31 1939


Uimhir 31 de 1939.


ACHT UM THÁILLÍ TAIDHLEOIREACHTA AGUS CONSULACHTA, 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH IONNUS GO bhFÉADFAIDH OIFIGIGH ÁIRITHE TAIDHLEOIREACHTA AGUS CONSULACHTA AGUS OIFIGIGH ÁIRITHE DON AIRE GNÓTHAÍ EACHTRACHA TÁILLÍ D'ÉILEAMH AR SHEIRBHÍSÍ ÁIRITHE DHEINID, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA dTÁILLÍ SIN DO BHAILIÚ AGUS DO CHUR CHUN CRÍCHE AGUS CHUN IAD DO BHAINT AMACH. [13adh Mí na Nodlag, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

“An tAire”.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Gnóthaí Eachtracha.

Rialacháin ag ceapadh táillí.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin do dhéanamh ag ceapadh na dtáillí a héileofar as duine le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh na seirbhísí luadhfar sna rialacháin sin.

(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so maidir le daoine deifriúla le n-a mbainean an tAcht so agus maidir le tíortha agus áiteanna deifriúla.

(3) Féadfar a shocrú le haon rialacháin a déanfar fén alt so go maithfear i gcásanna áirithe aon táille ceapfar leis na rialacháin sin no le haon rialacháin eile déanfar fén alt so.

(4) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh aca, laistigh den lá agus fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar de bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Táillí do bhailiú, do chur chun críche, agus do bhaint amach.

3. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach táille a héileofar fé rialachán a déanfar fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) baileofar agus glacfar an táille sin sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham agus déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin,

(b) ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, leis an táille sin, agus

(c) mara n-íoctar an táille sin ag an duine dhlighfidh fé sna rialacháin sin í íoc féadfar í bhaint den duine sin, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon Chúirt dlighinse inniúla.

Na daoine le n-a mbaineann an tAcht so.

4. —Baineann an tAcht so leis na daoine seo leanas, sé sin le rá:—

(a) envoyé extraordinaire agus aire lán-chomhachtach, árdchoimisinéir, chargé d'affaires, comhairleoir leagáideachta, príomh-rúnaí leagáideachta, fo-rúnaí leagáideachta, príomh-rúnaí árd-choimisinéireachta, fo-rúnaí árd-choimisinéireachta, attaché, agus

(b) árd-chonsul, consul, leas-chonsul, agus

(c) consul oinigh, leas-chonsul oinigh, agus

(d) aon oifigeach don Aire cheapfaidh an tAire chun bheith ina dhuine le n-a mbaineann an tAcht so.

Cosaint do chomhachta fé Acht na gCoimisinéirí Mionn (Taidhleoireachta agus Consulta), 1931 .

5. —Na comhachta do bheirtear don Aire leis an Acht so is comhachta i dteanta agus ní comhachta iad in ionad na gcomhacht do bheirtear dó le h Acht na gCoimisinéirí Mionn (Taidhleoireachta agus Consulta), 1931 (Uimh. 9 de 1931) .

Gearr-theideal.

6. —Féadfar an tAcht um Tháillí Taidhleoireachta agus Consulachta, 1939 , do ghairm den Acht so.