9 1939


Uimhir 9 de 1939.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LEASÚ), 1939.


ACHT CHUN FO-AILT (3) D'ALT 12 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1927 , DO LEASÚ. [29adh Márta, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Fo-alt (3) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 , do leasú.

1. —Athghairmtear leis seo alt 2 den Acht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1934 ( Uimh. 5 de 1934 ), agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar agus go ndeintear leis seo fo-alt (3) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), do leasú amhail ar an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1938, agus ón lá san amach tré sna figiúirí “1939” do chur in ionad na bhfigiúirí “1930” i ndeireadh an fho-ailt sin.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Leasú), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1936, agus den Acht so le chéile.