An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Iascaigh Dhílsithe do Bhainistí, d'Oibriú agus do Chur de Láimh.) Ar Aghaidh (CUID VI. Foralacha Ilghneitheacha.)

17 1939

ACHT IASCAIGH, 1939

Caibidil VI.

Forálacha Foirlíontacha.

Ceart chun dul isteach go hiascaigh dhílsithe.

87. —(1) Beidh ceart ag aon duine údaruithe chun dul isteach gan cosc aon uair go dtí aon iascach dílsithe agus beidh sé i dteideal, fé réir forálacha an Achta so, dul isteach le báid no le feithiclí ar aon chúrsa uisce no talamh chun an iascaigh d'oibriú, agus féadfaidh aon bhac, nádúrtha no eile, bheidh ina bhealach do thógaint chun siúil (ach toiliú an Aire Tionnscail agus Tráchtála d'fháil chuige i gcás na hurthrágha).

(2) Má bhacann duine ar bith aon duine údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear don duine údaruithe sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine go n-údarás ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear do dhuine údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú.

(4) I gcás an ghnáth-shlí isteach chun iascaigh ionaistrithe bheidh dílsithe san Aire do bheith, roimh an dílsiú san, ag dul tré aon áitreabh, clós, gáirdín no talamh fálta timpeal ar thigh chomhnaithe no comhgarach dó, ní bheidh an ceart chun dul isteach gan cosc a bheirtear le fo-alt (1) den alt so infheidhmithe tríd an áitreabh, an clós, an gáirdín no an talamh san ach amháin i gcás an céanna do bheith deighilte ón iascach san agus é bheith, roimh an dílsiú san, á úsáid i ndáil leis an iascach san amháin.

(5) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

Ceartanna iascaireachta slaite d'fheidhmiú.

88. —(1) I gcás iascach ionaistrithe in aon uisce bheidh ag rith tré thalamh a bheidh thimpeal ar thigh chomhnaithe no comhgarach dó do theacht chun bheith dílsithe san Aire agus gan na cearta iascaireachta slaite san uisce sin do bheith forcoimeádtha fé ordú um chearta iascaireachta slaite (forcoimeád) beidh duine ar bith bheidh i dteideal go dleathach iascaireacht a dhéanamh le slait agus ruaim ar an uisce sin agus fós a sheirbhísigh no a fhreastalaithe tuarastail i dteideal dul fan bruacha an uisce sin chun críche na hiascaireachta san no chun dul chun na hiascaireachta san no filleadh uaithi, ach ní chun aon chríche eile.

(2) Ní thabharfaidh an t-alt so teideal do dhuine ar bith chun dul isteach in aon chlós no gáirdín fálta ná in aon fhoirgintí.

Freagarthacht an Aire i ndamáiste tré chur-fé-uisce.

89. —Ní luighfidh aon éileamh i gcoinnibh an Aire de dheascaibh tailte do chur fé uisce ná de dheascaibh damáiste iarmartaigh eile thiocfaidh d'aon déanmhas (ar a n-áirmhítear cora agus muileann-damba do bhí ar dháta an dílsithe ina chuid d'iascach no in iascach do dílsíodh san Aire fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so) do leanúint de bheith ann marar chuir an tAire le haoirde an déanmhais sin no marar dhún sé na hoscailtí no na bearnain ann oiread nárbh fhéidir go dleathach iad do dhúnadh ar an dáta san.

Forálacha i dtaobh iascach muileann-damba.

90. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon iascach muileann-damba dílseofar san Aire fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so, agus maidir leis an muileann-damba iascaireachta gur le cuid de deintear an t-iascach san, sé sin le rá:—

(a) faid ná déanfaidh an tAire aon atharú, seachas deisiúchán éislinní ócáideacha sna coda san de dhéanmhas an damba san a bheidh riachtanach chun an iascaigh sin do dhéanamh, ní bheidh sé freagarthach in aon chuid de chostas cothabhála an mhuileann-damba;

(b) beidh ceart ag aon duine údaruithe chun dul isteach gan cosc chun an iascaigh sin agus bainfidh an ceart san, más gá é, leis an muileann, leis an tigh comhachta, no leis an áitreabh eile bheidh in aice no i gceangal leis an muileann-damba san, ach má thairgeann únaer no sealbhaire an mhuilinn, an tighe chomhachta no an áitreibh sin saoráidí don Aire chun dul isteach ar shlí réasúnta eile glacfaidh an tAire leis na saoráidí sin in ionad an chirt sin chun dul isteach a céad-luaidhtear agus déanfaidh na hoibreacha is gá chun na saoráidí sin do dhéanamh éifeachtúil;

(c) pé fallaí, fálta no déanmhais eile is dóich leis is gá chun an iascaigh sin do chosaint ar threaspás féadfaidh an tAire iad do chur dá dtógáil i pé suidheamh is mian leis, ach má bhacann aon fhallaí, fálta no déanmhais eile den tsórt san slí-isteach an únaera no an tsealbhaire chun an mhuileann-damba san cuirfidh an tAire ar fáil don únaer no don tsealbhaire sin na meáin is gá chun dul tríotha no thársta;

(d) i gcás an mhuilinn, an tighe chomhachta no an áitreibh go mbeidh an muileann-damba san ceaptha chun freastal air do theacht chun bheith folamh no gan an t-uisce bheidh á choimeád ag an muileann-damba san do bheith á úsáid a thuilleadh chun crícheanna comhachta, i bpáirt no go hiomlán, leanfaidh an tAire, dá ainneoin sin, de bheith i dteideal an iascaigh sin d'úsáid agus bainfidh forálacha ailt 31 den Acht so (alt a bhaineann le dambaí tréigthe agus dambaí díomhaoine d'úsáid) leis an gcás.

(2) Má bhacann duine ar bith aon duine údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear don duine údaruithe sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine go n-údarás ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear do dhuine údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú.

(4) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le comhachta an Aire.

91. —Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a údarú don Aire—

(a) go ndéanfadh no go dtógfadh ar thailte taoide (do réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 ( Uimh. 12 de 1933 ), gan toiliú an Aire Tionnscail agus Tráchtála no ar shlí eile seachas do réir téarmaí agus coinníollacha an toilithe sin, aon obair no déanmhas, seachas inneall seasmhach chun bradáin no bric no eascoin do ghabháil, do bhí ann go dlíthiúil no go raibh deimhniú ann ina thaobh bliain an Achta so do rith;

(b) go dtógfadh aon fhoirgintí no déanmhais do chuirfeadh isteach ar thaithneamhachtaí áite comhnaithe no tailte áineasa duine dob únaer no sealbhaire iascaigh a dílseofar san Aire fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so, no go n-oibreodh sé an t-iascach san i slí a chuirfeadh isteach ar na taithneamhachtaí sin.

Ceadúnaisí iascaireeachta in iascaigh dhílsithe bheidh á n-oibriú ag an Aire.

92. —Má bhíonn aon iascach dílsithe á oibriú ag an Aire fén gCuid seo den Acht so, is in ainm an Aire a tógfar amach aon cheadúnas d'inneall iascaireachta bheidh á úsáid san iascach san.

An tAire do vótáil i dtoghacháin choimeádaithe.

93. —(1) Beidh comhacht ag an Aire mar shealbhóir ceadúnais vótáil i dtoghacháin choimeádaithe tré leas-vótálaí ar n-a cheapadh fé n-a láimh agus déanfar comhacht vótála an leasvótálaí sin d'áireamh ar leithligh i leith gach ceadúnais iascaigh fé leith a bheidh ar seilbh ag an Aire.

(2) Ní gá stampa do bheith ar aon ionstruim le n-a gceapfar leas-vótálaí fén alt so.

An tAire d'ainmniú coimeádaithe ex-officio.

