28 1940


Uimhir 28 de 1940.


ACHT CISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE hIASACHTAÍ ÁITIÚLA DO LEASÚ AGUS CHUN ACHTANNA CISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 AGUS 1937, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ CHUN NA CRÍCHE SIN.

[4adh Meán Fhómhair, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) ;

cialluíonn an abairt “an ciste” ciste na n-iasachtaí áitiúla.

(2) Gach abairt dá dtugtar brí áirithe le halt 1 den Phríomh-Acht chun crícheanna an Achta san, tá léi san Acht so an bhrí do bheirtear di amhlaidh.

An méid airgid is ion-tabhartha amach as an gciste do mhéadú.

2. —Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1937 ( Uimh. 17 de 1937 ), agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid iomlán an airgid, do bhéarfar amach as an gciste alos iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht, thar suim seacht milleon déag punt.

Airgead a bheidh dlite don chiste d'asbhaint i gcásanna áirithe.

3. —(1) San alt so—

tá an bhrí chéanna leis an abairt “ús pionósach” atá léi in alt 15 don Phríomh-Acht;

cialluíonn an focal “suim” suim gurb é bheidh ann ná aon cheann no cinn aca so leanas, sé sin le rá, colann, ús, agus ús pionósach.

(2) I gcás suim ar bith do bheith dlite o dhuine ar bith seachas údarás áitiúil, agus iníoctha aige, maidir le hiasacht áitiúil, is cead méid na suime sin do bhaint as aon airgead is iníoctha leis an duine sin chun aon chríche ar bith ag aon Aire Stáit no ag na Coimisinéirí Ioncuim no ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn no ag Coimisiún Talmhan na hÉireann.

(3) Gach méid a hasbhainfear fén alt so, déanfar, más alos airgid a bheidh dlite ar scór nach scór úis phionósaigh no sa mhéid gur alos airgid den tsórt san a hasbhainfear é amhlaidh, é íoc isteach sa chiste agus é chur chun creidiúna i gcuntaisí an chiste mar íocaíocht ón duine gur as a chuid airgid a hasbainfear an méid sin amhlaidh, agus déanfar, más alos airgid a bheidh dlite ar scór úis phionósaigh no sa mhéid gur alos airgid den tsórt san a hasbhainfear é amhlaidh, é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire.

Iasachtaí do dhéanamh bailidhe i gcásanna áirithe.

4. —(1) Ní bhaineann an t-alt so le haon iasacht áitiúil ar n-a tabhairt d'údarás áitiúil do réir bhrí Achta na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936 (Uimh. 55 de 1936) , agus dá réir sin, ní fholuíonn an abairt “cólucht corparuithe no cólucht eile” san alt so údarás áitiúil do réir bhrí an Achta san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh daoine bheidh ag gníomhú mar chólucht chorparuithe no cólucht eile, no bheidh á thabhairt le tuigsint gur cólucht den tsórt san iad, iasacht i bhfuirm iasachta áitiúla d'fháil agus iad á thabhairt le tuigsint chuige sin comhachta an chóluchta san do bheith á bhfeidhmiú aca, agus do bhéarfaidh an t-iasachtaidhe an iasacht san uaidh mar iasacht dleacht agus gan a fhios aige ná fuil na daoine sin ina gcólucht gurbh é an cólucht san ar n-a bhunú go dleathach é, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i bhfábhar an iasachtaidhe sin, no i bhfábhar éinne bheidh ag éileamh tríd no fé, i gcoinnibh an chóluchta san, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna na headar-bhirte gurb é an iasacht san d'fháil agus do thabhairt amhlaidh í, is tuigthe na daoine sin do bheith ina gcólucht gurb é an cólucht san ar n-a bhunú go dleathach é, agus, dá réir sin, dlighfidh an cólucht san an t-airgead a bheidh faighte agus tugtha ar iasacht amhlaidh d'aisíoc, agus ús d'íoc air, do réir na dtéarmaí ar a bhfuarthas agus ar ar tugadh an t-airgead san ar iasacht amhlaidh agus sa mhéid chéanna (más aon mhéid é) go ndlighfeadh an cólucht san é sin do dhéanamh dá mbeadh na daoine sin ina gcólucht gurbh é an cólucht san ar n-a bhunú go dleathach é;

