Ar Aghaidh (SCEIDEAL)

20 1939


Uimhir 20 de 1939.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1939.


ACHT CHUN ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNEADH FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 , DO DHAINGNIÚ. [19adh Iúl, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na mion-innste luaidhtear sa dara colún agus sa cheathrú colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir leis na hOrduithe luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san is chun gurbh usa-de tagairt do sna hOrduithe sin agus iad d'aithint agus chuige sin amháin atáid curtha isteach sa Sceideal san, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa dara colún san ná sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo agus an tríú colúin den Sceideal san ná teorannú ná rialú ar oibriú an chéanna.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1939 , do ghairm den Acht so.