22 1939


Uimhir 22 de 1939.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1939.


ACHT CHUN NA nACHTANNA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 GO 1938, DO LEASÚ, CHUN A CHOMHACHTÚ DON AIRE TALMHAIDHEACHTA OIBRIÚ FORÁLACHA ÁIRITHE DE SNA hACHTANNA SAN DO CHUR AR FIUNRAOI, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [26adh Iúl, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1934” an t Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1934 (Uimh. 41 de 1934) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1936” an t Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1936 (Uimh. 30 de 1936) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1938” an t Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Uimh. 16 de 1938) ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1938.

(2) Léighfear agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna, agus dá réir sin gach focal agus abairt le n-a gcuireann na hAchtanna brí no ciall áirithe beidh leis san Acht so, má tá sé ann, an bhrí no an chiall a chuireann na hAchtanna leis.

Alt 8 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Deintear leis seo alt 8 (a mhíníonn an abairt “abhar beathadh cumaiscthe”) den Phríomh-Acht d'athghairm agus ina ionad san achtuítear leis seo go gciallóidh an abairt “abhar beathadh cumaiscthe” i ngach áit ina bhfuil sí sna hAchtanna, aon earra—

(a) is earra bheidh beartuithe mar bhiadh do chapaill, do mhiúlacha, do ránacha, d'asail, d'eallach, do chaoire, do mhuca, do ghabhair no d'éanlaithe clóis, agus

(b) nach meascán mine buidhe, agus

(c) is meascán de dhá earra no níos mó gur abhar beathadh earra amháin ar a laighead acu.

Oibriú fo-alt (2) agus (3) d'alt 62 den Phríomh-Acht agus Coda IV d'Acht 1936 do chur ar fiunraoi.

3. —(1) Tráth ar bith faid a bheidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm, pe'ca de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo no ar shlí eile é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta san alt so), a dhearbhú go scuirfidh na forálacha in-fhiunraoi de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta san is oiriúnach leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san.

(2) Tráth ar bith faid a bheidh na forálacha in-fhiunraoi, de bhuadh orduithe fhiunraíochta, gan bheith i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú athbheochainte san alt so), a dhearbhú go dtiocfaidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm arís amhail ar an dáta agus ón dáta san (nach luatha ná mí tar éis dáta déanta an orduithe sin) is oiriúnach leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san.

(3) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire ordú fiunraíochta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) fé réir oibriú orduithe athbheochainte, scuirfidh na forálacha in-fhiunraoi de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú fiunraíochta san;

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), maidir leis an scur san fé is dá mb'é bheadh sa scur san ná athghairm le hAcht den Oireachtas a rithfí lá an scurtha san do dhul in éifeacht agus go ndéanfadh an tAcht san den Oireachtas na forálacha in-fhiunraoi d'athghairm amhail ar an lá san agus ón lá san amach;

(c) déanfar gach iontráil a bheidh i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe díreach roimh an scur san do scriosadh amach as ar an scur san do thárlachtaint;

(d) ní déanfar aon iontráil i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tAire ordú athbheochainte ina dhiaidh sin.

(4) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire ordú athbheochainte, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tiocfaidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm arís amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú athbheochainte sin agus leanfaid i bhfeidhm fé réir oibriú orduithe fhiunraíochta ina dhiaidh sin;

(b) d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (5) d'alt 49 den Phríomh-Acht, ní dhiúltóidh an tAire do chlárú do dhéanamh ar dhuine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na muilneoirí cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh má bhí meilt chruithneachtan Indiathaighe ar siúl bona fide ag an iarratasóir san áitreabh san i rith aon choda den tréimhse de shé mhí díreach roimh dháta déanta an orduithe athbheochainte sin agus más ar dháta nach déanaí ná mí tar éis an dáta san a déanfar an t-iarratas ar chlárú;

(c) ní bheidh aon táille iníoctha fé fho-alt (1) d'alt 51 den Phríomh-Acht ar bhun-iarratas ar chlárú alos aon áitreibh má bhí meilt chruithneachtan Indiathaighe ar siúl bona fide ag an iarratasóir san áitreabh san i rith aon choda den tréimhse de shé mhí díreach roimh dháta déanta an orduithe athbheochainte sin agus más ar dháta nach déanaí ná mí tar éis an dáta san a déanfar an t-iarratas.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “na forálacha in-fhiunraoi” fo-ailt (2) agus (3) d'alt 62 den Phríomh-Acht agus Cuid IV d'Acht 1936.

Oibriú fo-alt (4) agus (5) d'alt 62 den Phríomh-Acht agus ailt 30 d'Acht 1934 do chur ar fiunraoi.

4. —(1) Tráth ar bith faid a bheidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm, pe'ca de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo no ar shlí eile é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta san alt so), a dhearbhú go scuirfidh na forálacha in-fhiunraoi de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta san is oiriúnach leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san.

