Ar Aghaidh (An Achmaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dtagartar san Acht so.)

17 1940


Uimhir 17 de 1940.


ACHT LEITHREASA, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SUIME ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A hAON CEATHRACHAD AGUS CHUN NA SUIMEANNA DEONADH LEIS AN ACHT PRÍMH-CHISTE, 1940 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SO DO CHUR I LEITHREAS DO SNA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS DO SNA CRÍCHEANNA IS CEART. [3adh Iúl, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontas as an bPrimh-Chiste.

£19,883, 869 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir na bliana 1940-41.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim naoi milleon déag, ocht gcéad agus trí mhíle ochtód, ocht gcéad agus naoi bpunt seascad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a haon ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £19,883,869 d'fháil ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar naoi milleon déag, ocht gcéad agus trí mhíle ochtód, ocht gcéad agus naoi bpunt seascad d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do thabhairt amhlaidh don Aire Airgeadais, agus chun críche na fála san féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach a mheasfaidh, agus iad fén ráta úis sin agus ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fé réir na gcoinníollacha san i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile a mheasfaidh, do bheith oiriúnach.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach

(3) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús ar n-a dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbíonn an Ciste sin ar fáil.

Deontaisi do chur i Leithreas.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £31,663,328, do chur i leithreas.

3. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun slánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim aon mhilleon tríochad, sé chéad agus trí mhíle seascad, trí chéad agus ocht bpunt fhichead, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas, amhail o dháta na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) do rith, chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, is tuigthe gur cuid den Acht so iad díreach fé is dá mbeidís i gcorp an Achta so.

(2) I dteanta na suimeanna deontar as an bPhrímh-chiste, agus dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim milleon seacht gcéad agus ceithre mhíle seachtód, sé chéad agus ocht bpunt do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1940 , do ghairm den Acht so.