(b) gach morgáiste no urrús eile, ar n-a thabhairt uatha ag na daoine sin, do bhéarfaidh le tuigsint é bheith á thabhairt ag an gcólucht san don iasachtaidhe sin chun aisíoc an airgid sin agus íoc an úis air d'urrú, beidh sé, i lámha an iasachtaidhe sin no i lámha éinne bheidh ag éileamh tríd no fé, bailidhe agus ion-fhoirfheidhmithe i gcoinnibh an chóluchta san sa mhéid chéanna (más aon mhéid é) go mbeadh an morgáiste no an t-urrás eile sin bailidhe agus ion-fhoirfheidhmithe amhlaidh dá mbeadh na daoine sin ina gcólucht gurbh é an cólucht san ar n-a bhunú go dleathach é;

(c) ní bheidh aon chuid den eadar-bhirt gurb é an iasacht san d'fháil agus do thabhairt amhlaidh í nea-mbailidhe ná ionchonspóide ar an scór ná raibh na daoine sin ina gcólucht gurbh é an cólucht san ar n-a bhunú go dleathach é.

(3) Pé uair do gheobhaidh cólucht corparuithe no cólucht eile iasacht, no is tuigthe do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so iad d'fháil iasachta, i bhfuirm iasachta áitiúla, agus iad ag feidhmiú no á thabhairt le tuigsint iad do bheith ag feidhmiú comhacht an chóluchta san chuige sin, agus do bhéarfaidh an t-iasachtaidhe an iasacht san uaidh mar iasacht dleacht, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i bhfábhar an iasachtaidhe sin, no i bhfábhar éinne bheidh ag éileamh tríd no fé, i gcoinnibh an chóluchta san, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh an fháil agus an tabhairt ar iasacht san, ná aon mhorgáiste no urrús eile do bhéarfaidh an cólucht san no do bhéarfaidh le tuigsint é bheith á thabhairt ag an gcólucht san don iasachtaidhe sin chun aisíoc an airgid sin agus íoc an úis air d'urrú, nea-mbailidhe ná ionchonspóide mar gheall ar aon nea-dhlíthiúlacht no nearialtacht do bhaint le bunú an chóluchta san no le toghadh aon bhall no baill de;

(b) ní bheidh ar an iasachtaidhe sin fiosrú do dhéanamh féachaint ce'ca críoch chun a n-údaruítear don chólucht san do réir dlí airgead d'fháil ar iasacht an chríoch chun a mbeidh an cólucht san ag fáil an airgid sin ar iasacht no nach eadh no ce'ca sháródh an iasacht san aon teora bhaineann leis an méid airgid is cead don chólucht san d'fháil ar iasacht no ná sáródh, agus ní dochar ná deifir don iasachtaidhe sin an chríoch san do bheith, i bpáirt no go hiomlán, gan bheith údaruithe amhlaidh, ná an iasacht san do shárú aon teorann den tsórt san, i gcás san do thárlachtaint;

(c) ní bheidh ar an iasachtaidhe sin fiosrú do dhéanamh féachaint ce'ca rinneadh aon chruinniú áirithe den chólucht san do ghairm le chéile sa cheart no ná dearnadh no ce'ca ba chruinniú ceart é no nárbh eadh no ce'ca rinneadh aon fhógra áirithe le haghaidh ball an chóluchta san do thabhairt go cuibhe no ná dearnadh no ce'ca bhí na himeachta ag aon chruinniú áirithe den chólucht san dlíthiúil agus rialta no ná rabhadar;

(d) i gcás gan é bheith ar chumas an chóluchta san an t-airgead san d'fháil ar iasacht go dleathach gan ceadú no toiliú Aire Stáit, agus an tAire sin do thabhairt an cheaduithe no an toilithe sin (do réir mar a bheidh) no é do thabhairt le tuigsint é dá thabhairt san, ní bheidh ar an iasachtaidhe sin fiosrú do dhéanamh féachaint ce'ca rinneadh cólíonadh cuibhe ar aon choinníoll reachtúil áirithe do bhí le cólíonadh roimh an gceadú no an toiliú san do thabhairt no ná dearnadh, agus ní dochar ná deifir don iasachtaidhe sin aon choinníoll den tsórt san do bhí le cólíonadh amhlaidh do bheith (má bhí) gan cólíonadh ag an duine (pe'ca an tAire sin no an cólucht san no éinne eile é) ar a raibh sé de dhualgas an céanna do chólíonadh;

(e) ní bheidh ar an iasachtaidhe sin féachaint conus úsáidfidh an cólucht san an t-airgead san ná ní dochar ná deifir dó an cólucht san no éinne dá n-oifigigh do dhéanamh aon mhí-úsáide den airgead san no d'aon chuid de.

