Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Fuirm an Orduithe.)

27 1940


Uimhir 27 de 1940.


ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (GEALLBHRUIDEADH), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN A ÚDARÚ MAOIN DO GHEALLBHRUIDEADH DON STÁT, I gCÁSANNA ÁIRITHE, DO THÁINIG NO THIOCFAIDH, NO GO dTÁINIG NO GO dTIOCFAIDH SCRÍBHINN TEIDIL CHUICHE, ROIMH AN ACHT SO DO RITH NO DÁ ÉIS SIN, I gCOIMEÁD NO I SEILBH CHORPARDHA AN AIRE DLIGHIDH AGUS CIRT NO BAILL DEN GHÁRDA SÍOCHÁNA NO BAILL DE SNA FÓRSAÍ COSANTA I gCÚRSA NO DE DHRUIM ÁITREABH AR BITH DO CHUARDACH NO DUINE AR BITH DO GHABHÁIL NO I gCÁSANNA ÁIRITHE EILE, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[14adh Lúnasa, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlighidh agus Cirt;

cialluíonn an focal “urrús” aon stoc, scair, bintiúir, banna, no rud eile dá samhail sin, ar n-a thabhairt amach ag rialghaltas, ag bárdas cathardha, ag corporáid reachtúil, ag cuideachtain theoranta, no ag aon chólucht eile;

nuair a húsáidtear an abairt “scríbhinn teidil” maidir le hairgead, cialluíonn sí ionstruim ionmhalairtithe, seic, banc-dhreacht, admháil taisce, ordú puist, no scríbhinn eile ag tabhairt no ag fiadhnú an chirt chun suim áirithe airgid d'fháil (go n-ús no dá éamais) agus, nuair a húsáidtear an abairt sin maidir le hurrús, cialluíonn sí deimhniú stuic, deimhniú scaire, bintiúir, deimhniú bintiúra, banna, no scríbhinn eile ag tabhairt no ag fiadhnú an teidil chun urrúis áirithe no ag fógairt únaerachta urrúis áirithe;

foluíonn an focal “maoin” ní ar bith is féidir a gheallbhruideadh don Stát de bhuadh an Achta so agus foluíonn freisin scríbhinn teidil chun ní ar bith den tsórt san;

foluíonn an focal “cúlscríobhadh” cúlscríobhadh adeir é bheith, no is iontuigthe do bheith, ina admháil.

Orduithe á dhearbhú maoin do bheith geallbhruidthe don Stát.

2. —(1) I gcás aon áirnéis (le n-a n-áirmhítear go sonnrách feithicil inneall-ghluaiste) no aon airgead no aon scríbhinn teidil chun airgid no aon scríbhinn teidil chun urrúis—

(a) do theacht, roimh an Acht so do rith, i gcoimeád no i seilbh chorpardha an Aire no baill den Ghárda Síochána no baill de sna Fórsaí Cosanta i gcúrsa no de dhruim áitreabh ar bith do chuardach no duine ar bith do ghabháil no, i gcás feithicle inneall-ghluaiste, i gcúrsa no de dhruim aon chuardaigh no gabhála den tsórt san no de bhíthin í fháil tréigthe agus (in aon chás) an céanna bheith, le linn an Achta so do rith, i gcoimeád no i seilbh chorpardha an Aire no baill den Ghárda Síochána no baill de sna Fórsaí Cosanta, no

(b) do theacht, tráth ar bith tar éis an Achta so do rith agus roimh an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, i gcoimeád no i seilbh chorpardha an Aire no baill den Ghárda Síochána no baill de sna Fórsaí Cosanta i gcúrsa no de dhruim áitreabh ar bith do chuardach no duine ar bith do ghabháil no, i gcás feithicle inneall-ghluaiste, i gcúrsa no de dhruim aon chuardaigh no gabhála den tsórt san no de bhíthin í fháil tréigthe,

agus (i gceachtar cás aca san) an tAire dá mheas go bhfuair an duine gur leis an áirnéis sin no an t-airgead san no an t-airgead no an t-urrús le n-a mbainfidh an scríbhinn teidil sin (do réir mar a bheidh) go bhfuair sé an céanna de thoradh no i gcúrsa gníomhachta ba dhochar do shíocháin no d'ordú no do shábháltacht an Stáit, no go raibh an céanna á úsáid no le húsáid (ag an duine sin no ag duine ar bith eile) chun gníomhacht den tsórt san do chur ar aghaidh, féadfaidh an tAire, tráth ar bith roimh an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, a dhearbhú, le hordú, an áirnéis sin no an t-airgead san no an scríbhinn teidil sin maraon leis an airgead no leis an urrús le n-a mbainfidh (do réir mar a bheidh) do bheith geallbhruidthe don Stát.

