6 1941


Uimhir 6 de 1941.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1940, DO BHUANÚ AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ.

[26adh Márta, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht Uimh 2 de 1940 ” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940) ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1940;

tá an bhrí chéanna leis an abairt “tréimhse phráinne” atá léi in Acht Uimh. 2 de 1940 .

(2) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht so do léigheamh agus do léiriú le chéile agus, dá réir sin, isé brí atá san Acht so le gach abairt agus focal a húsáidtear ann, agus dá dtugann na hAchtanna brí áirithe chun crícheanna na nAchtanna, ná an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.

Na hAchtanna do bhuanú.

2. Leanfaidh na hAchtanna, ar n-a leasú agus ar n-a leathnú leis an Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1942, agus raghaid in éag ansan.

Alt 9 den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1925 , do bhaint le hoifigigh de sna Fórsaí.

3. —Bainfidh alt 9 den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1925 ( Uimh. 4 de 1925 ), (alt i dtaobh gealt-shaighdiúirí ar iad do scur) le duine is oifigeach de sna Fórsaí, agus a scuirfear as na Fórsaí mar gheall ar laige intinne agus go ndeimhneoidh dochtúir leighis cláruithe ina thaobh é bheith ina dhuine nach slán meabhair agus ina dhuine is ceart a choinneáil fé aire agus fé chóireáil, fé mar a bhaineann an t-alt san le saighdiúir de sna Fórsaí go ndeimhneofar an méid sin ina thaobh ar é scur.

Alt 12 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.

4. —Déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) d'alt 12 d'Acht Uimh. 2 de 1940 (alt i dtaobh coinnmheadh i gcás práinne) do shealbhairí áitreabh do léiriú, i gcás áitreabh gan comhnathóirí mar thagairtí d'únaerí na n-áitreabh san.

Alt 57 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.

5. —(1) Léireofar alt 57 d'Acht Uimh. 2 de 1940 (alt i dtaobh cúltacairí glaodhadh amach ar buan-tseirbhís agus saighdiúirí liostáladh sna Fórsaí chun fónaimh ar feadh tréimhse práinne do thógaint thar n-ais ag obair) agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an mhír nua so leanas i ndeireadh fo-ailt (1) de, sé sin le rá:—

“(g) beidh cionta fén bhfo-alt so, alos an tsean-fhostaidhe, ionchúisithe ag an Aire Cosanta no ag an sean-fhostaidhe.”

(2) Leasuítear leis seo fo-alt (4) d'alt 57 d'Acht Uimh. 2 de 1940 tré sna focail “any of the provisions” do chur sa leagan Bhéarla dhe in ionad na bhfocal “of any of the provisions”.

Oifigigh do thabhairt suas a gcoimisiún.

6. —(1) Má thárlann, i rith tréimhse práinne, an tAire dá ordú gan oifigeach áirithe den Chúltaca Oifigeach do ghlaodhach no d'athghlaodhach i rith na tréimhse sin chun buan-tseirbhíse, féadfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Riaghaltais, a ordú don oifigeach san a choimisiún do thabhairt suas, agus sa chás san déanfaidh an t-oifigeach san a choimisiún do thabhairt suas.

(2) I gcás duine do cheapadh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) i rith tréimhse práinne chun céime coimisiúnta sealadaighe sna Fórsaí no sa Chúltaca, féadfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Riaghaltais, a ordú tráth ar bith don duine sin a choimisiún do thabhairt suas, agus sa chás san déanfaidh an duine sin a choimisiún do thabhairt suas.

(3) I gcás oifigeach do thabhairt suas a choimisiúin fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt so, is amhail ar an dáta san agus ón dáta san a cheapfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Riaghaltais, a bheidh éifeacht ag an tabhairt suas san.

Ceart saighdiúra chun a scaoilte do chur ar fiunraoi i rith tréimhse práinne.

7. —(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna, ní bheidh saighdiúir ar bith de sna Fórsaí ná fear ar bith den Chúltaca i dteideal a scaoilte i rith tréimhse práinne.

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus beidh sé mar bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Oifigigh áirithe do thógaint thar n-ais ag obair agus forálacha eile ina dtaobh.

