An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nOISPIDÉAL, 1939)

4 1939

ACHT NA nOISPIDÉAL, 1939

SCEIDEAL.

Nithe go bhfeadfar socru dheanamh ina dtaobh in Ordu Bunuchain.

1. An cháilíocht is gá bheith ag baill an Bhúird.

2. Baill den Bhord do thogha no do cheapadh (le n-a n-áirmhítear cólucht do bhunú chun aon bhaill den Bhord nach údaráis áitiúla thoghfaidh no cheapfaidh iad do thogha no do cheapadh).

3. Sealbhaíocht oifige agus dí-cháilíocht bhall den Bhord agus iad d'eirghe as oifig.

4. Cathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar an mBord do thogha.

5. Cruinnithe an Bhúird agus an nós imeachta ag na cruinnithe sin.

6. Oifigigh agus seirbhísigh an Bhúird (le n-a n-áirmhítear oifigí go gcaithfear daoine do cheapadh chúcha do luadh).

7. An Bord do bhunú fundúireachtaí nua.

8. An Bord do chur deireadh le sean-fhundúireachtaí.

9. An Bord do bhainistí agus do rialú fundúireachtaí bheidh á gcothabháil acu, na coinníollacha agus an nós imeachta bhainfidh le hothair do ghlacadh isteach sna fundúireachtaí sin agus na táillí (más ann dóibh) a héileofar as othair do chothabháil agus do chóireáil ionta.

10. An Bord do chur maoine de láimh.

11. Na híocaíochtaí (más ann dóibh) a bheidh le n-íoc ag údaráis áitiúla leis an mBord.

12. Costaisí an Bhúird d'íoc agus na rann-íocanna (más ann dóibh) a bheidh le n-íoc ag údaráis áitiúla chuige sin.

13. Na cuntaisí bheidh le coimeád ag an mBord (le n-a n-áirmhítear comhacht do thabhairt don Aire chun na gcuntaisí sin do rialáil).

14. Eadach othar do dhí-ghalrú agus an Bord d'íoc cúitimh in aon díobháil a déanfar dá dheascaibh sin.

15. An Bord do dhéanamh íoca (i gcásanna cearta) i gcostas adhlaicthe othar bocht a gheobhaidh bás.

16. An Bord do sholáthar éadaigh (i gcásanna cearta) d'othair bhochta.

17. Oifigigh don Aire agus oifigigh d'údaráis áitiúla d'iniúchadh fundúireachtaí bheidh á gcothabháil ag an mBord.

18. An Bord do thabhairt eolais don Aire, d'údaráis áitiúla, d'oifigigh don Aire agus d'oifigigh d'údaráis áitiúla.

19. Baint do bheith, go n-atharú no gan atharú, leis an mBord ag achtachán ar bith i dtaobh éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) oifigigh agus seirbhísigh d'údaráis áitiúla i gcoitinne no d'údaráis áitiúla d'aicme áirthe do cheapadh agus a sealbhaíocht oifige agus a rialú i gcoitinne,

(b) údaráis áitiúla d'íoc aois-liúntais no cúitimh i gcailliúint oifige no fostaíochta le n-a n-oifigigh no le n-a seirbhísigh,

(c) údaráis áitiúla do chó-cheannach soláthairtí d'earraí,

(d) údaráis áitiúla do chur a gcuid maoine fé árachas,

(e) údaráis áitiúla i gcoitinne no údaráis áitiúla d'aicme áirithe do thógaint tailimh agus ceartanna ar thalamh go héigeanta,

(f) cuntaisí údarás áitiúil d'iniúchadh,

(g) údaráis áitiúla i gcoitinne no údaráis áitiúla d'aicme áirithe do dhéanamh connarthaí.

20. An tAire do dhéanamh rialachán i dtaobh an Bhúird agus i dtaobh na bhfundúireachtaí bheidh á gcothabháil ag an mBord.

21. Einní leanann as na nithe luaidhtear sa Sceideal so no ghabhann leis na nithe sin.