An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Coimisiun Muc agus Baguin.) Ar Aghaidh (CUID IV. Dleachta is Inioctha ag Ceadunaithe leis an gCoimisiun, Conganta Airgid ar Bhagun, Cuiteamh do Cheadunaithe alos Muc agus Conablach Daortha agus Damaistithe, Tuairisceain o Cheadunaithe, Breacachain a bheidh le Coimead ag Ceadunaithe, agus Aitreabhacha Ceadunuithe d'Iniuchadh.)

35 1939

ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939

CUID III.

An Bord Marguithe Baguin agus an Bord Marguithe Muc do Dhiochur agus Feidhmeanna, Maoin, Fiachaisi, etc., na mBord san d'Aistriu chun an Choimisiuin Mhuc agus Baguin, agus Foralacha Iarmartacha.

An Bord Marguithe Bagúin agus an Bord Marguithe Muc do scur.

21. —(1) Ar dháta an aistrithe scuirfidh an Bord Marguithe Bagúin agus an Bord Marguithe Muc, agus beid ar scur ón dáta san amach, de bhuadh an fho-ailt seo.

(2) Beidh an Bord Marguithe Bagúin agus an Bord Marguithe Muc, gach ceann fé leith acu, ina bhord díochurtha chun crícheanna an Achta so, agus déanfar an abairt “bord díochurtha” do léiriú san Acht so dá réir sin.

Comhachta agus dualgaisí d'aistriú chun an Choimisiúin.

22. —(1) Na comhachta agus na dualgaisí uile agus fé seach, fé Achtanna 1935 agus 1937, a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, á bhfeidhmiú no á gcólíonadh, no infeidhmithe no inchólíonta, ag an mBord Marguithe Bagúin agus ag an mBord Marguithe Muc fé seach, deintear leis seo iad d'aistriú chun an Choimisiúin, agus do bhronnadh agus d'fhorchur ortha, agus beid aistrithe, agus bronnta agus forcurtha, amhlaidh ar dháta an aistrithe.

(2) Na comhachta, fé alt 68 d'Acht 1937, a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, á bhfeidhmiú no a gcólíonadh, no infheidhmithe no ionchólíonta, ag Cathaoirleach an Bhúird Mharguithe Muc, deintear leis seo iad d'aistriú chun an Choimisiúin agus do bhronnadh ortha, agus beid aistrithe agus bronnta amhlaidh ar dháta an aistrithe.

Achtanna 1935 agus 1937 d'oiriúnú.

23. —(1) Ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, déanfar gach luadh no tagairt do bhord díochurtha, atá in aon fhoráil d'Achtanna 1935 agus 1937, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé réir forálacha an Achta so—

(a) mar do léirítí é agus mar do bhí éifeacht aige díreach roimh dháta an aistrithe, i gcás éinní ar n-a dhéanamh fén bhforáil sin roimh dháta an aistrithe;

(b) mar luadh no mar thagairt don Choimisiún, i gcás éinní déanfar no is gá no is cead do dhéanamh fén bhforáil sin ar dháta an aistrithe no dá éis sin.

(2) Ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, déanfar na tagairtí atá in alt 68 d'Acht 1937, do Chathaoirleach an Bhúird, do léiriú agus beidh éifeacht acu—

(a) mar do léirítí iad agus mar do bhí éifeacht acu díreach roimh dháta an aistrithe, i gcás éinní ar n-a dhéanamh roimh dháta an aistrithe;

(b) mar thagairtí do Choimisiún, i gcás éinní déanfar no bheidh le déanamh no i gcás ruda tharlóidh ar dháta an aistrithe no dá éis sin.

Orduithe, etc., áirithe de chuid an Bhúird Mharguithe Bagúin do bhuanú.

24. —(1) Aon ionstruim le n-a mbaineann an fo-alt so agus a bhaineann no bhainfidh le tréimhse le n-a mbeidh deireadh ar dháta an aistrithe no dá éis sin, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, chun crícheanna Achtanna 1935 agus 1937, ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is dá mb'é an Coimisiún a dhéanfadh an ionstruim sin ar dháta a déanta agus fé is dá mbeadh an Coimisiún tar éis teacht chun bheith ina chomharba don Bhord Mharguithe Bagúin an dáta deiridh sin a luaidhtear.

Baineann an fo-alt so leis na hionstruimí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ordú ar bith ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fé aon cheann de sna forálacha so leanas d'Acht 1935, eadhon, fo-alt (2) d'alt 98, agus ailt 102 agus 105;

(b) ordú ar bith ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fé aon cheann de sna forálacha so leanas d'Acht 1937, eadhon, fo-alt (1) d'alt 21, alt 22, fo-alt (1) d'alt 27, alt 28, alt 30, fo-alt (1) d'alt 31, agus alt 32;

(c) deimhniú ar bith ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fé aon cheann de sna forálacha so leanas d'Acht 1937, eadhon, fo-alt (5) d'alt 21, fo-alt (2) d'alt 27, agus fo-alt (2) d'alt 31.