(4) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach, agus dá réir sin bainfidh, agus is tuigthe gur bhain riamh, le headar-bhearta, ar n-a dtosnú tar éis an lae sin agus roimh dháta an Achta so do rith (pe'ca críochnuithe dhóibh roimh an dáta san no ar feitheamh dóibh ar an dáta san), chó maith le headarbhearta tosnófar tar éis dháta an Achta so do rith.

Na daoine fhéadfaidh iasachtaí áitiúla do thabhairt amach.

5. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile féadfaidh an tAire, no duine ar bith eile (le n-a n-áirmhítear, go sonnrách, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn) ar ordú no le húdarás an Aire, gach iasacht áitiúil do thabhairt amach a bheidh le tabhairt amach tré airgead do thabhairt ar iasacht as an gciste.

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh ar dháta an Phríomh-Achta do rith agus éifeacht do bheith aige ar an dáta san agus ón dáta san amach, agus dá réir sin bainfidh, agus is tuigthe gur bhain riamh, le hiasachtaí áitiúla, ar n-a dtabhairt amach tré airgead do thabhairt ar iasacht as an gciste tar éis an dáta san agus roimh dháta an Achta so do rith, chó maith le hiasachtaí áitiúla do bhéarfar amach amhlaidh tar éis dháta an Achta so do rith.

Comhachta áirithe d'aistriú chun Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe.

6. —(1) An chomhacht, chun iasachtaí áitiúla do thabhairt amach, do haistríodh de bhuadh an Ministry of Transport (Commissioners of Public Works in Ireland Transfer and Exception of Powers) Order, 1919, deintear leis seo í aistriú chun Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn.

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach agus, chuige sin, gach iasacht áitiúil do thug Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn amach (pe'ca mar ghníomhairí don Aire Tionnscail agus Tráchtála no i bhfeadhmannas eile é) tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus roimh dháta an Achta so do rith, agus dob iasacht áitiúil go raibh an chomhacht chun í thabhairt amach aistrithe de bhuadh an Ministry of Transport (Commissioners of Public Works in Ireland Transfer and Exception of Powers) Order, 1919, áirmheofar í chun gach críche mar iasacht, agus is tuigthe í bheith riamh ina hiasacht, ar n-a tabhairt amach ag na Coimisinéirí sin mar phríomhaithe do réir an ailt seo, agus is dá réir sin a léireofar agus a bheidh éifeacht ag gach morgáiste no urrús eile ar n-a thabhairt chun na hiasachta san d'urrú.

Fo-alt (3) d'alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 3 den Phríomh-Acht agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige fé is dá bhforáiltí leis an bhfo-alt san éifeacht do bheith ag á fhorálacha d'ainneoin aon fhorála contrárdha dhó san (go bhfeidhm ghenerálta no go bhfeidhm shonnrách) in aon achtachán eile.

Suimeanna áirithe do chur chun críche.

8. —Gach suim do híocadh no dob ion-úsáidthe do réir dlí, roimh dháta an Phríomh-Achta do rith agus tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, chun colann no ús iasachta áitiúla do ghlanadh no mar chabhair chuige sin, agus do tugadh isteach, i rith na tréimhse sin, sa chiste bhí á chothabháil an tráth san ag an Aire agus dá ngairmtí go generálta an tráth san ciste na n-iasachtaí áitiúla, is tuigthe, d'ainneoin aon fhorála contrárdha dhó san (go bhfeidhm ghenerálta no go bhfeidhm shonnrách) in aon achtachán, í thabhairt isteach go ceart sa chiste sin.

Gearr-theideal agus có-luadh.

9. —(1) Féadfar Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1940, do ghairm d'Achtanna Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 agus 1937, agus den Acht so le chéile.