|
|||||
|
ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III. Cúiteamh do Cheadúnaithe alos Muc agus Conablach Daortha agus Damáistithe. | |
[EN] |
Cúiteamh do cheadúnaithe alos muc agus conablach damáistithe. |
44. —(1) Féadfaidh duine ar bith, adeir gur leis aon mhuca no conablaigh áirithe le n-a mbaineann an t-alt so, cúiteamh alos na muc no na gconablach san d'iarraidh ar an gCoimisiún. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisiún, ar dhuine d'iarraidh cúitimh ortha fén alt so agus tar éis an fhiosruithe sin is oiriúnach leis an gCoimisiún do dhéanamh, an cúiteamh san, alos na muc no na gconablach le n-a mbainfidh an t-iarratas, is dóich leis an gCoimisiún (ag féachaint do chúrsaí uile an cháis) is cóir d'íoc leis an duine sin, más oiriúnach leo é, amach as an gCiste Arachais. | |
[EN] | (3) Baineann an t-alt so— | |
[EN] | (a) leis na muca uile cuirfear os cóir scrúdóra thréidliaghachta fé Chuid II d'Acht 1935 ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus ná beidh deimhnithe ag an scrúdóir sin iad do bheith ionmharbhtha, agus | |
[EN] | (b) le gach conablach muice no cuid de chonablach mhuice cuirfear os cóir scrúdóra thréidliaghachta fé Chuid II d'Acht 1935 ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus go mbeidh faighte gan é bheith oiriúnach mar bhia do dhaoine; | |
[EN] | (c) le gach conablach muice (is muc ar n-a ceannach ag ceadúnaí) a dhaorfaidh údarás sláintíochta áitiúil fé chomhachta reachtúla ar dháta an aistrithe no dá éis sin. | |
[EN] | (4) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú, le hordú, go mbainfidh an t-alt so freisin le muca, nach muca monarcha-cheannuithe, ar n-a gceannach ag ceadúnaithe, agus ar n-a ndamáistiú, tar éis a gceannuithe, le linn a dtarchurtha go háitreabh an cheannuitheora, agus féadfaid aon ordú den tsórt san do cheiliúradh, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, bainfidh an t-alt so freisin le haon mhuca, nach muca monarcha-cheannuithe, ar n-a gceannach ag ceadúnaithe, agus ar n-a ndamáistiú amhlaidh le linn bheith i bhfeidhm don ordú san. | |
[EN] | (5) Ní híocfar aon chúiteamh fén alt so maran rud é— | |
[EN] | (a) go n-éileofar an cúiteamh san fé cheann na haimsire orduithe, agus | |
[EN] | (b) go n-iarrfar é sa tslí orduithe agus go mbeidh na mioninnste orduithe san iarratas. |