(2) Is sa bhfuirm atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bheidh gach ordú dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus déanfar, más féidir é, cóip de gach ordú den tsórt san do sheirbheáil ar an duine gur leis an mhaoin le n-a mbainfidh an t-ordú san ach, i gcás an tseirbheáil sin do bheith do-dhéanta no i gcás í fhágaint gan déanamh, ní thiocfaidh dochar ná deifir d'oibriú ná d'éifeacht an orduithe sin dá dhruim sin.

Eifeacht orduithe gheallbhruidthe.

3. —(1) Pé uair a dhearbhóidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh fén Acht so, aon mhaoin do bheith geallbhruidthe don Stát, tiocfaidh an mhaoin sin chun bheith agus beidh sí geallbhruidthe don Stát láithreach, agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha san aca so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) más áirnéis (le n-a n-áirmhítear feithicil inneall-ghluaiste) seachas airgead agus sa mhéid gur áirnéis den tsórt san an mhaoin sin, féadfar í úsáid chun crícheanna an Stáit, no í dhíol no do chur de láimh ar chuma eile chun tairbhe don Stát-Chiste, sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais no féadfar í dhíthiú le toiliú an Aire Airgeadais;

(b) más airgead agus sa mhéid gur airgead an mhaoin sin, seachadfar don Aire Airgeadais í, agus féadfaidh an tAire sin, más gá é, an t-airgead san do dhíol no do mhalairtiú agus déanfaidh, in aon chás, an t-airgead san no sochar glan an díola no an mhalairtithe sin (do réir mar a bheidh) do chur de láimh do réir an Achta so;

(c) más scríbhinn teidil chun airgid agus sa mhéid gur scríbhinn teidil chun airgid an mhaoin sin—

(i) oibreoidh an t-ordú san chun an chirt, chun íocaíocht san airgead le n-a mbainfidh an scríbhinn sin d'fháil de bhuadh na scríbhinne sin, d'aistriú chun an Aire Airgeadais agus do dhílsiú ann, agus

(ii) más gá cúlscríobhadh do chur ar an scríbhinn sin, is cúlscríobhadh maith dóthanach uirthi an tAire Airgeadais no an Rúnaidhe don Roinn Airgeadais do chur cúlscríobhtha uirthi do réir an ailt seo, agus

(iii) gheobhaidh an tAire Airgeadais íocaíocht san airgead san agus cuirfidh an céanna de láimh do réir an Achta so;

(d) más scríbhinn teidil chun urrúis agus sa mhéid gur scríbhinn teidil chun urrúis an mhaoin sin—

(i) oibreoidh an t-ordú san chun an urrúis sin d'aistriú chun an Aire Airgeadais, agus

(ii) maran gá chun an urrúis sin d'aistriú ach an scríbhinn sin do sheachadadh no cúlscríobhadh do chur uirthi agus í sheachadadh, is tuigthe an scríbhinn sin do bheith seachadtha go dleathach don Aire Airgeadais, agus

(iii) maran gá chun an urrúis sin d'aistriú ach cúlscríobhadh do chur ar an scríbhinn sin no cúlscríobhadh do chur uirthi agus í sheachadadh, is cúlscríobhadh maith dóthanach ar an scríbhinn sin an tAire Airgeadais no an Rúnaidhe don Roinn Airgeadais do chur cúlscríobhtha uirthi do réir an ailt seo, agus

(iv) más gá do réir dlí dintiúir no scríbhinn eile chun an urrúis sin d'aistriú, oibreoidh an t-ordú san mar dhintiúir no mar scríbhinn eile, ar n-a chólánú go cuibhe ag gach páirtidhe is gá agus é ionchláruithe (más gá clárú), aistreoidh an t-urrús san chun an Aire Airgeadais, agus

(v) mara mbeidh an t-urrús san ionaistrithe ach tré iontráil do dhéanamh i gclár no i bhfolio no i leabhar, oibreoidh an t-ordú san chun a údarú don oifigeach ceart agus chun a chur mar cheangal air na hiontrála cearta, chun an urrúis sin d'aistriú chun an Aire Airgeadais, do dhéanamh sa chlár no sa bhfolio no sa leabhar san, agus

(vi) i gcás ar bith, féadfaidh an tAire Airgeadais an t-urrús san do dhíol agus, má dheineann amhlaidh, cuirfidh sochar glan an díola san de láimh do réir an Achta so;

(e) más feithicil inneall-ghluaiste agus sa mhéid gur feithicil inneall-ghluaiste an mhaoin sin, oibreoidh an t-ordú san chun únaeracht na feithicle sin d'aistriú chun an Aire Airgeadais, agus do dhílsiú ann, agus chun an Aire sin do chur i dteideal a thabhairt go gclárófaí é féin i leabhair an údaráis áitiúil oiriúnaigh mar únaer ar an bhfeithicil sin.

