5 1939


Uimhir 5 de 1939.


ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1939.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS AN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA SAGHSANNA ÁIRITHE IASACHTAÍ GO RAGHADH A nÚSÁID CHUN OBAIR DO THABHAIRT DO DHAOINE, AGUS SAGHSANNA ÁIRITHE EILE IASACHTAÍ GO RAGHADH A nÚSÁID CHUN LAIGHEADÚ DO DHÉANAMH AR PHRAGHSANNA MION-DÍOLA EARRAÍ RIACHTANACHA, DO DHEONADH NO D'URRÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AIRGID PHUIBLÍ D'ÚSÁID CHUN NO MAR CHABHAIR CHUN NA nURRAÍOCHT SAN DO CHÓLÍONADH AGUS NA nIASACHT SAN DO DHEONADH, AGUS I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [22adh Márta, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “údarás puiblí” aon bhord no cólucht eile, corpruithe no neamh-ionchorpruithe, fheidhmíonn aon fheidhm árd-riaghaltais no riaghaltais áitiúil no chólíonann aon dualgaisí puiblí maidir le riarachán puiblí (generálta no áitiúil);

cialluíonn an abairt “gnó caipitiúil” aon ghnó le n-a ngabhann caiteachas caipitiúil;

cialluíonn an abairt “gnó déantóireachta” gnó gurb é a chuspóir no a phríomh-chuspóir earraí do dhéanamh no do tháirgeadh in Éirinn chun a ndíolta no tithe comhnaithe do thógáil agus do ghléasadh in Éirinn, le n-a n-áirmhítear talamh do thógaint agus d'fhorbairt chuige sin;

cialluíonn an abairt “earraí riachtanacha” na hearraí chuireann an tAire san áireamh chun treoir-fhigiúir thréimhsiúil an chostais bheatha do dhéanamh amach agus foluíonn na hearraí eile sin a bheidh dearbhuithe ag an Aire de thurus na huaire fén alt so do bheith ina n-earraí riachtanacha chun críche an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, a dhearbhú gur earra riachtanach chun críche an Achta so aon earra ainmneoidh sé san ordú san, agus féadfaidh tráth ar bith, le hordú, aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so do leasú no do cheiliúradh.

Comhacht don Aire chun iasachtaí d'urrú no do dheonadh i gcóir gnóthaí caipitiúla no gnóthaí déantóireachta.

2. —(1) Má iarrann duine ar bith go cuibhe fén Acht so ar an Aire iasacht d'urrú no do dheonadh fén Acht so agus gur deimhin leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairlitheach oiriúnach do réir an Achta so—

(a) gur mar chabhair chun gnó caipitiúil do thabhairt chun críche no gnó déantóireachta do choimeád ar siúl, no gur chun earraí (ar n-a ndéanamh no ar n-a dtáirgeadh in Éirinn) do cheannach a bheidh ag teastáil i gcóir aon ghnótha den tsórt san, a húsáidfear sochar na hiasachta san, agus

(b) go raghadh sé chun obair do thabhairt do dhaoine in Éirinn an sochar san d'úsáid sa tslí adubhradh,

ansan, más ceart san dar leis, féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais agus fé réir forálacha an Achta so, an iasacht san d'urrú (pe'ca in Éirinn no lasmuich dhi cruinneofar í) no an iasacht san do dheonadh é féin, fé mar a bheidh luaidhte san iarratas.

(2) Pé uair urróidh an tAire iasacht fén alt so, féadfaidh, fé réir forálacha an Achta so, urrú do dhéanamh, sa tslí agus sa bhfuirm sin agus ar na téarmaí agus na coinníollacha san is dóich leis, le ceadú an Aire Airgeadais, is ceart, ar aisíoc cholna na hiasachta san no ar íoc an úis ar an gcéanna no ar aisíoc na colna san agus ar íoc an úis sin.

(3) Pé uair a dheonfaidh an tAire iasacht fén alt so, féadfaidh, fé réir forálacha an Achta so, an iasacht san do dheonadh ar na téarmaí agus na coinníollacha san, maidir le ham agus modh aisíoca, ráta úis, urrús agus éinní eile ar bith, is dóich leis, le ceadú an Aire Airgeadais, is ceart.

Comhacht don Aire chun iasachtaí do dheonadh no d'urrú is iasachtaí chun praghsanna miondíola do laigheadú.

3. —(1) Ní bhaineann an t-alt so ach amháin le hiasachtaí bheidh beartuithe ag údarás puiblí no ag comhlachas (pe'ca corpruithe no neamh-ionchorpruithe dhó) de tháirgtheoirí no de chaiteoirí no de tháirgtheoirí agus de chaiteoirí le chéile do chruinniú in Éirinn no lasmuich dhi.