8. —(1) I gcás—

(a) (i) duine is oifigeach den Chúltaca do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís roimh an Acht so do rith no dá éis sin, no

(ii) duine do cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe roimh an Acht so do rith no dá éis sin, agus

(b) an duine sin (dá ngairmtear an sean-fhostaidhe sa bhfo-alt so) do bheith, tráth a ghlaoidhte amach ar buantseirbhís amhlaidh no a cheaptha chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh (pé aca é) ar fostú ag duine eile (dá ngairmtear an sean-fhostóir sa bhfo-alt so) seachas Aire Stáit no cólucht reachtúil agus an cólucht san freagarthach d'Aire Stáit,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(c) beidh sé de dhualgas ar an sean-fhostóir an seanfhostaidhe do thógaint thar n-ais, ar a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, i bhfostaíocht agus fé choinníollacha nach lugha oiriúnacht maidir leis ná an fhostaíocht ina mbeadh sé agus na coinníollacha do bhainfeadh leis dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no é cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh;

(d) mara ndeinidh an sean-fhostóir an sean-fhostaidhe do thógaint thar n-ais amhlaidh, beidh an sean-fhostóir ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil na raghaidh thar caoga punt do chur air;

(e) má gheibhtear an sean-fhostóir ciontach sa chionta san, féadfaidh an chúirt a gheobhaidh ciontach amhlaidh é a ordú dhó, freisin, pé méid (nach mó ná sé oiread na suime do bheadh, dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no é cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh (pé aca é) agus go mbeadh sé i bhfostaíocht an tsean-fhostóra ar a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, iníoctha leis mar luach saothair míosúil ag an sean-fhostóir am an chríochnuithe sin), is oiriúnach leis an gcúirt, d'íoc leis an sean-fhostaidhe;

(f) má cúisítear an sean-fhostóir i gcionta fén bhfo-alt so alos an tsean-fhostaidhe, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an sean-fhostóir dá chruthú—

(i) ná dearna an sean-fhostaidhe, fé cheann mí tar éis a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, a iarraidh ar an sean-fhostóir é thógaint thar n-ais, no

(ii) go ndearna an sean-fhostaidhe, gan leath-scéal réasúnta do bheith aige chuige sin, faillighe do thabhairt, tar éis don tsean-fhostóir a thairgsint dó é thógaint thar n-ais, i dteacht ag obair san am agus san áit a chuir an sean-fhostóir in úil dó, no

(iii) gur thárla, toisc atharú (seachas duine éigin eile d'fhostú in ionad an tsean-fhostaidhe) do bheith tagtha ar chúrsaí an cháis—

(I) nárbh fhéidir do réir réasúin an seanfhostaidhe do thógaint thar n-ais, no

(II) nárbh fhéidir an sean-fhostaidhe do thógaint thar n-ais i bhfostaíocht agus fé choinníollacha nár lugha oiriúnacht maidir leis ná an fhostaíocht ina mbeadh sé agus na coinníollacha do bhainfeadh leis dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no é cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh, agus gur thairg an sean-fhostóir é thógaint thar n-ais sa bhfostaíocht is oiriúnaighe agus fé sna coinníollacha is oiriúnaighe dob’ fhéidir do réir réasúin;

(g) beidh cionta fén bhfo-alt so, alos an tsean-fhostaidhe, ion-chúisithe ag an Aire Cosanta no ag an seanfhostaidhe.

(2) Chun a áirithiú go ndéanfar coigeartú cóir ar chonnartha seirbhíse no príntíseachta bhí no bheidh i bhfeidhm idir fostóirí agus fostaithe le linn na bhfostaithe, i gcás oifigeach den Chúltaca, do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís no le linn na bhfostaithe, i gcás pearsan nach oifigigh den Chúltaca, do cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála rialacháin do dhéanamh ag saoradh páirtithe na gconnradh san o n-a n-oblagáidí uile no o aon chuid dá n-oblagáidí, fé sna connartha san alos tréimhse seirbhíse míleata na bhfostaithe sin agus féadfaidh, freisin, rialacháin do dhéanamh ag atharú na gconnradh san tríd an tréimhse sheirbhíse no phríntíseachta fén gcéanna d'fhaidiú tréimhse nach sia ná an tréimhse sin de sheirbhís mhíleata agus tré théarmaí na gconnradh san do chur in oiriúint d'aon fhaidiú den tsórt san.