94. —(1) Má thárlann, ar an dáta bhuailfidh bord coimeádaithe an rátá iascaigh d'aon bhliain iascaigh áirithe, go mbeidh luacháil chaoga punt ar a laighead ar aon iascach dílsithe bheidh i gceanntar iascaigh an bhúird sin féadfaidh an tAire duine amháin d'ainmniú mar ionadaí dhó chun bheith ina bhall ex officio den bhord san i leith an iascaigh sin go dtí go mbuailfidh an bord san an chéad ráta iascaigh eile.

(2) I gcás—

(a) go ndéanfar dhá iascach dhílsithe no níos mó in aon cheanntar iascaigh amháin do dhílsiú san Aire an t-aon lá amháin, agus

(b) go mbeidh na hiascaigh sin ar únaeracht no ar seilbh ag an aon duine amháin díreach roimh iad do dhílsiú amhlaidh,

ansan is tuigthe, chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so, gur aon iascach amháin na hiascaigh sin agus gurb é is luach dó luach na n-iascach san le chéile.

(3) I gcás aon iascach dílsithe do bheith curtha ar léas no do bheith ina iascach neamh-úsáidthe de thurus na huaire is tuigthe, chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) den alt so, gur náid is luach don iascach san.

(4) Má bhíonn an tAire i dteideal, fé fho-alt (1) den alt so, baill ex-officio de dhá bhord choimeádaithe no níos mó d'ainmniú féadfa sé an t-éinne amháin d'ainmniú chun bheith ina bhall ex-officio de gach bord fé leith acu san.

(5) Má bhíonn an tAire i dteideal, fé fho-alt (1) den alt so, dhá bhall ex-officio no níos mó de bhord choimeádaithe d'ainmniú féadfa sé gan ach duine amháin d'ainmniú agus, sa chás san, beidh ag an duine amháin sin agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord san, oiread vótanna agus a bheidh de bhaill ex-officio den bhord san a bheidh an tAire i dteideal de thurus na huaire d'ainmniú.

(6) Duine ainmneoidh an tAire fén alt so chun bheith ina bhall ex-officio de bhord choimeádaithe beidh aige agus beidh infheidhmithe aige, mar bhall den tsórt san, gach ceart a bheirtear le halt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, agus leis an Acht so do dhuine is ball ex-officio de bhord choimeádaithe.

Iocaíochtaí ón Aire in ionad ráta iascaigh.

95. —(1) Ní bheidh aon ráta iascaigh iníoctha ag an Aire ar aon iascach dílsithe.

(2) Ar an gcéad lá íocaíochta tar éis an dáta dílsiúcháin agus ón dáta san amach agus fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, suim leath-bhliantúil d'íoc, in ionad ráta iascaigh, i leith gach iascaigh dhílsithe fé leith in aon bhliain iascaigh le bord coimeádaithe an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san, suim is có-mhéid le leath an ráta iascaigh don bhliain iascaigh reatha do réir na luachála, fé dhlí na mbocht, a bheidh ann lá buailte an ráta iascaigh.

(3) I gcás iascach dílsithe do bheith ina iascach neamhúsáidthe de thurus na huaire ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin tar éis tosach na céad bhliana iascaigh i ndiaidh an dáta a bhéarfaidh an tAire fógra don bhord choimeádaithe a mbeidh an t-iascach san ina gceanntar iascaigh go bhfuil sé chun staonadh ón iascach san d'úsáid.

(4) Má scuireann an tAire d'iascach dílsithe d'oibriú agus go n-oibreoidh ina dhiaidh sin arís é féadfar íocaíocht in ionad ráta iascaigh do dhéanamh an chéad lá íocaíochta agus ón gcéad lá íocaíochta tar éis an dáta ar a n-oibreofar an t-iascach san arís.

(5) Má chuireann an tAire iascach dílsithe ar léas fén gCuid so den Acht so ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh duine ar bith fé oblagáid ráta iascaigh d'íoc i leith an iascaigh sin.

(6) Chun crícheanna an ailt seo is lá íocaíochta gach dáta acu so leanas i ngach bliain—

(a) an 1adh lá d'Abrán;

(b) an 1adh lá de Mheán Fhómhair.