(2) Má hiarrtar go cuibhe fén Acht so iasacht le n-a mbaineann an t-alt so d'urrú no do dheonadh agus gur deimhin leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcomhairle chomhairlithigh oiriúnaigh do réir an Achta so, go raghadh an iasacht san chun praghsanna mion-díola earraí riachtanacha do laigheadú, ansan, más ceart san dar leis, féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais agus fé réir forálacha an Achta so, féadfaidh, fé mar a bheidh luaidhte san iarratas—

(a) urrú do dhéanamh, sa tslí sin agus ar na téarmaí agus na coinníollacha san is dóich leis, leis an gceadú san adubhradh, is ceart, ar aisíoc cholna na hiasachta san no ar íoc an úis ar an gcéanna no ar aisíoc na colna san agus ar íoc an úis sin, no

(b) an iasacht do dheonadh ar na téarmaí agus na coinníollacha san, maidir le ham agus modh aisíoca, ráta úis, urrús agus nithe eile ar bith, is dóich leis, leis an gceadú san adubhradh, is ceart.

Iarrataisí ar iasachtaí do dheonadh no d'urrú.

4. —(1) Féadfaidh éinne bheartóidh iasacht do chruinniú a iarraidh ar an Aire an iasacht san d'urrú no do dheonadh fén alt san den dá alt deiridh sin roimhe seo bhainfidh leis an gcás.

(2) Is i scríbhinn a bheidh gach iarratas fén alt so ar iasacht d'urrú no do dheonadh.

Táillí ar iarrataisí agus ar iasachtaí d'urrú no do dheonadh.

5. —(1) Déanfar táille den mhéid orduithe d'íoc leis an Aire ar gach iarratas fén Acht so chun iasacht d'urrú no do dheonadh agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas.

(2) Déanfar táille den mhéid orduithe d'íoc leis an Aire ar gach iasacht fén Acht so d'urrú no do dheonadh, agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara ndéanfar an t-urrú no sara ndeonfar an iasacht.

(3) Déanfar na táillí go léir is iníoctha fén alt so do bhailiú agus do thógaint sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no iad do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir mar ordóidh an tAire sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

Coistí comhairlitheacha.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, pé coistí (dá ngairmtear coistí comhairlitheacha san Acht so) agus pé méid acu is dóich leis is ceart do cheapadh, fé mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, chun bheith ina gcoistí comhairlitheacha chun crícheanna an Achta so.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le coistí comhairlitheacha do cheapadh, sé sin le rá:—

(a) féadfar coistí deifriúla den tsórt san do cheapadh chun crícheanna alt deifriúil den Acht so agus maidir le nithe deifriúla fé aon alt den tsórt san no i gcóir ócáidí deifriúla;

(b) beidh ar gach coiste den tsórt san pé daoine agus pé méid daoine ceapfar o am go ham fén alt so chun bheith ina mbaill de;

(c) marab eirghe as no éag roimhe sin dó, beidh gach ball de choiste chomhairlitheach i seilbh oifige mar bhall den tsórt san ar feadh na haimsire sin a luadhfar chuige sin nuair a ceapfar é, no, mara luaidhtear aon aimsear amhlaidh, go dtí go gcuirfidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, as oifig é.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an Aire, sara ndeonaidh no sara n-urruighidh aon iasacht fén Acht so, dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairlitheach oiriúnach i dtaobh na hiasachta san do dheonadh no d'urrú.

Teora le méid na n-iasachtaí deonfar no a hurrófar.

7. —(1) Ní raghaidh méid caipitiúil iomlán na n-iasacht go léir a deonfar fén Acht so agus na n-iasacht go léir a hurrófar (pe'ca maidir le colainn agus ús no maidir le colainn amháin no maidir le hús amháin é) fén Acht so thar milleon punt.

(2) Ní déanfar aon iasacht is lugha ná cúig céad punt d'urrú ná do dheonadh fén Acht so.

Teora ama le hoibriú an Achta.

8. —(1) Ní deonfar ná ní hurrófar iasacht fén Acht so tar éis cúig bliana o dháta an Achta so do rith.

(2) Más oiriúnach leis san do dhéanamh, féadfaidh an tAire fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá ná déanfaidh, tar éis dáta (is luaithe ná cúig bliana tar éis dáta an Achta so do rith) luadhfar sa bhfógra san, aon iarratas chun iasacht d'urrú no do dheonadh fén Acht so do bhreithniú.

(3) Nuair a bheidh an tAire tar éis fógra d'fhoillsiú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ní bhreithneoidh an tAire aon iarratas a déanfar tar éis an dáta bheidh luaidhte sa bhfógra san á iarraidh iasacht d'urrú no do dheonadh fén Acht so.