(2) Aon ordú, ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fé alt 25 d'Acht 1937 roimh dháta an aistrithe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is dá mb'é an Coimisiún a dhéanfadh é ar dháta an aistrithe.

Orduithe, etc., áirithe, ar n-a ndéanamh ag an mBord Marguithe Muc, do bhuanú.

25. —(1) Aon rialacháin, ar n-a ndéanamh ag an mBord Marguithe Muc fé alt 145 d'Acht 1935, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, leanfaid i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is dá mb'é an Coimisiún a dhéanfadh na rialacháin sin ar dháta an aistrithe.

(2) Aon ordú, ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Muc fé ailt 52, 54, 56, 57, 58, 59, 62, no 63 d'Acht 1937, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is da mb'é an Coimisiún a dhéanfadh an t-ordú san ar dháta an aistrithe.

(3) Aon ordú (is ordú um praghas ceaptha no ordú um praghas ceaptha (leasú) ar n-a dhéanamh fé alt 55 d'Acht 1937) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is dá mb'é an Coimisiún a dhéanfadh an t-ordú san dáta a dhéanta agus fé is dá mbeadh an Coimisiún tar éis teacht chun bheith ina chomharba don Bhord Mharguithe Bagúin an dáta deiridh sin a luaidhtear.

Maoin bhord díochurtha d'aistriú.

26. —(1) An mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe i mbord díochurtha no dá gcuid féin acu no ar seilbh ar iontaoibh dóibh agus gach ceart agus comhacht agus príbhléid a bhainfidh no a gheobhaidh leis an maoin sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan más gá san, dílsithe sa Choimisiún no dá gcuid féin acu no ar seilbh ar iontaoibh dóibh (do réir mar is gá sa chás) chun an estáit no an téarma no an leasa uile chun a mbeid, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa bhord díochurtha san no dá gcuid féin acu no ar seilbh ar iontaoibh dóibh.

(2) An mhaoin uile bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan, agus a haistreofar tríd an alt so, déanfaidh an banc no an chorparáid no an chuideachta san, ar n-a iarraidh sin don Choimisiún ar dháta an aistrithe no tráth ar bith ina dhiaidh sin, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainm an Choimisiúin.

(3) Féadfaidh an Coimisiún, ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, dul chun dlí ina n-ainm féin mar gheall ar gach rud-ar-fiunraoi bheidh aistrithe tríd an alt so chun an Choimisiúin, no an rud san do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú amhlaidh, agus ní gá don Choimisiún fógra i dtaobh an aistrithe deintear tríd an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le haon airgead no suncála bheidh aistrithe chun an Choimisiúin tríd an alt so, sé sin le rá:—

(a) i gcás an t-airgead no na suncála san do sheasamh d'airgead ar n-a fháil ag an mBord Marguithe Muc fé alt 70 d'Acht 1937, íocfar an t-airgead san isteach sa Chiste Chobhsaíochta no beidh na suncála san ina gcuid den Chiste sin;

(b) in aon chás eile íocfar an t-airgead san isteach sa Chiste Ghenerálta no beidh na suncála san ina gcuid den Chiste sin.

(5) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le haon rudar-fiunraoi bheidh aistrithe chun an Choimisiúin tríd an alt so, sé sin le rá:—

(a) i gcás an rud-ar-fiunraoi sin do sheasamh d'airgead a bheidh dlite don Bhord Mharguithe Muc fé alt 70 d'Acht 1937, déanfar aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún alos an rud-ar-fiunraoi sin d'íoc isteach sa Chiste Chobhsaíochta;

(b) in aon chás eile, déanfar aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún alos an rud-ar-fiunraoi sin d'íoc isteach sa Chiste Ghenerálta.

Fiachaisí bord díochurtha d'aistriú.

27. —Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachaisí nea-shocruithe ar n-a dteacht as torta no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ar bhord díochurtha agus gan íoc acu no curtha suas ag bord díochurtha agus gan glanadh acu, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, ina bhfiacha no ina bhfiachaisí ar an gCoimisiún agus déanfaidh an Coimisiún iad d'íoc no do ghlanadh, agus féadfar iad do bhaint den Choimisiún no iad d'fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh dá réir sin.

Connartha leanúnacha do choimeád i bhfeidhm.

28. —Gach banna no urraíocht no urrús eile, de shaghas leanúnach, a bheidh tugtha ag bord díochurtha do dhuine ar bith no tugtha ag duine ar bith don bhord díochurtha san agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach connradh no có-aontú i scríbhinn a bheidh déanta idir bord díochurtha agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnuithe go hiomlán roimh dháta an aistrithe, leanfaidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, d'ainneoin an bord díochurtha san do bheith scurtha, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Choimisiúin ann in ionad ainm an bhúird díochurtha san, agus beidh an t-urrús no an connradh no an có-aontú san ion-fhoirfheidhmithe ag an gCoimisiún no ina gcoinnibh dá réir sin.

