9 1941


Uimhir 9 de 1941.


ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH) (LEASÚ), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1935 AGUS 1938, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN DLEACHTANNA DO GHEARRADH AR IM ÁIRITHE. [3adh Meitheamh, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 (Uimh. 21 de 1935) .

Léiriú.

2. —Déanfar an tAcht so agus, na hAchtanna Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 agus 1938, do léigheamh agus do léiriú mar éinní amháin, agus gach focal agus abairt atá san Acht so, agus dá gceapann an Príomh-Acht brí no ciall áirithe, beidh leis san Acht so an bhrí no an chiall a cheapann an Príomh-Acht dó.

Dleachta ar im áirithe uachtarlainne.

3. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis an Aire é, féadfaidh a dhearbhú le hordú—

(a) go mbeidh dáta áirithe (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa bhfo-alt so) ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin, agus

(b) go ndéanfaidh gach dílseánach cláruithe uachtarlainne dleacht, do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an Aire ar an im uachtarlainne go léir (seachas im uachtarlainne ar n-a dhéanamh san uachtarlainn sin) a bheidh ar seilbh ag an dílseánach san, no thar ceann an dílseánaigh sin, in áit ar bith ar an dáta ceaptha.

(2) Beidh feidhm dlí ag gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so.

(3) Tiocfaidh gach dleacht a gearrfar fén alt so chun bheith dlite agus iníoctha an seachtú lá tar éis an dáta bheidh dearbhuithe, le hordú gearrtha an dleachta san, do bheith ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin.

(4) Beidh feidhm ag ailt 21 agus 23 den Phríomh-Acht maidir le haon dleacht a gearrfar fén alt so gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar na tagairtí atá sna hailt sin do Chuid III den Phríomh-Acht do léiriú mar thagairtí don alt so,

(b) déanfar na tagairtí do dhleacht-mhí do léiriú mar thagairtí don dáta bheidh dearbhuithe, le hordú gearrtha an dleachta san, do bheith ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin.

(5) Déanfar an t-airgead uile do gheobhaidh an tAire, o am go ham, ar scór aon dleachta fén alt so d'íoc isteach sa chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach).

Dleachta ar im áirithe bheidh ar stoc.

4. —(1) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh seo—

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine is dílseánach cláruithe ar áitreabh ar n-a chlárú i gclár na monarchana ime atá á choimeád de bhun an Achta Tora Déiríochta, 1924 ( Uimh. 58 de 1924 ), no i gclár na n-easportálaithe nach déantóirí atá á choimeád de bhun an Achta san;

cialluíonn an abairt “trádálaidhe ime” duine (nach dílseánach cláruithe ar uachtarlainn) is trádálaidhe ime do réir bhrí an Achta Tora Déiríochta, 1931 ( Uimh. 29 de 1931 ).

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis an Aire é, féadfaidh a dhearbhú le hordú—

(a) go mbeidh dáta áirithe (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa bhfo-alt so) ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin, agus

(b) go n-íocfar leis an Aire—

(i) ag gach duine is dílseánach cláruithe no trádálaidhe ime agus go mbeidh caindíocht nach lugha na trí chéadmeáchaint d'im uachtarlainne (seachas im uachtarlainne bheidh beartuithe a easportáil agus a heasportálfar ina dhiaidh sin) ar seilbh aige, no ar seilbh thar a cheann, in áit ar bith ar an dáta ceaptha, dleacht ar an im sin do réir an ráta luadhfar san ordú san alos ime uachtarlainne, agus

(ii) ag gach duine is dílseánach cláruithe no trádálaidhe ime agus go mbeidh caindíocht nach lugha ná trí chéadmeáchaint d'im nach im uachtarlainne (seachas im, nach im uachtarlainne, a bheidh beartuithe a easportáil agus a heasportálfar ina dhiaidh sin) ar seilbh aige, no ar seilbh thar a cheann, in áit ar bith ar an dáta ceaptha, dleacht ar an im sin do réir an ráta luadhfar san ordú san alos ime nach im uachtarlainne.

(3) Beidh feidhm dlí ag gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so.

(4) Tiocfaidh gach dleacht a gearrfar fén alt so chun bheith dlite agus iníoctha—

(a) i gcás ime bheidh, ar an dáta bheidh dearbhuithe le hordú gearrtha an dleachta san do bheith ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin, ar coimeád i bhfuarstóras fé réim agus do réir scéime ar n-a ceadú ag an Aire—ar an seachtú lá tar éis an lae tógfar an t-im as fuar-stóras, agus

(b) i ngach cás eile—ar an seachtú lá tar éis an dáta cheaptha san.

(5) Beidh feidhm ag ailt 21 agus 23 den Phríomh-Acht maidir le haon dleacht a gearrfar fén alt so gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar na tagairtí atá sna hailt sin do Chuid III den Phríomh-Acht do léiriú mar thagairtí don alt so,

(b) déanfar na tagairtí do dhleacht-mhí do léiriú mar thagairtí don dáta bheidh dearbhuithe, le hordú gearrtha an dleachta san, do bheith ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin.