Airgead a theastóidh chun iasachtaí do dheonadh no d'urrú do roimhíoc amach as an bPrímh-Chiste.

9. —(1) Roimh-íocfar amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis na suimeanna san a theastóidh o am go ham ón Aire chun urrúsanna bhéarfar fén Acht so do chólíonadh no chun iasachtaí do dheonadh fén Acht so.

(2) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1934, is amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis a roimh-íocfar na suimeanna san a theastóidh, tar éis an Achta so do rith, ón Aire chun urraíochtaí ar n-a dtabhairt fé sna hAchtanna san do chólíonadh.

(3) Chun socrú do dhéanamh chun aon tsuimeanna do roimhíoc amach as an bPrímh-Chiste a húdaruítear leis an alt so do roimh-íoc amhlaidh, féadfaidh an tAire Airgeadais na suimeanna san a theastóidh chuige sin d'fháil ar iasacht ar urrús an Phrímh-Chiste no a thoradh fáis, agus féadfaidh an tAire sin, chun crícheanna na hiasachta san, urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar a mbeidh an ráta úis sin agus a bheidh fé réir na gcoinníollacha san maidir le haisíoc, fuascailt, no éinní eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(4) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis gach urrúis a bhéarfar amach fén alt so.

Suimeanna áirithe d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

10. —(1) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna go léir a gheobhfar in aisíoc airgid a roimh-íocfar amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so.

(2) Déanfar na suimeanna go léir a gheobhfar in íoc úis ar iasacht a deonfar fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) I gcás roimh-íoc do dhéanamh amach as an bPrímh-Chiste tar éis an Achta so do rith ar scór urraíochta ar n-a tabhairt ag an Aire fé sna hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1934, no roimh-íoc do dhéanamh amach as an bPrímh-Chiste ar scór urraíochta ar n-a tabhairt ag an Aire fén Acht so agus (i gceachtar cás) iomlán an roimh-íoca no aon chuid de do bheith gan aisíoc tar éis dhá bhliain o dháta an roimh-íoc do dhéanamh, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc, an tráth san ordóidh an tAire Airgeadais, amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas.

(4) I gcás aisíoc colna iasachta ar n-a deonadh ag an Aire fén Acht so no íoc aon úis ar aon iasacht den tsórt san do bheith i riaráiste ar feadh dhá bhliain ar a laighead, déanfar, an tráth san ordóidh an tAire Airgeadais, an méid den iasacht san a bheidh gan aisíoc an tráth san maraon leis an méid den ús ar an iasacht san a bheidh gan íoc an tráth san d'íoc amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas.

(5) Ma híoctar colann no aon chuid de cholainn iasachta, no aon ús ar iasacht, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ní dhéanfaidh san dochar ná deifir do fhreagarthacht an duine dar deonadh an iasacht san sa cholainn sin d'aisíoc agus san ús san d'íoc.

Ráitisí agus cuntaisí do leagadh fé bhráid an Oireachtais.

11. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh trí mhí tar éis an Achta so do rith agus tar éis deireadh gach trí mhí ina dhiaidh sin ar feadh na tréimhse gur ar a feadh a féadfar iasachtaí do dheonadh no d'urrú fén Acht so, leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas ar na hiasachtaí do deonadh no do hurruíodh amhlaidh i rith an trí mhí sin, maraon le mion-innste ar na crícheanna gur chúcha bhí na hiasachtaí sin le húsáid agus ar na téarmaí agus na coinníollacha ar ar deonadh no ar ar hurruíodh amhlaidh iad, agus fós ráiteas ar mhéid iomlán na n-iasacht do deonadh agus na n-urraíocht do tugadh fén Acht so suas go dtí deireadh an trí mhí sin.

(2) Faid a bheidh aon urraíocht a bhéarfar fén Acht so i bhfeidhm no bheidh aon iasacht no cuid d'iasacht a deonfar fén Acht so gan aisíoc, déanfaidh an tAire, laistigh de mhí tar éis deireadh gach bliana airgeadais, cuntas, sa bhfuirm sin a cheadóidh an tAire Airgeadais, do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ina dtaisbeánfar iomlán na suimeanna go léir a bheidh roimh-íoctha amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin agus iomlán na suimeanna go léir a bheidh aisíoctha leis an Stát-Chiste no íoctha isteach sa Stát-Chiste no curtha chun tairbhe don Stát-Chiste fén Acht so suas go dtí deireadh na bliana airgeadais sin.

Rialacháin.

12. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san maidir le méid no le bailiú aon táillí gan toiliú an Aire Airgeadais.

Gearr-theideal.

13. —Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1939 , do ghairm den Acht so.