(3) Déanfar, maidir le duine ar bith (dá ngairmtear an seanfhostaidhe sa bhfo-alt so) is oifigeach den Chúltaca agus a beifear tar éis a ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís no is pearsa nach oifigeach den Chúltaca agus a beifear tar éis a cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe, tagairtí san alt so, don duine ag á raibh an sean-fhostaidhe ar fostú tráth a ghlaoidhte amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no tráth a cheaptha chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh, do léiriú, alos éinní bheidh le déanamh tar éis tréimhse a sheirbhíse míleata do bheith caithte, mar thagairtí fholuíonn tagairtí do dhuine ar bith a bheidh, de thurus na huaire, i gcúram an ghnóthais no na seirbhíse ina raibh an sean-fhostaidhe ar fostú tráth a ghlaoidhte amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no tráth a cheaptha chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh no i gcúram aon ghnóthais no seirbhíse le n-a mbeifear tar éis an chéanna do chó-nascadh no 'nar chuid de é dáta glaoidhte amach an tseanfhostaidhe amhlaidh no a cheaptha chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh.

(4) Más deimhin leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála gur gá cosc do chur le fostóirí do chur deireadh le fostaíocht a bhfostaithe ar scór a bheith ar na fostaithe sin, de bhuadh forálacha na nAchtanna, aon diúitéthe do dhéanamh no freagrachtaí do chólíonadh mar bhaill de sna Fórsaí Cosanta no gur gá socrú do dhéanamh chun ná féadfaí cólíonadh forálacha an ailt seo do sheachaint, féadfaidh rialacháin do dhéanamh chun na gcrícheanna san, agus féadfar socrú do dhéanamh leis na rialacháin sin chun pionós do bheith ag gabháil le n-a sárú, agus go sonnrách féadfar, leis na rialacháin sin, aon cheann d'fhorálacha fo-ailt (1) den alt so bhaineann le daoine gheobhfar ciontach i gciontaí fén bhfo-alt san do chur i mbaint, go n-atharuithe no dá n-éamuis, le daoine gheobhfar ciontach i sáruithe den tsórt san.

(5) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar. Tigh den Oireachtas, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

(6) I gcás—

(a) (i) duine is oifigeach den Chúltaca do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís roimh an Acht so do rith no dá éis sin, no

(ii) duine do cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe roimh an Acht so do rith no dá éis sin, agus

(b) an duine sin (dá ngairmtear an sean-fhostaidhe sa bhfo-alt so) do bheith, tráth a ghlaoidhte amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no a cheaptha chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh (pé aca é), ar fostú ag duine (dá ngairmtear an t-údarás sa bhfo-alt so) is Aire Stáit no cólucht reachtúil agus an cólucht san freagarthach d'Aire Stáit,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(c) tógfaidh an t-údarás an sean-fhostaidhe thar n-ais, ar a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, i bhfostaíocht agus fé choinníollacha nach lugha oiriúnacht maidir leis ná an fhostaíocht ina mbeadh sé agus na coinníollacha do bhainfeadh leis dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no é cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh;

(d) ní bheidh feidhm ag mír (c) den fho-alt so maidir leis an sean-fhostaidhe—

(i) mara ndeinidh an sean-fhostaidhe, fé cheann mí tar éis a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe, a iarraidh ar an údarás é thógaint thar n-ais, no

(ii) má dheineann an sean-fhostaidhe, gan chúis réasúnta do bheith aige chuige sin, faillighe do thabhairt, tar éis don údarás a thairgsint dó é thógaint thar n-ais, i dteacht ag obair san am agus san áit a chur an t-údarás in úil dó, no

(iii) má thárlann toisc atharú (seachas duine éigin eile d'fhostú in ionad an tsean-fhostaidhe) do bheith tagtha ar chúrsaí an cháis—

(I) nach féidir do réir réasúin an sean-fhostaidhe do thógaint thar n-ais, no

(II) nach féidir an sean-fhostaidhe do thógaint thar n-ais i bhfostaíocht agus fé choinníollacha nach lugha oiriúnacht maidir leis ná an fhostaíocht ina mbeadh sé agus na coinníollacha do bhainfeadh leis dá mba ná déanfaí é ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís amhlaidh no é cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe amhlaidh, agus go dtairgfidh an t-údarás é thógaint thar n-ais sa bhfostaíocht is oiriúnaighe agus fé sna coinníollacha is oiriúnaighe is féidir do réir réasúin, no

