|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, do Leasu agus do Leathnu.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Fianaise ar Iascaigh Leithleacha do bheith in Uisci Taoide.) |
ACHT IASCAIGH, 1939
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. An tAcht Iascaigh (Uisci Taoide), 1934 , do Leasu agus do Leathnu. | |
[EN] |
“Acht 1934”. |
51. —Sa Chuid seo den Acht so, cialluíonn an abairt “Acht 1934” an t Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) . |
[EN] |
Acht 1934 agus Cuid III den Acht so do chó-luadh. |
52. —Féadfar na hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 agus 1939, do ghairm d'Acht 1934 agus den Chuid seo den Acht so le chéile. |
[EN] |
Acht 1934 do bhuanú. |
53. —Leanfaidh Acht 1934 i bhfeidhm d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 18 den Acht san no i bhfo-alt (1) d'alt 4 den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937 ( Uimh. 34 de 1937 ), go dtí go socróidh an tOireachtas a mhalairt. |
[EN] |
Diúitéthe ceadúnais áitiúil speisialta d'íoc ina dtráthchoda |
54. —(1) Má húdaruítear do bhord choimeádaithe le hordú ón Aire fé Acht 1934 ceadúnaisí áitiúla speisialta d'eisiúint chun aon tsaghas áirithe innill, lín, ionstruime no feiste gabhála bradán no breac d'úsáid in uiscí taoide áirithe le n-a mbaineann an tAcht san agus a bheidh ina gceanntar iascaigh, féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus gach uair is oiriúnach leis é, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) a dhearbhú gur tréimhsí eisiúna chun crícheanna an orduithe sin pé trí thréimhse i ngach bliain is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san; | |
[EN] | (b) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta d'eisiúint i rith na céad tréimhse eisiúna in aon bhliain áirithe chun inneall, líon, ionstruim no feiste den tsaghas san, chun bradáin no bric do ghabháil, d'úsáid sna huiscí taoide sin ar íoc ceana áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach, ach beidh san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar gach ceadúnas den tsórt san), go n-íocfar iarmhéid an diúité sin ina thrí tráthchoda có-ionanna, agus go n-íocfar gach tráthchuid acu san lá nach déanaí ná an dáta luadhfar san ordú san mar dháta chun a híoctha; | |
[EN] | (c) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta d'eisiúint i rith na dara tréimhse eisiúna in aon bhliain áirithe chun inneall, líon, ionstruim no feiste den tsaghas san, chun bradáin no bric do ghabháil, d'úsáid sna huiscí taoide sin ar íoc ceana áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach, ach beidh san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar gach ceadúnas den tsórt san), go n-íocfar iarmhéid an diúité sin ina dhá thráthchuid chó-ionanna, agus go n-íocfar gach tráthchuid acu san lá nach déanaí ná an dáta luadhfar san ordú san mar dháta chun a híoctha; | |
[EN] | (d) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta d'eisiúint i rith na tríú tréimhse eisiúna in aon bhliain áirithe chun inneall, líon, ionstruim no feiste den tsaghas san, chun bradáin no bric do ghabháil, d'úsáid sna huiscí taoide sin ar íoc ceana áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach, ach beidh san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar gach ceadúnas den tsórt san), go n-íocfar iarmhéid an diúité sin lá nach déanaí ná an dáta luadhfar san ordú san mar dháta chun a íoctha. | |
[EN] | (2) Féadfaidh ordú fén alt so baint le saghsanna deifriúla inneall, líon, ionstruimí no feistí chun bradáin no bric do ghabháil, agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla bheith ann i dtaobh gach saghas innill, lín, ionstruime no feiste fé leith, chun bradáin no bric do ghabháil, le n-a mbainfidh an t-ordú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-airmhítear an fo-alt so) do cheiliúradh no do leasú. | |
[EN] | (4) I gcás bord coimeádaithe d'eisiúint cheadúnais áitiúil speisialta i bhfeidhmiú na gcomhacht a bheidh tugtha don bhord san le hordú fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) má bristear an coinníoll a bheidh cúlscríobhtha ar an gceadúnas san do réir an orduithe sin, scuirfidh an ceadúnas san de bheith i bhfeidhm láithreach ar an gcoinníoll san do bhriseadh, agus | |
[EN] | (b) nuair a híocfar do réir an choinníll sin aon trathchuid den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach no, i gcás ceadúnais áitiúil speisialta eiseofar i rith tríú tréimhse eisiúna fén ordú san, iarmhéid an diúité sin déanfaidh cléireach an bhúird sin, ar an gceadúnas san do thabhairt i láthair, deimhniú ar an íoc san do chúlscríobhadh air. | |
[EN] | (5) Na habairtí “ceadúnas áitiúil speisialta” agus “an diúité ceadúnais áitiúil speisialta oiriúnach” tá an bhrí chéanna leo san alt so atá leo in Acht 1934. | |
[EN] | (6) Aon ordú bheidh déanta ag an Aire fé alt 2 den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937 ( Uimh. 34 de 1937 ), agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an ailt seo, is tuigthe gur fén alt so do rinneadh é agus féadfar dá réir sin a cheiliúradh no a leasú le hordú fén alt so, agus leanfa sé i bhfeidhm go dtí n-a cheiliúradh amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san. | |
[EN] |
Alt 13 d'Acht 1934 do leasú. |
55. —I mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1934— |
[EN] | (a) léireofar an tagairt do sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, mar thagairt do sna hAchtanna san ar n-a leasú le Cuid II den Acht so, | |
[EN] | (b) léireofar an tagairt do ghnáth-cheadúnas mar ní a fholuíonn tagairt do cheadúnas slaite breac. | |
[EN] |
Alt 14 d'Acht 1934 do leasú. |
56. —Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) d'alt 14 d'Acht 1934, déanfar, d'ainneoin fo-ailt (3) den alt san 14 no ailt 3 den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937 (Uimh. 34 de 1937) , an abairt “bliain iascaigh” do léiriú mar abairt a chialluíonn an bhliain iascaigh atá ann ar dháta an Achta so do rith agus gach bliain iascaigh ina dhiaidh sin. |