An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL AINMLIOSTA) (TOGHACHÁIN CHORRA), 1940) Ar Aghaidh (CUID II. Foluntaisi Fo-ainmliosta Cholucht Ainmniuchain.)

20 1940

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL AINMLIOSTA) (TOGHACHÁIN CHORRA), 1940

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta) (Toghacháin Chorra), 1940 , do ghairm den Acht so.

An Príomh-Acht.

2. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 (Uimh. 43 de 1937) .

(2) Léireofar an tAcht so agus an Príomh-Acht mar éinní amháin agus dá réir sin (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) gach focal no abairt dá dtugtar brí áirithe tríd an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san, beidh aige, san Acht so, an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “toghachán corr Seanaid” toghachán fén Acht so;

cialluíonn an focal “folúntas” foluntas i gcomhaltas Sheanad Éireann ar n-a thárlachtaint tré chomhalta de Sheanad Éireann, do toghadh fén bPríomh-Acht sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin no do toghadh i dtoghachán corr Seanaid a bhí ann tar éis an toghacháin Seanaid deiridh sin roimhe sin, d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht;

cialluíonn an abairt “folúntas fo-ainmliosta chólucht ainmniúcháin” folúntas ar n-a thárlachtaint tré chomhalta de Sheanad Éireann, do toghadh sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin as fo-ainmliost cólucht ainmniúcháin no do toghadh i dtoghachán corr Seanaid chun ionad comhalta do toghadh amhlaidh sa toghachán Seanaid sin do líonadh (go díreach no go nea-dhíreach), d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht;

cialluíonn an abairt “folúntas fo-ainmliosta Dhála” folúntas ar n-a thárlachtaint tré chomhalta de Sheanad Éireann, do toghadh sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin as ainmliost Dála no do toghadh i dtoghachán corr Seanaid chun ionad comhalta do toghadh amhlaidh sa toghachán Seanaid sin do líonadh (go díreach no go nea-dhíreach), d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhícháilíocht.

Feidhm alt áirithe den Phríomh-Acht.

4. —(1) Folóidh an abairt “toghachán Seanaid”, i ngach áit ina bhfuil sí in alt 5 den Phríomh-Acht, toghachán fén Acht so, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san dá réir sin.

(2) Folóidh an abairt “an tAcht so”, sna háiteanna ina bhfuil sí in alt 7 agus in alt 8 den Phríomh-Acht, an tAcht so féin, agus léireofar na hailt sin agus beidh éifeacht aca dá réir sin.

Fógra i dtaobh folúntais.

5. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann, déanfaidh Cléireach Sheanad Éireann, ar n-a ordú san do Sheanad Éireann, fógra (dá ngairmtear san Acht so fógra i dtaobh folúntais) do chur i scríbhinn go dtí an tAire i dtaobh an fholúntais sin.

(2) Déarfar i ngach fógra i dtaobh folúntais, maidir leis an gcomhalta gur tré é d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhícháilíocht do thárla an folúntas, cadé an t-ainmliost agus an fo-ainmliost as ar toghadh an comhalta san sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin no, más i dtoghachán corr Seanaid do toghadh an comhalta san, cadé an t-ainmliost agus an fo-ainmliost as ar toghadh, sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin, an comhalta gur chun a ionad do líonadh (go díreach no go nea-dhíreach) do toghadh é amhlaidh.

(3) Gach folúntas do thárla roimh dháta an Achta so do rith i gcomhaltas Sheanad Éireann tar éis an toghacháin Seanaid deiridh a bhí ann roimh an dáta san, is tuigthe, chun crícheanna an Achta so, é do thárlachtaint díreach tar éis an dáta san,

Orduithe toghacháin chuirr.

6. —(1) Pé uair do gheobhaidh an tAire fógra i dtaobh folúntais o Chléireach Sheanad Éireann, déanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú toghacháin chuirr san Acht so) chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, agus in aon chás céad is ochtó lá ar a mhéid tar éis an fhógra san d'fháil, agus ordóidh ann toghachán do chomóradh do réir an Achta so, chun an fholúntais sin do líonadh, agus luadhfaidh ann an t-ainmliost agus an fo-ainmliost gur ina dtaobh do thárla an folúntas san, agus ceapfaidh leis, chun crícheanna an toghacháin sin, na tráthanna agus na háiteanna luaidhtear sa cheann san den dá fho-alt díreach ina dhiaidh seo den alt so a bhainfidh leis an gcás.

(2) Más folúntas fo-ainmliosta chólucht ainmniúcháin an folúntas gur ina thaobh a déanfar ordú toghacháin chuirr, ceapfar leis an ordú toghacháin chuirr—

(a) an áit ina mbeidh an cruinniú ainmniúcháin agus an tráth a thosnóidh sé, agus

(b) an lá shuidhfidh agus an áit ina suidhfidh an ceann cóimhrimh Seanaid chun breith do thabhairt ar ainmnithe, agus

(c) seoladh an chinn chóimhrimh Seanaid.

(3) Más folúntas fo-ainmliosta Dhála an folúntas gur ina thaobh a déanfar ordú toghacháin chuirr, ceapfar leis an ordú toghacháin chuirr—

(a) an lá is lá deiridh chun ainmnithe do ghlacadh, agus

(b) an lá shuidhfidh agus an áit ina suidhfidh an ceann cóimhrimh Seanaid chun breith do thabhairt ar ainmnithe, agus

(c) an lá is lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, agus

(d) an lá agus an uair a cuirfear deireadh leis an vótaíocht, agus

(e) seoladh an chinn chóimhrimh Seanaid.

(4) Foillseofar gach ordú toghacháin chuirr san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

A dtiocfaidh de Dháil Éireann do scor.

7. —(1) Pé uair a scuirfear Dáil Éireann tar éis don Aire fógra i dtaobh folúntais d'fháil agus sara ndéanfar ordú toghacháin chuirr alos an fholúntais sin, tiocfaidh an fógra san chun bheith agus beidh ar nea-mbrí de dhruim an scuir sin agus, d'ainneoin éinní atá san Acht so, ní déanfar aon ordú toghacháin chuirr alos an fholúntais sin.

(2 Pé uair a scuirfear Dáil Éireann tar éis ordú toghacháin chuirr do dhéanamh agus sara ndéanfar an toghachán de bhun an orduithe sin do chríochnú, tiocfaidh an t-ordú san chun bheith agus beidh ar nea-mbrí de dhruim an scuir sin agus ní déanfar a thuilleadh alos an orduithe sin, ach ní dhéanfaidh an neambríochaint sin dochar ná deifir do cheart an chinn chóimhrimh Seanaid chun íoc d'fháil, fé alt 5 den Phríomh-Acht, ina chuid éilithe agus ina chuid chostaisí réasúnta alos na seirbhísí do rinne agus na gcostaisí fé n-a ndeachaidh, maidir leis an toghachán san, roimh an scur san.

Foráil i gcás breis agus folúntas amháin do bheith ann.

8. —Má thárlann, tráth ar bith, dhá cheann no níos mó d'fhógraí i dtaobh folúntais, ná beidh ar nea-mbrí de dhruim Dáil Éireann do scur agus ná beidh ordú toghacháin chuirr déanta ag an Aire ina dtaobh, do bheith faighte ag an Aire, déanfar ordú toghacháin chuirr fé leith agus comórfar toghachán fé leith alos gach folúntais fé leith le n-a mbainfidh na fógraí sin.