(2) Pé uair a chuirfidh an tAire Airgeadais no an Rúnaidhe don Roinn Airgeadais cúlscríobhadh ar scríbhinn teidil de bhuadh an údaráis do bheirtear leis an alt so, cuirfidh an cúlscríobhadh san uirthi—

(a) i gcás inar ghá, dá mba ná hachtófaí an t-alt so, duine áirithe do chur cúlscríobhtha ar an scríbhinn sin—tré ainm an duine sin do scríobhadh uirthi agus a shighniú féin, maraon le teideal a oifige, do chur i ndiaidh na hainme sin, no

(b) i gcás ar bith eile—tré n-a ainm féin do shighniú agus teideal a oifige do luadh ar an scríbhinn sin.

Ceart chun iarratas do dhéanamh chun na hArd-Chúirte.

4. —(1) Duine ar bith adéarfaidh gur leis aon mhaoin áirithe bheidh geallbhruidthe don Stát de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so, is ceaduithe dhó, ach fógra do thabhairt don Ard-Aighne, a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair, fé cheann dhá mhí tar éis cóip den ordú san do sheirbheáil air no, i gcás gan san do sheirbheáil air, fé cheann sé mhí tar éis dáta an orduithe sin, ordachán do dhéanamh á ordú an mhaoin sin do thabhairt thar n-ais dó no, i gcás nach féidir an mhaoin sin do thabhairt thar n-ais dó toisc í dhíol fén Acht so no mar gheall ar chúis ar bith eile, á ordú cúiteamh d'íoc leis i gcailliúint na maoine sin.

(2) Más rud é, ar iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bheith fé bhráid na hArd-Chúirte, gur deimhin leis an gCúirt sin, tar éis na fianaise sin do bhéarfaidh an t-iarratasóir no an tArd-Aighne ar áird d'éisteacht, an mhaoin le n-a mbainfidh an t-iarratas san do bheith, nuair a tháinig sí i gcoimeád no i seilbh chorpardha an Aire no baill den Ghárda Síochána no baill de sna Fórsaí Cosanta (do réir mar a bheidh), ina maoin dhleathaigh leis an iarratasóir no le duine tré n-a mbeidh no fé n-a mbeidh an t-iarratasóir ag éileamh agus nach de thoradh ná i gcúrsa gníomhachta ba dhochar do shíocháin no d'ordú no do shábháltacht an Stáit do fuair an t-iarratasóir no an duine eile sin adubhradh í agus ná raibh sí á húsáid ná le húsáid (ag an iarratasóir ná ag duine ar bith eile) chun aon ghníomhacht den tsórt san do chur ar aghaidh agus, i gcás an mhaoin sin do thabhairt thar n-ais don iarratasóir no cúiteamh alos an chéanna d'íoc leis, ná déanfaidh an t-iarratasóir, ná ná déanfar le n-a thoiliú, an mhaoin ná an cúiteamh san d'úsáid chun aon ghníomhacht den tsórt san adubhradh do chur ar aghaidh, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú (fé mar is gá sa chás) an mhaoin sin do thabhairt thar n-ais don iarratasóir no an tAire Airgeadais d'íoc cúitimh leis an iarratasóir i gcailliúint na maoine sin.

(3) Ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordachán fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, á ordú aon mhaoin áirithe do thabhairt thar n-ais no cúiteamh d'íoc alos aon mhaoine áirithe, mara ndeinidh neach iarrtha an ordacháin sin féin fianaise do thabhairt uaidh i dtacaíocht leis an iarratas agus dul fé chros-cheistniú ag abhcóide don Ard-Aighne.

