Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.)

3 1939


Uimhir 3 de 1939.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1939.


ACHT CHUN LEASÚ AGUS LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1937. [15adh Márta, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) .

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) léireofar mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1940, an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) den fho-alt san (1);

(b) tríd an dá fho-mhír nua so leanas do chur isteach i mír (i) den fho-alt san (1) in ionad fo-mhíreanna (i) agus (ii) atá anois sa mhír sin (i), sé sin le rá:—

“(i) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin do tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1942; agus

(ii) ná beidh achar urláir an tighe agus é thomhas ar an slí orduithe níos lugha ná 500 troigh chearnach ná níos mó ná 800 troigh chearnach; agus”;

(c) tríd an mír nua so leanas do chur isteach sa bhfo-alt san (1) in ionad míre (j) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(j) d'aon údarás áitiúil alos aon tighe gheobhaidh an t-údarás áitiúil sin roimh an 1adh lá d'Abrán, 1940, fé alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, mar a leasuítear san le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , chun é dhíol le cumann daon-charadach no le cólucht daoine le n-a mbeidh an tAire sásta no chun é thabhairt ar léas dá leithéid, deontas nach mó ná seasca per centum de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin alos an tighe sin d'fháil, agus don údarás áitiúil sin no don chumann san no don chólucht daoine sin deontas nach mó ná seasca per centum de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil, an cumann no an cólucht san fé seach chun an tighe sin d'atharú, do mhéadú, d'fheabhsú no do dheisiú roimh an 1adh lá d'Abrán, 1940, ach fé réir an choinníll ná raghaidh méid iomlán na ndeontas san alos an aon tighe amháin thar suim is có-ionann le cúig púint sheachtód in aghaidh gach tionóntacháin fé leith a cuirfear ar fáil sa tigh sin;”;

(d) tríd an mír nua so leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin (1) in ionad míre (k) (mír do cuireadh isteach sa bhfo-alt san (1) le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1936 ( Uimh. 27 de 1936 ) ), sé sin le rá:—

“(k) d'aon duine no cumann maitheasa puiblí dhéanfaidh tigh no tithe le n-a mbainfidh an fo-alt so do thógáil i mbaile-líomatáiste, deontas nach mó ná cúig púint is dachad, más rud é—

(i) go dtosnófar ar thógáil an tighe sin an 1adh lá d'Iúl, 1936, no dá éis sin, ach roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, agus go gcríochnófar a thógáil an 1adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1939; agus

(ii) ná beidh achar urláir an tighe sin agus é thomhas ar an slí orduithe níos lugha ná 500 troigh chearnach ná níos mó ná 800 troigh chearnach.”.

Rátaí do mhaitheamh.

3. —(1) I ngach bliain de sna seacht gcinn tosaigh de sna blianta airgeadais áitiúla tar éis luacháil chun crícheanna rátaíochta do bheith déanta ar thigh go mbeidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe tar éis deontas do dheonadh ina thaobh do dhuine no do chumann maitheasa puiblí (do réir bhrí an Phríomh-Achta) fé mhír (k) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht (sé sin, an mhír sin (k) a cuirtear isteach sa bhfo-alt san (1) le mír (d) den alt deiridh sin roimhe seo den Acht so), déanfaidh údarás áitiúil go gcomhacht chun rátaí do ghearradh dhá dtrian de sna rátaí is inghearrtha ag an údarás áitiúil alos an tighe sin in aon bhliain acu san do mhaitheamh.

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 3adh lá d'Iúl, 1936.

Athghairm.

4. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus có-luadh.

5. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1939, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1937, agus den Acht so le chéile.