An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI. Forálacha Foirlíontacha.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ACHTACHÁIN A hATHGHAIRMTEAR.)

17 1939

ACHT IASCAIGH, 1939

CUID VI.

Foralacha Ilghneitheacha.

Comhacht don Aire chun iascaigh do thógaint ar léas chun crícheanna taighdthe.

96. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach do thógaint ar léas chun crícheanna aon scéime taighdthe i dtaobh saol-stairc agus nós bradán no aon iasc fíor-uisce agus i dtaobh na gcoinníollacha eacnamaíochta bhaineann le hiascaigh d'fhorbairt o thaobh na tráchtála.

(2) Na forálacha de Chaibidil V de Chuid V den Acht so bhaineann le hiascaigh d'oibriú bainfid le haon iascach a thógfaidh an tAire ar léas fén alt so.

(3) Má bhíonn iascach is iascach ionaistrithe, do réir bhrí Coda V den Acht so, tógtha ar léas fén alt so de thurus na huaire, bainfidh forálacha Coda V den Acht so leis an iascach san d'ainneoin an léasa san.

Scríbhinní do sheirbheáil.

97. —(1) I gcás inar gá no inar ceaduithe do réir na nAchtanna Iascaigh no an Achta so (le n-a n-áirmhítear fo-alt (2) den alt so) aon scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith díreofar an scríbhinn sin chun an duine sin agus seirbheálfar air í i slí éigin acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré n-a seachadadh don duine sin;

(b) tré n-a fágaint i ngnáth-áit chomhnaithe an duine sin;

(c) tré n-a cur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag á ghnáth-áit chomhnaithe.

Chun crícheanna an fho-ailt seo is tuigthe gurb í a n-oifig chláruithe is gnáth-áit chomhnaithe do chuideachtain a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gurb í a bpríomh-oifig no a bpríomh-áit ghnótha sa Stát is gnáth-áit chomhnaithe do gach cólucht corparuithe agus do gach cólucht neamh-ionchorparuithe.

(2) I gcás inar gá no inar ceaduithe do réir na nAchtanna Iascaigh no an Achta so aon scríbhinn do sheirbheáil ar únaer iascaigh agus nach féidir teacht ar an únaer sin sa Stát no nach féidir ainm no seoladh an únaera san d'fháil amach tré fhiosrú réasúnta, is tuigthe an scríbhinn sin do sheirbheáil go cuibhe ar an únaer sin má seirbheáltar í ar shealbhaire an iascaigh sin.

Imeachta Dlí.

Fuirm chiontuithe.

98. —Má chiontuíonn an Chúirt Dúithche duine i gcionta i gcoinnibh na nAchtanna Iascaigh no an Achta so, is sa bhfuirm a bheidh údaruithe de thurus na huaire le Rialacha na Cúirte Dúithche a bheidh an ciontú.

Fuirm chaitheamhamach.

99. —Má dheineann an Chúirt Dúithche aon imeachta mar gheall ar chionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so do chaitheamh amach, is sa bhfoirm a bheidh údaruithe de thurus na huaire le Rialacha na Cúirte Dúithche a bheidh an caitheamh-amach.

Athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Dúithche.

100. —(1) Má dheineann an Chúirt Dúithche aon imeachta mar gheall ar chionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so do chaitheamh amach, pe'ca do réir chearta na cúise no gan dochar do chearta na cúise é, féadfaidh an cúisitheoir athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe um chaitheamh-amach chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur ina Chuaird a bheidh an Tigh Cúirte ina ndearnadh an t-ordú san.

(2) Más rud é, de bhuadh aon achtacháin (le n-a n-áirmhítear fo-alt (1) den alt so), go luighfidh ceart athchomhairc i gcoinnibh orduithe ón gCúirt Dúithche in aon imeachta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so chun Breithimh den Chúirt Chuarda, féadfaidh an Breitheamh san, ar éisteacht an athchomhaire sin, an t-ordú san d'atharú no do dhaingniú no d'iompódh agus ní bheidh dul thar breith an Bhreithimh sin ar an athchomharc san ná ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh.

An tslí ina bhféadfar ciontaí do thriail.

101. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar bhall den Ghárda Síochána no ar aon oifigeach no fostaí do bhord coimeádaithe no ar éinne eile do dhéanamh gearáin de bhréithre béil no eile, aon chionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so d'éisteacht agus breith do thabhairt air ar shlí achmair.

(2) Féadfar cionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so do thabhairt os cóir Breithimh den Chúirt Dúithche agus féadfaidh seisean é d'éisteacht agus deighleáil leis is cuma cá gcomhnuíonn an duine adeirtear do rinne an cionta san no cá ndeirtear do rinneadh an cionta san.

Cruthú ar fhodhlithe, etc.

102. —(1) Scríbhinn a bhéarfaidh le tuisgint í bheith ina cóip d'aon ionstruim i scríbhinn ar n-a déanamh no ar n-a tabhairt amach fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so, má bhíonn sí deimhnithe ag oifigeach don Aire bheith ina cóip dhílis den ionstruim sin beidh sí, in aon imeachta fé sna hAchtanna Iascaigh sin no fén Acht so, ina fianaise prima facie ar an ionstruim sin agus ní gá sighniú an duine dheimhneoidh an scríbhinn sin amhlaidh do chruthú ná a chruthú gur oifigeach don Aire é.

(2) Ní déanfar éinní atá san alt so do léiriú mar ní theorannuíonn no dhocharuíonn oibriú ailt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925) .