(iv) mara ndearna an sean-fhostaidhe, i gcás é bheith ar fostú ag an údarás tráth a cheaptha ina oifigeach den Chúltaca no tráth a cheaptha chun céime coimisiúnta sealadaighe, cead chun glacadh leis an gceapadh san d'fháil ón údarás no o dhuine éigin ag gníomhú thar ceann an údaráis.

(7) San alt so—

cialluíonn an abairt “oifigeach den Chúltaca” oifigeach den Chúltaca Oifigeach;

cialluíonn an abairt “duine do cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe” duine do cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe sna Fórsaí i rith tréimhse práinne;

cialluíonn an abairt “oifigeach sealadach” duine ar n-a cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe;

cialluíonn an abairt “duine do ghlaodhach amach ar buantseirbhís”, maidir le hoifigeach den Chúltacha, duine do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís de bhun ailt 221 den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “ar a sheirbhís mhíleata do bheith críochnuithe”—

(a) maidir le hoifigeach den Chúltaca, ar an oifigeach san do scaoileadh, den chéad uair tar éis an t-oifigeach san do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís, as bheith ar seirbhís mhíleata,

(b) maidir le hoifigeach sealadach, ar an oifigeach san do scur dá choimisiún do bheith aige;

cialluíonn an abairt “tréimhse sheirbhíse míleata”—

(a) maidir le hoifigeach den Chúltaca, an tréimhse o thráth an t-oifigeach san do ghlaodhach amach ar buantseirbhís go dtí tráth a sheirbhíse míleata do bheith críochnuithe den chéad uair tar éis an t-oifigeach san do ghlaodhach amach amhlaidh,

(b) maidir le hoifigeach sealadach, an tréimhse o thráth a cheaptha chun céime coimisiúnta sealadaighe go dtí tráth a dá choimisiún do bheith aige.

(8) I gcás—

(a) duine do cheapadh ina oifigeach den Chúltaca no é cheapadh chun céime coimisiúnta sealadaighe, agus

(b) an duine sin do bheith ag fónamh mar shaighdiúir sna Fórsaí no mar fhear den Chúltaca tar éis dó liostáil sna Forsaí no sa Chúltaca, agus díreach roimh é cheapadh amhlaidh,

déanfar aon tagairtí atá sna fo-ailt sin roimhe seo do thráth no dáta a cheaptha amhlaidh do léiriú mar thagairtí do thráth no dáta a liostála amhlaidh.

E de cheart ag an Aire airgead tarrtháltais d'éileamh as seirbhísí longa Stáit.

9. —I gcás aon long Stáit do dhéanamh seirbhísí tarrtháltais, beidh an tAire i dteideal airgead tarrtháltais d'éileamh thar ceann an Stáit as na seirbhísí sin, agus beidh na cearta agus na leigheasanna céanna aige do bheadh ag únaer na luinge sin dá mba nár long Stáit í.

Ceannasaithe agus fóirne longa Stáit d'éileamh airgid tarrtháltais.

10. —(1) I gcás—

(a) ceannasaidhe no fuireann luinge Stáit do dhéanamh seirbhísí tarrtháltais, agus

(b) ceannasaidhe no fuireann no cuid d'fhuirinn na luinge Stáit sin do bhunú imeachta, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, chun éileamh alos na seirbhísí tarrtháltais sin d'fhoirfheidhmiú,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) ní déanfar breithiúnú deiridh ar an éileamh san mara gcruthuítear toiliú an Aire (toiliú is iontugtha roimh na himeachta san do bhunú no dá éis sin) do bheith tugtha leis an éileamh do chur ar aghaidh,

(ii) mara gcruthuítear an toiliú san do bheith tugtha, beidh an t-éileamh san caithte amach agus íoc na gcostaisí ar an lucht éilimh.

(2) San alt so foluíonn an focal “fuireann” oifigigh.

Gearr-theideal agus có-luadh.

11. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna agus den Acht so le chéile.