16 1940


Uimhir 16 de 1940.


ACHT COMHACHTA PRÁINNE (LEASÚ) (Uimh. 2), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN AN ACHTA CHOMHACHTA PRÁINNE, 1939, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ D'FHONN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH I dTAOBH SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH.

[3adh Iúl, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) .

Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Deintear leis seo fo-alt (5) d'alt 2 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “ná socrú do dhéanamh chun daoine seachas daoine fé dhlí mhíleata do thriail ag arm-chúirteanna” atá anois sa bhfo-alt san do scriosadh amach as.

Daoine do thriail go hachmair agus do phionósú alos ciontaí áirithe.

3. —Féadfaidh an Riaghaltas socrú do dhéanamh, le hOrdú fé alt 2 den Phríomh-Acht, chun duine ar bith adeirtear do rinne aon chionta luadhfar san ordú san do chur á thriail, ar shlí achmair, ag oifigigh choimisiúnta de sna Fórsaí Cosanta agus, i gcás an duine sin do chiontú sa chionta san, chun é dhaoradh chun báis agus chun an phionóis sin do chur i ngníomh, agus ní luighfidh aon athchomharc alos an chiontuithe ná an daortha san.

Ré an Achta so.

4. —Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm an fhaid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus an fhaid sin amháin.

Gearr-theideal agus có-luadh.

5. —(1) Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Leasú) (Uimh. 2), 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Airmheofar an tAcht so ar na hAchtanna gur féidir na hAchtanna Comhachta Práinne, 1939 agus 1940, do ghairm díobh le chéile.