An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Tuairisceáin o Cheadúnaithe, Breacacháin a bheidh le Coimeád ag Ceadúnaithe, agus Aitreabhacha Ceadúnuithe d'Iniúchadh.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

35 1939

ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939

CUID V.

Leasuithe ar Achtanna 1935 agus 1937 agus Foralacha Ilghneitheacha.

Feidhm ailt 30 d'Acht 1935.

48. —Is tuigthe, chun crícheanna ailt 30 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le ceadúnaisí d'atharú agus do cheiliúradh), sárú ar bith a déanfar ar aon fhorfáil atá i gCuid III no i gCuid IV d'Acht 1937, no ar aon fhoráil den Acht so, do bheith ina shárú ar fhoráil d'Acht 1935, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 30 dá réir sin.

Alt 40 d'Acht 1935 do leasú.

49. —Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 40 d'Acht 1935 do leasú tré sna focail “ná ar luach saothair” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “dhíolta” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Fo-alt (2) d'alt 98 d'Acht 1935 do chur ar fiunraoi.

50. —(1) Féadfaidh an tAire ar dháta an aistrithe, no pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é dá éis sin, a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta san alt so) fo-alt (2) d'alt 98 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le tréimhsí agus quotaí táirgthe) do bheith ar fiunraoi.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fiunraíochta i rith tréimhse táirgthe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 98 d'Acht 1935, ní dhéanfaidh an Coimisiún ordú táirgthe ar dháta an orduithe fiunraíochta san, ná dá éis sin faid a bheidh an t-ordú fiunraíochta san i bhfeidhm;

(b) más rud é go mbeidh ordú táirgthe, ag ceapadh tréimhse chun bheith ina céad tréimhse tháirgthe eile, déanta ag an gCoimisiún, de bhun an fho-ailt sin (2), roimh dháta an orduithe fiunraíochta san, ansan—

(i) is tuigthe, i dtaobh an orduithe tháirgthe sin, ná dearnadh é, agus

(ii) is tuigthe, i dtaobh éinní (ar n-a leanúint as an ordú táirgthe sin do dhéanamh) a bheidh déanta ag an gCoimisiún maidir leis an gcéad tréimhse tháirgthe eile sin de bhun ailt 21 no 22 no 23 d'Acht 1937, ná dearnadh é.

(3) Pé uair a bheidh ordú fiunraíochta i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, an t-ordú fiunraíochta san do cheiliúradh, agus leis sin scuirfidh an t-ordú fiunraíochta san de bheith i bhfeidhm.

(4) In aon chás—

(a) ina mbeidh forálacha fo-ailt (2) d'alt 98 d'Acht 1935 gan cólíonadh, agus

(b) in arb iad na srianta forchuirtear le mír (a) d'fho-alt (2) den alt so fé ndeár gan iad do chólíonadh,

beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (3) den alt san 98 maidir leis an nea-chólíonadh san.

(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Alt 102 d'Acht 1935 do scur.

51. —Ní déanfar aon ordú, ar dháta an aistrithe ná dá éis sin, fé fho-alt (1) d'alt 102 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le tréimhsí agus quotaí díola).

Dleachta fé ailt 111 agus 150 d'Acht 1935 do scur agus forálacha iarmartacha.

52. —(1) Ní bheidh aon dleacht iníoctha fé alt 111 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le dleacht alos conablach ar n-a n-úsáid chun bagún do tháirgeadh) ná fé alt 150 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le dleacht is iníoctha ag ceadúnaithe leis an mBord Marguithe Muc) in aghaidh aon leath-bhliana ar n-a críochnú tar éis dáta an aistrithe.

(2) Aon dleacht a thiocfaidh chun bheith iníoctha, fé alt 111 no alt 150 d'Acht 1935, in aghaidh na leath-bhliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, is leis an gCoimisiún a bheidh sé iníoctha.

(3) Íocfar isteach sa Chiste Ghenerálta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún, no bhainfid amach, de bhuadh an ailt seo.

Alt 23 d'Acht 1937 do scur.

53. —Scuirfidh alt 23 d'Acht 1937 d'fheidhm do bheith aige maidir le haon tréimhse tháirgthe thosnóidh ar dháta an aistrithe no dá éis sin.

Alt 39 d'Acht 1937 do leasú.

54. —(1) Ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, is fé réir na n-atharuithe seo leanas a bheidh éifeacht ag alt 39 d'Acht 1937 (alt a bhaineann leis an mBord Marguithe Bagúin do dhéanamh íocaíochtaí le daoine áirithe ba leasuitheoirí tráth), sé sin le rá:—

(a) déanfar na tagairtí atá san alt san do Chathaoirleach an Bhúird Mharguithe Bagúin do léiriú mar thagairtí do Chathaoirleach an Choimisiúin;

(b) déanfar na tagairtí atá san alt san don Bhord Mharguithe Bagúin do léiriú mar thagairtí don Choimisiún;

(c) déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (7) den alt san don Chiste Mharguithe Bagúin do léiriú mar thagairt don Chiste Ghenerálta;

(d) ní bheidh aon chúiteamh iníoctha le duine ar bith fén alt san mara n-iarrtar an cúiteamh san ar an mBord Marguithe Bagúin roimh dháta an aistrithe.