Ráiteas ar shócmhainní agus ar fhiachaisí bheidh aistrithe chun an Choimisiúin.

29. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an aistrithe, cuirfidh an Coimisiún ráiteas dá ullmhú ina mbeidh mion-innste—

(a) ar an maoin agus na fiachaisí uile bheidh aistrithe;

(b) ar cad ba luach ar dháta an aistrithe do sna suncála uile bheidh aistrithe;

(c) ar an airgead no na suncála uile bheidh aistrithe agus is airgead is gá d'íoc isteach sa Chiste Chobhsaíochta no is suncála is suncála is gá do bheith ina gcuid den Chiste sin;

(d) ar gach rud-ar-fiunraoi bheidh aistrithe agus gur gá an t-airgead a bheidh le fáil ina thaobh d'íoc isteach sa Chiste Chobhsaíochta;

(e) ar an airgead no na suncála uile bheidh aistrithe agus is airgead is gá d'íoc isteach sa Chiste Ghenerálta no is suncála is gá do bheith ina gcuid den Chiste sin;

(f) ar gach rud-ar-fiunraoi bheidh aistrithe agus gur gá an t-airgead a bheidh le fáil ina thaobh d'íoc isteach sa Chiste Ghenerálta.

(2) An ráiteas atá le hullmhú fén alt so, bhéarfaidh an Coimisiún don Aire é agus leagfaidh an tAire cóip de fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(3) San alt so—

cialluíonn an abairt “bheidh aistrithe”, maidir le ní áirithe, an ní sin do bheith aistrithe chun an Choimisiúin tríd an gCuid seo den Acht so;

cialluíonn an focal “gá”, maidir le ní áirithe, an ní sin do bheith riachtanach do réir na Coda so den Acht so.

Imeachta dlí bheidh ar feitheamh do choimeád ar siúl.

30. —Tiocfaidh an Coimisiún chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, ina bpáirtí, in ionad búird díochurtha, i ngach aicsean no agra no eadrascán no imeacht, a bheidh ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt no bínse agus ina mbeidh an bord díochurtha san ina bpáirtí, agus coimeádfar an imeacht san ar siúl idir an Coimisiún agus na páirtithe eile inti dá réir sin, agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár, ná ní bheidh deireadh léi ná ní déanfar dochar di, de dhruim an bhúird díochurtha san do bheith scurtha.

Connartha seirbhíse do choimeád i bhfeidhm.

31. —Gach connradh scirbhíse, ráite no tuigthe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe idir bord díochurtha agus aon duine is oifigeach tuarastail no fostaí don bhord díochurtha san, leanfaidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Choimisiúin ann in ionad ainm an bhúird díochurtha san, agus beidh gach connradh den tsórt san ion-fhoirfheidhmithe ag an gCoimisiún no ina gcoinnibh dá réir sin.

Forálacha i dtaobh fóirne tuarastail bord díochurtha.

32. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon duine bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, ina oifigeach thuarastail no ina fhostaí do bhord díochurtha, sé sin le rá:—

(a) ní bhfuighidh an duine sin, faid a bheidh i seirbhís an Choimisiúin, luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a mbeidh teideal aige i seirbhís an bhúird díochurtha san díreach roimh dháta an aistrithe;

(b) féadfaidh an Coimisiún na dualgaisí bheidh le cólíonadh ag an duine sin d'ath-chóiriú.

Leabhair bhord díochurtha do bheith ionghlactha i bhfianaise.

33. —(1) Gach leabhar agus scríbhinn eile a horduítear no a húdaruítear leis na hAchtanna no fútha d'aon bhord díochurtha do choimeád, agus do bheadh ionghlactha i bhfianaise díreach roimh dháta an aistrithe, beid, d'ainneoin an bhúird díochurtha san do bheith scurtha, ionghlactha i bhfianaise chó hiomlán is dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) I gcás sliocht as lánas no deimhniú ar lánas aon leabhair no scríbhinne eile, a horduítear no a húdaruítear leis na hAchtanna do bhord díochurtha do choimeád, do bheith ionghlactha roimh dháta an aistrithe mar fhianaise ar an lánas san ach an sliocht no an deimhniú san do bheith fíoruithe ar shlí áirithe ag oifigeach áirithe don bhord díochurtha san, beidh sliocht as lánas no deimhniú ar lánas an leabhair no na scríbhinne sin, ach san do bheith fíoruithe sa tslí áirithe sin ag an oifigeach don Choimisiún a bheidh ar có-réir leis an oifigeach áirithe sin, ionghlactha ar dháta an aistrithe no dá éis sin mar fhianaise ar an lánas san sa mhéid gurbh ionghlactha amhlaidh don tsliocht no don deimhniú san a céad-luaidhtear dá mba ná rithfí an tAcht so.