an bhrí chéanna leis an abairt “pumpa petroil” atá léi in alt 35 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), | |
[EN] | cialluíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas fén alt san 35, | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an t-údarás oiriúnach” an t-údarás do thug ceadúnas amach, | |
[EN] | nuair a húsáidtear an abairt “an dáta foirceanntach” i dtaobh pumpa petroil do tógadh no do séaluíodh sa tslí luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so, cialluíonn sí an dáta ar a scuirfidh an pumpa petroil sin de bheith tógtha no séaluithe amhlaidh. | |
[EN] | (2) Má thárlann, tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1941, agus roimh an Acht so do rith no dá éis sin agus roimh an dáta foirceanntach, maidir le pumpa petroil go mbeidh ceadúnas i bhfeidhm ina thaobh,— | |
[EN] | (a) go dtógfaidh an tAire Cosanta chuige é fé aon ordú ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith no dá éis sin fén Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , no | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh an t-údarás oiriúnach, ar iarratas sealbhóra an cheadúnais sin, é shéalú i slí choiscfidh an pumpa san d'úsáid chun biotáille mhótair do dháileadh, | |
[EN] | féadfaidh sealbhóir an cheadúnais sin é thabhairt suas don údarás oiriúnach agus leis sin aisíocfar leis an cion san den táille do híocadh ar dheonadh an cheadúnais sin go mbeidh idir é agus iomlán na táille sin an cothrom céanna bheidh idir an chuid neachaithte de thréimhse bhailíochta an cheadúnais sin agus iomlán na tréimhse sin. | |
[EN] | (3) Scuirfidh ceadúnas do bhéarfar suas fén alt so d'éifeacht do bheith aige ar a thabhairt suas amhlaidh. | |
[EN] | (4) Má bheirtear suas ceadúnas fén alt so, féadfar an pumpa petroil le n-a mbaineann sé do chothabháil gan cheadúnas go dtí an dáta foirceanntach no an dáta deiridh (pé aca is túisce ann). | |
[EN] | (5) Má thárla, tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1941, agus roimh an Acht so do rith, gur chríochnuigh tréimhse bhailíochta ceadúnais agus, an pumpa petroil le n-ar bhain an ceadúnas san, go raibh sé fós, díreach roimh an gcríochnú san, tógtha no séaluithe sa tslí luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so, is tuigthe go raibh sé dleathach an pumpa san do chothabháil gan cheadúnas o am an chríochnuithe sin go dtí an tAcht so do rith no, más roimh an Acht so do rith do bhí an dáta foirceanntach ann, go dtí an dáta foirceanntach. | |
[EN] | (6) Más tuigthe de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so go raibh sé dleathach aon phumpa petroil áirithe do chothabháil go dtí an tAcht so do rith, féadfar, tar éis an Achta so do rith, an pumpa san do chothabháil gan cheadúnas go dtí an dáta foirceanntach no an dáta deiridh (pé aca is túisce ann). | |
[EN] | (7) Má thárlann, tar éis an Achta so do rith, go gcríochnóidh tréimhse bhailíochta ceadúnais agus, an pumpa petroil le n-ar bhain an ceadúnas, go raibh sé fós, díreach roimh an gcríochnú san, tógtha no séaluithe sa tslí luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so, féadfar an pumpa san do chothabháil gan cheadúnas go dtí an dáta foirceanntach no an dáta deiridh (pé aca is túisce ann). | |
[EN] |
Méadú ar an bpionós i gcás an diúité ar ghadhair do bheith gan íoc. |
26. —Athghairmtear leis seo alt 18 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), agus achtuítear leis seo ina ionad go ndlighfear pionós máil de dhá phunt do chur ar dhuine ar bith a bheidh ciontach i gcionta fé alt 37 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ar a chiontú ann ar an slí achmair. |