18 1940


Uimhir 18 de 1940.


ACHT COMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN FAIDIÚ DO DHÉANAMH, D'FHONN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH, AR AN TRÉIMHSE LEANFAIDH AN t ACHT COMHACHTA PRÁINNE, 1939 , I bhFEIDHM.

[10adh Iúl, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) .

An Príomh-Acht do bhuanú.

2. —(1) Mara gcuirtear deireadh le n-a ré feidhme roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, agus raghaidh in éag ansan mara gcinnidh an tOireachtas a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luatha ná an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

(3) Athghairmtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 13 den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1940 , do ghairm den Acht so.