|
|||||
|
ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV. Tuairisceáin o Cheadúnaithe, Breacacháin a bheidh le Coimeád ag Ceadúnaithe, agus Aitreabhacha Ceadúnuithe d'Iniúchadh. | |
[EN] |
Ceadúnaithe do thabhairt tuairisceán don Choimisiún. |
45. —(1) Féadfaidh an Coimisiún rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) na tuairisceáin (ar a n-áirmhítear tuairisceáin in aghaidh aon tréimhse no tréimhsí thosnuigh no thosnóidh ar dháta, roimh dháta na rialachán san, nár thúisce ná an 1adh lá d'Iúl, 1939) do bhéarfaidh sealbhóirí ceadúnas don Choimisiún; | |
[EN] | (b) na trátha do bhéarfar na tuairisceáin sin don Choimisiún; | |
[EN] | (c) na fuirmeacha ina ndéanfar amach na tuairisceáin sin. | |
[EN] | (2) Gach duine ar a mbeidh ceangailte, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, aon tuairisceán do thabhairt uaidh agus a fhailleoidh no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh agus é ar gach slí do réir na rialachán san, no chuirfidh in aon tuairisceán den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead. | |
[EN] | (3) Go dtí go mbeidh rialacháin déanta fén alt so agus tagtha i bhfeidhm, leanfaidh ailt 112 agus 151 d'Acht 1935, agus fós aon rialacháin a bheidh déanta fé sna hailt sin, i bhfeidhm ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar aon chuid de sna rialacháin sin, le n-a mbeidh ceangailte aon tuairisceán áirithe do thabhairt do bhord díochurtha, do léiriú mar ní le n-a gceangailtear gur don Choimisiún do bhéarfar aon tuairisceán den tsórt san a bheidh á thabhairt ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus, ar theacht i bhfeidhm do rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, scuirfidh ailt 112 agus 151 d'Acht 1935 de bheith i bhfeidhm. | |
[EN] |
Breacacháin a bheidh le coimeád ag ceadúnaithe. |
46. —(1) Déanfaidh gach duine is ceadúnaí fé cheadúnas, no bhéarfaidh go ndéanfar, na breacacháin orduithe do choimeád, sa bhfuirm orduithe, san áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san, agus déanfaidh, no bhéarfaidh go ndéanfar, na hiontrála orduithe do chur, fé cheann na haimsire orduithe, i ngach breacachán den tsórt san. |
[EN] | (2) Féadfaidh oifigeach údaruithe don Choimisiún gach breacachán a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo d'iniúchadh am ar bith le linn tráthanna oifige agus, an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thabhairt ar áird, ar n-a iarraidh sin air, chun an oifigigh údaruithe sin d'á iniúchadh agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) go mbeidh sé réasúnta don oifigeach údaruithe sin a iarraidh chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe bheidh sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as. | |
[EN] | (3) Má thárlann do dhuine ar bith— | |
[EN] | (a) ná déanfaidh no ná tabharfaidh go ndéanfar breacachán den tsórt san do choimeád is gá dhó do réir an ailt seo a choimeád no a thabhairt go gcoimeádfar é, no | |
[EN] | (b) ná déanfaidh no ná tabharfaidh go ndéanfar aon iontráil áirithe do chur sa bhreacachán san, fé cheann na haimsire ceaptar leis an alt so, is gá dhó do réir an ailt seo do chur sa chéanna, no | |
[EN] | (c) ná déanfaidh no ná tabharfaidh go ndéanfar, ar n-a iarraidh sin air, aon bhreacachán no scríbhinn áirithe no cóip áirithe de scríbhinn do thabhairt ar áird, chun iniúchta ag oifigeach údaruithe don Choimisiún, is gá dhó do réir an ailt seo do thabhairt ar áird, no go mbacfaidh aon oifigeach údaruithe den tsórt san agus iniúchadh den tsórt san á dhéanamh aige, no | |
[EN] | (d) go ndéanfaidh no go dtabharfaidh go ndéanfar iontráil ar bith a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an ailt seo— | |
[EN] | (a) fólóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna den chéanna, no de shleachta as an gcéanna, do dhéanamh, agus | |
[EN] | (b) is tuigthe breacachán is gá do réir an ailt seo do choimeád in aon áitreabh áirithe, no aon scríbhinn eile go mbeidh sé réasúnta d'oifigeach údaruithe don Choimisiún é iarraidh fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, d'iarraidh go cuibhe, chun a iniúchta, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, má hiarrtar san de bhréithre béil san áitreabh san ar an mball is sinsearaighe (den fhuirinn bhainistí no chléireachais) a bheidh i láthair an uair sin no ar an saoiste no ar an duine sinsearach eile i bhfeighil an áitreibh, agus | |
[EN] | (c) má diúltuítear no má faillítear breacachán do thabhairt ar áird is gá do réir an ailt seo do choimeád in aon áitreabh áirithe no aon scríbhinn eile do thabhairt ar áird go mbeidh sé réasúnta d'oifigeach údaruithe don Choimisiún é iarraidh fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus más san áitreabh san agus ag an mball is sinsearaighe (den fhuirinn bhainistí no chléireachais) a bheidh i láthair an uair sin no ag an saoiste no an duine sinsearach eile i bhfeighil an áitreibh a diúltófar no failleofar amhlaidh, is tuigthe an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an scríbhinn sin do thabhairt ar áird do dhiúltú no d'fhailliú amhlaidh. | |
[EN] | (5) Go dtí go mbeidh rialacháin ag ordú na nithe no na rudaí dá dtagartar mar nithe no mar rudaí orduithe i bhfo-alt (1) den alt so déanta agus tagtha i bhfeidhm, leanfaidh ailt 113 agus 152 d'Acht 1935 i bhfeidhm maraon le haon rialacháin, ar n-a ndéanamh i dtaobh aon nithe dá dtagartar sna hailt sin mar nithe orduithe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, ach ar theacht i bhfeidhm do rialacháin den tsórt san a céadluaidhtear scuirfidh na hailt sin 113 agus 152 de bheith i bhfeidhm. | |
(6) Déanfar na tagairtí atá in ailt 113 agus 152 d'Acht 1935 d'oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin agus d'oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc, fé seach, do léiriú ar dháta an aistrithe, agus dá éis sin faid a leanfaidh na hailt sin i bhfeidhm de bhuadh fo-ailt (5) den alt so, mar thagairtí d'oifigeach údaruithe don Choimisiún. | ||
[EN] |
Oifigigh údaruithe don Choimisiún d'iniúchadh áitreabhacha ceadúnuithe, etc. |
47. —(1) Beidh oifigeach údaruithe don Choimisiún i dteideal (ach a údarás i scríbhinn mar oifigeach údaruithe den tsórt san do thabhairt ar áird má hiarrtar san air) gach tráth réasúnta— |
[EN] | (a) dul isteach in áitreabh cheadúnuithe ar bith agus aon mhuca agus conablaigh agus bagún a bheidh san áitreabh san d'iniúchadh agus aon phróiseas a bheidh ar siúl san áitreabh san d'fhaire agus do scrúdú, agus | |
[EN] | (b) dul isteach in aon fhuar-stóras agus aon bhagún a bheidh sa bhfuar-stóras san d'iniúchadh. | |
[EN] | (2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh aon oifigeach údaruithe don Choimisiún, agus eisean ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. |