|
|||||
|
ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II. Conganta Airgid ar Bhagún. | |
[EN] |
Conganta airgid ar bhagún ar n-a easportáil ag ceadúnaithe. |
40. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, íocfaidh an Coimisiún, le gach sealbhóir ceadúnais easportálfaidh aon bhagún (is bagún ar n-a tháirgeadh san áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san) ar dháta an aistrithe no dá éis sin, congnamh airgid, ar bhagún a heasportálfar amhlaidh, a bheidh do réir an ráta— |
[EN] | (a) a bheidh ceaptha le hordú, bheidh déanta fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo agus a bheidh i bhfeidhm le linn na heasportála, agus | |
[EN] | (b) a bhainfidh, do réir an orduithe sin, leis an mbagún san. | |
[EN] | (2) Lá nach déanaí ná deireadh an mhí dar tosach dáta an aistrithe, déanfaidh an Coimisiún ordú fén bhfo-alt so, agus féadfaid ina dhiaidh sin, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so, ag ceapadh ráta an chonganta airgid ar bhagún a heasportálfar, agus beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le horduithe ar n-a ndéanamh fén bhfo-alt so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) nuair a bheidh ordú á dhéanamh acu fén bhfo-alt so, féadfaidh an Coimisiún— | |
[EN] | (i) bagún do roinnt sna haicmí sin agus san oiread san aicmí (ar n-a míniú mar is ceart dar leis an gCoimisiún) is oiriúnach leis an gCoimisiún, agus | |
[EN] | (ii) rátaí deifriúla conganta airgid do cheapadh alos aicmí deifriúla bagúin; | |
[EN] | (b) is tuigthe an chéad ordú fén bhfo-alt so do theacht i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus tiocfaidh gach ordú ina dhiaidh sin i bhfeidhm an lá san a luadhfar chuige sin; | |
[EN] | (c) fanfaidh gach ordú, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh ordú, ar n-a dhéanamh ina dhiaidh sin, i bhfeidhm. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Coimisiún, le hordú fén bhfo-alt so (dá ngairmtear ordú fiunraíochta sa bhfo-alt so), a dhearbhú tráth ar bith— | |
[EN] | (a) ná beidh aon chongnamh airgid iníoctha fén alt so ar bhagún a heasportálfar ar dháta áirithe no dá éis sin, no | |
[EN] | (b) ná beidh aon chongnamh airgid iníoctha ar aon aicme no aicmí áirithe (ar n-a míniú mar is ceart dar leis an gCoimisiún) a heasportálfar ar dháta áirithe no dá éis sin, | |
[EN] | agus féadfaid tráth ar bith, le hordú, ordú fiunraíochta do cheiliúradh, agus pé uair a déanfar ordú fiunraíochta, á dhearbhú ná beidh aon chongnamh airgid iníoctha fén alt so ar bhagún no ar aon aicme áirithe bhagúin a heasportálfar ar dháta áirithe no dá éis sin, ní bheidh aon chongnamh airgid iníoctha fén alt so ar bhagún no ar an aicme sin bhagúin (do réir mar a bheidh) a heasportálfar ar an dáta san, no dá éis sin faid a bheidh an t-ordú fiunraíochta san i bhfeidhm. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Coimisiún, nuair a bheidh aon aicme áirithe bhagúin á míniú acu chun crícheanna an ailt seo, an aicme sin do mhíniú tríd an tír áirithe chun a n-easportálfar an bagún san do luadh. | |
[EN] | (5) Is le haontú an Aire déanfar gach ordú déanfar fén alt so. | |
[EN] |
Conganta airgid ar bhagún ar n-a dhíol sa Stát ag ceadúnaithe. |
41. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, a dhearbhú, le hordú, go n-íocfaidh an Coimisiún, le gach sealbhóir ceadúnais a dhíolfaidh aon bhagún (is bagún ar n-a tháirgeadh in áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san) sa Stát i rith tréimhse áirithe, congnamh airgid, do réir an ráta luadhfar san ordú san, ar bhagún den tsórt san a dhíolfaidh an ceadúnaí sin sa Stát i rith na tréimhse sin, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, íocfaidh an Coimisiún, le gach sealbhóir ceadúnais a dhíolfaidh aon bhagún (is bagún ar n-a tháirgeadh san áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san) sa Stát i rith na tréimhse luadhfar san ordú san, congnamh airgid, ar an mbagún uile den tsórt san a dhíolfaidh an ceadúnaí sin sa Stát i rith na tréimhse sin, do réir an ráta luadhfar san ordú san agus a bheidh i bhfeidhm nuair a díolfar an bagún san. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, ordú bheidh déanta fé fho-alt (1) den alt so do leasú. | |
[EN] |
Ioc i gcongnamh airgid d'iarraidh. |
42. —(1) Féadfaidh gach duine, adeir go bhfuil sé i dteideal congnamh airgid fén gCuid seo den Acht so d'fháil, a iarraidh ar an gCoimisiún sa bhfuirm agus sa tslí orduithe an congnamh airgid sin d'íoc leis. |
[EN] | (2) Beidh i ngach iarratas a déanfar fén alt so, á iarraidh go n-íocfaí congnamh airgid, na mion-innste orduithe i dtaobh an éilimh ar an gcongnamh airgid sin, agus beidh na scríbhinní orduithe bhainfidh leis an éileamh san i dteanta an iarratais. | |
[EN] |
Conganta airgid do bheith iníochta amach as an gCiste Cobhsaíochta. |
43. —Is amach as an gCiste Cobhsaíochta a híocfar an t-airgead uile is gá chun aon chongnamh airgid d'íoc fén gCuid seo den Acht so. |