(2) Tráth ar bith faid a bheidh na forálacha in-fhiunraoi, de bhuadh orduithe fhiunraíochta, gan bheith i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú athbheochainte san alt so), a dhearbhú go dtiocfaidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm arís amhail ar an dáta agus ón dáta san (nach luatha ná mí tar éis dáta déanta an orduithe sin) is oiriúnach leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san.

(3) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire ordú fiunraíochta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) fé réir oibriú orduithe athbheochainte scuirfidh na forálacha in-fhiunraoi de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú fiunraíochta san;

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), maidir leis an scur san fé is dá mb'é bheadh sa scur san ná athghairm le hAcht den Oireachtas a rithfí lá an scurtha san do dhul in éifeacht agus go ndéanfadh an tAcht san den Oireachtas na forálacha in-fhiunraoi d'athghairm amhail ar an lá san agus ón lá san amach;

(c) déanfar gach iontráil a bheidh i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe díreach roimh an scur san do scriosadh amach as ar an scur san do thárlachtaint;

(d) ní déanfar aon iontráil i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tAire ordú athbheochainte ina dhiaidh sin.

(4) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire ordú athbheochainte, tiocfaidh na forálacha in-fhiunraoi i bhfeidhm arís amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú athbheochainte sin agus leanfaid i bhfeidhm fé réir oibriú orduithe fhiunraíochta ina dhiaidh sin.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “na forálacha in-fhiunraoi” fo-ailt (4) agus (5) d'alt 62 den Phríomh-Acht agus alt 30 d'Acht 1934.

Oibriú ailt 16 d'Acht 1938 do chur ar fiunraoi.

5. —(1) Tráth ar bith faid a bheidh alt 16 d'Acht 1938 i bhfeidhm, pe'ca de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo no ar shlí eile é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta san alt so), a dhearbhú go scuirfidh an t-alt san 16 de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta san is oiriúnach leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san.

(2) Tráth ar bith faid a bheidh alt 16 d'Acht 1938, de bhuadh orduithe fhiunraíochta, gan bheith i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú athbheochainte san alt so), a dhearbhú go dtiocfaidh an t-alt san 16 i bhfeidhm arís amhail ar an dáta agus ón dáta san (nach luatha ná mí tar éis dáta déanta an orduithe sin) is oiriúnach leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san.

(3) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire ordú fiunraíochta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) fé réir oibriú orduithe athbheochainte scuirfidh alt 16 d'Acht 1938 de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú fiunraíochta san;

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), maidir leis an scur san fé is dá mb'é bheadh sa scur san ná athghairm le hAcht den Oireachtas a rithfí lá an scurtha san do dhul in éifeacht agus go ndéanfadh an tAcht san den Oireachtas alt 16 d'Acht 1938 d'athghairm amhail ar an lá san agus ón lá san amach;

(c) déanfar gach iontráil a bheidh i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe díreach roimh an scur san do scriosadh amach as ar an scur san do thárlachtaint;

(d) ní déanfar aon iontráil i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tAire ordú athbheochainte ina dhiaidh sin.

(4) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire ordú athbheochainte, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tiocfaidh alt 16 d'Acht 1938 i bhfeidhm arís amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú athbheochainte sin agus leanfaidh i bhfeidhm fé réir oibriú orduithe fhiunraíochta ina dhiaidh sin;

(b) d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 49 den Phríomh-Acht, ní dhiúltóidh an tAire do chlárú do dhéanamh ar dhuine bheidh á iarraidh go gclárófaí é i gclár na n-iomportálaithe cruithneachtan Indiathaighe alos aon áitreibh, má bhí iomportáil chruithneachtan Indiathaighe ar siúl bona fide ag an iarratasóir i rith aon choda den tréimhse de shé mhí díreach roimh dháta déanta an orduithe athbheochainte sin agus más ar dháta nach déanaí ná mí tar éis an dáta san a déanfar an t-iarratas ar chlárú.

Orduithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

6. —Gach ordú a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

An Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1938 do leasú.

7. —Deintear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1938 do leasú tríd an mír seo leanas do chur in ionad míre 17 de, sé sin le rá:—

“17—Aon earra (seachas cruithneacht, cruithneacht Indiathach, coirce, féar tuighe no aon earra luaidhtear ag Uimhreacha 1 go 16 (go huile) den Sceideal so no aon earra bheidh dearbhuithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (3) d'Alt 19 den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bheith ina habhar bheathadh sceidealta chun críche Coda III den Acht so) is earra bhídh i gcóir capall, miúlach, ránach, asal, eallach, caorach, muc, gabhar, no éanlaithe clóis agus nach abhar beathadh saortha chun crícheanna an Sceidil seo.”

Léiriú ar an bhfocal “iomportáil” sna hAchtanna.

8. —Léireofar an focal “iomportáil” chun crícheanna na nAchtanna mar fhocal ná foluíonn earraí d'iomportáil chun crícheanna iompair agus easportála ina dhiaidh sin agus chuige sin amháin agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Gearr-theideal agus có-luadh.

9. —(1) Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna agus den Acht so le chéile.