(6) Déanfar an t-airgead uile do gheobhaidh an tAire, o am go ham, ar scór aon dleachta fén alt so d'íoc isteach sa chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach).

(7) Athghairmtear leis seo alt 4 den Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach) (Leasú), 1938 ( Uimh. 30 de 1938 ).

Tuairísceáin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon dílseánach cláruithe, no ar aon trádálaidhe ime, á cheangal ar an duine sin tuairisceán do thabhairt don Aire fé cheann trí lá tar éis dáta seirbheálta an fhógra san agus cuntas ann i dtaobh an méid ime bhí ar seilbh aige, no bhí ar seilbh thar a cheann, in áit ar bith ar dháta luadhfar sa bhfógra san, is dáta bheidh dearbhuithe, le hordú fén alt deiridh sin roimhe seo, do bheith ina dháta cheaptha chun crícheanna an orduithe sin.

(2) Ní foláir tuairisceán fén alt so do bheith sa bhfuirm sin agus na mion-innste sin do bheith ann a bheidh luaidhte i rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire chun crícheanna an ailt seo (agus údaruítear don Aire leis seo an céanna do dhéanamh).

(3) I gcás duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so do dhiúltú do thuairisceán do thabhairt uaidh do réir an fhógra san, no i gcás é do thabhairt tuairisceáin uaidh is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc tábhachtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(4) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don duine chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint ag duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh ina mbíonn gnó ar siúl ag an duine chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an duine chun a mbeidh sé dírithe fé sheoladh an áitreibh ina mbíonn gnó ar siúl aige.

(5) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire gach cionta fén alt so do chúiseamh.

Alt 18 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Beidh éifeacht ag alt 18 den Phríomh-Acht fé is dá bhforáiltí leis—

(a) go bhféadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt san 18, dáta an chéad lae, no dáta aon lae ina dhiaidh sin, i mí d'ordú chun bheith ina dháta ar a dtiocfaidh aon ráta áirithe dleachta i bhfeidhm, agus

(b) gur tuigthe, tráth ar bith a dhéanfaidh an tAire dáta i mí seachas dáta an chéad lae dhe d'ordú mar adubhradh, an chuid den mhí sin a bheidh roimh an dáta san agus an chuid eile den mhí sin, gach cuid aca ar leithligh, do bheith ina dleacht-mhí chun crícheanna Coda III den Phríomh-Acht.

Fo-alt (6) d'alt 41 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —(1) Deintear leis seo fo-alt (6) d'alt 41 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “no díol aon tortha bhainne” do chur isteach ann tar éis an fhocail “ime”, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige, agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige, ar an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1939, agus ón lá san amach.

Fo-alt (7) d'alt 41 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —Deintear leis seo fo-alt (7) d'alt 41 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “a ceangailtear no a húdaruítear leis an alt so” do scriosadh as agus tré sna focail “a bheidh ceangailte no údaruithe de thurus na huaire le dlí” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Forálacha maidir le príomhchóghléasanna marguithe.

9. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “cólucht údaruithe” príomh-chóghléas marguithe bheidh ag obair fé rialacha do cheaduigh an tAire fén bPríomh-Acht roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach cólucht údaruithe, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire costaisí uile an chóluchta san, no an chuid sin de sna costaisí sin is oiriúnach leis, d'íoc amach as an gciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach),

(b) féadfaidh an tAire, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, aisíoc aon tsuime do gheobhaidh an cólucht san ar iasacht d'urrú agus, i gcás a bheith air an urraíocht san do chólíonadh, féadfaidh aon tsuim is gá chuige sin d'íoc amach as an gciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach),

(c) ní cead méid iomlán na suimeanna bheidh urruithe aon tráth áirithe fén mír dheiridh sin roimhe seo do dhul thar cúig céad míle punt,

(d) coimeádfaidh an cólucht san na cuntaisí uile sin a bheidh orduithe ag an Aire agus déanfaidh, fé cheann trí mhí tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas ar chuntaisí alos na bliana san, agus é sa bhfuirm sin a bheidh orduithe ag an Aire, d'ullmhú agus do chur chun an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste,

(e) déanfaidh an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste gach ráiteas ar chuntaisí cuirfear chuige amhlaidh d'iniúchadh agus do dheimhniú agus tuarasgabháil do thabhairt ar an gcéanna, agus

(f) déanfaidh an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste gach tuarasgabháil den tsórt san uaidh, maraon leis an ráiteas ar chuntaisí le n-a mbainfidh, do chur chun an Aire agus bhéarfaidh an tAire go leagfar iad fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin.

Gearr-theideal agus luadh.

10. —(1) Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach) (Leasú), 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 agus 1938, agus den Acht so le chéile.