(2) I gcás na headrascánaithe uile no furmhór na n-eadrascánaithe, ar n-a gceapadh chun cúiteamh do chinneadh fé alt 39 d'Acht 1937, do bheith, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, gan aontú ar mhéid an chúitimh sin, déanfaidh an duine sin de sna headrascánaithe sin (is duine seachas Cathaoirleach an Bhúird Mharguithe Bagúin i gcás an ceapadh san do dhéanamh roimh dháta an aistrithe, no seachas Cathaoirleach an Choimisiúin i gcás an ceapadh san do dhéanamh ar dháta an aistrithe no dá éis sin) ainmneoidh an tAire méid an chúitimh sin do chinneadh, agus ní bheidh dul thar breith an duine a hainmneofar amhlaidh.

Alt 55 d'Acht 1937 do leasú.

55. —Nuair a bheidh aon ordú um praghas ceaptha no aon ordú um praghas ceaptha (leasú) á dhéanamh ag an gCoimisiún fé alt 55 d'Acht 1937 ar dháta an aistrithe no dá éis sin, déanfaid, i dteanta féachaint do sna nithe luaidhtear i bhfo-alt (4) den alt san, féachaint d'oblagáidí ceadúnaithe fé alt 28 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le táillí is iníoctha ag ceadúnaithe leis an Aire alos muc ar n-a seachadadh i gcóir scrúduithe thréidliaghachta) agus fé alt 34 den Acht so (alt a bhaineann le dleachta is iníoctha leis an gCoimisiún alos conablach ar n-a n-úsáid ag ceadúnaithe chun bagún do tháirgeadh).

Alt 60 d'Acht 1937 do leasú.

56. —(1) Ar dháta thosach feidhme an chéad orduithe um praghas ceaptha no an chéad orduithe um praghas ceaptha (leasú) (pé aca san is túisce déanfar) a dhéanfaidh an Coimisiún fé alt 55 d'Acht 1937, agus ón dáta san amach, léireofar alt 60 d'Acht 1937 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí clásanna (i) agus (ii) de mhír (a) d'fho-alt (3) den alt san 60 d'fhágaint ar lár san alt san.

(2) Ar dháta an aistrithe, agus dá éis sin go dtí an dáta luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, déanfar an tagairt atá i gclás (i) de mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 60 d'Acht 1937, don tsuim a bheidh orduithe de thurus na huaire chun crícheanna an dleachta is iníoctha leis an mBord ag ceadúnaithe fé alt 150 d'Acht 1935, do léiriú mar thagairt don tsuim a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, orduithe chun na gcrícheanna san.

Alt 69 d'Acht 1937 do scur agus cosaint do dhleachta fé alt 70 d'Acht 1937.

57. —(1) Ní déanfar aon ordú um praghas barúlach fé alt 69 d'Acht 1937 ar dháta an aistrithe ná dá éis sin.

(2) I gcás ordú um praghas barúlach fé alt 69 d'Acht 1937 do bheith i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe—

(a) is tuigthe, chun crícheanna ailt 70 d'Acht 1937 (alt a bhaineann le dleachta is iníoctha ag ceadúnaithe), an t-ordú san do scur de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe;

(b) aon dleacht a bheidh iníoctha fén alt san 70 ar an ordú san do scur, is leis an gCoimisiún a bheidh sé iníoctha;

(c) déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (5) den alt san 70. don Bhord Mharguithe Muc, do léiriú, maidir le haon dleacht den tsórt san, mar thagairtí don Choimisiún;

(d) ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) den alt san 70 maidir le haon dleacht den tsórt san.

(3) Íocfar isteach sa Chiste Chobhsaíochta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún, no bhainfid amach, de bhuadh an ailt seo.

Costas táirgthe bhagúin agus muc-tháirgthe eile do dhéanamh amach agus d'fhoillsiú.

58. —Féadfaidh an Coimisiún an mór-mhéid agus an méid glan, a chosnuíonn táirgeadh bagúin agus táirgeadh gach táirgeachta eile gheibhtear as muca, do dhéanamh amach agus d'fhoillsiú sa tslí sin is oiriúnach leo.

Asbhaint agus baíliú airgid áirithe do dhéanamh bailidhe.

59. —I gcás aon tsuim do thug le tuigsint í do sheasamh do mhéid na táille iniúchta dob iníoctha fé alt 28 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le táillí is iníoctha ag ceadúnaithe) do bhaint, i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1937, as an bpraghas d'íoc ceadúnaí as aon mhuic no conablach do cheannuigh—

(a) is tuigthe riamh an asbhaint sin do dhéanamh go bailidhe, agus

(b) is tuigthe aon airgead do bhailigh an tAire o cheadúnaithe den tsórt san alos asbhainte den tsórt san do bhailiú go bailidhe.