(4) Má dheineann an Ard-Chúirt, no má dheineann an Chúirt Uachtarach ar athchomharc ón Ard-Chúirt do bheith fé n-a mbráid, ordú á ordú fén alt so aon mhaoin áirithe do thabhairt thar n-ais no cúiteamh d'íoc alos aon mhaoine áirithe, féadfaidh an Chúirt sin, leis an ordú san, na coinníollacha san is oiriúnach leis an gCúirt sin d'fhorchur chun a áirithiú ná déanfar an mhaoin sin no an cúiteamh san (do réir mar a bheidh) d'úsáid, ná feidhm do bhaint as an gcéanna, chun aon ghníomhacht ba dhochar do shíocháin no d'ordú no do shábháltacht an Stáit do chur ar aghaidh agus féadfaid, go sonnrách, a chur mar cheangal ar an iarratasóir é do dhul, sara bhfuighidh an mhaoin no an cúiteamh san, fé choraíocht go mbeidh dea-iompartha.

(5) Má dheineann an Ard-Chúirt, no má dheineann an Chúirt Uachtarach ar athchomharc ón Ard-Chúirt do bheith fé n-a mbráid, ordachán fén alt so, á ordú cúiteamh d'íoc alos aon mhaoine áirithe, ceapfaidh an Chúirt sin méid an chúitimh sin, ach ní bheidh sa chúiteamh san, i gcás airgid is airgead reatha dleathach in Éirinn, ach méid an airgid sin féin no, in aon chás eile, an tsuim chaipitiúil ghlan a bheidh faighte ag an Aire Airgeadais tríd an maoin sin do dhíol no do mhalairtiú no d'fhoirfheidhmiú no tré airgead do dhéanamh di ar shlí eile maraon le méid an ioncuim a bheidh faighte ag an Aire Airgeadais, alos úis no díbhinní no ioncuim eile, i gcás urrúis a bheidh ag saothrú an chéanna.

(6) Beidh costaisí an iarratasóra agus an Ard-Aighne, maidir le hiarratas chun na hArd-Chúirte fén alt so, iníoctha ag an iarratasóir mara ndeinidh an Ard-Chúirt, no mara ndeinidh an Chúirt Uachtarach ar athchomharc ón Ard-Chúirt do bheith fé n-a mbráid, a mhalairt d'ordú go soiléir, ach isí an Chúirt Uachtarach a shocróidh cé íocfaidh na costaisí alos athchomhaire chun na Cúirte sin.

(7) Má dheineann an Ard-Chúirt ar iarratas fén alt so do bheith fé n-a mbráid, no má dheineann an Chúirt Uachtarach ar athchomharc ón Ard-Chúirt do bheith fé n-a mbráid maidir le hiarratas den tsórt san, ordachán á ordú don Aire Airgeadais cúiteamh ar bith d'íoc leis an iarratasóir agus má bhíonn costaisí no aon chuid de chostaisí an Ard-Aighne, maidir leis an iarratas san no leis an athchomharc san, iníoctha ag an iarratasóir sin, féadfaidh an tAire sin, gan dochar d'aon mhodh eile chun na gcostaisí sin no na coda san do bhaint amach, méid na gcostaisí is iníoctha ag an iarratasóir sin amhlaidh, no an oiread san den chéanna gur leor chun a ghlanta an cúiteamh san is iníoctha leis an iarratasóir sin amhlaidh, do bhaint as an gcúiteamh san.

Airgead do gheobhaidh an tAire Airgeadais do chur de láimh.

5. —(1) Déanfar an t-airgead uile do bhéarfar don Aire Airgeadais de bhun an Achta so (seachas airgead a dhíolfaidh no a mhalairteoidh an tAire Airgeadais tar éis é thabhairt dó) maraon leis an sochar glan do gheobhfar as aon mhaoin (le n-a n-áirmhítear airgead) do dhíol no do mhalairtiú no do chur de láimh ar shlí eile, is maoin a dhéanfaidh an tAire Airgeadais a dhíol no a mhalairtiú no a chur de láimh ar shlí eile fén Acht so agus fós an t-ioncum uile do gheobhaidh an tAire Airgeadais as aon mhaoin a bheidh aistrithe chuige tré ordú, ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so, d'oibriú de bhuadh an Achta so, do lóisteáil i gcuntas ar leithligh (dá ngairmtear san alt so an cuntas ar leithligh sin) a bheidh fé choimeád agus fé urláimh an Aire Airgeadais.

(2) Déanfar an cúiteamh uile is iníoctha ag an Aire Airgeadais, de bhun orduithe Cúirte ar n-a dhéanamh fén Acht so, d'íoc amach as an gcuntas ar leithligh sin.

(3) Déanfar na hiarmhéideanna san sa chuntas ar leithligh sin, go bhfeicfear don Aire Airgeadais o am go ham ná beid ag teastáil chun cúiteamh d'íoc de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Costaisí.

6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Airgeadais chun an Achta so do riaradh.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1940 , do ghairm den Acht so.